44 1933


Uimhir 44 de 1933.


ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1933.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1930, DO LEASÚ MAIDIR LE MÉID NA SÍNTIÚS IS INÍOCTHA FÉ SNA hACHTANNA SAN AGUS CHUN NA LEASÚ UILE IS GÁ DÁ DHRUIM SIN DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA SAN.

[16adh Mí na Samhna, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920;

cialluíonn an abairt “Acht 1930” an t Acht um Arachas Díomhaointis, 1930 (Uimh. 33 de 1930) .

Rátaí na síntiús d'atharú.

2. —(1) In ionad na síntiús is iníoctha fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, alos daoine fostuithe, ag na daoine sin agus á bhfostóirí fé seach do bheith do réir na rátaí socruítear le halt 2 d'Acht 1930 beidh na síntiúisí sin do réir na rátaí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) In ionad an tsíntiúis a bheidh le n'íoc, chun crícheanna ailt 5 den Phríomh-Acht, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas do bheith do réir an ráta socruítear le halt 2 d'Acht 1930 beidh an síntiús san do réir ráta is có-ionann le dhá sheachtú de mhéid iomlán na síntiús a bheidh íoctha, alos an duine fhostuithe, ag an duine sin féin agus ag á bhfostóir no bheidh íoctha, i gcás duine saor o íoc, ag fostóir an duine sin, agus beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (7) den alt san 5 dá réir sin.

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht 1930 agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar an provísó ghabhann le fo-alt (3) d'alt 12 den Phríomh-Acht de léiriú agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí isteach ann an focal “three-twentieths” in ionad an fhocail “one-tenth” atá anois ann.

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis is gá chun glanta fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, fé mar a leasuítear iad leis an Acht so, agus fé aon Acht do ritheadh no rithfear roimh an 31adh lá de Mhárta, 1934, chun socruithe do dhéanamh chun fóirthne ar dhaoine díomhaoine agus chun na socruithe airgeadais agus eile is gá chuige sin do dhéanamh, agus féadfaidh an tAire Airgid, chun na suimeanna bheidh le roimh-íoc amhlaidh do chur ar fáil, airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dóich leis is ceart.

(2) Is ar an gCiste Díomhaointis a beidh muirear agus aisíoc aon tsuimeanna roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo maraon le muirear agus aisíoc aon úis ortha san (más ann do) do réir pé ráta shocróidh an tAire Airgid.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna bhéarfaidh an tAire Airgid amach chun iasachta d'fháil fén alt so agus fós muirear na gcostaisí fé n-a raghfar maidir leis na hurrúsanna san do thabhairt amach.

Gearr-theideal, léiriú, luadh agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1934.

SCEIDEAL.

Ratai na Sintius o Dhaoine Fostuithe agus o Fhostoiri.

CUID I.

Gnath-Ratai.

1. On duine fostuithe, in aghaidh gach seachtaine—

i gcás fear

...

...

...

...

...

...

9d.

i gcás ban

...

...

...

...

...

...

7d.

2. On bhfostóir, in aghaidh gach seachtaine—

más fear an duine fostuithe

...

...

...

...

10d.

más bean an duine fostuithe

...

...

...

...

8d.

CUID II.

Ratai i gCas Daoine fe bhun Ocht mBliana Deag d'Aois.

1. On duine fostuithe, in aghaidh gach seachtaine—

i gcás buachaillí

...

...

...

...

...

4½d.

i gcás cailíní

...

...

...

...

...

...

4d.

2. On bhfostóir, in aghaidh gach seachtaine—

más buachaill an duine fostuithe

...

...

...

5d.

más cailín an duine fostuithe

...

...

...

...

4½d.