4 1935


Uimhir 4 de 1935.


ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS DO BHAINISTÍ IASCAIGH ABHANN NA SIONAINNE AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUIGE SIN CHUN AN BHUIRD SIN D'ÍOC CÚITIMH ALOS AN IASCAIGH SIN AGUS CHUN AN BHUIRD SIN DO THÓGAINT AN IASCAIGH SIN NO CHUN AN IASCAIGH SIN D'AISTRIÚ CHUCHA, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS AN mBAINISTÍ SIN NO LEIS AN IASCACH SAN. [19adh Feabhra, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “iascach na Sionainne” gach iascach agus ceart iascaireachta atá de thurus na huaire dílsithe sa Bhord in uiscí no ar uiscí abhann na Sionainne no aon choda dhi;

cialluíonn an abairt “uiscí Abhann na Sionainne” Abha na Sionainne ón mbun-tsruth go dtí líne shamhalta do tarraigeofaí ón Stáisiún Ordanáis Triantánachta i Rinn Chill Chonghalaigh i mbaile fearainn Chill Chonghalaigh Thuaidh, i bParóiste Chill Chonghalaigh, i mbarúntacht Oireacht Uí Chonchubhair, agus i gContae Chiarraighe, go Rinn Chill Chríodáin i bParóiste Mhágh Fhearta, agus i gContae an Chláir, agus gach abha agus sruth a théigheann isteach in Abhainn na Sionainne lastuas den líne shamhalta san, agus gach loch, linn, agus canáil atá ar Abhainn na Sionainne no i gceangal léi lastuas den líne shamhalta san no ar aon tsuainmheachán, abha no sruth den tsórt san no i gceangal leis an gcéanna;

cialluíonn an abairt “uiscí iascaigh na Sionainne” na huiscí uile ina bhfuil iascach no ceart iascaireachta is cuid d'iascach na Sionainne de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “oibreacha hídro-leictreacha na Sionainne” na hoibreacha do rinne no dhéanfaidh an tAire no an Bord (roimh an Acht so do rith no dá éis) fé údarás reachtúil in Abhainn na Sionainne no uirthi no ina comharsanacht chun no i dtaobh leictreachais do tháirgeadh agus do gheiniúint le comhacht hídrálach.

Costaisí an Aire.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire ag feidhmiú an Achta so dho.

CUID II.

Cuiteamh i nDiobhail d'Iascach.

Cúiteamh i ndíobháil d'iascach.

4. —(1) Gach duine dar thárla caillteanas no damáiste (roimh an Acht so do rith no dá éis) de dheascaibh díobhála d'iasach no do cheart iascaireachta do bhí ar únaeracht no ar seilbh aige no dílsithe ann agus suidhte in uiscí no in aon chuid d'uiscí na Sionainne no infheidhmithe ortha beidh sé i dteideal an Bhúird d'íoc cúitimh leis, ar n-a mheas fén Acht so agus dá réir, sa chaillteanas no sa damáiste sin, másé agus amháin másé oibriú oibreacha hídro-leictreacha na Sionainne ba thrúig leis an díobháil sin, pe'ca tré oibriú ghenerálta na n-oibreacha san é no tré aon cheann áirithe de mhodhanna no de chúrsaí oibrithe na n-oibreacha san no tré aon fhaillí áirithe le linn a n-oibrithe.

(2) Gach iarratas ar chúiteamh fén alt so déanfar é i scríbhinn chun an Bhúird agus i gcás díobhála adeirtear do thárla no do thosnuigh roimh an Acht so do rith déanfar é fé cheann bliana tar éis an Achta so do rith agus i ngach cás eile déanfar é fé cheann trí mblian tar éis an dáta ar a ndeirtear do thárla no do thosnuigh an díobháil.

(3) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén alt so i ndíobháil d'iascach no do cheart iascaireachta thógfaidh an Bord chúcha fén Acht so ná i ndíobháil ná déanfar cúiteamh inti d'iarraidh go cuibhe fén alt so agus dá réir agus fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so.

(4) Ní luighfidh aon aicsean ná ní tuigfear aon aicsean do luighe riamh i gcoinnibh duine ar bith agus ní bheidh ná ní tuigfear go raibh riamh aon chúiteamh fé Acht 1925 iníoctha maidir le haon chaillteanas no damáiste no díobháil ina mbeidh cúiteamh iníoctha fén alt so no go ndearbhuítear go soiléir leis an alt so gan cúiteamh do bheith iníoctha ann fén alt so.

Comhacht chun ceannach do dhéanamh in ionad cúiteamh d'íoc.

5. —(1) Pé uair a déanfar iarratas chun an Bhúird ar chúiteamh fén gCuid seo den Acht so i ndíobháil d'iascach no do cheart iascaireachta féadfaidh an Bord, aon uair roimh an gcúiteamh san do mheas, fógra i scríbhinn do thabhairt do neach déanta an iarratais sin agus do gach duine eile (más éinne é) go bhfeictear don Bhord leas do bheith aige san iascach no sa cheart iascaireachta san no in aon talamh, cead slí no ceart eile den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo á dhearbhú go bhfuil an Bord chun an iascaigh no an chirt iascaireachta san do thógaint chúcha maraon le haon talamh, cead slí, no ceart eile is dóich leis an mBord a ghabhann leis an iascach no leis an gceart iascaireachta san no is gá chun a úsáidthe.

(2) I ngach fógra do bhéarfaidh an Bord uatha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so luadhfar, chó hiomlán agus is féidir é do réir réasúin, an t-iascach no an ceart iascaireachta, an talamh, na ceada slí, agus na cearta eile le n-a mbaineann an fógra san.

(3) Pé uair a bheidh fógra tugtha uatha ag an mBord fé sna forálacha san roimhe seo den alt so beidh an Bord i dteideal, agus déanfaid, an t-iascach no an ceart iascaireachta agus aon talamh, cead slí no ceart eile bheidh luaidhte sa bhfógra san do cheannach agus déanfaidh gach únaer, léasaí agus duine eile go leas aige sa chéanna é do dhíol leis an mBord.

An tAire d'aistriú iascaigh.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon iascach no ceart iascaireachta, in uiscí Abhann na Sionainne no aon choda dhi, do thóg sé chuige (roimh an Acht so do rith no dá éis) fé Acht 1925 d'aistriú chun an Bhúird agus fós aon talamh, éasáid, cead slí, cead uisce, no ceart eile do thóg sé chuige amhlaidh agus a ghabhann le haon iascach no ceart iascaireachta den tsórt san a haistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé sa Bhord, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile adéarfaidh an t-ordú san do bheith á aistriú chun an Bhúird leis an ordú san.

Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí d'aistriú iascaigh.

7. —(1) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, le hordú fé n-a séala, ar pé téarmaí agus coinníollacha ar a gcó-aontóidh na Coimisinéirí sin agus an Bord le toiliú an Aire Airgid, estát agus leas uile na gCoimisinéirí sin in aon iascach no ceart iascaireachta in uiscí Abhann na Sionainne no aon choda dhi atá ar seilbh ag na Coimisinéirí sin le linn an Achta so do rith d'aistriú chun an Bhúird agus fós aon talamh, éasáid, cead slí, cead uisce no ceart eile atá ar seilbh ag na Coimisinéirí sin amhlaidh agus a ghabhann le haon iascach no ceart iascaireachta a haistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé sa Bhord, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile adéarfaidh an t-ordú san do bheith á aistriú chun an Bhúird leis an ordú san.

CUID III.

Iascach na Sionainne do Bhainisti.

Dualgaisí an Bhúird maidir le hiascach na Sionainne.

8. —I dteanta na prímh-fheidhme sin, eadhon, oibreacha hídroleictreacha na Sionainne do chothabháil, d'oibriú, agus d'fhorbairt fé Acht 1927 agus do réir Achta 1927, mar a leasuítear no a leathnuítear é le reachtúchán ina dhiaidh sin, agus fós fé réir na feidhme sin agus gan dochar di beidh sé de dhualgas ar an mBord agus déanfaid iascach na Sionainne do bhainistí, do stiúradh, agus do bhuanchoimeád fén Acht so agus dá réir.

Comhachta an Bhúird maidir le hiascach na Sionainne.

9. —(1) Beidh sé dleathach don Bhord gach ní agus gach eadarghnó do dhéanamh agus gach feidhm do chólíonadh is gá no is ceart chun na ndualgaisí cuirtear ar an mBord leis an gCuid seo den Acht so, maidir le hiascach na Sionainne, do chólíonadh go cuibhe no bhaineann no ghabhann leis an gcólíonadh san agus go sonnrách, agus gan dochar do gheneráltacht na gcomhacht san roimhe seo, beidh sé dleathach don Bhord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon iascach no ceart iascaireachta in uiscí Abhann na Sionainne no aon choda dhi no ortha do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú, agus fairis sin aon talamh, cead slí no ceart eile ghabhann leis an iascach no leis an gceart iascaireachta tógfar amhlaidh d'úsáid no is gá chun a úsáidthe;

(b) talamh (agus talamh fé uisce d'áireamh) agus fairis sin éasáidí, profits-à-prendre agus cearta eile ar thalamh no ar uisce no maidir le ceachtar acu do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú:

(c) aon chora, iadhtán, no droichead in uiscí no trasna uiscí iascaigh na Sionainne do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú;

(d) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaireachta no ceart eile ar aon talamh no uisce, no maidir leis an gcéanna, do mhúchadh no do theorannú no cur isteach air in aon tslí eile go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú;

(e) aon bhóthar no slí phríobháideach no aon chanáil no bealach no cúrsa uisce déanta eile do chasadh, do dhúnadh, no d'aistriú no cur isteach air in aon tslí eile go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú;

(f) iascach uile na Sionainne no aon chuid de do leithliú tré léas no do chur ar cíos tré cheadúnas, fé réir forálacha an ailt seo, chun pé daoine, ar feadh pé tréimhse, ar pé cíos, agus ar pé téarmaí agus coinníollacha mheasfaidh an Bord, fé réir na bhforálacha san roimhráite, do bheith ceart.

(2) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a údarú don Bhord—

(a) éinní do dhéanamh go héigeanta gan cúiteamh d'íoc ann, ná

(b) aon bhóthar no bealach puiblí no aon droichead ar a mbeidh bóthar puiblí do thógaint chúcha ná cur isteach air, ná

(c) aon mhaoin le cuideachtain bhóthair iarainn do thógaint chúcha ná cur isteach uirthi (ar shlí eile seachas tré chó-aontú), ná

(d) aon mhaoin leis an Stát do thógaint chúcha go héigeanta no ar shlí eile seachas do réir an dlí chuireann de thurus na huaire riail no srian ar mhaoin den tsórt san do chur de láimh, ná

(e) aon obair no déanmhas do dhéanamh no do thógáil ar thailte taoide atá laistíos de lán mhara gnáth-thaoidí no meán-taoidí gan toiliú an Aire no ar shlí eile seachas do réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin, ná

(f) iascach uile na Sionainne ná aon chuid de do leithliú tré léas ná do chur ar cíos tré cheadúnas ar feadh tréimhse ar bith is sia ná bliain no go gcumhnant no coinníoll ar bith no fé réir chumhnaint no coinníll ar bith chun ath-nuachainte gan aontú an Aire agus an Aire Airgid ná iascach le n-a mbaineann Airtiogal 11 den Bhunreacht do leithliú ná do chur ar cíos ar feadh tréimhse ar bith is sia ná naoi mbliana nóchad no go socrú chun athnuachainte.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord aon uair fén alt so iomlán iascaigh na Sionainne ná aon chuid de do leithliú tré léas ná do chur ar cíos tré cheadúnas ná có-aontú chun an chéanna do leithliú no do chur ar cíos amhlaidh mara bhfoillsighidh an Bord, lá is fiche ar a laighead roimh an leithliú no an cur-ar-cíos no an có-aontú san do dhéanamh, uair amháin ar a laighead i ngach páipéar de dhá pháipéar nuachta léightear i gcomhursanacht an iascaigh no na n-iascach is abhar don leithliú no don chur-ar-cíos no don chó-aontú san, fógra á rá go bhfuil sé d'intinn no de mhian ag an mBord an t-iascach no na hiascaigh sin do leithliú no do chur ar cíos agus ag lorg tairisgintí ag glacadh leis an leithliú no leis an gcur-ar-cíos san.

Ioncum an Bhúird as iascach na Sionainne do chur chun críche.

10. —An t-ioncum a gheobhaidh an Bord de bharr na ndualgaisí forchuirtear ar an mBord leis an gCuid seo den Acht so maidir le hiascach na Sionainne do chólíonadh cuirfear é chun na gcrícheanna so leanas san ord so leanas tar éis na gcostaisí uile do ghlanadh fé n-a ndeachaidh an Bord i gcólíonadh na ndualgas san agus is ionchurtha i gcoinnibh ioncuim le ceart, sé sin le rá:—

(a) chun an úis uile d'íoc a bheidh iníoctha an bhliain reatha leis an Aire Airgid no bheidh dlite in aghaidh aon bhliana roimhe sin don Aire Airgid ar roimh-íocanna do rinne an tAire sin leis an mBord fén Acht so chun crícheanna na Coda so den Acht so;

(b) chun pé suimeanna do chur i leataoibh a mheasfaidh an Bord, le haontú an Aire Airgid, do bheith ceart i gcóir cúl-chiste, leathnuithe, agus crícheanna eile dá sórt a bhaineann le cólíonadh na ndualgaisí sin;

(c) chun an airgid uile d'íoc a bheidh iníoctha an bhliain reatha leis an Aire Airgid no a bheidh dlite in aghaidh aon bhliana roimhe sin don Aire Airgid ar cuntas aisíoctha roimh-íocanna do rinne an tAire sin leis an mBord fén Acht so;

(d) chun leithreasa do dhéanamh chun aon críche eile mheasfaidh an Bord do bheith ceart.

Comhacht chun bradáin agus bric do dhíol gan ceadúnas.

11. —D'ainneoin éinní atá i gCuid III den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , beidh sé dleathach don Bhord bradáin agus bric do dhíol, do thaisbeáint chun a ndíolta, agus do choimeád chun a ndíolta gan iad do bheith ceadúnuithe chuige sin fén Acht san.

Baill ex-officio de bhúird choimeádaithe do cheapadh.

12. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, mar a leasuítear san le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), maidir le hiascach ar bith is cuid d'iascach na Sionainne de thurus na huaire agus ina ionad san achtuítear leis seo—

(a) másé agus faid isé an Bord is únaer, is léasaí no is sealbhaire ar iascach do bhí, an 1adh lá d'Eanar, 1931, ina iascach ar leithligh no ina iascach aon-chirt do réir bhrí an ailt sin 6 agus nár lugha ná caoga púnt a luacháil fé sna hAchtanna Luachála an lá san, beidh an Bord i dteideal duine d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio, maidir leis an iascach san, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh an t-iascach san, agus

(b) másé agus faid isé an Bord is únaer, is léasaí, no is sealbhaire ar roinnt iascach sa cheanntar chéanna do bhí, an 1adh lá d'Eanar, 1931, ina n-iascaigh ar leithligh no ina n-iascaigh aon-chirt do réir bhrí an ailt sin 6 agus do bhí ar an dáta san ar únaeracht no ar seilbh no ar gabháltas ag éinne amháin agus nár lugha ná caoga púnt le chéile na luachála do bhí ortha ar an dáta san fé sna hAchtanna Luachála beidh an Bord i dteideal duine d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio, maidir leis na hiascaigh sin, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh na hiascaigh sin.

(2) Má bhíonn an Bord i dteideal fén bhfo-alt deiridh sin den alt so dhá bhall ex-officio no níos mó de bhord choimeádaithe d'ainmniú féadfaidh an Bord, in ionad an dá bhall san no níos mó d'ainmniú, gan ach duine amháin d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio den bhord choimeádaithe sin agus i gcásanna den tsórt san beidh ag an duine amháin sin ag cruinnithe den bhord choimeádaithe sin líon de vótanna is có-ionann leis an líon de bhaill ex-officio den bhord choimeádaithe sin a bheidh an Bord i dteideal de thurus na huaire d'ainmniú fén bhfo-alt san roimhe seo agus féadfaidh iad d'fheidmiú ag na cruinnithe sin.

(3) Duine ainmneoidh an Bord fén alt so chun bheith ina bhall ex-officio de bhord choimeádaithe beidh aige mar bhall den tsórt san, fé réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar do, na cearta agus na príbhléidí uile bronntar le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar dhuine is ball ex-officio de bhord choimeádaithe fén alt san agus féadfaidh na cearta agus na príbhléidí sin uile d'fheidhmiú mar bhall den tsórt san.

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

13. —(1) Na suimeanna uile dheimhneoidh an tAire o am go ham do bheith ag teastáil go réasúnta agus go ceart ón mBord chun aon chríche thiocfaidh le linn dóibh bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so féadfaidh an tAire Airgid (fé réir forálacha an ailt seo) iad do roimh-íoc leis an mBord, amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord air déanamh amhlaidh.

(2) Chun crícheanna ailt 1 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934 (Uimh. 6 de 1934) , ach ní chun aon chríche eile, tuigfear i dtaobh gach roimh-íoca a déanfar leis an mBord fén alt so gur roimh-íoc é do rinneadh fé alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 ( Uimh. 32 de 1931 ), agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt san 1.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 12 d'Acht 1927 maidir le roimh-íocanna déanfar leis an mBord fén alt so fé is dá mba fén alt san 12 a déanfaí na roimh-íocanna san.

(4) Chun crícheanna alt 13, 14 agus 16 d'Acht 1927, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, tuigfear i dtaobh gach roimh-íoca déanfar leis an mBord fén alt so gur fén Acht san do rinneadh é agus beidh feidhm dá réir sin ag na hailt sin, mar a leasuítear amhlaidh iad, maidir leis na roimh-íocanna san.

(5) An t-airgead uile is iníoctha ag an mBord leis an Aire Airgid fén alt so no dá bhuadh is amach as an ioncum do gheobhaidh an Bord as cólíonadh a bhfeidhmeanna fé Acht 1927 a híocfar é sa mhéid go mbainfidh an t-airgead san le roimh-íocanna déanfar fén alt so chun crícheanna Coda II den Acht so agus is amach as an ioncum do gheobhaidh an Bord as cólíonadh na ndualgaisí, maidir le hiascach na Sionainne, a cuirtear ar an mBord leis an gCuid sin III a híocfar é sa mhéid go mbainfidh an t-airgead san le roimh-íocanna déanfar fén alt so chun crícheanna Coda III den Acht so.

Cúiteamh no praghas do mheas.

14. —(1) Cheal có-aontuithe isé slí ina gceapfar méid aon phraghais no cúitimh is iníoctha ag an mBord fén Acht so ná fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 agus dá réir, mar a hatharuítear é leis an Acht so, agus fós, i gcás cúitimh, fé is dá mba phraghas talmhan do tógfaí go héigeanta an cúiteamh san.

(2) Nuair a bheidh an praghas a bheidh le n-íoc ag an mBord ar mhaoin ar bith á mheas do réir an ailt seo ní tabharfar aon áird ar éinní do rinneadh no do thárla maidir leis an maoin sin an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1929, no dá éis agus do mhéaduigh no do laigheaduigh luach na maoine sin no do rinne aon deifir eile dho.

(3) Nuair a bheidh an praghas a bheidh le n-íoc ag an mBord ar iascach no ar cheart iascaireachta á mheas do réir an ailt seo agus a cuirfear ina luighe ar an eadrascánaí go ndearna únaer an iascaigh no an chirt iascaireachta san, no duine go dteideal aige chun coda den phraghas san de bhuadh estát no leas do bheith aige san iascach no sa cheart iascaireachta san, an t-iascach san d'oibriú no an ceart iascaireachta san d'fheidhmiú go pearsanta le stuaim agus saothar a lámh féin agus go raibh marthain no cuid mhaith de mharthain an únaera no an duine sin ag brath ar an mbrabús do thagadh as an oibriú no as an bhfeidhmiú san cuirfidh an t-eadrascánaí leis an bpraghas agus sa phraghas is iníoctha amhlaidh leis an únaer no neachtar acu leis an gcuid de agus sa chuid de is iníoctha amhlaidh leis an duine sin (pe'ca aca é), mar a measfar san fé fhorálacha an Achta so lasmuich den fho-alt so, pé suim do chífear don eadrascánaí is cúiteamh réasúnta ina shlí mhartha do chailliúint, i bpáirt no go hiomlán (pe'ca aca é), don únaer no don duine sin de dhruim an Bord do thógaint an iascaigh no an chirt iascaireachta san chúcha, ag féachaint d'aon chosúlacht a bheidh ann go bhféadfaidh an t-únaer no an duine sin, agus cúrsaí a cháis mar a bheid, feidhm do bhaint as stuaim agus saothar a lámh in obair thairbheach éigin eile.

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le haon chúiteamh is iníoctha ag an mBord fén Acht so agus maidir leis an bpraghas a bheidh le n-íoc ag an mBord ar mhaoin ar bith a cheannóidh an Bord fén Acht so agus maidir le leithliú na maoine sin chun an Bhúird, agus chun críche na feidhme sin tuigfear gurb é an Bord bunuitheoir an ghnótha.

Cúiteamh d'fhostaithe áirithe iascaigh.

15. —(1) Gach duine chuirfidh na nithe uile seo leanas ina luighe ar an mBord no ar an eadrascánaí pé uair a dhéanfaidh an Bord iascach no ceart iascaireachta do thógaint chúcha (go héigeanta no tré chó-aontú) fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) go raibh sé, go coitianta agus go reigleálta, ar feadh iomlán no furmhór mór gach saosúir de sna trí lántsaosúir oscailte iascaigh díreach roimh an tógaint sin, ar fostú ar phágh sheachtainiúil in oibriú an iascaigh sin no i bhfeidhmiú an chirt iascaireachta san no in obair do bhain le ceachtar acu, agus

(b) gur ag duine no ag roimh-shealbhadóir teidil duine atá i dteideal an praghas no cuid den phraghas d'fháil is iníoctha ag an mBord alos na tógainte sin do bhí sé ar fostú amhlaidh, agus

(c) faid do bhí sé ar fostú amhlaidh go raibh a mharthain no cuid mhaith di ag brath ar an bpágh do bhí á fháil aige as an bhfostaíocht san, agus

(d) nár bhain an fhostaíocht san aige ach le hoibriú an iascaigh sin no le feidhmiú an chirt iascaireachta san, agus

(e) ná bíodh sé ar gnáth-fhostú lasmuich den tsaosúr oscailte iascaigh ag an té ag á mbíodh sé ar fostú amhlaidh i gcaitheamh an tsaosúir oscailte iascaigh,

beidh sé (fé réir forálacha an ailt seo) i dteideal an Bord d'íoc cúitimh leis ina fhostaíocht do chailliúint do de dhruim an Bord do thógaint an iascaigh sin no an chirt iascaireachta san.

(2) Is mar leanas a háirmheofar an cúiteamh is iníoctha le haon duine áirithe fén alt so, sé sin le rá, in aghaidh gach lán-tsaosúir oscailte iascaigh go raibh an duine sin le n-a linn do réir na gcoinníollacha uile luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so gheobhaidh an duine sin suim is có-ionann le ceithre oiread an mheán-pháigh sheachtainiúla do gheibheadh an duine sin as an bhfostaíocht san i gcaitheamh an lán-tsaosúir oscailte iascaigh díreach sarar thóg an Bord chúcha an t-iascach no an ceart iascaireachta san ach gan an cúiteamh san do bheith níos mó in aon chás ná an meán-phágh seachtainiúil sin fé dhó is caoga.

(3) Ní bheidh duine i dteideal cúitimh ar bith fén alt so maidir leis an mBord do thógaint iascaigh no cirt iascaireachta chúcha má cuirtear ina luighe ar an eadrascánaí go mbeidh an duine sin, toisc an Bord dá gheallúint an duine sin do choimeád ar fostú no toisc éinní eile, gan aon chailliúint ná laigheadú fostaíochta do bhaint do de dhruim na tógainte sin.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhúird.

16. —An dualgas a cuirtear ar an mBord le halt 8 d'Acht 1927 maidir le hoifigigh agus seirbhísigh do cheapadh folóidh sé, agus áirmheófar mar chuid de, oifigigh agus seirbhísigh do cheapadh chun crícheanna an Achta so, crícheanna ar a n-áirmhítear an Bord do chólíonadh na ndualgas, maidir le hiascach na Sionainne, a cuirtear ar an mBord le Cuid III den Acht so agus bainfidh an t-alt san 8 le gach oifigeach agus seirbhíseach a ceapfar amhlaidh.

Oblagáid ar an mBord cuntaisí choimeád.

17. —(1) An oblagáid a cuirtear ar an mBord le halt 7 d'Acht 1927 maidir le cuntaisí do choimeád ar airgead a gheibheann no chaitheann an Bord beidh feidhm agus éifeacht aici maidir le hairgead a gheobhaidh no chaithfidh an Bord fén Acht so no gheobhaidh no chaithfidh an Bord i bhfeidhmiú na ndualgas a cuirtear ar an mBord fén gCuid seo den Acht so maidir le hiascach na Sionainne, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar cuntaisí ar leithligh do choimeád fén alt san 7 maidir leis an airgead go gcuirtear an t-alt san i mbaint leis tríd an alt so.

(2) Bainfidh forálacha uile ailt 7 d'Acht 1927 leis na cuntaisí choimeádfaidh an Bord fén alt san maidir le hairgead go gcuirtear an t-alt san i mbaint leis tríd an alt so.

Oblagáid ar an mBord tuarasgabhála agus staitistíocht do thabairt uatha.

18. —(1) Sa tuarasgabháil is gá don Bhord, do réir ailt 32 d'Acht 1927, do thabhairt uatha gach bliain cuirfear tuairisc ar imeachta an Bhúird fén Acht so i rith na bliana le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin agus ortha san áirmhítear imeachta an Bhúird i bhfeidhmiú na ndualgas, maidir le hiascach na Sionainne, a cuirtear ar an mBord le Cuid III den Acht so.

(2) An oblagáid a cuirtear ar an mBord le halt 32 d'Acht 1927 maidir le staitistíocht agus tuairisceáin do thabhairt uatha beidh feidhm agus éifeacht aici maidir le staitistíocht agus tuairisceáin ar imeachta an Bhúird fén Acht so.

An tsaorbhearna i gcoraí in uiscí iascach na Sionainne do dhúnadh.

19. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta aon uair, le hordú, más oiriúnach leis é a údarú don Bhord, d'fhonn eolas staitistíochta d'fháil agus d'fhonn taighde eolaíochta do dhéanamh, an tsaorbhearna in aon chora áirithe in uiscí iascach na Sionainne do dhúnadh pé tráthanna agus ar feadh pé tréimhsí agus i pé slí luadhfa sé san ordú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú fén alt so, a údarú don Bhord an tsaor-bhearna in aon chora áirithe in uiscí iascach na Sionainne do dhúnadh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, beidh sé dleathach don Bhord an tsaor-bhearna san do dhúnadh fén ordú san agus dá réir;

(b) ní bheidh feidhm ag alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, maidir le haon chosc a chuirfidh an Bord sa tsaor-bhearnain sin fén ordú san agus dá réir.

Uisce do dhul tríd an gcora ag Parteen Villa.

20. —Ní cheadóidh an Bord gan an tAire do thoiliú leis roimh ré, an t-uisce do dhul tríd an gcora ag Parteen Villa tráth ar bith do réir ráta níos lugha ná deich méadair chúbacha sa tseacund.

Ballraíocht an Bhúird Choimeádaithe do Cheanntar Iascaigh Luimnigh.

21. —Triúr ball agus ní níos mó ná san an méid ball den Bhord Coimeádaithe do Cheanntar Iascaigh Luimnigh a toghfar i ngach ceann de dhá thogh-roinn taoide an cheanntair sin ag an gcéad toghachán cinn trí mblian do bhaill den tsórt san a déanfar tar éis an Achta so do rith agus ag gach toghachán eile dá shórt ina dhiaidh sin agus beidh líon ball an Bhúird Choimeádaithe sin atharuithe dá réir sin o thosach téarma oifige na mball den Bhord Coimeádaithe sin a toghfar ag an gcéad toghachán cinn trí mblian san a déanfar tar éis an Achta so do rith.

An saosúr coiscthe seachtainiúil d'atharú.

22. —(1) Beidh éifeacht ag alt 20 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, maidir le huiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, fé is dá ndeintí na focail “the succeeding Tuesday morning” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal “the succeeding Monday morning” atá anois ann.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíoctha, le hordú, atharú do dhéanamh fé mar is dóich leis is ceart, maidir le huiscí taoide sin Abhann na Sionainne, ar an saosúr coiscthe seachtainiúil a ceaptar maidir leis na huiscí sin leis an alt san 20 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, mar a leasuítear san leis an alt so, ach ní dhéanfaidh le haon ordú den tsórt san an saosúr coiscthe seachtainiúil sin do mhéadú go dtí níos mó ná dhá uair sheachtód a' chluig ná do laigheadú go dtí níos lugha ná ocht n-uaire is dachad a' chluig.

Teora leis an líon de cheadúnaisí iascaireachta áirithe do bhéarfar amach.

23. —(1) Ní mó ná seachtó an méid ceadúnaisí chun iascaireachta le sruth-líonta in uiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, do bhéarfar amach fé sna hAchtanna san an chéad bhliain a thosnóidh an saosúr oscailte don iascaireacht san tar éis an Achta so do rith no aon bhliain ina dhiaidh sin agus ní mó ná cúig is fiche an méid ceadúnaisí chun iascaireachta le líon tarraice no saighne sna huiscí sin do bhéarfar amach fé sna hAchtanna san aon bhliain den tsórt san.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta rialacháin do dhéanamh, maidir le ceadúnaisí den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt amach, d'fhonn a chur in áirithe do dhaoine ag á raibh ceadúnaisí den tsórt san sa bhliain 1934 go mbeidh ceart tosaíochta acu chun ceadúnaisí den tsórt san do cheannach roimh thosach an tsaosúir oscailte chun iascaireachta fé sna ceadúnaisí sin aon bhliain a bheidh líon na gceadúnas san teoranta leis an Acht so.

Toirmeasc le sciob-líonta.

24. —Tar éis an Achta so do rith ní tabharfar aon cheadúnas amach fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, chun iascaireachta le sciob-líon in uiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna san.

Toirmeasc ar iasc do thógaint le líon.

25. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (seachas duine no comharbaí teidil duine do rinne, i gcaitheamh tréimhse de dhá mhí dhéag díreach roimh an Acht so do rith, ceart iascaireachta le líonta no le líon sna fíor-uiscí luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'fheidhmiú go dleathach) iasc (seachas eascoin) d'iascach no do ghabháil no do thógaint ná tabhairt fé san do dhéanamh le aon tsórt lín i bhfíor-uiscí Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925.

(2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe sin den alt so le bradóg d'úsáid mar chongnamh chun iascach dleathach do dhéanamh le slait is ruaim agus mar sin amháin ná le bradóg no líon eile d'úsáid chun éise do thógaint go dleathach as cora dhleathach iascaigh ná ní bheidh ceachtar den dá ní sin neadhleathach de dhruim an fho-ailt sin.

(3) Gach duine dhéanfaidh iasc d'iascach no do ghabháil no do thógaint no bhéarfaidh fé san do dhéanamh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, priosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá mhí agus ina theanta san geallbhruidfear, i ngach cás, gach líon, bád agus ionstruimint eile do húsáideadh i ndéanamh an chionta san.

(4) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ar agra an Bhúird no ar agra an bhúird choimeádaithe gur laistigh dá gceanntar do rinneadh an cionta.