4 1933


Uimhir 4 de 1933.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1933.


ACHT CHUN AN ACHTA TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1932 , DO LEASÚ. [13adh Abrán, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 (Uimh. 10 de 1932) .

Leasuithe ar an bPríomh-Acht.

2. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na hailt agus na fo-ailt den Acht san a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí taisbeántar sa dara colún den Sceideal san os coinne gach ailt agus fo-ailt acu san.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1933 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 agus 1933, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

LEASUITHE AR AN bPRIOMH-ACHT.

Alt agus fo-alt den Phríomh-Acht.

Conus a leasuítear san.

Alt 6.

Tré fho-alt (2) do scriosadh amach agus tré thrí fho-ailt nua do chur isteach ina ionad mar leanas:—

“(2) Nuair a bheidh an tAire ag déanamh rialachán fén alt so ag ordú an ráta ghenerálta féadfaidh rátaí generálta deifriúla d'ordú alos ime uachtarlainne agus ime nách im uachtarlainne.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt ‘an ráta generálta d'im uachtarlainne’ an ráta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh rialachán fén alt so alos ime uachtarlainne.

(4) San Acht so cialluíonn an abairt ‘an ráta generálta d'im nách im uachtarlainne’ an ráta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh rialachán fén alt so alos ime nách im uachtarlainne.”

Alt 7, fo-alt (1).

Tré sna focail “d'im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta generálta” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.

Alt 9, fo-alt (2), mír (c).

Tré sna focail “d'im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta ghenerálta.”

Alt 10, fo-alt (2).

Tré sna focail “d'im nách im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta ghenerálta.”

Alt 11, fo-ailt (1) agus (2).

Tré sna focail “d'im nách im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta ghenerálta” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.

Alt 12, fo-ailt (I) agus (2).

Tré sna focail “d'im nách im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta ghenerálta” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.

Alt 13, fo-alt (2).

Tré sna focail “d'im nách im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta ghenerálta.”

Alt 14, fo-ailt (1) agus (2).

Tré sna focail “d'im nách im uachtarlainne” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an ráta ghenerálta” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.