15 1932


Uimhir 15 de 1932.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1932.


ACHT CHUN ACHTA LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925 , AGUS NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1931, DO LEASÚ.

[23adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “Acht 1925” Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , agus cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) .

(2) Is mar aon Acht amháin a léighfear agus a léireofar an tAcht so agus an Príomh-Acht, agus dá réir sin focail agus abairtí a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear sa Phríomh-Acht freisin tá na bríonna céanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.

Alt 11 d'Acht 1925 do leasú.

2. —Leasuítear leis seo fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht 1925 tré sna focail “chúig milleon, ocht gcéad agus cúig mhíle triochad púnt” do chuir fo-alt (2) d'alt 1 den Acht Leictreachais (Airgead), 1929 ( Uimh. 26 de 1929 ) isteach ann do scriosadh amach. agus tré sna focail “shé milleon. céad agus seachtó míle púnt” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —An méid sin d'fho-alt (10) d'alt 15 den Phríomh-Acht mar a leasuítear é le halt 7 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1930 ( Uimh. 19 de 1930 ). le n-a gcuirtear teora leis an am gur laistigh de féadfar atharuithe do dhéanamh fén bhfo-alt san ar na suimeanna luaidhtear ann. scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

Alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 , do leasú.

4. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú). 1931 ( Uimh. 32 de 1931 ). tré sna focail “dhá mhilleon púnt” atá anois sa bhfo-alt san do scriosadh amach agus tré sna focail “dhá mhilleon trí chéad agus cúig mhíle seascad púnt” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Feidhmeanna breise don Bhord.

5. —(1) Beidh ar na comhachta bronntar ar an mBord le fo-alt (3) d'alt 20 den Phríomh-Acht comhacht chun oibreacha na Sionainne do mhéadú no do leathnú tré thirbíní, aibhleacháin agus meaisínteacht agus gléasadh eile chun leictreachais do gheiniúint do chur isteach, le ceadú an Aire, i dteanta no in ionad meaisínteachta bheidh sna hoibreacha san le linn an churtha isteach san, agus fós comhacht chun foirgintí do thógáil agus chun foghléasadh agus fo-fheistisí do chur isteach agus chun pé nithe eile do dhéanamh is gá do réir réasúin chun na meaisínteachta san do chur isteach agus d'oibriú go héifeachtúil.

(2) Chun crícheanna na nAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1931, agus an Achta so, agus go sonnrách chun crícheanna an Phríomh-Achta, is feidhm de chuid an Bhúird fé sna hAchtanna san an Bord d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an alt so.

Féadfaidh an tAire freagarthachtaí áirithe d'aistriú chun an Bhúird.

6. —I gcás an Aire do bheith freagarthach in aon íocaíochtaí tréimhsiúla (pe'ca suimeanna iad atá socair no suimeanna atharuíonn) d'íoc ar feadh tréimhse is sia ná trí bliana tar éis an Achta so do rith, agus na freagarthachta san do bheith ina freagarthacht maidir le talamh a fuair an tAire fé Acht 1925 no ina freagarthacht fé chonnradh, fé léas no fé chó-aontú do rinne an tAire fén Acht san, féadfaidh an tAire le hordú an fhreagarthacht in íoc na n-íocaíocht san d'aistriú chun an Bhúird ar pé dáta agus o pé dáta luadhfar chuige sin san ordú san, agus féadfa sé fós. leis an ordú céanna, aistriú do dhéanamh, i dteanta na freagarthachta san, ar an dáta san agus ón dáta san agus chun an Bhúird, ar gach freagarthacht no ar aon fhreagarthacht eile de chuid an Aire agus ar gach ceann no ar aon cheann d'oblagáidí, de chirt agus de thairbhí an Aire maidir leis an talamh céanna no fén gconnradh, fén léas no fén gcó-aontú céanna, do réir mar bheidh.

Gearr-theideal agus luadh.

7. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú). 1932. do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1932. do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1931, agus den Acht so le chéile.