42 1934


Uimhir 42 de 1934.


ACHT UM BEITHIGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN MARBHADH BEITHÍOCH AGUS CAORACH CHUN BIDH DO DHAOINE I SAORSTÁT ÉIREANN DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE IOMDHA GHABHAS LEIS AN RIALÁIL AGUS LEIS AN STIÚRADH SAN NO IS GÁ NO IS CEART CHUN AN CHÉANNA DO DHÉANAMH ÉIFEACHTÚIL, AGUS AR A N-ÁIRMHÍTEAR SRIAN DO CHUR LE hAINMHITHE MARBHOFAR AMHLAIDH D'EASPORTÁIL AGUS D'ÚSÁID AGUS AR A N-ÁIRMHÍTEAR FÓS FEOIL AINMHITHE DEN tSÓRT SAN DO ROINNT AR AICMÍ ÁIRITHE DAOINE AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta ceapfar chuige sin le hOrdú dhéanfaidh an tAire go generálta no maidir le haon Chuid no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh i gcóir Codanna deifriúla agus forálacha deifriúla den Acht so.

(2) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936, agus raghaidh in éag ansan.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an focal “cigire” duine cheapfaidh an tAire i scríbhinn (pe'ca go generálta no chun críche áirithe é) chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so;

foluíonn an focal “beithígh” tairbh, ba, bulláin, seafaidí, agus laoigh;

foluíonn an focal “caoire” reithí, fóisceacha, muilt, agus uain;

cialluíonn an focal “feoil” feoil a gheibhtear o bheithígh no o chaoire agus foluíonn gach cuid inithte de chonablaigh bheithíoch agus chaorach;

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire do réir an Achta so;

cialluíonn an abairt “seamlas cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlais;

cialluíonn an abairt “áitreabh biataíochta cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha biataíochta;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine go mbeidh a ainm iontrálta i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire do réir an Achta so mar dhílseánach áitreibh atá cláruithe sa chlár san;

foluíonn an abairt “táirgeadh ionmhargaidh” feoil a leasuítear agus a díoltar i mbaraille, i stán, i gcrúsca no i ngabhadán eile ach ní fholuíonn feoil úr ná feoil a leasuítear agus a díoltar ar shlí eile seachas i ngabhadán;

léireofar tagairtí do ghnó marbhtha ainmhithe de chineál áirithe no do chineálacha áirithe mar thagairtí fholuíonn duine do mharbhadh ainmhithe den chineál no de sna cineálacha áirithe sin chun a n-úsáidthe i ngnó no chun crícheanna gnótha bhíonn ar siúl ag an duine sin.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san maidir le méid no bailiú táillí no dleacht gan toiliú an Aire Airgid

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so no fé aon alt eile den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Deimhnithe ceapacháin chigirí.

5. —Ní foláir do gach cigire deimhniú do bheith aige sa bhfuirm orduithe go bhfuil sé ceaptha mar chigire den tsórt san agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an Acht so no fé, déanfaidh, má héilítear san air, an deimhniú san do thaisbeáint do dhuine ar bith le n-a mbaineann.

Costaisí.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

7. —(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha fén Acht so do bhailiú agus do thógaint i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí ar bith is iníoctha fén Acht so.

Ciontaí.

8. —(1) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

(2) Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar gur le toiliú no le haontú aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí no oifigigh eile don chólucht chorpruithe sin do rinneadh an cionta san no gur cuireadh in usacht é do dhéanamh tré aon fhaillí do rinne éinne acu san tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear an dlí do chur an agus é do phionósú dá réir sin.

CUID II.

Aitreabhacha do Chlaru.

Cláir d'áitreabhacha.

9. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár na cláir seo leanas do choimeád, sé sin le rá:—

(a) clár (dá ngairmtear an clár de sheamlais san Acht so) d'áitreabhacha ina mbíonn ar siúl mar ghnó beithígh do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann no caoire do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann no beithígh agus caoire do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann; agus

(b) clár (dá ngairmtear an clár d'áitreabhacha biataíochta san Acht so) d'áitreabhacha ina mbíonn ar siúl mar ghnó mairtfheoil, laoighfheoil, caoirfheoil, agus uainfheoil no aon fheoil acu san do dhíol.

(2) Iontrálfar sna cláir uile agus fé seach a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo na mion-innste seo leanas i dtaobh gach áitreibh a bheidh cláruithe sna cláir sin fé seach, sé sin le rá:—

(a) ainm agus sloinne agus tuairisc dílseánaigh an áitreibh sin, agus

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an áitreibh sin d'aithint maraon le teoranta agus achar an áitreibh.

(3) Aitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlais ní bheidh sé ionchláruithe sa chlár d'áitreabhacha biataíochta, agus áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha biataíochta ní bheidh sé ionchláruithe sa chlár de sheamlais.

Toirmeasc ar ghnó nea-chláruithe.

10. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith marbhadh beithíoch chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann ná marbhadh caorach chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann ná marbhadh beithíoch agus caorach chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann do bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áitreabh no áit seachas seamlas cláruithe.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith díol mairtfheola, laoighfheola, caoirfheola agus uainfheola ná díol feola ar bith acu san do bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áitreabh no áit seachas áitreabh biataíochta cláruithe.

(3) Gach duine go mbeidh gnó ar bith ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Iarrataisí ar áitreabhacha do chlárú.

11. —(1) Gach iarratas ar áitreabh do chlárú i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so isé dílseánach an áitreibh sin a dhéanfaidh é agus is i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe dhéanfaidh é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(2) Ar gach iarratas fén alt so ar áitreabh do chlárú íocfar leis an Aire, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, táille de dheich scillinge agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas san.

(3) Ní chláróidh an tAire aon áitreabh i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so maran deimhin leis ná go dtí gur deimhin leis an t-áitreabh san do bheith do réir na rialachán agus na bhfo-dhlithe uile (más aon cheann é) a bheidh déanta ag an údarás sláintíochta áitiúil agus a bhaineann leis an gcás.

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

12. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád ag an Aire no ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip a thugann le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú thugann le tuisgint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta sa chlár a luaidhtear sa deimhniú san, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoidhte ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) cóip d'fháil, a bheidh deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo do bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so ar tháille reulach d'íoc ar gach folio fé leith de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(b) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe gan bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so ar tháille dhá scilling agus sé pingne d'íoc ar gach deimhniú fé leith.

Clárú d'atharú agus do chur ar ceal.

13. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar ceal ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm agus so tslí orduithe o dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no, i gcás pearsan, o n-a ionadaí pearsanta no, i gcás cóluchta chorpruithe, o leachtálaí dílseánaigh chláruithe an áitreibh sin.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, in éamais aon iarratais den tsórt san roimhráite, clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so d'atharú i bponc ar bith ina bhfeicfear do an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, in éamais aon iarratais den tsórt san roimhráite, clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so do chur ar ceal más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc, pe'ca calaoiseach di no nárbh eadh, do tugadh chun críche an t-áitreabh san do chlárú, no

(b) an gnó gur ina thaobh a bhí an t-áitreabh san cláruithe, ná fuil sé ar siúl a thuilleadh san áitreabh san, no

(c) má ba phearsa dílseánach cláruithe an áitreibh sin, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht corpruithe é, gur scuireadh é agus, i gceachtar cás, ná dearnadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scurtha san, éinne eile do chlárú mar dhílseánach ar an áitreabh san in ionad an dílseánaigh chláruithe do fuair bás no do scuireadh amhlaidh, no

(d) go ndearna dílseánach cláruithe an áitreibh sin cionta fé alt ar bith den Acht so.

(4) Sara ndéanfaidh an tAire clárú áitreibh ar bith fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar ceal (ar shlí eile seachas do réir iarratais chuige sin ar n-a dhéanamh fén alt so), bhéarfaidh do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá leachtálaí (pe'ca aca é) fógra mí ar a laighead i scríbhinn i dtaobh é bheith ar aigne an clárú san do chur ar ceal no d'atharú amhlaidh agus breithneoidh cúis ar bith a phléidhfidh an dílseánach cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an leachtálaí sin (pe'ca aca é) no aon cheadúnaí cláruithe den tsórt san leis laistigh de sheachtain tar éis an fhógra san do sheirbheáil agus cuirfidh fé ndeár, má hiarrtar san air, fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.

(5) Fógra i dtaobh an Aire do bheith ar aigne clárú áitreibh fén gCuid seo den Acht so do chur ar ceal no d'atharú féadfar é do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(6) Má dheineann an tAire clárú áitreibh ar bith do chur ar ceal fén alt so féadfaidh an tAire tráth ar bith ina dhiaidh sin diúltú, fé réir forálacha an Achta so, don áitreabh san do chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so.

Aitreabhacha chláruithe d'iniúchadh.

14. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh cláruithe no in aon áitreabh gur hiarradh é chlárú fén gCuid seo den Acht so agus an t-áitreabh san agus an gléasra, an fearas, agus an feisteas ann agus fós na beithígh, na caoire, an mhairtfheoil, an laoighfheoil, an chaoirfheoil, agus an uainfheoil uile san áitreabh san d'iniúchadh agus breithniú ar gach próiseas no aon phróiseas a bheidh in úsáid sa ghnó bheidh ar siúl san áitreabh san.

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe uatha;

(b) na daoine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna bhéarfar na tuairisceáin sin;

(d) na fuirmeacha ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é.

Dílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe do choimeád breacachán.

16. —(1) Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe no cuirfidh fé ndeár na breacacháin orduithe do choimeád san áitreabh san sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus fós déanfaidh no cuirfidh fé ndeár na hiontrála orduithe do dhéanamh i ngach breacachán den tsórt san ag na tráthanna orduithe no laistigh den aimsir orduithe.

(2) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir le pé breacachán is gá dho do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár a choimeád, go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil is gá dho do réir an ailt seo do dhéanamh sa bhreacachán san, go dteipfidh air í dhéanamh no a chur fé ndeár í dhéanamh sa bhreacachán san laistigh den aimsir orduithe; no

(c) maidir le haon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint, go dteipfidh air é thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun críche an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an dílseánach cláruithe breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh chláruithe ar éinne bhí ar fostú ag an dílseánach cláruithe; agus

(c) más duine bheidh ar fostú ag an dílseánach cláruithe a dhiúltóidh no ar a dteipfidh, agus san san áitreabh chláruithe, breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é tuigfear gurb é an dílseánach cláruithe do dhiúltuigh amhlaidh no gur air do theip amhlaidh; agus

(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige” aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna a bhíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áitreabh chláruithe.

Lánas na gclár agus nithe eile d'fhoillsiú.

17. —(1) Gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire é fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis agus fós fógra á rá gur cuireadh ar ceal no gur hatharuíodh an clárú in aon chlár den tsórt san.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun críche cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so), i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl in áitreabhacha bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, do bhailiú agus d'fhoillsiú.

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní beidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mion-innste sin gan cead i scríbhinn d'fháil ón duine sin no o dhílseánach an ghnótha no an chúraim sin.

Comhachta chun iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh.

18. —(1) Udaruítear agus bheirtear comhacht leis seo do gach ball den Ghárda Síochána agus do gach cigire don Aire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach agus saorchead isteach do bheith aige gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbíonn feoil, no ina gcreidtear feoil do bheith, á díol no ar coimeád no ar taisbeáint no ar stóras chun í do dhíol, no in áitreabh éinne ag á mbíonn ar siúl mar ghnó earraí d'iompar ar luach saothair, no in aon bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(b) scrúdú do dhéanamh ar an bhfeoil go léir a gheobhfar in aon áitreabh no feithicil go mbeidh cead aige dul isteach ann de bhuadh an ailt seo agus, chuige sin, aon phacáid d'oscailt a gheobhfar san áit sin agus go mbeidh feoil ann no go gcreidfear feoil do bheith ann;

(c) pé ceisteanna is dóich leis an mball no leis an gcigire sin is ceart, i dtaobh aon fheola gheobhfar le linn aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so d'fheidhmiú, do chur chun duine ar bith ag á mbeidh coimeád no seilbh na feola san agus ainm agus seoladh an duine sin d'éileamh agus do thógaint agus fós ainm agus seoladh únaera na feola san d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

(2) Le linn na gcomhacht a bronntar air leis an alt so do bheith á bhfeidhmiú aige in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis déanfaidh gach ball den Ghárda Síochána agus gach cigire do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

(3) Gach éinne—

(a) a dhéanfaidh aon bhall den Ghárda Síochána no aon chigire do bhac no do chosc agus an ball no an cigire sin ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) go dteipfidh air no dhiúltóidh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon bhall no cigire den tsórt san chuige agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) do bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san freagra is col do a bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) go dteipfidh air no dhiúltóidh a ainm no a sheoladh féin no ainm no seoladh éinne eile do thabhairt uaidh nuair éileoidh aon bhall no cigire den tsórt san air é agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no do bhéarfaidh uaidh sa chás san ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach.

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas ar dhuine ar bith a dhéanfaidh ní ar bith ina láthair (tré ghníomh no tré fhaillí) a dearbhuítear leis an alt so do bheith ina chionta fén alt so.

CUID III.

Dleacht ar Bheitigh agus ar Chaoire Marbhofar i Seamlas Claruithe.

Dleacht ar bheithígh agus ar chaoire marbhófar i seamlas cláruithe.

19. —(1) Déanfaidh dílseánach cláruithe gach seamlais chláruithe, in aghaidh gach mí thosnóidh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus ina marbhófar aon bheithígh no caoire sa tseamlas san mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann, dleacht do réir an ráta orduithe d'íoc leis an Aire do réir an ailt seo ar gach beithíoch agus caora marbhófar amhlaidh i gcaitheamh an mhí sin sa tseamlas san.

(2) Gach mí i ndiaidh an chéad mhí thosnóidh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so cuirfidh dílseánach cláruithe gach seamlais chláruithe tríd an bpost chun an Aire sa tslí orduithe, i dtráth chun go sroichfe sé an tAire i ngnáth-chúrsa an phuist an seachtú lá den mhí sin ar a dhéanaí, tuairisceán sa bhfuirm orduithe á thaisbeáint cadé an méid beithíoch agus caorach do marbhuíodh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann sa tseamlas san an mí roimhe sin.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis an seachtú lá de gach mí déanfaidh an tAire, maidir le gach seamlas cláruithe inar marbhuíodh aon bheithígh no caoire mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann an mí roimhe sin (pe'ca bheidh an tuairisceán is gá do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so curtha isteach ag dílseánach cláruithe an tseamlais sin no ná beidh) deimhniú ag deimhniú méid an dleachta is iníochta fén alt so ag dílseánach cláruithe an tseamlais sin alos an tseamlais sin in aghaidh an mhí roimhe sin.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire deimhniú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cuirfidh fé ndeár cóip den deimhniú san do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe an tseamlais chláruithe le n-a mbaineann an deimhniú san agus leis sin tiocfaidh méid an dleachta luadhfar sa deimhniú san chun bheith, agus beidh sé, iníoctha ag an dílseánach cláruithe sin leis an Aire laistigh de sheacht lá tar éis an deimhnithe sin do sheirbheáil amhlaidh agus féadfaidh an tAire, i gcionn na seacht lá san, é do bhaint den dílseánach chláruithe sin mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

(5) Má thárlann d'aon dílseánach cláruithe seamlais chláruithe—

(a) go dteipfidh air tuairisceán do thabhairt uaidh is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt uaidh, no

(b) go dtabharfa sé uaidh aon tuairisceán den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no

(c) go dteipfidh air suim ar bith is iníoctha aige leis an Aire fén alt so d'íoc laistigh den aimsír a ceaptar leis an alt so,

féadfaidh an tAire clárú an áitreibh sin sa chlár de sheamlais chláruithe do chur ar ceal.

(6) Pe uair a dhéanfaidh an tAire clárú aon tseamlais chláruithe do chur ar ceal mar gheall ar neamh-íoc suime ar bith is iníoctha ag dílseánach cláruithe an áitreibh sin fén alt so déanfaidh an tAire, má íocann an dílseánach san an tsuim sin laistigh de ráithe tar éis dáta an churtha-ar-ceal san, an t-áitreabh san do chur thar n-ais sa chlár de sheamlais chláruithe go n-éifeacht ar dháta agus o dháta na suime sin d'íoc amhlaidh.

(7) Féadfar cóip de dheimhniú déanfar fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh do dhílseánach chláruithe an tseamlais chláruithe le n-a mbaineann no tré n-a cur tríd an bpost agus í dírithe chun an dílseánaigh chláruithe sin ag an scamlas cláruithe sin.

(8) Gach dílseánach cláruithe go dteipfidh air aon tuairisceán do thabhairt uaidh laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so, is gur gá dho do réir an ailt seo é thabhairt uaidh, no do bhéarfaidh uaidh tuairisceán a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(9) Gach suim a híocfar leis an Aire no bhainfidh an tAire amach fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

CUID IV.

Srian le Marbhadh Beithioch agus Caorach.

Mínithe i gCuid IV.

20. —Sa Chuid seo den Acht so—

foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no patrún no aon chónascadh d'fhocail, de leitreacha, d'fhigiúirí agus de phatrúin no d'aon chuid acu;

cialluíonn an focal “marcáil” marc do chur no do ghreamú i slí ar bith, go díreach no go nea-dhíreach;

cialluíonn an focal “beithígh mharcálta” beithígh do marcáladh fén gCuid seo den Acht so i slí orduithe le marc orduithe;

cialluíonn an abairt “beithígh nea-marcálta” beithígh nách beithígh mharcálta;

léireofar tagairtí don mharc ar bheithígh mar thagairtí do mharc orduithe do cuireadh no do greamuíodh i slí orduithe ar na beithígh sin fén gCuid seo den Acht so.

Beithígh do mharcáil chun a marbhtha.

21. —(1) Féadfaidh cigire (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar chigire den tsórt san má héilítear san air) dul isteach aon tráth réasúnta ar aon talamh no in aon áitreabh ar a mbeidh no ina mbeidh beithígh á gcoimeád no go mbeidh amhrus réasúnta aige beithígh do bheith á gcoimeád air no ann agus féadfaidh na beithígh uile gheobha sé ar an talamh san no san áitreabh san do scrúdú.

(2) Pé uair a gheobhaidh cigire, agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ar aon talamh no in aon áitreabh beithígh ar bith is dóich leis do bheith oiriúnach chun a marbhtha mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann féadfaidh an cigire sin gach beithíoch no aon bheithíoch acu san do thoghadh chun a mharbhtha mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann agus féadfaidh a chinneadh, maidir le gach beithíoch fé leith a thoghfaidh amhlaidh, cadé an dáta is túisce ar a bhféadfar é do mharbhadh amhlaidh agus déanfaidh an cigire na beithígh uile thoghfaidh amhlaidh do mharcáil sa tslí orduithe agus leis an marc oiriúnach orduithe.

(3) Gach marc a hordófar chun crícheanna an ailt seo beidh sé de chineál a chuirfidh in úil go soiléir, agus gan ach bhreithniú air, cadé an dáta meastar a chur in úil leis an marc san.

(4) Gach duine dhéanfaidh no cheadóidh, gan údarás dleathach, marc a bheidh curtha no greamuithe ar aon bheithígh fén alt so d'atharú no d'agha-lot no chuirfidh no ghreamóidh, gan údarás dleathach, ar bheithígh ar bith marc a bheidh díreach mar an marc a bheidh orduithe fén gCuid seo den Acht so no bheidh chó cosúil sin le haon mharc den tsórt san gur dócha go gcuirfeadh sé daoine amugha beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Srian le marbhadh beithíoch.

22. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith—

(a) aon bheithígh nea-marcálta do mharbhadh chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann, ná

(b) aon bheithígh mharcálta do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann tráth ar bith roimh an dáta go gcuirtear in úil leis an marc ar na beithígh sin gurb é an dáta é is túisce ar a bhféadfar na beithígh sin do mharbhadh.

(2) Gach duine mharbhóidh aon bheithígh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí fé leith go ndearnadh an cionta ina thaobh.

A chinneadh cadé an méid beithíoch a bheidh le marbhadh.

23. —Féadfaidh an tAire a chinneadh, o am go ham fé mar is gá sa chás, cadé an méid beithíoch bheidh ag teastáil chun a marbhtha mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann i gcaitheamh aon tréimhse áirithe agus cad iad na prínseabail gur dá réir toghfar beithígh chun a marbhtha amhlaidh agus ar a socrófar an dáta is túisce ar a marbhófar aon ainmhí áirithe amhlaidh,

Comhacht chun Coda IV do chur i mbaint le caoire.

24. —(1) Le toiliú an Aire Airgid féadfaidh an tAire tráth ar bith, do réir mar is rogha leis, a dhearbhú le hordú go mbainfidh an Chuid seo ar fad no aon pháirteanna no páirt den Chuid seo den Acht so, o dháta áirithe nách túisce ná dáta an orduithe sin, le caoire fé mar a bhaineann le beithígh, ach san i dteanta agus fé réir pé atharuithe (más aon cheann é) a luadhfar san Ordú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so á dhearbhú go mbainfidh an Chuid seo den Acht so no aon pháirteanna no páirt áirithe dhi le caoire bainfidh an Chuid seo den Acht so no na páirteanna no an pháirt sin di (pe'ca aca é) le caoire do réir an Orduithe sin.

CUID V.

Foralacha i dTaobh Beithioch agus Caorach do Mharbhadh agus do Dhiol Chun a Marbhtha.

Srian le praghas beithíoch agus caorach.

25. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a shocrú cadé an praghas minimum ar a bhféadfaidh dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe beithígh do cheannach, agus fós chun praghsanna minimum deifriúla den tsórt san do shocrú do ghrádanna deifriúla beithíoch agus do líomatáistí no do cheanntracha deifriúla;

(b) chun a shocrú cadé an praghas minimum ar a bhféadfaidh dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe caoire do cheannach, agus fós chun praghsanna minimum deifriúla den tsórt san do shocrú do ghrádanna deifriúla caorach agus do líomatáistí no do cheanntracha deifriúla;

(c) chun a shocrú cadé an tslí, pe'ca do réir meáchana no as láimh no ar shlí eile é, ar a mbeidh praghas beithíoch le háireamh nuair a bheidh aon bheithígh á ndíol chun a marbhtha no aon chó-aontú no connradh á dhéanamh chun beithíoch do dhíol chun a marbhtha, agus fós chun slite deifriúla den tsórt san do shocrú do ghrádanna deifriúla beithíoch agus do líomatáistí no do cheanntracha deifriúla;

(d) chun a shocrú cadé an tslí, pe'ca do réir meáchana no as láimh no ar shlí eile é, ar a mbeidh praghas caorach le háireamh nuair a bheidh aon chaoire á ndíol chun a marbhtha no aon chó-aontú no connradh á dhéanamh chun caoire do dhíol chun a marbhtha, agus fós chun slite deifriúla den tsórt san do shocrú do ghrádanna deifriúla caorach agus do líomatáistí no do cheanntracha deifriúla.

(2) Gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe cheannóidh aon bheithígh no caoire ar phraghas is lugha ná an praghas minimum (más ann do) a bhainfidh leis an díol san de bhuadh rialachán a déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí fé leith go ndearnadh an cionta san ina thaobh.

(3) Gach duine dhíolfaidh no cheannóidh aon bheithígh no caoire no dhéanfaidh có-aontú no connradh chun aon bheithígh no caoire do dhíol no do cheannach ar phraghas a háirmheofar ar shlí seachas an tslí (más ann di) a bhainfidh leis an díol san de bhuadh rialachán a déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí fé leith go ndearnadh an cionta san ina thaobh.

(4) Pé uair a dhéanfaidh dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe aon bheithígh no caoire do cheannach ar phraghas is lugha ná an praghas minimum (más ann do) a bhainfidh leis an gceannach san de bhuadh rialachán a déanfar fén alt so beidh an deifríocht idir an praghas san ar ar ceannuíodh amhlaidh na beithígh no na caoire sin (pe'ca aca é) agus an praghas minimum san ina fiacha bheidh dlite ar an dílseánach cláruithe sin ag an duine o n-ar cheannuigh sé na beithígh no na caoire sin amhlaidh agus féadfaidh an duine sin no a ionadaí pearsanta í do bhaint den dílseánach chláruithe sin dá réir sin ach ní bunófar aon imeachta chun aon fhiacha den tsórt san do bhaint amach tar éis bliana o am an cheannaigh go mbeidh na fiacha san iníoctha ina thaobh.

(5) Nuair a bheidh praghas minimum á shocrú ag an Aire fén alt so féachfa sé do chostas táirgthe na n-ainmhithe le n-a mbaineann an praghas san.

Teoranta maidir le ham meáchainte,

26. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a shocrú cadé an aimsir mhinimum tar éis bídh gur laistigh di féadfar beithígh do mheáchaint chun na mbeithíoch san do dhíol chun a marbhtha agus fós chun aimseara minimum deifriúla den tsórt san do shocrú amhlaidh do ghrádanna deifriúla beithíoch agus do líomatáistí no do cheanntracha deifriúla;

(b) chun a shocrú cadé an aimsir mhinimum tar éis bídh gur laistigh di féadfar caoire do mheáchaint chun na gcaorach san do dhíol chun a marbhtha agus fós chun aimseara minimum deifriúla den tsórt san do shocrú amhlaidh do ghrádanna deifriúla caorach agus do líomatáistí no do cheanntracha deifriúla.

(2) Pé uair a meádhfar aon bheithígh no caoire, chun na mbeithíoch no na gcaorach san do dhíol chun a marbhtha, laistigh de thréimhse tar éis bídh is lugha ná an aimsir mhinimum (más ann di) a socrófar chuige sin le rialacháin a déanfar fén alt so agus a bhaineann leis an díol san beidh díoltóir na mbeithíoch no na gcaorach san (pe'ca aca é) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí fé leith go ndéanfar an cionta san ina thaobh.

Srianadh maidir le háit mharbhtha beithíoch, etc.

27. —(1) Ní bheidh sé dleathach aon bheithígh ná caoire do mharbhadh, chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann, in áitreabh ná in áit ar bith seachas seamlas cláruithe.

(2) Gach duine mharbhóidh aon bheithígh no caoire contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí go ndéanfar an cionta san ina thaobh.

(3) Má cúisítear duine i gcionta fén alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú go raibh an t-ainmhí, gur ina thaobh adeirtear do rinneadh an cionta, i bpéin de dheascaibh díobhála no galair agus gur chuige do marbhuíodh é chun ná cuirfí ar an ainmhí sin an pionós gan gá do cuirfí air dá mbeirtí é go dtí seamlas cláruithe chun a mharbhtha.

Tuilreadh srianta maidir le marbhadh beithíoch, etc.

28. —(1) Gach dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe bhéarfaidh chun críche aon bheithígh no caoire do mharbhadh in áitreabh no in áit ar bith seachas seamlas cláruithe beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(2) Gach dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe cheannóidh conablach no aon chuid de chonablach beithígh no caorach ar bith do marbhuíodh in áitreabh no in áit ar bith seachas seamlas cláruithe beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus nárbh fhéidir do go réasúnta a fhios do bheith aige gur in áit no in áitreabh den tsórt san do marbhuíodh na beithígh no na caoire sin (pe'ca aca é).

(3) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé cheachtar fo-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

CUID VI.

Comhachta Chun Srian do Chur le hEasportail Beithioch agus Caorach.

Orduithe toirmeasctha easportála.

29. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis is ceart, a ordú gan beithígh no gan beithígh d'aon ghrád no cineál áirithe d'easportáil.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis is ceart, a ordú gan caoire no gan caoire d'aon ghrád no cineál áirithe d'easportáil.

(3) San Acht so gairmtear orduithe toirmeasctha easportála d'orduithe déanfar fé cheachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so.

(4) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú toirmeasctha easportála do leasú no do cheiliúradh.

Srian le heasportáil beithíoch agus caorach.

30. —(1) Pé uair a bheidh ordú toirmeasctha easportála i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon ainmhí le n-a mbaineann an t-ordú san d'easportáil ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin do tugadh amach fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach duine dhéanfaidh no bhéarfaidh fé aon ainmhí d'easportáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air in aghaidh gach ainmhí go ndéanfar an cionta san ina thaobh.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so fé is dá mbeidís sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san mar a leasuítear no a leathnuítear le hachtacháin ina dhiaidh sin é.

Cionta dhéanfaidh iompróirí.

31. —(1) Gach duine iompróidh ar luach saothair, de thír no de mhuir, aon ainmhí bheidh á easportáil no beifear ar aigne a easportáil contrárdha d'ordú toirmeasctha easportála beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so más le linn no chun an ainmhí sin d'easportáil a déanfar an t-iompar san mara gcruthuighidh ná raibh a fhios aige agus nárbh fhéidir do go réasúnta a fhois do bheith aige an t-ainmhí sin do bheith á easportáil contrárdha don ordú san.

(2) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air másé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é.

Ceadúnaisí easportála.

32. —(1) Pé uair a bheidh ordú toirmeasctha easportála i bhfeidhm féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas easportála san Acht so) do thabhairt amach sa bhfuirm orduithe do dhuine ar bith chun na n-ainmhithe luadhfar sa cheadúnas san, agus le n-a mbaineann an t-ordú toirmeasctha easportála san, d'easportáil agus féadfaidh pé coinníollacha agus teoranta (ar a n-áirmhítear coinníollacha i dtaobh an chúrsa ar a mbeidh na hainmhithe sin le heasportáil) is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san do chur ag gabháil leis an gceadúnas san.

(2) Is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar gach iarratas chun an Aire ar cheadúnas easportála do thabhairt amach.

(3) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas easportála a údarú don té a hainmneofar ann na hainmhithe luadhfar sa cheadúnas san d'easportáil fé sna coinníollacha agus do réir na dteoranta luadhfar sa cheadúnas san agus in ainneoin an orduithe toirmeasctha easportála bhaineann leis an gcás.

CUID VII.

Srian le Tairgthe Beithioch agus Caorach do Dheanamh.

Srian le táirgthe beithíoch agus caorach do dhéanamh.

33. —(1) Ní bheidh ar siúl mar ghnó ag duine ar bith, ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin a deonfar do fén gCuid seo den Acht so, feoil a bheidh leasuithe agus a beifear ar aigne a dhíol i mbaraille, i stán, i gcrúsca, no i ngabhadán eile d'ullamhú chun a díolta mar bhia do dhaoine, ná aon tsugh, úscradh no ullmhóid eile (pe'ca fliuchán no solad é), a gheibhtear ar fad no nách mór ar fad as feoil, do dhéanamh no d'ullamhú chun a dhíolta mar bhia do dhaoine, ná an dá ghnó san le chéile.

(2) Gach duine go mbeidh gnó ar bith ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar fiche púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le gnó ar bith a bheidh ar siúl ag an Aire fén Acht so, pe'ca go díreach é no tré ghníomhaire, tré chonnarthóir no tré dhuine eile den tsórt san.

Ceadúnaisí déantóireachta.

34. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas sa bhfuirm agus sa tslí orduithe o dhuine ar bith, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóireachta san Acht so) do dheonadh don duine sin chun gnótha áirithe do bheith ar siúl aige go dtoirmeasctar leis an gCuid seo den Acht so é bheith ar siúl gan an ceadúnas san.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha do chur ag gabháil le ceadúnas déantóireachta is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san.

(3) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas déantóireachta a údarú don té dá ndeontar é an gnó luaidhtear sa cheadúnas san do bheith ar siúl aige fé théarmaí agus do réir téarmaí an cheadúnais sin.

(4) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas déantóireachta do cheiliúradh más deimhin leis gur sháruigh sealbhóir an cheadúnais sin aon choinníoll dá raibh ag gabháil leis an gceadúnas san no go ndearna sealbhóir an cheadúnais sin cionta fé alt ar bith den Acht so.

(5) Sara gceiliúrfaidh an tAire ceadúnas déantóireachta fén alt so bhéarfaidh do shealbhóir an cheadúnais sin fógra mí ar a laighead i scríbhinn i dtaobh é bheith ar aigne an ceadúnas san do cheiliúradh amhlaidh agus breithneoidh aon chúiseanna phléidhfidh an sealbhóir sin leis fé cheann seachtaine tar éis an fhógra san do sheirbheáil agus cuirfidh fé ndeár, má hiarrtar san air, fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.

(6) Fógra i dtaobh an Aire do bheith ar aigne ceadúnas déantóireachta do cheiliúradh fén alt so féadfar é sheirbheáil tré n-a sheachadadh do shealbhóir an cheadúnais sin no tré n-a chur tríd an bpost chun an tsealbhóra san san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

Gan an tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932 , do bhaint le gnó áirithe.

35. —An tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) , mar a leasuítear no a leathnuítear le haon achtachán ina dhiadh sin é ní bhainfidh le haon ghnó bheidh ar siúl fé cheadúnas déantóireachta agus dá réir.

CUID VIII.

Comhachta don Aire Chun Gnothai do Bheith ar Siul Aige agus Chun Airgid do Thabhairt ar Iasacht D'Fhonn Gnothai D'Fhorbairt.

Comhacht don Aire chun cromadh ar ghnóthaí áirithe.

36. —(1) Beidh sé dleathach don Aire, le toiliú an Aire Airgid, cromadh ar gach gnó no aon ghnó acu so leanas agus gach gnó no aon ghnó acu do bheith ar siúl aige, sé sin le rá:—

(a) beithígh agus caoire do cheannach, do choimeád, agus do mharbhadh;

(b) beithígh agus caoire do dhíol laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann;

(c) conablaigh, scartach, agus coda eile, pe'ca inithte no neamh-inithte dhóibh, de bheithígh agus de chaoire do dhíol laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann;

(d) conablaigh, scartach, agus coda eile, pe'ca inithte no neamh-inithte dhóibh, de bheithígh agus de chaoire do chur fé oibriú, d'ullamhú agus do chur in oiriúint chun a ndíolta (pe'ca ina bhfuirm bhunaidh no i bhfuirm éigin eile é no chun iad do chur fé n-a thuilleadh oibrithe no déantóireachta);

(e) aon táirgeadh ion-mhargaidh do dhéanamh no d'ullamhú, mar bhia do dhaoine no chun críche ar bith eile, as conablaigh, as scartach, agus as coda eile, pe'ca inithte no neamh-inithte dhóibh, de bheithígh agus de chaoire;

(f) táirgthe gach oibrithe no aon oibrithe dá luaidhtear sa dá mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do dhíol laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann;

(g) gnó ar bith a ghabhann no bhaineann le haon ghnó dá luaidhtear in aon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so.

(2) Chun cromadh ar aon ghnó dá n-údaruítear leis an alt so no chun é bheith ar siúl aige féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gléasra, meaisínteacht, úirlisí, agus fearas eile do cheannach, do chothabháil, d'úsáid, agus do dhíol;

(b) abhair bheathadh agus stóraisí ionchaithte eile do cheannach agus d'úsáid;

(c) bainisteoirí, congantóirí, lucht oibre, agus daoine eile do ghlacadh ar fostú agus do bheith ar fostú aige, agus iad do bhriseadh;

(d) connartha do dhéanamh;

(e) gach gníomh agus gach ní eile do dhéanamh is gá chun aon ghnótha den tsórt san do choinneáil ar siúl no bhaineann le n-a choinneáil ar siúl.

(3) Ní bhainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le daoine ghlacfaidh an tAire ar fostú agus a bheidh ar fostú aige fé mhír (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Einní a húdaruítear don Aire leis an alt so do dhéanamh beidh sé dleathach do é dhéanamh, fé mar is dóich leis is ceart i ngach cás fé leith, tré n-a oifigigh féin agus tré dhaoine eile i Stát-Sheirbhís Shaorstáit Éireann, no tré dhaoine fhostóidh sé chun na críche áirithe bheidh i gceist, no tré ghníomhairí, tré chonnarthóirí agus tré dhaoine eile den tsórt san, no go leathrannach i slí agus go leathrannach i slí no i slite eile acu san.

An tAire do thógaint tailimh chuige.

37. —(1) Chun éinní do dhéanamh go n-údaruítear do leis an gCuid seo den Acht so é do dhéanamh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith agus fós gach ceart slí, ceart uisce no éasáid eile a húsáidtear agus a sealbhuítear maidir leis, do thógaint chuige go héigeanta no tré chó-aontú.

(2) Chun tailimh do thógaint fén alt so ionchorprófar Achtanna na gClásanna Talmhan leis an gCuid seo den Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ní hionchorprófar leis an gCuid seo den Acht so na forálacha bhaineann le talamh ná teastuíonn do dhíol agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, agus

(b) nuair a bheidh an Chuid seo den Acht so agus na hAchtanna atá ionchorpruithe leis á léiriú tuigfear gurb é an Chuid seo den Acht so an tAcht speisialta agus gurb é an tAire bunuitheoir an ghnótha, agus

(c) an banna is gá do réir ailt 85 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, is fé shéala an Aire a bheidh sé agus is leor é gan na hurraí luaidhtear san alt san do chur leis.

(3) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an phraghas no an cúiteamh a bheidh iníoctha ar thalamh do thógaint fén alt so agus na costaisí fé n-a raghaidh an tAire i dtaobh na tógainte sin.

(4) Ní déanfar talamh a bheidh fé bhlianacht thalamh-cheannaigh no is abhar do chó-aontú talamh-cheannaigh no bheidh dílsithe no á dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann do thógaint fén alt so gan toiliú Choimisiún Talmhan na hÉireann.

(5) Ní thabharfaidh éinní san alt so comhacht don Aire aon talamh do thógaint go héigeanta is talamh ar seilbh ag údarás áitiúil no ag aon chólucht corpruithe chun crícheanna gnótha bhóthair iarainn, thrambhealaigh, dhuga, chanáile, uisce, gheasa, no leictreachais no gnótha phuiblí eile.

An tAire do dhíol tailimh agus gnótha.

38. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, aon talamh a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so, agus fós dea-thoil agus stoc trádála agus sócmhainní eile aon ghnótha bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so, do dhíol, do chur ar léas, no ar cíos no do chur de láimh ar shlí eile ar pé praghas agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is dóich leis is ceart leis an toiliú adubhradh.

(2) Aon airgead do gheobhaidh an tAire fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Cuntaisí agus iniúchadh gnóthaí bheidh ar siúl ag an Aire.

39. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar, maidir le gach gnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so, gach cuntas is ceart agus is gnáth (i pé fuirm le n-a n-aontóidh an tAire Airgid) ar an airgead uile gheobhaidh no chaithfidh, agus le n-a n-áirmhítear cuntas caipitail, cuntas ioncuim, cuntas sochair agus dochair agus cuntas cothromuíochta.

(2) Déanfar cuntaisí an Aire maidir le gach gnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so do chur, i ndeireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta an ghnótha san, chun an Ard-Scrúdóra agus déanfa seisean na cuntaisí sin d'iniúchadh agus do dheimhniú agus tuarasgabháil do thabhairt ortha.

(3) Ar chríochnú iniúchadh fén alt so ar chuntaisí aon ghnótha bheidh ar siúl ag an Aire fén gCuid seo den Acht so cuirfidh an tAire fé ndeár cóip den chuntas chothromuíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheidh glactha ag an Ard-Scrúdóir leo agus fós cóip dá thuarasgabháil sin do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Fáltaisí agus caiteachas.

40. —(1) An t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire as aon ghnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar de dhruim aon ghnótha do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so.

Comhacht don Aire chun airgid do thabhairt ar iasacht chun crícheanna áirithe.

41. —(1) Beidh sé dleathach don Aire, le toiliú an Aire Airgid, aon tsuim no suimeanna airgid do thabhairt ar iasacht, as airgead a sholathróidh an tOireachtas—

(a) do dhuine ar bith go mbíonn aon ghnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl aige, chun an ghnótha san do leathnú no d'fhorbairt, pe'ca tré áitreabh breise d'fháil no tré ghléasra, meaisínteacht, no fearas nua no breise do chur isteach no in aon tslí eile é, no

(b) do dhuine ar bith, chun aon ghnótha bheidh ar siúl an tráth san agus le n-a mbaineann an t-alt so do cheannach agus chun an ghnótha san do leathnú no d'fhorbairt ina dhiaidh sin in aon tslí acu san adubhradh, no

(c) do dhuine ar bith, chun cuideachtan do thionnscnamh agus do bhunú go mbeidh ar cheann dá gcuspóirí gnó le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar siúl acu.

(2) An t-airgead uile do bhéarfaidh an tAire uaidh ar iasacht fén alt so bhéarfar ar iasacht é amhlaidh ar pé téarmaí agus coinníollacha maidir le ham agus modh a aisíoctha, ráta an úis, urrús, agus nithe eile is dóich leis an Aire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ceart i ngach cás fé leith.

(3) Le toiliú an Aire Airgid féadfaidh gach foráil no aon fhoráil acu so leanas bheith ar na téarmaí ar a dtabharfaidh an tAire airgead uaidh ar iasacht fén alt so, sé sin le rá:—

(a) foráil chun an Aire do dhéanamh aisíoca, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an té dá dtabharfar an t-airgead san ar iasacht amhlaidh no leis an gcuideachtain gur chun a tionnscanta agus a bunuithe do bhéarfar an t-airgead san ar iasacht amhlaidh, i dtáillí reachtúla thiocfaidh chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin ag an duine no ag an gcuideachtain sin;

(b) foráil á cheangal ar an Aire no á chur ar a chumas an scair-chaipital uile, no aon chuid de, a bheidh tugtha amach ag cuideachtain gur chun a tionnscanta agus a bunuithe do bhéarfar an t-airgead san ar iasacht amhlaidh, do cheannach tráth ar bith no i gcásanna áirithe;

(c) foráil tré n-a gcó-aontóidh an tAire beithígh do sholáthar, in aisce no ar théarmaí áirithe, don té dá dtabharfar an t-airgead san ar iasacht amhlaidh no don chuideachtain gur chun a tionnscanta agus a bunuithe do bhéarfar an t-airgead san ar iasacht amhlaidh.

(4) An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire in aisíoc airgid do bhéarfaidh uaidh ar iasacht fén alt so no in aisíoc úis ar aon airgead den tsórt san no ar aon tslí eile maidir leis an airgead gan déanfaidh an tAire é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Pé uair a bheidh aon airgead tugtha uaidh ar iasacht ag an Aire fén alt so beidh sé dleathach don Aire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) le toiliú an Aire Airgid, atharú do dhéanamh i slí ar bith le có-aontú ar gach ceann no ar aon cheann de sna téarmaí agus na coinníollacha ar ar tugadh an t-airgead san ar iasacht amhlaidh;

(b) leis an toiliú adubhradh, maitheamh i bpáirt no go hiomlán do thabhairt san airgead san uile no in aon chuid de no in aon ús no íocaíocht eile is iníoctha ar an airgead san no maidir leis;

(c) pé nithe do dhéanamh (ar a n-áirmhítear imeachta dlí do bhunú) is dóich leis an Aire is ceart chun a chur fhiachaint go n-íocfaí no chun go mbainfí amach an t-airgead san uile no aon chuid de no aon ús no íocaíocht eile is iníoctha ar an airgead san no maidir leis no chun cólíonadh aon téarma no coinníll ar ar tugadh an t-airgead san ar iasacht amhlaidh d'fhoirfheidhmiú.

(6) Pé uair do bhéarfaidh an tAire airgead uaidh ar iasacht fén alt so cuirfidh fé ndeár, fé cheann mí tar éis na hiasachta san do thabhairt uaidh, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá gur tugadh an iasacht san agus ag luadh na mion-innste táchtacha uile bhaineann leis an iasacht san.

(7) Baineann an t-alt so le gnó ar bith ina ndeintear no ina n-ullamhuítear, mar bhia do dhaoine no chun críche ar bith eile, aon táirgeadh iomhargaidh as conablaigh, as scartach, no as coda eile, pe'ca inithte no neamh-inithte dhóibh, de bheithígh agus de chaoire no d'aon taobh acu.

Beithígh do gheobhfar fé scéim mharbhtha beithíoch do chur de láimh.

42. —Pé uair a thárlóidh fé scéim tré n-a mbeidh cúiteamh iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas alos beithíoch a marbhófar no bhéarfar suas chun a marbhtha do réir na scéime sin, go dtiocfaidh an tAire i seilbh beithíoch ar bith (pe'ca beo no marbh dóibh) beidh sé dleathach don Aire, le toiliú an Aire Airgid, na beithígh sin do chur de láimh i pé slí is dóich leis is ceart.

CUID IX.

Mairtfheoil do Roinnt ar Aicmi Airithe Daoine.

Mínithe i gCuid IX.

43. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “fáltaí” (fé réir forálacha an ailt seo) duine gheibheann congnamh díomhaointis, no neachtar aca fóirithin allamuich no congnamh teaghlaigh, no an congnamh díomhaointis sin maraon leis an bhfóirithin allamuich no leis an gcongnamh teaghlaigh sin;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “oifigeach um chongnamh dhíomhaointis” atá léi san Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “oifigeach conganta” oifigeach conganta do réir bhrí Orduithe na mBord Sláinte Contae (Congnamh), 1924.

(2) Le toiliú an Aire Airgid féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, a dhearbhú gur fáltaithe chun crícheanna na Coda so den Acht so aon aicme no saghas áirithe daoine bochta agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san déanfar, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm agus fé réir aon leasuithe ar an ordú san, an focal “fáltaí” do léiriú agus beidh éifeacht aige sa Chuid seo den Acht so mar fhocal fholuíonn an aicme no an saghas daoine go ndearbhuítear leis an ordú san gur fáltaithe iad.

(3) Lé toiliú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú ar bith do rinne sé roimhe sin fén alt so do leasú no do cheiliúradh.

Connartha chun mairtfheola do thabhairt in aisce.

44. —(1) Le toiliú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire connartha do dhéanamh le dílseánaigh chláruithe áitreabhacha biataíochta cláruithe tré n-a n-aontóidh an dílseánach cláruithe le n-a ndéanfar aon chonnradh áirithe den tsórt san amhlaidh oiread mairtfheola de shaghas agus de cháilíocht áirithe agus éileoidh fáltaithe go dleathach air fén Acht so do thabhairt in aisce d'fháltaithe gach seachtain do réir an Achta so ar n-a éileamh san dóibh air ach gan dul thar méid maximum áirithe sa tseachtain den fheoil sin agus tré n-a n-aontóidh an tAire praghas áirithe no praghas a háirmheofar do réir ráta áirithe d'íoc do réir an Achta so leis an dílseánach cláruithe sin ar an mairtfheoil go léir do bhéarfaidh an dílseánach cláruithe sin uaidh amhlaidh.

(2) Le toiliú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire aontú le héinne le n-a mbeidh connradh déanta aige fén alt so aon atharú do dhéanamh ar théarmaí an chonnartha san no leathnú do dhéanamh ar an gconnradh san no deire do chur leis.

(3) Gach connradh déanfar fén alt so féadfaidh pé téarmaí agus forálacha bheith ann a ghabhann no a bhaineann le príomhchuspóir an chonnartha san agus a mheasfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ceart.

Líomatáistí ina mbeidh sé éigeanta mairtfheoil do thabhairt amach.

45. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire maidir le haon líomatáiste áirithe go mbeadh sé ró-dheacair ar aon chúis áirithe connradh do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so i gcóir an líomatáiste sin le dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíoctha chláruithe chun mairtfheola do thabhairt in aisce d'fháltaithe féadfaidh an tAire, le hordú, le toiliú an Aire Airgid—

(a) a dhearbhú gur líomatáiste ceaptha chun crícheanna an Achta so an líomatáiste sin, agus

(b) a chur de cheangal ar dhílseanach chláruithe gach áitreibh bhiataíochta chláruithe sa líomatáiste sin oiread mairtfheola de shaghas agus de cháilíocht áirithe agus éileoidh fáltaí go dleathach air do thabhairt in aisce don fháltaí sin ar n-a éileamh san air amhlaidh don fháltaí sin do réir an Achta so, agus

(c) a shocrú cadé an méid maximum sa tseachtain den mhairtfeoil sin a bheidh ar gach dílseánach cláruithe den tsórt san do thabhairt amhlaidh d'fháltaithe, agus

(d) a shocrú cadé an praghas a bheidh le n'íoc ag an Aire le gach dílseánach cláruithe den tsórt san ar an mairtfheoil do bhéarfaidh an dílseánach cláruithe sin uaidh amhlaidh.

(2) Pé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so ansan beidh an líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san ina líomatáiste cheaptha chun crícheanna an Achta so faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus, faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm amhlaidh, beidh sé de cheangal ar dhílseánach chláruithe gach áitreibh bhiataíochta chláruithe sa líomatáiste sin mairtfheoil do thabhairt d'fháltaithe do réir an orduithe sin agus an Achta so.

(3) Nuair a bheidh an tAire á shocrú, in ordú dhéanfaidh fén alt so, cadiad na méideanna maximum seachtainiúla uile agus fé seach de mhairtfheoil a bheidh le tabhairt d'fháltaithe do réir an orduithe sin ag dílseánaigh chláruithe fé seach na n-áitreabhacha biataíochta cláruithe sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san féachfa sé do mhéid agus do shaghas an ghnótha bhiataíochta deintear i ngach áitreabh fé leith acu san d'fhonn na hoblagáidí forchuirtear leis an ordú san do dháiliú go cothrom ar na háitreabhacha biataíochta cláruithe sa líomatáiste sin.

(4) Le toiliú an Aire Airgid féadfaidh an tAire aon uair le hordú, aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do leasú no do cheiliúradh.

Cruthúnachtaí mairtfheola.

46. —(1) Déanfaidh an tAire socrú chun go dtabharfar amach d'fháltaithe cruthúnachtaí (dá ngairmtear cruthúnachtaí mairtfheola sa Chuid seo den Acht so) le n-a gcuirfear ar chumas fáltaithe soláthair mhairtfheola d'fháil fén gCuid seo den Acht so agus chuige sin féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, rialacháin do dhéanamh le hordú chun aon chríche no gach críche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) a shocrú go dtabharfar d'fháltaithe cruthúnachtaí mairtfheola do bhéarfaidh teideal do sna fáltaithe sin soláthar seachtainiúil de mhairtfheoil d'fháil fén gCuid seo den Acht so;

(b) fuirm na gcruthúnacht mairtfheola san agus na nithe bheidh ionta d'ordú (fé réir forálacha an ailt seo);

(c) a ordú (fé réir na bhforálacha adubhradh) cadé an méid mairtfheola sa tseachtain a bheidh gach fáltaí i dteideal a fháil amhlaidh;

(d) a chur in áirithe go bhfuighidh gach duine is fáltaí de thurus na huaire pé cruthúnacht mhairtfheola gach seachtain a bheidh sé i dteideal a fháil do réir chúrsaí a cháis agus ná tabharfar amach aon chruthúnacht mhairtfheola do dhuine nách fáltaí;

(e) socrú do dhéanamh i dtaobh pé nithe eile is gá no is oiriúnach chun a chur in áirithe go ndéanfar cruthúnachtaí mairtfheola do roinnt go cuibhe.

(2) Féadfar le rialacháin a déanfar fén alt so, má deintear iad le có-aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a chur de dhualgas ar oifigigh fóirthne agus ar oifigigh conganta cruthúnachtaí mairtfheola do thabhairt d'fháltaithe gheibheann fóirithin allamuich no congnamh teaghlaigh.

(3) Luadhfar i ngach cruthúnacht mhairtfheola—

(a) an tseachtain ina bhféadfar mairtfheoil d'fháil ar an gcruthúnacht san, agus

(b) an connarthóir no an dílseánach cláruithe o n-a bhféadfar agus an áit ina bhféadfar mairtfheoil d'fháil amhlaidh, agus

(c) an méid mairtfheola féadfar a fháil amhlaidh.

(4) Le rialacháin a déanfar fén alt so déanfar socrú chun an méid mairtfheola sa tseachtain do gheobhaidh fáltaí do cheapadh maille le féachaint go cuibhe do líon agus d'aois a chleithiúnaithe agus, i gcás fáltaí gheibheann congnamh díomhaointis, don méid laetheanta bheidh an duine sin díomhaoin an tseachtain a bheidh i gceist agus 'na n-íocfar congnamh díomhaointis leis ina haghaidh.

Mairtfheoil d'fháil ar chruthúnachtaí mairtfheola.

47. —(1) Gach duine dá dtabharfar amach cruthúnacht mhairtfheola fén gCuid seo den Acht so beidh sé, ar é féin no a bhean no leanbh no cleithiúnaí eile leis do thíolacadh na cruthúnachta mairtfheola san i rith na tréimhse agus san áitreabh a bheidh ainmnithe inti nuair a bheidh an t-áitreabh san ar oscailt chun gnótha do dhéanamh, i dteideal an méid mairtfheola luadhfar sa chruthúnacht mhairtfheola san d'fháil mar mhalairt ar an gcruthúnacht san.

(2) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so d'fháltaí d'éileamh mairtfheola do léiriú mar thagairtí do chruthúnacht mhairtfheola do thíolacadh go cuibhe do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.

Tuairisceáin o chonnarthóirí agus connarthóirí d'íoc.

48. —(1) Gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe bhiataíochta go mbeidh connradh leis, do rinne an tAire fén gCuid seo den Acht so, i bhfeidhm de thurus na huaire déanfaidh tuairisceán sa bhfuirm orduithe agus in aghaidh na tréimhse orduithe do chur chun an Aire na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe á thaisbeáint cadé an méid mairtfheola do thug an dílseánach cláruithe sin uaidh i rith na tréimhse sin do réir an chonnartha san agus ag tabhairt na mion-innste orduithe i dtaobh na mairtfheola san.

(2) Gach tuairisceán do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo beidh na cruthúnachtaí mairtfheola san go léir ceangailte dhe no ina theanta do fuair an dílseánach cláruithe sin alos na mairtfheola le n-a mbaineann an tuairisceán san.

(3) Fé cheann mí tar éis an Aire d'fháil aon tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo íocfaidh an tAire leis an dílseánach cláruithe sin an praghas is iníoctha, fén gconnradh bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do rinneadh fén gCuid seo den Acht so idir an tAire agus an dílseánach cláruithe sin, ar an mairtfheoil le n-a mbaineann an tuairisceán san agus 'na mbeidh cruthúnachtaí mairtfheola ina haghaidh ceangailte den tuairisceán san no ina theanta.

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe i líomatáistí ceaptha.

49. —(1) Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe i líomatáiste ceaptha tuairisceán sa bhfuirm orduithe agus in aghaidh na tréimhse ceaptha do chur chun an Aire na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe á thaisbeáint cadé an méid mairtfheola do thug an dílseánach cláruithe sin i rith na tréimhse sin d'fháltaithe do réir na Coda so den Acht so agus ag tabhairt na mion-innste orduithe i dtaobh na mairtfheola san.

(2) Gach tuairisceán do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo beidh na cruthúnachtaí mairtfheola san go léir ceangailte dhe no ina theanta do fuair an dílseánach cláruithe sin alos na mairtfheola le n-a mbaineann an tuairisceán san.

(3) Fé cheann mí tar éis an Aire d'fháil aon tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo íocfaidh an tAire leis an dílseánach cláruithe sin an praghas is iníoctha, fén ordú ón Aire bhaineann leis an gcás, ar an mairtfheoil le n-a mbaineann an t-ordú san agus 'na mbeidh cruthúnachtaí in a haghaidh ceangailte den tuairisceán san no ina theanta.

Toirmeasc ar dheighleáil i gcruthúnachtaí mairtfheola.

50. —(1) Gach duine dhéanfaidh no thairgfidh cruthúnacht mhairtfheola, no aon mhairtfheoil do gheobhfar mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, do dhíol, do cheannach, do mhalairtiú, no do chur no do ghlacadh i ngeall beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná mí.

(2) Gach aistriú no aistriú de dheallramh a déanfar ar chruthúnacht mhairtfheola tré í do dhíol no do mhalairtiú no do chur fé gheall beidh sé gan brí gan éifeacht.

(3) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le cruthúnacht mhairtfheola do thíolacadh go cuibhe chun soláthair mhairtfheola d'fháil fén gCuid seo den Acht so ná le mairtfheoil do thabhairt ná do ghlacadh mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola fén gCuid seo den Acht so agus dá réir.

Toirmeasc ar chruthúnachtaí mairtfheola dúbalta.

51. —(1) Ní bheidh aon fháltaí i dteideal níos mó ná aon chruthúnacht mhairtfheola amháin d'iarraidh ná d'fháil in aghaidh aon tseachtaine áirithe agus go sonnrách ní bheidh aon fháltaí gheibheann congnamh díomhaointis maraon le fóirithin allamuich no congnamh teaghlaigh i dteideal níos mó ná cruthúnacht mhairtfheola amháin d'iarraidh ná d'fháil in aghaidh aon tseachtaine áirithe.

(2) Gach fáltaí iarrfaidh no gheobhaidh cruthúnacht mhairtfheola contrárdha don alt so beidh sé ciontach í gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná ceithre lá déag.

Cruthúnacht mhairtfheola d'iarraidh no d'fháil go neadhleathach.

52. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith nách fáltaí de thurus na huaire cruthúnacht mhairtfheola d'iarraidh ná d'fháil.

(2) Gach duine iarrfaidh no gheobhaidh, no iarrfaidh agus a gheobhaidh, cruthúnacht mhairtfheola contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná ceithre lá déag.

Ciontaí dhéanfaidh dílseánaigh chláruithe.

53. —Gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe—

(a) go dteipfidh air no dhiúltóidh aon mhairtfheoil éileoidh fáltaí go dleathach air no a héileofar go dleathach air thar ceann an fhaltaí sin do thabhairt don fháltaí sin, no

(b) éileoidh no ghlacfaidh aon airgead no comaoine luachmhar eile (seachas an praghas is iníoctha ag an Aire fén gCuid seo den Acht so) ar mhairtfheoil no maidir le mairtfheoil éileoidh fáltaí go dleathach air do thabhairt don fháltaí sin, no

(c) a chuirfidh in aon tuairisceán do bhéarfaidh uaidh do réir na Coda so den Acht so éinní is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é.

Gearáin do scrúdú.

54. —(1) Chun go bhféadfar an Chuid seo den Acht so d'oibriú go réidh agus go héifeachtúil beidh teideal ag aon chigire, oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, oifigeach fóirthne, oifigeach conganta, no ball den Ghárda Síochána fiosrú no scrúdú do dhéanamh i dtaobh aon ghearáin a dhéanfaidh fáltaí no dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe maidir le héinní thiocfaidh anuas fén gCuid seo den Acht so agus fós fiosrú agus scrúdú do dhéanamh i dtaobh éinní thiocfaidh anuas le linn na Coda so den Acht so do bheith á feidhmiú agus 'na bhfuighidh an cigire no an t-oifigeach no an ball san eolas air agus go bhfeicfear do gur gá fiosrú do dhéanamh ina thaobh.

(2) Pé uair a gheobhaidh aon chigire no aon oifigeach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so no aon bhall den Ghárda Síochána, ar é do dhéanamh scrúduithe no fiosruithe fén bhfo-alt san, aon mhí-úsáid no mí-rialtacht no éinní eile i dtaobh feidhmithe na Coda so den Acht so do chífear do is gá do leigheas beidh sé de dhualgas ar an gcigire, ar an oifigeach no ar an mball san (pe'ca aca é) pé tuarasgabháil do thabhairt uaidh do chífear do is ceart sa chás.