51 1933


Uimhir 51 de 1933.


ACHT NA bPRÍOSÚN, 1933.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE PRÍOSÚIN DO DHÚNADH AGUS LE PRÍOSÚIN ATÁ DÚNTA D'ÚSÁID, DO RIALÚ AGUS DO CHUR DE LÁIMH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [15adh Mí na Nodlag, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Minithe agus baint.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an General Prisons (Ireland) Act, 1877;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle na contae no na contae-bhuirge ina bhfuil an príosún gur ina thaobh a húsáidtear an abairt;

cialluíonn an focal “príosún” carear no príosún le n-a mbaineann na Prisons (Ireland) Acts, 1826 to 1907, agus foluíonn aon talamh ar seilbh no ar n-a úsáid i dteanta agus chun crícheanna aon phríosúin den tsórt san.

(2) Ní bhainfidh an tAcht so le Príosún Moinseó (Fir), Baile Atha Cliath, ná le Príosún Moinseó (Mná), Baile Atha Cliath.

Comhacht don Aire chun príosún do dhúnadh.

2. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú dúnta san Acht so) a ordú go ndéanfar aon phríosún áirithe no aon chuid áirithe de phríosún áirithe do dhúnadh ar dháta áirithe agus dá éis sin, agus féadfaidh freisin, más oiriúnach leis é, a ordú leis an ordú céanna, maidir le hestát agus leas an Aire in iomlán an phríosúin no na coda de phríosún no in aon pháirt áirithe den phríosún no den chuid de phríosún a hordófar amhlaidh a dhúnadh, go ndílscoidh an t-estát agus an leas san uile san údarás áitiúil díreach ar an dúnadh san do dhéanamh no ar aon dáta áirithe dá éis sin.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú dúnta dúnfar do réir an orduithe dúnta san an príosún no an chuid de phríosún a hordófar leis an ordú san do dhúnadh agus, má herduítear amhlaidh leis an ordú dúnta san, aistreofar an príosún san no an chuid sin chun an údaráis áitiúla agus tiocfaidh an céanna chun bheith dílsithe san údarás áitiúil, sa mhéid agus an uair a bheidh luaidhte san ordú san, gan leithliú ar bith eile do dhéanamh.

(3) Má sé thiocfaidh as crdú dúnta ná gan aon fheirgint do bheith á húsáid dá bhíthin sin mar phríosún sa chontae no sa chontae-bhuirg ina bhfuil an príosún le n-a mbaineann an t-ordú san, leagfar an t-ordú san fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche tar éis an chéad lae shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin.

An tAire do choinneáil príosún a dúnfar.

3. —(1) Más rud é go ndéanfar príosún no cuid de phríosún do dhúnadh le hordú dúnta agus ná hordófar leis an ordú san iomlán an chéanna d'aistriú chun an údaráis áitiúla, coinneoidh an tAire an príosún san no an chuid sin de phríosún ach amháin an méid sin de (más aon mhéid é) a hordófar leis an ordú san d'aistriú chun an údaráis áitiúla.

(2) Más rud é go ndéanfar príosún no cuid de phríosún do dhúnadh le hordú dúnta agus go n-ordófar leis an ordú san an céanna d'aistriú i bpáirt no go hiomlán chun an údaráis áitiúla ar dháta níos déanaí, déanfaidh an tAire an príosún san no an chuid sin de phríosún no an pháirt sin den chéanna is abhar don aistriú san, pe'ca aca é, do choinneáil go dtí an dáta san níos déanaí.

(3) Más rud é go ndearnadh prícsún no cuid de phríosún do dhúnadh fén bPríomh-Acht roimh an Acht so do rith ach ná raibh an céanna tugtha suas don údarás áitiúil le linn an Achta so do rith no ná raibh ach páirt de tugtha suas amhlaidh le linn an Achta so do rith, coinneoidh an tAire an príosún san no an chuid sin de phríosún no an méid sin den chéanna ná raibh tugtha suas amhlaidh le linn an Achta so do rith (pe'ca aca é).

Príosúin a choinneoidh an tAire d'úsáid agus do chur de láimh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le príosún no le cuid de phríosún a choinneoidh fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) le toiliú an Aire Airgid, iomlán an phríosúin sin no na coda san de phríosún no aon pháirt den chéanna d'úsáid chun críche ar bith is dóich leis an Aire is ceart;

(b) le toiliú an Aire Airgid, iomlán an phríosúin sin no na coda san de phríosún no aon pháirt den chéanna do chur chun éinne no leigint d'éinne san d'úsáid ar feadh na haimsire sin (nach sia ná naoi mbliana nóchad), agus chun na gcrícheanna san, agus fé réir an chíosa no an airgid eile sin (más ann do) d'íoc agus na gcoinníollacha san do chólíonadh a dhéanfaidh an tAire i ngach cás, leis an toiliú roimhráite, a ordú;

(c) a ordú le hordú go ndéanfar estát agus leas uile an Aire in iomlán an phríosúin sin no na coda san de phríosún no in aon pháirt áirithe den chéanna d'aistriú chun an údaráis áitiúla ar dháta agus o dháta an orduithe sin no ar aon dáta agus o aon dáta, níos déanaí ná san, a luadhfar chuige sin san ordú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so á ordú go ndéanfar iomlán príosúin no coda de phríosún no páirt den chéanna d'aistriú chun an údaráis áitiúla aistreofar an príosún san no an chuid sin de phríosún chun an údaráis áitiúla agus tiocfaidh an céanna chun bheith dílsithe san údarás áitiúil, sa mhéid agus an uair a bheidh luaidhte san ordú san, gan a thuilleadh leithlithe do dhéanamh.

(3) An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire mar chíos no eile, alos príosún no cuid de phríosún do chur ar cíos fén alt so no alos cead do dheonadh fén alt so chun an chéanna d'úsáid, déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(4) Ní bhainfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , le príosún no cuid de phríosún a choinneoidh an tAire fén Acht so.

Forálacha de dhruim príosúin do roinnt.

5. —Gach ordú déanfar fén Acht so agus go dtiocfaidh dá bhuadh gan ach cuid de phríosún d'aistriú chun údaráis áitiúla agus do dhílsiú san údarás san, féadfaidh pé forálacha bheith ann is dóich leis an Aire is ceart maidir le haon chíos no caiteachas eile do roinnt ina chionúireachtaí, le cearta slí no bealach eile isteach do chur ar fáil, le fochraí no clathacha teorann do thógáil, agus le nithe eile eireoidh de dhruim an phríosúin sin do roinnt.

Orduithe áirithe chun príosún do dhúnadh do bheith dleathath.

6. —Gach ordú, chun príosúin no coda de phríosún do dhúnadh, do rinneadh roimh an Acht so do rith agus do bheir le tuiscint é do dhéanamh fé alt 30 den Phríomh-Acht agus do rinneadh ina leithéid sin de chás gur cheart fén alt san réasúin speisialta leis an dúnadh san do luadh san ordú san ach nár luadhadh iad amhlaidh, beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil chun gach críche agus do bheadh an t-ordú san dá luaidhtí na réasúin speisialta san ann.

An tAire do choinneáil príosún áirithe ná raibh á n-úsáid.

7. —Más rud é go ndearnadh príosún no cuid de phríosún do dhúnadh fén bPríomh-Acht roimh an Acht so do rith ach ná raibh an céanna tugtha suas don údarás áitiúil le linn an Achta so do rith no ná raibh ach páirt de tugtha suas amhlaidh le linn an Achta so do rith, ní tuigfear an príosún san no an chuid sin de phríosún no an méid sin den chéanna ná raibh tugtha suas amhlaidh le linn an Achta so do rith (pe'ca aca é) do bheith aistrithe chun an údaráis áitiúla no do bheith dílsithe ann de bhíthin nár húsáideadh san chun aon chríche dhíobh san a luaidhtear in alt 31 den Phríomh-Acht agus dá bhíthin sin amháin.

Athghairm.

8. —Athghairmtear leis seo ailt 30 agus 31 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na bPríosún (Éirinn), 1826 go 1933, do ghairm den Acht so agus de sna Prisons (Ireland) Acts, 1826 and 1907, le chéile.