3 1932

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 3 de 1932.


ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (ILGHNÉITHEACH), 1932.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]

ACHT CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE BÓITHRE IARAINN DO LEASÚ I SLITE IOMDHA. [28adh Eanar, 1932]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1932, do ghairm d'Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1929, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchiála;

cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht” Acht na mBóthar Iarainn. 1924 ( Uimh. 29 de 1924 );

cialluíonn an abairt “iompar ar bhóithre” paisnéirí, bagáiste paisnéirí, carraí ceannaíochta agus postanna no aon cheann acu san d'iompar ar bhóithre ar luach saothair i bhfeithielí inneallghluaiste ná ritheann ar bhuan-ráileacha;

foluíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” feithicil á tarrae ag feithicil inneall-ghluaiste;

ciallaíonn an abairt “ordú reachtúil,” ordú do rinneadh fé údarás reachta pe'ca rinneadh an t-ordú san do dhaingniú le reacht no ná dearnadh;

cialluíonn an abairt “có-aontú reachtúil” có-aontú do húdaruíodh, do ceaduíodh, no do daingníodh le reacht no le hordú reachtúil;

foluíonn an abairt “carraí ceannaíochta” carraí áirnéis minearáil agus ainmhithe ach ní fholuíonn sí bagáiste paisnéirí ná postanna.

Costaisí.

3. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deineann an tAcht so aon tsocrú eile ina chóir.

CUID II.

An tSeirbhis ar Linte Airithe Bothair Iarainn do Laigheadu no do Scur.

Baint na Coda so den Acht so.

4. —Baineann an Chuid seo den Acht so le gach líne bhóthair iarainn (pe'ca cuid de líne bhóthair iarainn is mó ná san no de chórus de línte bóthar iarainn í no nách eadh) gur tugadh saordheontas amach as airgead puiblí chun no mar chabhair chun a déanta no do rinneadh fé ordú reachtúil le n-ar daingníodh tuairisc o árd-choiste tré n-a ndeachthas in urraíocht go n-íocfadh an chuideachta bhí ag déanamh na líne sin dividenda.

Tosach feidhme na n-orduithe.

5. —Luadhfar i ngach ordú dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so an lá (nách luaithe ná lá déanta an orduithe sin) a thiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus tiocfaidh gach ordú den tsórt san i bhfeidhm an lá luadhfar amhlaidh san ordú san.

E bheith oblagáideach seirbhísí áirithe de thraenacha do bheith á rith.

6. —(1) I gcás aon líne bóthair iarainn le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus gur ghá do réir reachta, orduithe reachtúla, no có-aontuithe reachtúla, díreach roimh an bPríomh-Acht do rith, seirbhís áirithe de thraenacha do bheith á rith uirthi mar sheirbhís mhinimum no eile, ansan, o am an Achta so do rith agus dá éis sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gCuid seo den Acht so, beidh sé d'oblagáid ar an gcuideachtain gur léi an líne sin an tseirbhís áirithe sin de thraenacha do bheith á rith aici ar an líne sin, do réir an reachta, an orduithe reachtúla, no an chó-aontuithe reachtúla san (fé mar a bheidh), is gá, do réir an reachta, an orduithe, no an chó-aontuithe sin pe'ca i bhfeidhm don reacht, don ordú, no don chó-aontú san le linn an Achta so do rith no aon uair dá éis sin no nách eadh.

(2) I gcás gach líne bóthair iarainn le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus nách gá, do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, aon tseirbhís áirithe de thraenacha do bheith á rith uirthi, ansan, o am an Achta so do rith agus dá éis sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gCuid seo den Acht so, beidh sé d'oblagáid ar an gcuideachtain gur léi an líne sin seirbhís de thraenacha do bheith á rith aici ar an líne sin nách lugha méid ná áisiúlacht a saoráidí, chun paisnéirí agus earraí ceannaíochta agus postanna d'iompar, ná méid agus áisiúlacht na saoráidí, chun an iompair sin, do bhain leis an seirbhís de thraenacha do bhí á rith ar an líne sin le linn na seacht lá deiridh de mhí na Samhna, 1931.

Seirbhís oblagáideach de thraenacha d'atharú.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú déanfar ar iarratas o chuideachtain gur léi líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, an chuideachta san d'fhuascailt o aon oblagáid a bheidh curtha ar an gcuideachtain sin, leis an Acht so no fé, seirbhís áirithe de thraenacha do bheith á rith aici ar an líne bhóthair iarainn sin agus, ina ionad san, déanfa sé, leis an ordú san, a chur d'oblagáid ar an gcuideachtain sin an tseirbhís atharuithe de thraenacha luadhfar san ordú san do bheith á rith aici ar an líne bhóthair iarainn sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so mara mbeidh sé sásta, ag féachaint don mhalairt saoráidí iompair atá no bheidh ar fáil sa cheanntar dá bhfónann an líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú san, ná tiocfaidh aon ró-cheataí don phuiblíocht sa cheanntar san de dhruim an orduithe sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so á chur d'oblagáid ar chuideachtain seirbhís atharuithe de thraenacha do bheith á rith aici ar líne bhóthair iarainn is leis an gcuideachtain sin beidh sé d'oblagáid ar an gcuideachtain sin, o am an orduithe sin do theacht i bhfeidhm agus dá éis sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú ina dhiaidh sin fén gCuid seo den Acht so, an tseirbhís atharuithe luadhfar san ordú san do bheith á rith aici ar an líne bhóthair iarainn sin.

Scur de sheirbhísí áirithe de thraenacha do rith.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú déanfar ar iarratas o chuideachtain gur léi líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, a údarú don chuideachtain sin scur de thraenacha ar bith do rith ar an líne bhóthair iarainn sin o am an orduithe sin do theacht i bhfeidhm go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú ina dhiaidh sin fén gCuid seo den Acht so.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú déanfar fén alt so, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú san mara mbeidh sé sásta, ag féachaint don mhalairt saoráidí iompair atá no bheidh ar fáil sa cheanntar dá bhfónann an líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú san, go mbeidh leor-shaoráidí iompair ar fáil don phuiblíocht sa cheanntar san d'ainneoin go scuirfear de thraenacha do rith ar an líne bhóthair iarainn sin;

(b) o am an orduithe sin do theacht i bhfeidhm agus dá éis sin agus mara ndeintear no go dtí go ndéanfar an t-ordú san do cheiliúradh le hordú ina dhiaidh sin fén gCuid seo den Acht so, ní bheidh sé d'oblagáid, fén Acht so ná ar aon tslí eile, ar an gcuideachtain gur léi an líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú san aon traenacha do rith ar an líne bhóthair iarainn sin;

(c) ní dhéanfaidh an t-ordú san fuascailt ná deifir maidir le haon fhreagarthacht de chuid na cuideachtan gur léi an líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú san i gcoimeád gach droichid, croise ar leibheul, claidhe, dréin agus oibre eile i dtreo, do tógadh agus a coimeádtar i dtreo chun úsáide, áise no cosanta na puiblíochta i gcoitinne no aon choda den phuiblíocht no únaerí no sealbhairí tailte áirithe;

(d) o am an orduithe sin do theacht i bhfeidhm agus dá éis sin agus mara ndeintear no go dtí go ndéanfar an t-ordú san do cheiliúradh le hordú ina dhiaidh sin fén gCuid seo den Acht so ní bhainfidh an méid d'alt 47 den Railway Clauses Consolidation Act, 1845, a chuireann d'oblagáid ar chuideachtain bhóthair iarainn daoine cearta do bheith ar fostú acu chun geataí ag crois ar leibheul d'oscailt agus do dhúnadh, ní bhainfe sé le haon chrois ar leibheul ar an líne bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú san má deintear agus faid a déanfar geataí uile na croise sin ar leibheul do choimeád agus do dhaingniú ar dhul ná cuirfidh cosc ar thrácht ar bhóthar dul trasna na líne sin ag an gcrois sin ar leibheul.

Orduithe fén gCuid seo den Acht so do cheiliúradh.

9. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú ceiliúrtha san alt so) ceiliúradh do dhéanamh, pé uair is ceart é dar leis, ar aon ordú (dá ngairmtear bun-ordú san alt so) do rinne sé roimhe sin fé aon alt eile den Chuid seo den Acht so.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le horduithe ceiltúrtha do dhéanamh fén alt so, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an tAire ordú ceiliúrtha gan fógra go bhfuil sé chun an orduithe sin do dhéanamh do thabhairt don chuideachtain le n-a mbaineann an bunordú a bheidh le ceiliúradh tríd an ordú ceiliúrtha agus caoi do thabhairt don chuideachtain sin ar chúis do phlé leis i dtaobh an orduithe cheiliúrtha san a bheidh beartuithe;

(b) ní dhéanfaidh an tAire ordú ceiliúrtha mara mbeidh sé sásta. toisc gan saoráidí iompair seachas an líne bhóthair iarainn dá ndeineann an bun-ordú deifir do bheith ar fáil no toisc iad do scur de bheith ar fáil, ná fuil leor-shaoráidí iompair ar fáil don phuiblíocht sa cheanntar dá bhfónann no dá bhfónadh (pe'ca aca é) an líne bhóthair iarainn sin;

(c) oibreoidh ordú ceiliúrtha chun gach oblagáide d'aithbheochaint agus do thabhairt thar n-ais a forchuirtear leis an gCuid seo den Acht so no le hordú fúithi agus do bhí i bhfeidhm díreach sara ndearnadh an bun-ordú, agus gur tugadh faoiseamh ina coinnibh no do cuireadh ar ceal, go follusach no go foluitheach, leis an mbunordú san.

Fiosrúcháin phuiblí.

10. —(1) Pé uair a bheartóidh an tAire ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so no a hiarrfar air aon ordú den tsórt san do dhéanamh, féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart é, a chur fé ndeár go ndéanfar fiosrúchán puiblí fén alt so agus dá réir i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh.

(2) Isé dhéanfaidh gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so ná pé duine cheapfaidh an tAire agus is san ionad agus san am a cheapfaidh an tAire déanfar é, agus beidh comhacht ag an té dhéanfaidh an fiosrúchán san fianaise fé mhionn do ghlacadh agus chuige sin daoine do chur fé mhionn.

(3) Mara ndeinidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, a mhalairt d'ordú, isé íocfaidh gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun fiosrúcháin phuiblí do chur á dhéanamh fén alt so ná an chuideachta gur léi an líne bhóthair iarainn gur ina taobh a déanfar an fiosrúchán san agus socróidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, méid na gcostaisí sin agus nuair a socrófar amhlaidh é féadfaidh an tAire é do bhaint den chuideachtain sin.

(4) Féadfaidh an té dhéanfaidh fiosrúchán puiblí fén alt so, más dóich leis gur ceart é, a ordú go n-íocfaidh aon duine áirithe do bhí i láthair no go raibh ionadaí uaidh i láthair ag an bhfiosrúchán san na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine ar bith eile agus do bhain leis an duine eile sin féin no le hionadaí uaidh do theacht i láthair agus fianaise do thabhairt ag an bhfiosrúchán san.

(5) Pé uair ordóidh an té dhéanfaidh fiosrúchán puiblí fén alt so go n-íocfaidh duine áirithe na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine eile, déanfaidh máistir measaireachta den Ard-Chúirt na costaisí agus na caiteachaisí sin do mheas agus d'fháil amach ar éileamh an té le n-ar horduíodh no ar éileamh an té dar horduíodh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc amhlaidh agus nuair a bheidh na costaisí agus na caiteachaisí sin measta agus faighte amach amhlaidh féadfaidh an té le n-ar horduíodh iad d'íoc amhlaidh suim na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin do bhaint, mar fhiacha gnáth-chonnartha agus in aon chúirt dlighinse inniúla, den té dar horduíodh iad d'íoc amhlaidh.

CUID III.

Lucht Stiurtha Chuideachtan Mor-Bhoithre Iarainn an Deiscirt.

Mínithe sa Chuid seo den Acht so.

11. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an scéim” Scéim Chó-nascthachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, 1925;

cialluíonn an abairt “an chuideachta” Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt;

ní fholuíonn an focal “stiúrthóir” stiúrthóir do hainmníodh fé Acht na mBóthar Iarainn (Lucht Stiúrtha), 1924 (Uimh. 61 de 1924) ;

cialluíonn an abairt “líon dlíthiúil de stiúrthóirí” an líon de stiúrthóirí is gá do réir dlí de thurus na huaire do bheith ar bhord stiúrthóirí na Cuideachtan.

An scéim agus an Príomh-Acht do léiriú.

12. —Déanfar an scéim agus an Príomh-Acht do léiriú fé réir fhorálacha na Coda so den Acht so agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Líon stiúrthóirí na Cuideachtan do laigheadú.

13. —(1) Más mó ná ochtar líon stiúrthóirí na cuideachtan le linn an Achta so do rith, ansan, d'ainneoin éinní atá sa scéim no i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an líon dlíthiúil de stiúrthóirí agus, go dtí go laigheadófar é tré oibriú na céad mhíre ina dhiaidh seo, leanfa sé de bheith có-ionann leis an líon de stiúrthóirí atá ar an gcuideachtain le linn an Achta so do rith agus ní níos mó ná san a bheidh sé; agus

(b) go dtí go mbeidh an líon dlíthiúil de stiúrthóirí laigheaduithe go dtí ochtar tré oibriú na míre seo, déanfar an líon dlíthiúil de stiúrthóirí do laigheadú duine pé uair agus gach uair a thárlóidh foth-fholúntas imeasc na stiúrthóirí agus dá réir sin ní líonfar an foth-fholúntas san;

(c) ón dáta san amach ar a mbeidh an líon dlíthiúil de stiúrthóirí laigheaduithe go dtí ochtar tré oibriú na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so is ochtar agus ní níos mó ná ochtar a bheidh mar líon dlíthiúil de stiúrthóirí.

(2) Maran mó ná ochtar líon stiúrthóirí na cuideachtan le linn an Achta so do rith, ansan, d'ainneoin éinní atá sa scéim no i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, is ochtar agus ní níos mó ná ochtar a bheidh mar líon dlíthiúil de stiúrthóirí.

(3) Scuirfidh mír (5) d'alt 34 den scéim d'éifeacht do bheith aici.

Gníomhartha áirithe do rinne stiúrthóirí na cuideachtan do bheith dleathach.

14. —Beidh gach gníomh do rinneadh no do rinneadh de dheallramh, roimh an Acht so do rith, ag cólucht gurb iad a bhí ann ná stiúrthóirí don chuideachtain (pe'ca bhí stiúrthóir ortha do hainmníodh fé Acht na mBóthar Iarainn (Lucht Stiúrtha), 1924 (Uimh. 61 de 1924) , no ná raibh) agus gurb é bord stiúrthóirí na cuideachtan é de dheallramh, beidh an gníomh san agus tuigfear go raibh sé riamh, d'ainneoin líon stiúrthóirí na cuideachtan do bheith níos lugha ná an líon dlíthiúil de stiúrthóirí le linn an ghnímh sin do dhéanamh no do dhéanamh de dheallramh, chó dleathach agus chó héifeachtúil is do bheadh an gníomh san dá mb'ionann líon stiúrthóirí na cuideachtan an uair sin agus an líon dlíthiúil de stiúrthóirí.

CUID IV.

Ilghneitheach.

Painéil i gcóir an Bhínse Bhóthair Iarainn do chur ar fiunraoi.

15. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 17 den Phríomh-Acht ní déanfar na painéil go ndeintear socrú ina gcóir leis an alt san do bhunú agus do choimeád ar bun ach amháin nuair do chífear agus faid do chífear don Ard-Chomhairle bunú na bpainéal san no a gcoimeád ar bun (pe'ca aca é) do bheith oiriúnach ag féachaint dá mhinicí do bhí no is dócha bheidh an cás san ann in ar féidir baill bhreise do chur leis an mBínse Bóthair Iarainn fé fho-alt (4) den alt san 17.

(2) Pé uair ná beidh agus faid ná beidh aon phainéil á gcoimeád ar bun fén alt san 17 den Phríomh-Acht ní bheidh éifeacht ag fo-ailt (4) agus (6) den alt san agus is fé réir an atharuithe go bhféadfaidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, aon duine oiriúnach do cheapadh fé mhír (b) d'fho-alt (3) den alt san agus chun críche na míre sin a bheidh éifeacht ag an mír sin.

Talamh ná beidh ag teastáil do dhíol agus do thabhairt ar léas.

16. —(1) D'ainneoin éinní atá in ailt 127 go 131 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, féadfaidh cuideachta bhóthair iarainn aon talamh nách gá chun crícheanna a mbóthair iarainn do dhíol no do thabhairt uatha ar léas aon uair ar pé slí agus ar pé téarmaí is dóich leo is ceart.

(2) Ní bhainfidh na hailt sin 127 go 131 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le cuideachta bhóthair iarainn do dhíol tailimh no do thabhairt tailimh uatha ar léas aon uair fén alt so.

(3) Ní bheidh talamh is cuid de líne bhóthair iarainn no a húsáidtear chun crícheanna líne bhóthair iarainn gur scuireadh, fé ordú do rinneadh fé Chuid II den Acht so, de thraenacha do rith uirthi, ní bheidh sé, de dhruim an scurtha san amháin, ina thalamh nách gá chun crícheanna bóthair iarainn do réir bhrí an Achta so.

Cuideachta bhóthair iarainn do cheannach a stuic dhebentiúra féin.

17. —(1) Féadfaidh cuideachta bhóthair iarainn, d'ainneoin éinní atá in aon Acht no instruimid eile le n-a mbunuítear no le n-a rialuítear an chuideachta san, aon mhéid de stoc dhebentiúra no aon cheann de stuic dhebentiúra na cuideachtan san do cheannach in aon bhúrsa no tré chonnradh phríobháideach agus féadfaidh aon airgead a bheidh ar lámhaibh acu d'úsáid chun an cheannaigh sin do dhéanamh ach amháin airgead a cruinníodh tré stoc do thabhairt amach no tré iasachtaí d'fháil no ar shlí eile d'aon toisc chun críche eile.

(2) Féadfaidh cuideachta bhóthair iarainn a cheannóidh stoc debentiúra fén alt so a cheangal ar neach díolta an stuic a ceannófar amhlaidh an stoc san d'aistriú chun na cuideachtan san no chun daoine eile ainmneoidh an chuideachta san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh neach díolta stuic dhebentiúra cheannóidh cuideachta bhóthair iarainn fén alt so an stoc san d'aistriú chun na cuideachtan oibreoidh an t-aistriú san chun an stuic sin do chur in éag.

(4) Pé uair a dhéanfaidh neach díolta stuic dhebentiúra cheannóidh cuideachta bhóthair iarainn fén alt so an stoc san d'aistriú chun daoine eile ainmneoidh an chuideachta san, beidh an stoc san ag na daoine sin ar iontaoibh chun é do dhíol no chun aon choda dhe do dhíol nuair ordóidh an chuideachta san amhlaidh agus chun sochair an díola san d'íoc leis an gcuideachtain sin agus chun an stuic sin do bheith ar iontaoibh acu don chuideachtain sin go dtí go ndéanfar an díol san.

Gnó iompair chuideachtan bóthair iarainn ar bhóithre.

18. —(1) Ní tuigfear aon ghnó iompair a bheidh ar siúl ar bhóithre ag cuideachtain bhóthair iarainn do bheith ina chuid de ghnó na cuideachtan san chun críche aon chó-aontuithe idir an chuideachta san agus an tAire Puist agus Telegrafa tré n-a dtugtar teideal don chuideachtain sin telegrama do chur chun siúil in aisce no ar ráta laigheaduithe.

(2) Chun crícheanna ailt 53 den Phríomh-Acht tuigfear gach gnó iompair a bheidh ar siúl, go díreach no go nea-dhíreach, ar bhóithre ag Cuideachta Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt do bheith ina fho-ghnó no ina ghnó chabhartha ghabhann le bóthar iarainn na cuideachtan san, agus dá réir sin na héilithe dhéanfaidh an chuideachta san ar son iompair ar bhóithre ní bheid fé dhlighinse an Bhínse Bhóthair Iarainn.

An Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, do leasú.

19. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 3 den Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart é, le hordú dhéanfa sé ar iarratas o chuideachtain bhóthair iarainn no gan aon iarratas den tsórt san, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'atharú (tré chur leis no fágaint ar lár no atharú eile).

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so le n-a n-atharófar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san is fé réir an atharuithe déanfar leis an ordú san agus gus an atharú san a bheidh éifeacht ag an Acht san agus ag an Sceideal san a ghabhann leis.