24 1932


Uimhir 24 de 1932.


ACHT ARM-PHINSEAN, 1932.


ACHT CHUN NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 AGUS 1927, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ.

[10adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “Achtanna 1923 agus 1927” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927.

Léiriú.

3. —Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna 1923 agus 1927, agus dá réir sin gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe sna hAchtanna san tá an bhrí áirithe sin leis san Acht so. ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so.

CUID II.

Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do Leathnu.

Baint na Coda so.

4. —Baineann an Chuid seo den Acht so leis na có-ghléasanna so leanas, sé sin le rá.

(a) Oglaigh na Éireann (Arm Poblachta na hÉireann).

(b) The Irish Volunteers,

(c) The Irish Citizen Army,

(d) Fianna Éireann,

(e) The Hibernian Rifles,

(f) Cumann na mBan.

Mínithe agus léiriú maidir leis an gCuid seo.

5. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear duine do bheith ar seirbhís mhileata ar bheith agus ní tuigfear é do bheith ar an seirbhís sin ach amháin ar bheith dho ar diúité mar bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht seo no ar bheith dho fé ghabháil de thoradh a ghníomhartha mar bhall den tsórt san no, agus é ina bhall den tsórt san, ar bheith dho ar a sheachaint sara ndéanfadh fórsaí armtha an Rialtais Bhriotáinigh no Rialtais Shaorstáit Éireann no an Rialtais Shealadaigh no Rialtais Thuaiscirt Éireann breith air no dul ar a thóir no, agus é ina bhall den tsórt san, ar bheith dho fé choinnéail i bpríosún no i luing no i gcampa coinneála ag aon Rialtas no le hordú aon Rialtais acu san agus is dá réir sin a léireofar an abairt “seirbhís mhileata” sa Chuid seo den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “seirbhís mhileata roimh an sos” seirbhís mhileata i rith aon choda den tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1916, agus dar chríoch an 11adh lá d'Iúl, 1921;

cialluíonn an abairt “seirbhís mhileata tar éis an tsosa” seirbhís mhileata i rith aon choda den tréimhse dar thosach an 12adh lá d'Iúl, 1921, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923;

foluíonn an focal “marbhuíodh” (maraon leis na nithe fholuíonn sé do réir Achtanna 1923 agus 1927) duine d'fháil bháis agus gurb é a dhiúltú do bhiadh do ghlacadh agus é á choinneáil i bpríosún do b'aon-trúig bháis do, agus duine d'fháil bháis de dheascaibh fóiréigin agus é ina phríosúnach.

(3) In ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, duine do bhí ar seirbhís mhileata roimh an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1923, agus gur thárla dho aon uair i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1923, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924, créacht d'fháil no galar do thógaint le linn é do bheith ag diúltú do bhiadh do ghlacadh i bpríosún no é do bheith i bpríosún no é do bheith ar a sheachaint sara mbéarfaí air no sara ngabhfaí é, tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, go raibh an duine sin. nuair do fuair sé an chréacht san no nuair do thóg sé an galar san, ar seirbhís mhileata tar éis an tsosa.

Bord Clárathachta Sheirbhíse Mileata do bhunú.

6. —(1) Bunófar bord ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Clárathachta Sheirbhíse Mileata (dá ngairmtear an Bord Clárathachta sa Chuid seo den Acht so) agus ar a mbeidh triúr ball, sé sin le rá, cathaoirleach agus beirt ghnáth-bhall.

(2) Isé an tAire, le haontú an Aire Airgid, a cheapfaidh gach ball den Bhord Chlárathachta.

(3) Isé cathaoirleach a bheidh ar an mBord Clárathachta ná an ball san de a bheidh ainmnithe de thurus na huaire ag an Aire, le haontú an Aire Airgid, chun bheith mar chathaoirleach air.

(4) Beidh gach ball den Bhord Chlárathachta i seilbh oifige faid is toil san leis an Aire, ach ní cuirfear aon bhall den tsórt san as oifig gan aontú an Aire Airgid.

(5) Féadfar pé táillí no luach saothair ar a gcinnfidh an tAire Airgid d'íoc le haon bhall den Bhord Chlárathachta amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacha do dhéanamh chun nós-imeachta an Bhúird Chlárathachta do rialáil.

(7) Chun na ndualgaisí forchuirtear ortha leis an Acht so do chólíonadh féadfaidh an Bord Clárathachta fiosruithe do dhéanamh, agus fós beidh fáil acu ar bhreacacháin phuiblí agus comhacht acu chun a éileamh go dtabharfaí na breacacháin sin i láthair, agus féadfaid fínnithe do ghairm agus féadfaid freisin fianaise do ghlacadh fé mhionn (agus tugtar comhacht dóibh leis seo daoine do chur fé mhionn) no ar shlí eile, pé fiosruithe, breacacháin, fínnithe agus fianaise is dóich leo is gá.

(8) Coimeádfaidh an Bord Clárathachta clár de sna cásanna uile le n-a ndeighleálfaid fén gCuid seo den Acht so agus iontrálfaid sa chlár san pé mion-innste i dtaobh na gcás san ordóidh an tAire.

Ball den Bhord Chlárathachta fé mhí-chumas shealadach.

7. —Pé uair a bheidh ball den Bhord Chlárathachta, toisc easláinte no toisc leor-chúise eile, fé mhí-chumas shealadach maidir le n-a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh, féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, duine eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhord Chlárathachta in ionad an bhaill a bheidh fé mhí-chumas amhlaidh faid a leanfaidh an mí-chumas san.

Iarrataisí do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta.

8. —(1) Gach iarratas ar phinsean no ar aisce do dheonadh fén gCuid seo den Acht so do dhuine no ar liúntas no ar aisce do dheonadh amhlaidh alos duine adeirtear do bhí ina bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so déanfaidh an tAire (in ainneoin éinní atá in alt 7 d'Acht 1927) é do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta, agus leis sin déanfaidh an Bord Clárathachta an t-eolas so leanas alos an duine sin d'fháil amach agus deimhniú do thabhairt don Aire i dtaobh an eolais sin, sé sin le rá:—

(a) ce'ca bhí an duine sin ina bhall d'aon cheann de sna có-ghléasanna san no ná raibh agus, má bhí, ce'ca ceann é, agus

(b) ce'ca bhí an duine sin ar seirbhís mhileata no ná raibh agus, má bhí, cadé an t-eolas, do réir na mion-innste a horduítear a thabhairt, atá ar an seirbhís sin, agus

(c) ce'ca fuair an duine sin créacht faid a bhí sé ar seirbhís mhileata no ná fuair agus, má fuair, cadé an t-eolas, do réir na mion-innste a horduítear a thabhairt, atá ar an gcréacht san agus, má tá an duine sin tar éis bháis, cathain a fuair sé bás, agus

(d) ce'ca thóg an duine sin aon ghalar le linn a sheirbhíse mileata no nár thóg agus, má thóg, cadé an t-eolas, do réir na mion-innste a horduítear a thabhairt, atá ar an ngalar san agus, má tá an duine sin tar éis bháis, cathain a fuair sé bás, agus

(e) má tá an duine sin tar éis bháis, ce'ca marbhuíodh é le linn é bheith ar seirbhís mhileata no nár marbhuíodh agus, má marbhuíodh, cadé an t-eolas, do réir na mioninnste a horduítear a thabhairt, atá ar an slí ina bhfuair sé bás, agus

(f) pé eolas eile alos an duine sin a iarrfaidh an tAire ar an mBord Clárathachta d'fháil amach agus deimhniú do thabhairt ina thaobh.

(2) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú seirbhíse san Acht so) a bhéarfaidh an Bord Clárathachta amach don Aire do réir an ailt seo beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh sé, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina fhianaise dheiridh gan aon dul tháirse i dtaobh na gcúrsaí bheidh deimhnithe ann.

Iarrataisí do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.

9. —Pé uair a gheobhaidh an tAire, tar éis do iarratas is iarratas ar phinsean no ar aisce do dheonadh fén gCuid seo den Acht so d'éinne no ar liúntas no ar aisce do dheonadh amhlaidh alos éinne do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta fén alt deiridh sin roimhe seo, pé uair a gheobha sé deimhniú seirbhíse alos an duine sin ón mBord Clárathachta, déanfaidh an tAire (maran rud é go ndeallruíonn sé ón deimhniú seirbhíse sin nách duine é an duine sin dá bhféadfaí pinsean no aisce do dheonadh no go bhféadfaí liúntas no aisce do dheonadh ina thaobh fén gCuid seo den Acht so) an t-iarratas san do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean do réir Ailt 7 d'Acht 1927, agus leis sin beidh feidhm ag an alt san agus ag Alt 8 den Acht san fé réir an atharuithe ná déanfaidh Bord na nArm-Phinsean éinní do scrúdú ná tuairisc do thabhairt ina thaobh 'na mbeidh an Bord Clárathachta á fháil amach agus chun deimhnithe do thabhairt ina thaobh fén gCuid seo den Acht so.

Pinsin agus aiscí do dheonadh do dhaoine áirithe.

10. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Bord na nArm-Phinsean duine gur tugadh deimhniú seirbhíse amach ina thaobh do scrúdú agus a bheidh an duine sin ar an dáta scrúdóidh an Bord san é fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse mileata, ansan—

(a) maran lugha ná fiche per cent. grád na díthe sin (de dheascaibh éinní seachas faillí no mí-iompar mór an duine sin féin) ar dháta a scrúduithe amhlaidh féadfar pinsean do dheonadh don duine sin do réir an ráta luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe sa chéad cholún den Sceideal san, no

(b) más lugha ná fiche per cent. grád na díthe sin (de dheascaibh éinní seachas faillí no mí-iompar mór an duine sin féin) ar dháta a scrúduithe amhlaidh féadfar aisce do dheonadh don duine sin de pé méid, ná raghaidh thar cúig púint sheachtód, a dhéanfaidh an tAire, ag féachaint do chun gach a mbaineann leis an gcás, a chinneadh le toiliú an Aire Airgid.

(2) Pé uair a dhéanfaidh Bord na nArm-Phinsean duine gur tugadh deimhniú seirbhíse amach ina thaobh do scrúdú agus go mbeidh ar an duine sin ar an dáta scrúdóidh an Bord san é galar is ionchurtha i leith seirbhíse mileata agus nách lugha grád na díthe (de dheascaibh éinní seachas faillí no mí-iompar mór an duine sin féin) ar dháta a scrúduithe amhlaidh ná an grád minimum díthe, féadfar pinsean do dheonadh don duine sin do réir an ráta luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe sa chéad cholún den Sceideal san.

(3) I gcás duine dá ndeonfar pinsean fén alt so do bheith pósta roimh an dáta cinnteach mar a mínítear san leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus é do bheith ar dháta tosnuithe an phinsin sin ina fhear phósta chun crícheanna na Coda so den Acht so, beidh ag an duine sin, faid a leanfaidh tar éis an tosnuithe sin de bheith ina fhear phósta chun na gcrícheanna san, teideal chun pinsin fhir phósta d'íoc leis agus chun é d'fháil do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san.

(4) Isé dáta is dáta cinnteach, chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, ná—

(a) i gcás duine fé dhíth de dheascaibh créachta—an dáta ar a bhfuair sé an chréacht san; agus

(b) i gcás duine atá fé dhíth de dheascaibh galair agus ná raibh ach ar seirbhís mhileata roimh an sos—an 1adh lá d'Iúl. 1922; agus

(c) i gcás duine atá fé dhíth de dheascaibh galair agus do bhí ar seirbhís mhileata tar éis an tsosa (pe'ca bhí sé ar seirbhís mhileata roimh an sos freisin no ná raibh)—an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1924.

(5) Pé uair a dhéanfaidh Bord na nArm-Phinsean duine gur tugadh deimhniú seirbhíse amach ina thaobh agus a bhí ar seirbhís mhileata tar éis an tsosa (pe'ca bhí sé ar seirbhís mhileata roimh an sos freisin no ná raibh) do scrúdú agus go mbeidh sé ar an dáta scrúdóidh an Bord san é fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse mileata. díth is lugha ná fiche per cent., no ná beidh sé ar an dáta san fé aon díth den tsórt san. ansan, más deìmhin leis an Aire go raibh an duine sin, aon uair roimh é do scrúdú amhlaidh, ar feadh tréimhse fada fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse mileata, díth is mó go mór ná fiche per cent., agus go raibh cás an duine sin ina chás le n-ar bhain cruatan speisialta, féadfaidh an tAire. más ceart dar leis san do dhéanamh, ag féachaint do chun gach a mbaineann leis an gcás—

(a) má deintear aisce is lugha ná £75 do dheonadh don duine sin fé fho-alt (1) den alt so, féadfaidh aisce de pé méid. ná raghaidh thar suim na deifríochta atá idir an aisce fé fho-alt san (1) agus £75, agus a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid, do dheonadh don duine sin i dteanta na haisce fé fho-alt san (1), no

(b) mara ndeontar aisce don duine sin fé fho-alt san (1), féadfaidh aisce de pé méid, ná raghaidh thar £75, agus a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid, do dheonadh don duine sin.

Míniú ar “fhear pósta.”

11. —(1) Beidh duine ina fhear phósta chun crícheanna na Coda so den Acht so o dháta a phósta go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh agus (lasmuich dá bhforáltar anso ina dhiaidh seo) ní níos sia ná san, sé sin le rá. a bhás féin, bás a mhná, an pósadh do chur ar nea-mbrí go dleathach, no an pósadh do scur go dleathach.

(2) Beidh duine ina fhear phósta chun crícheanna na Coda so den Acht so an fhaid sin. tar éis bháis a mhná no tar éis a phósadh do chur ar nea-mbrí go dleathach no do scur go dleathach. a mhairfe sé agus a bheidh duine cloinne leis beo is mac fé bhun ocht mbliana déag d'aois no is inghean fé bhun bliain is fiche d'aois agus í gan pósadh.

Liúntaisí agus aiscí do dheonadh d'aicmí áirithe daoine.

12. —(1) Féadfaidh an tAire. mar gheall ar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so d'fháil bháis, ní amháin, ach ní fhéadfaidh an dá ní, de sna nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) marar phós baintreach an duine sin an ath-uair roimh an Acht so do rith, na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dheonadh do bhaintrigh agus do chloinn an duine sin, no

(b) an liúntas no an aisce sin a luaidhtear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dheonadh do pé duine no daoine, de chúram an duine sin a luaidhtear i gCuid sin II. ar a gcinnfidh an tAire.

(2) Beidh éifeacht ag na rialacha atá i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir le liúntaisí agus le haiscí deonfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(3) Baineann an t-alt so le gach duine ba bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus dar thárla ní de sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur marbhuíodh an duine sin agus é ar seirbhís mhileata agus gur i slí is ionchurtha i leith na seirbhíse sin do marbhuíodh amhlaidh é; no

(b) ná raibh an duine sin ach ar seirbhís mhileata roimh an sos agus go bhfuair sé créacht is ionchurtha i leith na seirbhíse sin agus go bhfuair sé bás laistigh de cheithre bliana tar éis do an chréacht san d'fháil agus gurbh í an chréacht san ba thrúig le n-a bhás; no

(c) ná raibh an duine sin ach ar seirbhís mhileata roimh an sos agus go bhfuair sé bás roimh an 11adh lá d'Iúl, 1925, agus gur galar is ionchurtha i leith na seirbhíse sin ba thrúig le n-a bhás: no

(d) go raibh an duine sin ar seirbhís mhileata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhileata roimh an sos no gan a bheith) agus go bhfuair sé bás de dheascaibh créachta no galair is ionchurtha i leith na seirbhíse sin.

(4) I gcás—

(a) duine mhairbh ba bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do bheith ar seirbhís mhileata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhileata roimh an sos no gan a bheith) agus d'fháil bháis (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) de dheascaibh créachta no galair is ionchurtha i leith na seirbhíse sin, agus

(b) é d'fhágaint baintrighe ina dhiaidh, agus

(c) gurb é am do phós an bhaintreach san an duine sin ná. más créacht ba thrúig le n-a bhás, tar éis dáta na créachta san no, más galar ba thrúig le n-a bhás, tar éis an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1928,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) ní deonfar liúntas ná aisce ar bith fé fho-alt (1) den alt so d'éinne mar gheall ar bhás an duine sin, agus

(ii) i gcás an duine sin d'fháil bháis tar éis, an Achta so do rith gan pinsean do dheonadh dho alos na créachta no an ghalair sin fén gCuid seo den Acht so, no é d'fháil bháis roimh an Acht so do rith, féadfaidh an tAire, mar gheall ar bhás an duine sin, aisce de chéad agus dhá phúnt déag agus deich scillinge do dheonadh do bhaintrigh no do chloinn an duine sin.

(5) I gcás—

(a) duine mhairbh ba bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht seo do bheith ar seirbhís mhileata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhileata roimh an sos no gan a bheith) agus d'fháil bháis tar éis an Achta so do rith de dheascaibh créachta no galair is ionchurtha i leith na seirbhíse sin, agus

(b) pinsin do dheonadh don duine sin alos na créachta no an ghalair sin fén gCuid seo den Acht so,

ní deonfar liúntas ná aisce ar bith fé fho-alt (1) den alt so d'éinne mar gheall ar bhás an duine sin.

Liúntaisí agus aiscí do dheonadh do bhaintreacha agus cloinnáirithe.

13. —(1) Más rud é go bhfuighidh duine, dar deonadh pinsean agus pinsean fir phósta fén gCuid seo den Acht so, bás le linn do bheith ag fáil an dá phinsean san agus gurb é is trúig le n-a bhás ná an chréacht no an galar ba bhun leis an díth gur mar gheall uirthe do deonadh na pinsin sin, féadfaidh an tAire na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dheonadh do bhaintrigh agus do chloinn an duine sin.

(2) Sa mhéid go mbainid leis an gcás beidh éifeacht ag na rialacha atá i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir le liúntaisí agus le haiscí deonfar fén alt so.

Toirmeasc ar iarrataisí o dhaoine áirithe.

14. —Einne do rinne go cuibhe, fé Acht 1923 no fé Acht 1927, pinsean, liúntas no aisce d'iarraidh agus dar diúltuíodh an pinsean, an liúntas no an aisce sin fé sna hAchtanna san no fé cheachtar acu ní bheidh sé i dteideal pinsean, liúntas, ná aisce d'iarraidh ná d'fháil fén gCuid seo den Acht so.

Dáta tosnuithe pinsean agus liúntaisí.

15. —(1) Na pinsin uile (ar a n-áirmhítear pinsin fhear pósta) a deonfar fén gCuid seo den Acht so, tuigfear iad do thosnú ar bheith iníoctha an 1adh lá d'Abrán, 1932. agus iad do bheith iníoctha ón lá san amach.

(2) Na liúntaisí uile deonfar fén gCuid seo den Acht so do bhaintrigh, do chloinn no do chúram duine do fuair bás roimh an 1adh lá d'Abrán, 1932, tuigfear iad do thosnú ar bheith iníoctha an dáta san agus iad do bheith iníoctha ón dáta san amach.

(3) Na liúntaisí uile deonfar fén gCuid seo den Acht so do bhaintrigh, do chloinn no do chúram duine do fuair bás tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1932 (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) tuigfear iad do thosnú ar bheith iníoctha an lá i ndiaidh lae bháis an duine sin agus iad do bheith iníoctha ón lá san amach.

Tráthanna chun iarrataisí do dhéanamh.

16. —(1) Gach iarratas a dhéanfaidh duine, ba bhall de chóghléasa le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ar phinsean no aisce do dheonadh fén gCuid seo den Acht so, is laistigh de bhliain tar éis an Achta so do rith a déanfar é.

(2) Gach iarratas a déanfar ar liúntas no aisce do dheonadh fén gCuid seo den Acht so do bhaintrigh, do chloinn, no do chúram duine do fuair bás lá an Achta so do rith no roimhe sin, is laistigh de bhliain tar éis an Achta so do rith a déanfar é.

(3) Gach iarratas a déanfar ar liúntas no aisce do dheonadh fén gCuid seo den Acht so do bhaintrigh, do chloinn, no do chúram duine do fuair bás tar éis lae an Achta so do rith, is laistigh de bhliain tar éis bháis an duine sin a déanfar é.

Teora ama i gcóir iarratais ar liúntaisí agus ar aiscí fén gCuid seo o bhaintreacha, o chloinn agus o chúram dhaoine airithe.

17. —(1) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis níos mó ná bliain tar éis lae an Achta so do rith, agus

(b) gur créacht no galar is trúig le bás an duine sin, agus

(c) ná dearna an duine sin laistigh de bhliain tar éis lae an Achta so do rith pinsean fén gCuid seo den Acht so, alos na créachta no an ghalair sin d'iarraidh go cuibhe, ní breithneofar aon éileamh, alos báis an duine sin, a dhéanfaidh baintreach no aon duine de chloinn no de chúram an duine sin ar liúntas no aisce fén gCuid seo den Acht so.

(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú fo-ailt (3) den alt deiridh sin roimhe seo.

Ní bheidh dul, thar molta déanfar fén gCuid seo.

18. —(1) Má deintear aisce fén gCuid seo den Acht so, alos créachta, do mholadh no má diúltuítear do phinsean no d'aisce fén gCuid seo den Acht so, alos créachta, do mholadh, beidh an moladh san no an diúltú don mholadh san do dhéanamh (pe'ca aca é), ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ina bhreith dheiridh nách féidir d'ath-bhreithniú ná d'ath-scrúdú.

(2) Einne dá ndearnadh aisce fén gCuid seo den Acht so, alos créachta, do mholadh ne éinne dar diúltuíodh pinsean no aisce fén gCuid seo den Acht so, alos créachta, do mholadh ar an scór ná raibh an duine sin fé aon díth agus ar an scór san amháin, féadfaidh, laistigh de chúig bhliana o dháta an mholta san no an diúltuithe sin (pe'ca aca é), a iarraidh ar an Aire méid an mholta san no an diúltú san (pe'ca aca é) d'ath-bhreithniú agus leis sin féadfaidh an tAire, más ceart san do dhéanamh dar leis, an scéal do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean chun é d'ath-bhreithniú agus féadfaidh, ar thuarasgabháil Bhúird na nArm-Phinsean, pé pinsean no aisce (más aon cheann é) do dheonadh a féadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarasgabháil sin ar an gcás do bhreithniú den chéad uair fén gCuid seo den Acht so, fé réir na teorann ná tosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ar dháta is túisce ná an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach do bheith mar dháta ar a raibh an díth gur ina taobh a deontar an pinsean san chó mór le fiche per cent. den chéad uair.

Deonadh pinsean fén gCuid seo de bharr breithe deiridh d'ath-scrúdú.

19. —(1) Má deontar pinsean de bharr breithe deiridh d'éinne fén gCuid seo den Acht so agus má dheineann an duine sin, aon tráth no tráthanna laistigh de dheich mbliana ón dáta ar ar deonadh an pinsean de bharr na breithe deiridh sin, cúis do phlé leis an Aire á chur i dtuiscint go bhfuil grád a dhíthe le linn na cúise sin do phlé, i gcás an phinsin sin do bheith á fháil ag an duine sin an tráth san. deich per cent. no níos mó thar grád na díthe bhí air cheana no, i gcás an phinsin sin do bheith ar fiunraoi an tráth san fén alt so, nách lugha é ná an minimum a bhaineann leis an gcás, agus má dheineann sé fianaise prima facie, is dóich leis an Aire do bheith sásúil, do chur isteach mar thaca leis an gcúis sin féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin do chur fé ath-scrúdú dochtúra agus grád a dhíthe d'ath-mheas agus ar an ath-mheas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an duine sin do bheith ag fáil an phinsin sin an tráth san, ansan—

(i) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur mó é grád a dhíthe ná grád na díthe bhí air cheana no gur lugha é ná grád na díthe bhí air cheana ach nách lugha é ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, méid an phinsin sin do mhéadú no do laigheadú (do réir an ath-mheasta san) go dtí méid a bheidh oiriúnach fén gCuid seo den Acht so do chás duine fé ghrád díthe bheidh ar có-réir leis an ngrád do hath-mheasadh amhlaidh, no

(ii) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, cuirfidh an tAire an pinsean san ar fiunraoi gan dochar, ámh. do cheart an duine sin chun cúise eile do phlé fén alt se laistigh den am a ceaptar leis an alt so; no

(b) i gcas pinsin an duine sin do bheith ar fiunraoi fén alt so an tráth san, ansan—

(i) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh nách lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an cur-ar-fiunraoi sin do chur ar ceal agus an pinsean do shocrú i dtreo gurb é bheidh ann ná méid a bheidh oiriúnach fén gCuid seo den Acht so do chás duine fé ghrád díthe bheidh ar có-réir leis an ngrád do hathmheasadh amhlaidh, no

(ii) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, leanfaidh an pinsean san de bheith ar fiunraoi gan dochar. ámh, do cheart an duine sin chun cúise eile do phlé fén alt so laistigh den am a ceaptar leis an alt so.

(2) Gach méadú pinsin fén alt so agus gach cur ar ceal fén alt so maidir le híoc pinsin do bheith ar fiunraoi, raghaid in éifeacht o pé dáta (nách luaithe i gcás ar bith ná an 1adh lá d'Abrán, 1932) is ceart dar leis an Aire agus raghaidh gach laigheadú pinsin agus gach fiunraíocht phinsin fén alt so in éifeacht o pé dáta (nách luaithe ná dáta an ath-mheasta gur as a tháinig an laigheadú no an fhiunraíocht san) is ceart dar leis an Aire.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “minimum a bhaineann leis an gcás” 20 per cent. maidir le díth is ionchurtha i leith créachta agus 80 per cent. maidir le díth is ionchurtha i leith galair.

(4) Déanfar aon tagairt atá san alt so do ghrád na díthe bhí cheana ar dhuine bheidh ag plé cúise fén alt so do léiriú mar thagairt do ghrád na díthe gur tré thagairt do dhéanamh do do deonadh, de bharr breithe deiridh, méid an phinsin don duine sin no, má hath-mheasadh grád díthe an duine sin fén alt so, mar thagairt do ghrád na díthe fé mar do hath-mheasadh amhlaidh é den uair dheireannach sarar pléidheadh an chúis sin.

Ailt áirithe de Shean-Achtanna do bheith i mbaint.

20. —(1) Beidh baint ag ailt 5, 6 agus 9 go 15 d'Acht 1923, mar a leasuítear san le hAcht 1927 agus leis an Acht so, agus ag ailt 17, 20, 21, 23, agus 24 d'Acht 1927 le pinsin, liúntaisí, agus aiscí fén gCuid seo den Acht so, le daoine atá no adeir go bhfuilid i dteideal na bpinsean, na liúntaisí, agus na n-aiscí sin, le daoine dá ndeontar na pinsin, na liúntaisí, agus na haiscí sin, agus le daoine iarrfaidh na pinsin, na liúntaisí agus na haiscí sin, fé is dá mb'iad na pinsin, na liúntaisí agus na haiscí sin na pinsin, na liúntaisí agus na haiscí luaidhtear sna hailt sin fé seach.

(2) Déanfar an tagairt atá in alt 21 d'Acht 1927 do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnithe os cóir Búird na nArm-Phinsean do réir gairme ón mBord san do léiriú mar thagairt a fholuíonn tagairt do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnithe os cóir an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Mileata do réir gairme on mBord san.

(3) Beidh baint ag alt 25 (ach amháin fo-alt (4) de sin) d'Acht 1927 le daoine dá ndeonfar pinsin fén gCuid seo den Acht so agus chun crícheanna na bainte sin déanfar gach tagairt atá san alt san do phinsean maidir le héinne den tsórt san do léiriú mar thagairt don phinsean a deonadh do fén gCuid seo den Acht so.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh fé alt 27 d'Acht 1927 maidir le héinní no le haon rud dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud a horduítear, agus bainfidh an t-alt san 27 leis na rialacháin sin fé mar a bhaineann sé leis na rialacháin a luaidhtear san alt san.

CUID III.

Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do Leasu.

Alt 10 d'Acht 1923 do leasú.

21. —Léireofar fo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1923 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “aon Aire no Roinn Stáit” do chur in ionad na bhfocal “an tAire” atá anois sa bhfo-alt san.

An Dara Sceideal agus an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 do leasú.

22. —(1) Deintear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “singil” do chur isteach in alt 3 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(b) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 5 (c) den Sceideal san in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(c) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 6 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “driofúr.”

(2) Deintear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “atá singil” do chur isteach in alt 2 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(b) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 4 (c) den Sceideal san in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(c) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 5 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “driofúr.”

(3) Má chítear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 3 no alt 5 (a) no alt 5 (c) no alt 6 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 mar a leasuítear san leis an alt so no fé alt 3 no alt 4 (a) no alt 4 (c) no alt 5 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 mar a leasuítear san leis an alt so, gur phós an duine sin o thosnuigh an liúntas san ar bheith iníoctha, no má chítear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 5 (c) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 no fé alt 4 (c) den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, nách breoiteachán an duine sin feasta, féadfaidh an tAire an liúntas san d'athbhreithniú agus, más oiriúnach leis é, an liúntas san do laigheadú no deireadh do chur leis.

Ní bheidh dul thar molta do rinneadh fé sna Sean-Achtanna.

23. —(1) Má rinneadh, roimh an Acht so do rith, aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta, do mholadh no má diúltuíodh do phinsean no d'aisce fé sna hAchtanna san. alos créachta, do mholadh, beidh an moladh san no an diúltú don mholadh san do dhéanamh (pe'ca aca é), ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ina bhreith deiridh nách féidir d'ath-bhreithniú ná d'ath-scrúdú.

(2) Einne dá ndearnadh aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta. do mholadh roimh an Acht so do rith, no éinne dar diúltuíodh pinsean no aisce fé sna hAchtanna san, alos créachta, do mholadh roimh an Acht so do rith ar an scór ná raibh an duine sin fé aon díth agus ar an scór san amháin, féadfaidh. laistigh de bhliain tar éis an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire méid an mholta san no an diúltú san (pe'ca aca é) d'athbhreithniú agus leis sin féadfaidh an tAire, más ceart san do dhéanamh dar leis. an scéal do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean chun é d'ath-bhreithniú agus féadfaidh, ar thuarasgabháil Bhúird na nArm-Phinsean, pé pinsean no aisce (más aon cheann é) do dheonadh a féadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarasgabháil sin ar an gcás do bhreithniú den chéad uair fé Achtanna 1923 agus 1927, fé réir na teorann gurb é am a thosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ná ar pe'ca dáta acu so leanas is déanaí, sé sin le rá, an 1adh lá d'Abrán. 1932, no an dáta a gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach do bheith mar dháta ar a raibh an díth gur ina taobh a deontar an pinsean san chó mór le fiche per cent. den chéad uair.

Deonadh pinsean fé Achtanna 1923 agus 1927 de bharr breithe deiridh d'ath-s rúdú.

24. —(1) Má deonadh pinsean de bharr breithe deiridh d'éinne fé Achtanna 1923 agus 1927, agus má dheineann an duine sin. aon tráth no tráthanna laistigh de dheich mbliana ón dáta ar ar deonadh an pinsean de bharr na breithe deiridh sin. cúis do phlé leis an Aire á chur i dtuiscint go bhfuil grád a dhíthe le linn na cúise sin do phlé, i gcás an phinsin sin do bheith á fháil ag an duine sin an tráth san, deich per cent. no níos mó thar grád na díthe bhí air cheana no, i gcás an phinsin sin do bheith ar fiunraoi an tráth san fén alt so, nách lugha é ná an minimum a bhaineann leis an gcás, agus má dheineann sé fianaise prima facie is dóich leis an Aire do bheith sásúil do chur isteach mar thaca leis an gcúis sin féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin do chur fé ath-scrúdú dochtúra agus grád a dhíthe d'ath-mheas, agus ar an ath-mheas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an duine sin do bheith ag fáil an phinsin sin an tráth san, ansan—

(i) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur mó é grád a dhíthe ná grád na díthe bhí air cheana no gur lugha é ná grád na grád na díthe bhí air cheana ach nách lugha é ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire. más oiriúnach leis é, méid an phinsin sin do mhéadú no do laigheadú (do réir an ath-mheasta san) go dtí méid a bheidh oiriúnach fén Acht san do chás duine fé ghrád díthe bheidh ar có-réir leis an ngrád do hath-mheasadh amhlaidh. no

(ii) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an pinsean san do chur ar fiunraoi gan dochar, ámh, do cheart an duine sin chun cúise eile do phlé fén alt so laistigh den am a ceaptar leis an alt so; no

(b) i gcás pinsin an duine sin do bheith ar fiunraoi fén alt so an tráth san, ansan—

(i) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh nách lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an cur-ar-fiunraoi sin do chur ar ceal agus an pinsean do shocrú i dtreo gurb é bheidh ann ná méid a bheidh oiriúnach fén Acht san do chás duine fé ghrád díthe bheidh ar có-réir leis an ngrád do hath-mheasadh amhlaidh, no

(ii) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, leanfaidh an pinsean san de bheith ar fiunraoi gan dochar, ámh, do cheart an duine sin chun cúise eile do phlé fén alt so laistigh den am a ceaptar leis an alt so.

(2) Gach méadú pinsin fén alt so agus gach cur ar ceal fén alt so maidir le híoc pinsin do bheith ar fiunraoi, raghaid in éifeacht o pé dáta (nách luaithe i gcás ar bith ná an 1adh lá d'Abrán, 1932) is ceart dar leis an Aire agus raghaidh gach laigheadú pinsin agus gach fiunraíocht phinsin fén alt so in éifeacht o pé dáta (nách luaithe ná dáta an ath-mheasta gur as a tháinig an laigheadú no an fhiunraíocht san) is ceart dar leis an Aire.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “minimum a bhaineann leis an gcás” 20 per cent. maidir le díth is ionchurtha i leith créachta agus 80 per cent. maidir le díth is ionchurtha i leith galair.

(4) Déanfar aon tagairtí atá san alt so do ghrád na díthe bhí cheana ar dhuine bheidh ag plé cúise fén alt so do léiriú mar thagairtí do ghrád na díthe gur tré thagairt do dhéanamh do do deonadh. de bharr breithe deiridh, méid an phinsin don duine sin no. má hath-mheasadh grád díthe an duine sin fén alt so. mar thagairtí do ghrád na díthe fé mar do hath-mheasadh amhlaidh é den uair dheireannach sarar pléidheadh an chúis sin.

Alt 14 d'Acht 1927 do leasú.

25. —(1) In ainneoin éinní atá i mír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927 ní dheonfaidh an tAire, ar éinne le n-a mbaineann an fo-alt san de bhuadh míre (e) den fho-alt san ná mar gheall ar éinne den tsórt san d'fháil bháis, ní dheonfaidh do bhaintrigh an duine sin ná d'aon duine cloinne leis an duine sin aon liúntas, ná aon aisce ar bhaintrigh do phósadh ath-uair. díobh san a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 maidir le baintreacha agus le cloinn, maran rud é, i gcás baintrighe an duine sin, go raibh sí pósta leis an duine sin roimh é do scur as na fórsaí no, i gcás cloinne an duine sin, gur clann iad do rugadh do lanmhain a pósadh roimh an duine sin do scur as na fórsaí.

(2) Ní déanfar, tar éis an Achta so do rith, aon liúntas ná aisce do dheonadh fé fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927 do bhaintrigh ná do dhuine cloinne oifigigh maran roimh an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1924, do phós an bhaintreach san an t-oifigeach san.

Alt 18 d'Acht 1927 do leasú.

26. —Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 18 d'Acht 1927 agus ina n-ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) gach iarratas a dhéanfaidh duine do scuireadh as na fórsaí (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) ar phinsean créachta no aisce do dheonadh fé Acht 1923 mar a leasuítear san le hAcht 1927 no fé Acht 1927 mar gheall ar chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse is laistigh de bhliain tar éis an lae ar a bhfuarthas an chréacht san no tar éis lae an Achta so do rith, pe'ca lá acu san is déanaí, a déanfar é;

(b) gach iarratas ar phinsean mí-ábaltachta do dheonadh fé Acht 1927 is laistigh de bhliain tar éis lae an Achta so do rith a déanfar é.

Teora ama i gcóir iarratais ar liúntaisí agus ar aiscí fé Acht 1927 o bhaintreacha, o chloinn agus o chúram dhaoine áirithe.

27. —(1) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis níos mó ná bliain tar éis lae an Achta so do rith, agus

(b) gur galar is trúig le bás an duine sin, agus

(c) gan an duine sin do bheith, díreach roimh a bhás, ag fáil pinsin mhí-ábaltachta fé Acht 1927 alos an ghalair sin, agus

(d) ná dearna an duine sin, laistigh de bhliain tar éis lae an Achta so do rith, pinsean mí-ábaltachta alos an ghalair sin d'iarraidh go cuibhe,

ní breithneofar aon éileamh, alos báis an duine sin, a dhéanfaidh baintreach no aon duine de chloinn no de chúram an duine sin ar liúntas no aisce fé Acht 1927.

(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú fo-ailt (5) d'alt 18 d'Acht 1927.

An Séú Sceideal agus an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 do leasú.

28. —(1) Deintear leis seo an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “singil” do chur isteach in alt 3 de Chuid I den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(b) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 5 (c) den Chuid sin I in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(c) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 6 den Chuid sin I i ndiaidh an fhocail “driofúr”; agus

(d) tré sna focail “atá singil” do chur isteach in alt 2 do Chuid II den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(e) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 4 (c) den Chuid sin II in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(f) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 5 den Chuid sin II i ndiaidh an fhocail “driofúr.”

(2) Deintear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “atá i gcás mac fé bhun 18 mbliana agus atá i gcás inghean gan pósadh agus” do chur isteach in alt 3 de Chuid I den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “clann”; agus

(b) tré sna focail “atá i gcás mac fé bhun 18 mbliana agus atá i gcás inghean gan pósadh agus” do chur isteach in alt 2 de Chuid II den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “clann.”

(3) Má chítear don Aire, maidir le mnaoi dar deonadh liúntas fé alt 3 no alt 5 (a) no alt 5 (c) no alt 6 de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 mar a leasuítear san leis an alt so no fé alt 2 no alt 4 (a) no alt 4 (c) no alt 5 de Chuid II den Sceideal san no fé alt 3 de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 mar a leasuítear san leis an alt so no fé alt 2 de Chuid II den Sceideal san, gur phós an bhean san o thosnuigh an liúntas san ar bheith iníoctha, no má chítear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 5 (c) de Chuid I den Sceideal san no fé alt 4 (c) de Chuid II den Sceideal san, nách breoiteachán an duine sin feasta, féadfaidh an tAire an liúntas san d'ath-bhreithniú agus, más oiriúnach leis é, an liúntas san do laigheadú no deireadh do chur leis.

CEAD SCEIDEAL.


Ratai Pinsean.

Grád na Díthe

Pinsean Díthe

Pinsean Fir Phósta

per cent.

sa bhliain

sa tseachtain

s.

d.

100

£150

11

3

90

£135

10

0

80

£120

9

0

70

£105

7

9

60

£90

6

9

50

£75

5

6

40

£60

4

6

30

£45

3

3

20

£30

2

3

Nóta.—Tuigfcar gurb é chialluionn na grádanna dithe luaidhtear sa chéad cholún ná na grádanna dithe mar a tomhaistear iad leis an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.


DARA SCEIDEAL.


Liuntaisi agus Aisci do Churam Daoine.


CUID I.

1. Baintreach       ..       ..       ..      ..

£67 10s. sa bhliain le linn baintreachais, agus aisce £90 an chéad uair eile a phósfa sí.

2. Gach mac lé bhun 18 mbliana     ..

(a) Le beo a mháthar, £18 sa bhliain.

(b) Tar éis bháis a mháthar, £30 sa bhliain.

3. Gach inghean singil fé bhun 21 bhliain.

(a) Le beo a máthar, £18 sa bhliain.

(b) Tar éis bháis a máthar, £30 sa bhliain.

4. Gach duine cloinne atá 12 bhliain no os a chionn san agus fé bhun 18 mbliana.

Aisioc an méid a cruthófar a caitheadh go riachtanach agus go ceart ar tháillí oideachais, ach gan san do dhul thar £26 in aon bhliain chaileandair áirithe.

CUID II.

5. (a) Máthair     ..     ..     ..     ..

Aon liúntas amháin do réir 158. sa tseachtain. Má bhionn beirt no nios mó dá leithéidí ann, ní bheidh ach aon liúntas amháin le n'íoc agus san le pé duine dhíobh ordóidh an tAire Cosanta.

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhíchumas tré dhroch-shláinte

(c) Driotháir atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.     ..     ..     ..

6. Gach driotháir fé bhun 18 mbliana. agus gach driofúr shingil fé bhun 21 bliain.

Liúntas 58. sa tscachtain, ach ni raghaidh iomlán na liúntas fén alt so thar 158. sa tscachtain maidir le héinne atá marbh. agus ní bheidh liúntas ar bith inioctha fén alt so in aon chás ina bhfuil aon liúntas inioctha fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo.

CUID III.


7. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le héinne fé Chuid II den Sceideal so mara raibh an duine sin, ar dháta bháis an duine mhairbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san á éileamh, ina lán-chúram ar an duine marbh san.

8. I gcás duine mhairbh d'fhágaint daoine bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta eile féadfar aisce no aiscí do dheonadh do gach n-aon díobh no do chuid acu. Ní mó ná £112 IOS. a bheidh méid iomlán na n-aiscí deonfar fén mír seo i dtaobh an aon duine mhairbh.

9. I gcás aon duine do bheith ina lán-chúram no ina leath-chúram ar níos mó ná aon duine marbh amháin, ní bhfuighidh seisean, i dtaobh na ndaoine marbh san, liúntaisí ná aiscí is mó san iomlán ná an liúntas maximum a deonfaí dho fé Chuid II den Sceideal so i dtaobh éinne áirithe de sna daoine marbha san.

10. Pé uair a chífear don Aire, maidir le mnaoi dar deonadh liúntas fé alt 3 de Chuid I den Sceideal so no fé ailt 5 (a) no 5 (c) de Chuid II den Sceideal so, gur phós an bhean san o thosnuigh an liúntas san ar bheith iníoctha, no a chífear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 5 (c) den Chuid sin II, nách breoiteachán an duine sin feasta, féadfaidh an tAire an liúntas san d'ath-bhreithniú agus, más oiriúnach leis é, an liúntas san do laigheadú no deireadh do chur leis.

11. Ní bheidh aon aisce fé Alt 8 de Chuid III den Sceideal so iníoctha le fear is baintreach duine mhairbh ba bhall de Chumann na mBan na ní bheidh aon liúntas fé Chuid I den Sceideal so ná aisce fé Alt 8 de Chuid III den Sceideal so iníoctha alos aon duine cloinne, is le duine marbh ba bhall de Chumann na mBan, faid a mhairfidh athair an duine chloinne sin, maran deimhin leis an Aire ná fuil ar chumas an athar san an duine cloinne sin do chothú.