40 1933


Uimhir 40 de 1933.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 20), 1933.


ACHT CHUN AIRTIOGAIL 37 DEN BHUNREACHT DO LEASÚ I SLÍ GO nDÉANFAR AN FHEIDHM SIN, INTINN LEITHREASUITHE AIRGID DO MHOLADH FÉN AIRTIOGAL SAN, D'AISTRIÚ Ó IONADAÍ NA CORÓINNEACH CHUN NA hARD-CHOMHAIRLE. [2adh Mí na Samhna, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 37 den Bhunreacht do leasú.

1. —Déanfar agus deintear leis seo Airtiogal 37 den Bhunreacht do leasú tré sna focail uile, o sna focail “ó Ionadaí” go dtí deireadh an Airtiogail, do scriosadh amach, agus tré sna focail “ón Ard-Chomhairle agus í fé láimh Uachtarán na hArd-Chomhairle” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 20), 1933 . do ghairm den Acht so.