2 1933


Uimhir 2 de 1933.


ACHT TALMHAN (CISTE NA mBLIANACHT CEANNAIGH), 1933.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN AIRGID ATÁ ANOIS NO BHEIDH INA DHIAIDH SEO I gCREIDIÚINT DO CHISTE NA mBLIANACHT CEANNAIGH DO CHUR DE LÁIMH.

[30adh Márta, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Airgead atá i gCiste na mBlianacht Ceannaigh do chur de láimh.

1. —(1) Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), dar tosach na focail “agus íocfaidh an tAire Airgid o am go ham ” agus dar críoch na focail “ mar gheall ar na roimh-íocanna roimhráite,” agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar an t-airgead atá, le linn an Achta so do rith, no bheidh, o am go ham ina dhiaidh sin, i gcreidiúint do Chiste na mBlianacht Ceannaigh d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur de láimh chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé amanta agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(2) In ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar airgead ar bith atá, le linn an Achta so do rith, no bheidh, aon am ina dhiaidh sin, i gcreidiúint do Chiste na mBlianacht Ceannaigh agus a bheadh, mara mbeadh an tAcht so do rith, ionaistrithe (pe'ca tré íocaíocht é no tré chreidiúint do lomháil) ón gCiste sin chun an Chiste Urraíochta, ní déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste ná é do chur de láimh chun tairbhe don Stát-Chiste fén alt so.

Gearr-theideal, luadh agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan (Ciste na mBlianacht Ceannaigh), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAcht san.