34 1933


Uimhir 34 de 1933.


ACHT UM SHUNCÁIL CHEADUITHE, 1933.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE CISTÍ RIALTAIS, AIRGEAD RIALTAIS, AIRGEAD I gCÚIRT, AGUS CISTÍ IONTAOBHAIS DO SHUNCÁIL AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN COISTE DO BHUNÚ CHUN COMHAIRLE DO THABHAIRT DON AIRE AIRGID I dTAOBH NA SUNCÁLA SAN. [29adh Meán Fhómhair, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn na habairtí “ciste rialtais” agus “airgead rialtais” fé seach ciste agus airgead atá fé chúram Aire is ceann ar Roinn Stáit agus is féidir go dleathach do shuncáil ach ní fholuíd an ciste fiach-laigheaduithe bhaineann le haon Iasacht Náisiúnta, ná Ciste na mBannaí Talmhan, ná an Ciste Costaisí do bunuíodh le halt 5 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), ná airgead a bheidh de thurus na huaire i gcreidiúint do Chuntas an Stát-Chiste;

cialluíonn an focal “urrús” stuic, scaireanna, debentiúirí, bannaí, agus oblagáidí aon rialtais, bárdais chathrach, cuideachtan, no cóluchta chorpruithe eile;

cialluíonn an abairt “suncáil cheaduithe” urrús a bheidh ceaduithe de thurus na huaire fén Acht so chun cistí rialtais no airgid rialtais do shuncáil ann;

cialluíonn an abairt “Banc Scair-shealbhach” banc is banc scair-shealbhach de thurus na huaire do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 ( Uimh. 32 de 1927 ); cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Coiste Comhairlitheach na Suncálanna do bhunú agus na baill a bheidh air.

2. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire Coiste (dá ngairmtear an Coiste san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Coiste Comhairlitheach na Suncálanna agus cólíonfaidh an Coiste sin na feidhmeanna ceaptar do leis an Acht so no ceapfar do le haon Acht tré n-a leasófar no tré n-a leathnófar an tAcht so.

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste ná an cúigear daoine seo leanas, sé sin le rá:—

(a) Cathaoirleach Choimisiúin an Airgid Reatha;

(b) Breitheamh den Ard-Chúirt ar n-a ainmniú ag an bPrímh-Bhreitheamh;

(c) duine ar n-a ainmniú ag an Aire tar éis do san dul i gcomhairle le Coiste Bhúrsa Bhaile Atha Cliath;

(d) duine ar n-a ainmniú sa tslí orduithe ag na Bainc Scairshealbhacha no thar a gceann;

(e) duine ar n-a ainmniú ag an Aire.

(3) Is é Cathaoirleach Choimisiúin an Airgid Reatha bheidh mar Chathaoirleach ar an gCoiste.

(4) Beidh gach ball den Choiste (seachas Cathaoirleach Choimisiúin an Airgid Reatha), marab éag no eirghe as roimhe sin do no, i gcás an bhaill d'ainmnigh an Prímh-Bhreitheamh, maran scur de bheith ina Bhreitheamh den Ard-Chúirt do, i seilbh oifige mar bhall den Choiste go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe agus beidh sé ion-athainmnithe i ndeireadh a théarma oifige no le linn bheith ag feitheamh leis sin.

Nós-imeachta an Choiste.

3. —(1) Féadfaidh an Coiste a nós-imeachta féin do rialáil.

(2) Triúr ball den Choiste, i láthair i bpearsain, is quorum ag cruinniú den Choiste.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais no dhó, ach ní d'ainneoin níos mó folúntas ná san, do bheith imeasc a chuid ball.

(4) Ag cruinniú ar bith den Choiste féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh do thabhairt uaidh i gcás có-ionnanas vótanna do bheith ann.

Fuireann agus cóiríocht don Choiste.

4. —Cuirfidh an tAire pé cóiríocht oifige agus fuireann ar fáil don Choiste is dóich leis is gá chun a chur ar chumas an Choiste na feidhmeanna bheidh ceaptha dho de thurus na huaire do chólíonadh.

Leas-Chathaoirleach don Choiste do cheapadh.

5. —(1) Pé uair a bheidh Cathaoirleach an Choiste, go sealadach, gan bheith i mBaile Atha Cliath no gan bheith ábalta, de bhíthin easláinte, ar a dhualgaisí mar chathaoirleach den tsórt san do chólíonadh féadfaidh, roimhe sin agus é á mheas go mbeidh sé, no aon tráth le linn é bheith, as láthair no fé mhí-chumas amhlaidh, ball eile den Choiste do cheapadh chun bheith mar Leas-Chathaoirleach le linn é bheith as láthair no fé mhí-chumas amhlaidh.

(2) Le linn na nea-láithreachta no an mhí-chumais gur mar gheall air a ceapfar é, ach fé réir é do leanúint de bheith ina bhall den Choiste, beidh ag gach Leas-Chathaoirleach a ceapfar fén alt so comhachta uile agus cólíonfaidh dualgaisí uile Chathaoirligh an Choiste.

An tAire do dhul i gcomhairle leis an gCoiste.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis laistigh de dhá bhliain tar eis an Achta so do rith, a iarraidh ar an gCoiste liost d'ullamhú agus do chur fé n-a bhráid d'urrúsanna atá oiriúnach chun ciste áirithe rialtais no airgid áirithe rialtais do shuncáil ionta.

(2) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis laistigh de dhá bhliain tar eis an Achta so do rith, a iarraidh ar an gCoiste comhairle do thabhairt do i dtaobh ce'ca tá urrús áirithe oiriúnach chun aon chiste áirithe rialtais no aon airgid áirithe rialtais do shuncáil ann no ná fuil.

(3) Pé uair iarrfaidh an tAire ar an gCoiste fén alt so liost d'urrúsanna d'ullamhú no comhairle do thabhairt do i dtaobh ce'ca tá urrús áirithe oiriúnach no ná fuil déanfaidh an Coiste chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, an liost no an chomhairle bheidh luaidhte san iarratas san d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire.

Iarratas o bhunuitheoir ar urrús do cheadú.

7. —(1) Einne bheidh freagarthach in aon urrús do thabhairt amach féadfaidh, aon uair laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an t-urrús san do cheadú mar urrús is oiriúnach chun cistí rialtais agus airgid rialtais do shuncáil ann.

(2) Pé uair do gheobhaidh an tAire iarratas fén alt so féadfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, diúltadh do ghéilleadh don iarratas san no an t-iarratas san do chur fé bhráid an Choiste chun a gcomhairle d'fháil ina thaobh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire iarratas fén alt so do chur fé bhráid an Choiste, déanfaidh an Coiste chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin an t-iarratas san do bhreithniú agus a gcomhairle do thabhairt don Aire i dtaobh ce'ca tá an t-urrús is abhar don iarratas san oiriúnach chun aon chiste áirithe rialtais no aon airgid áirithe rialtais, a bheidh luaidhte chuige sin ag an Aire, do shuncáil ann no ná fuil.

(4) Gach duine chuirfidh iarratas chun an Aire fén alt so déanfaidh, ar an Aire no ar an gCoiste dá cheangal san air, pé eolas do thabhairt don Aire no don Choiste (do réir mar bheidh) a bheidh aige no ar fáil aige i dtaobh an urrúis sin agus a theastóidh ón Aire no ón gCoiste chun an iarratais sin do bhreithniú.

Nithe go bhféachfaidh an Coiste dhóibh.

8. —Nuair a bheidh an Coiste ag ullamhú liosta d'urrúsanna do réir an Achta so agus ag breithniú ce'ca ba cheart aon urrús áirithe do chur sa liost san no nár cheart, agus nuair a bheid ag breithniú cadé an chomhairle do bhéarfaid uatha do réir an Achta so i dtaobh urrúis áirithe, féachfaid do chúrsaí uile an urrúis sin agus do gach ní ina thaobh do chífear don Choiste bhaineann leis an scéal agus, go sonnrach, féachfaidh an Coiste do sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an deimhin agus a mhéid is deimhin nách baol don chaipital agus go bhfuighfear ioncum as airgead a suncálfar san urrús san;

(b) ag féachaint do ghnáth-phraghas an urrúis sin ar an margadh, an dtugann an t-urrús san leor-bhrabús ar airgead a suncáltar ann;

(c) an bhfuil margadh oscailte caothúil ann don urrús san agus an féidir an t-urrús san do cheannach agus do dhíol go saoráideach ar an margadh san;

(d) an urrús é gurb ionfhuascailte dho no gurb ionaisíoctha go héigeanta ar shlí eile dá chaipital go luath no i gcionn tamaill fhada no urrús nách ionfhuascailte dho no nách ionaisíoctha dá chaipital amhlaidh tráth ar bith;

(e) an bhfuil praghas margaidh an urrúis sin saor o n-a atharú, agus an deallrathach go leanfa sé saor o n-a atharú, go minic no go mór obann,

An tAire do cheadú urrús.

9. —(1) Pé uair do bhéarfaidh an Coiste don Aire do réir an Achta so liost d'urrúsanna atá oiriúnach chun ciste áirithe rialtais no airgid áirithe rialtais do shuncáil ionta féadfaidh an tAire, más dóich leis agus fé mar is dóich leis san do bheith ceart, gach urrús no aon urrús no urrúsanna acu san do cheadú mar urrúsanna atá oiriúnach i gcóir suncála den tsórt san roimhráite.

(2) Pé uair do bhéarfaidh an Coiste mar chomhairle don Aire do réir an Achta so go bhfuil urrús áirithe oiriúnach chun ciste áirithe rialtais no airgid áirithe rialtais do shuncáil ann, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-urrús san do cheadú mar urrús atá oiriúnach i gcóir suncála den tsórt san roimhráite.

(3) Ní déanfar iomlán liosta d'urrúsanna ná cuid ar bith de liost d'urrúsanna do cheadú fén alt so ná fós aon urrús áirithe do cheadú fén alt so tar éis dhá bhlian go leith o am an Achta so do rith.

Ceadú urrús do tharrac siar.

10. —(1) Féadfaidh an tAire pé uair is oiriúnach leis é, uaidh féin no de dhruim chomhairle bheidh tugtha dho fén alt so ag an gCoiste, ceadú do tharrac siar do thug sé uaidh roimhe sin fén Acht so maidir le haon urrús.

(2) Pé uair a bheidh an tAire ar aigne ceadú urrúis do tharrac siar fén alt so uaidh féin féadfaidh a iarraidh ar an gCoiste comhairle do thabhairt do maidir leis an tarrac-siar san agus leis sin déanfaidh an Coiste chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin a gcomhairle maidir leis an tarrac-siar san d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire.

(3) Féadfaidh an Coiste uatha féin, tráth ar bith, a bhreithniú an ceart ceadú do tharrac siar a thug an tAire uaidh roimhe sin fén Acht so maidir le haon urrús agus féadfaid, más dóich leo ar bhreithniú do dhéanamh amhlaidh gur ceart san, a chomhairliú don Aire an ceadú san do tharrac siar fén alt so.

(4) Ar cheadú urrúis do tharrac siar fén alt so scuirfidh an t-urrús san láithreach de bheith ina shuncáil is oiriúnach chun cistí rialtais no airgid rialtais do shuncáil inti agus déanfar, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, gach sealbh den urrús san is suncáil aon chiste rialtais no airgid rialtais do dhíol láithreach.

Cistí agus airgead rialtais do shuncáil i suncálanna ceaduithe.

11. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht, ordú, riail no achtachán eile, féadfar aon chiste áirithe rialtais no airgead áirithe rialtais do shuncáil in aon urrús a bheidh ceaduithe fén Acht so de thurus na huaire chun an chiste áirithe rialtais sin no an airgid áirithe rialtais sin do shuncáil inti.

Airgead i gCúirt do shuncáil.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, ar an Aire Dlí agus Cirt dá iarraidh sin air le có-aontú móráirimh den choiste luaidhtear in alt 36 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), agus tar éis do dul i gcomhairle le Coiste Comhairlitheach na Suncálanna, féadfaidh, le hordú, aon tsuncáil is suncáil cheaduithe de thurus na huaire do cheadú chun aon airgid a bheidh de thurus na huaire fé chúram no fé réir orduithe aon Chúirte do shuncáil inti, agus féadfaidh o am go ham, le hordú, aon ordú den tsórt san a céad-luaidhtear do cheiliúradh, do leasú, no d'atharú.

(2) Gan dochar do dhleathacht aon mhodha eile suncála bheidh údaruithe do réir dlí de thurus na huaire chun airgid a bheidh fé chúram no fé réir orduithe aon Chúirte do shuncáil, féadfar, d'ainneoin aon rialach Cúirte contrárdha dho san, aon airgead den tsórt san do shuncáil agus do choimeád suncálta in aon urrús is suncáil cheaduithe de thurus na huaire do réir bhrí an Achta so agus a bheidh an tAire tar éis a cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo.

(3) San alt so foluíonn an focal “Cúirt” an Prímh-Bhreitheamh le linn do bheith ag feidhmiú na dlighinse atá dílsithe ann maidir le daoine nách slán meabhair no maidir le mion-aoiseacha.

Cistí iontaobhais do shuncáil.

13. —Ní bheidh aon mhodh suncála a húdarófar, le riail Chúirte ar n-a déanamh tar éis an Achta so do rith, chun airgid a bheidh fé chúram no fé réir orduithe na hArd-Chúirte do shuncáil, ní bheidh san ina mhodh suncála bheidh údaruithe de bhuadh míre (o) d'alt 1 den Trustees Act, 1893, chun cistí iontaobhais do shuncáil.

Fógra i dtaobh suncálanna ceaduithe d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

14. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire iomlán liosta d'urrúsfanna no cuid ar bith de liost d'urrúsanna no urrús áirithe do cheadú fén Acht so chun cistí rialtais no airgid rialtais do shuncáil sa chéanna, cuirfidh an tAire fé ndeár fógra i dtaobh an cheaduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadú do tharrac siar do thug sé uaidh fén Acht so maidir le haon urrús, cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh an tarrac-siar san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(3) Déanfaidh an tAire o am go ham, fé mar agus nuair is gá no is oiriúnach san dar leis, a chur fé ndeár liost de sna hurrúsanna is suncálanna ceaduithe de thurus na huaire do réir bhrí an Achta so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus féadfaidh an tAire, in aon liost a foillseofar amhlaidh, a luadh, maidir le gach urrús no le haon urrús a bheidh sa liost san, cadé an dáta ar a ndearnadh an t-urrús san do cheadú fén Acht so.

Rialacháin.

15. —Féadfaidh an tAire le rialacháin éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

16. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

17. —Féadfar an tAcht um Shuncáil Cheaduithe, 1933 , do ghairm den Acht so.