18 1935


Uimhir 18 de 1935.


ACHT TITHE CÚIRTE (SOLÁTHAR AGUS COTHABHÁIL), 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN A CHUR IN ÁIRITHE GO nDÉANFAIDH COMHAIRLÍ CONTAE-BHUIRGÍ AGUS CONTAETHE (AR A n-ÁIRMHÍTEAR BUIRG DHÚN LAOGHAIRE) CÓIRÍOCHT TIGHE CHÚIRTE DO SHOLÁTHAR AGUS DO CHOTHABHÁIL GO CUIBHE INA LÍOMATÁISTÍ FEIDHMIÚCHÁIN FÉ SEACH AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [24adh Bealtaine, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

foluíonn an abairt “cóiríocht tighe chúirte” foirgintí, áitreabhacha agus oifigí maraon leis na daingneáin ionta agus an troscán (agus daingean-chófraí d'áireamh) is gá dhóibh do réir réasúin agus foluíonn freisin téigheamh agus soillsiú na bhfoirgintí, na n-áitreabh agus na n-oifigí sin agus iad-san agus na daingneáin agus an troscán san do ghlanadh, do dheisiú, agus do chothabháil, ach ní fholuíonn leabhair ná foillseacháin eile ná cló-scríbhneóirí, páipéarachas ná abhair eile scríbhneoireachta do chur ar fáil;

cialluíonn an focal “comhairle” comhairle chontae agus foluíonn comhairle chontae-bhuirge;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn.

Cosaint d'fhoirgint a húsáidtear chun crícheanna iomdha.

2. —I gcás gan ach páirt d'fhoirgint do sholáthar agus do chothabháil agus d'úsáid mar chóríocht tighe chúirte do réir bhrí an Achta so agus i gcás an chuid eile den fhoirgint do sholáthar, do chothabháil agus d'úsáid chun crícheanna eile ní bhainfidh éinní san Acht so leis an gcuid eile sin den fhoirgint sin.

E de dhualgas ar chomhairlí cóiríocht tighe chúirte do sholáthar.

3. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so déanfaidh gach comhairle pé cóiríocht tighe chúirte ordóidh an tAire go generálta no in aon chás áirithe do sholáthar agus í chothabháil i líomatáiste feidhmiúcháin na comhairle sin chun na gcrícheanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcóir suidheanna aon Chúirte Breithiúnais ag á mbíonn suidheanna sa líomatáiste feidhmiúcháin sin, le n-a n-áirmhítear seomraí cúluithe don Bhreitheamh a bheidh i gceannas na Cúirte sin agus seomraí cúluithe do lucht dlí, do líthigh agus d'fhínnithe bheidh ag freastal suidheanna aon Chúirte den tsórt san, agus

(b) chun an ghnótha bheidh ceaptha le dlí d'aon oifig no oifigeach d'aon Chúirt den tsórt san no deintear de ghnáth in aon oifig no ag aon oifigeach den tsórt san, do dhéanamh le linn na Cúirte sin do bheith ina suidhe agus gach tráth eile, pe'ca gnó Cúirte an gnó san no nách eadh, agus

(c) chun gnótha oifige an fho-shirriaim do dhéanamh má bhíonn agus faid a bheidh an oifig sin ann.

(2) Cóiríocht tighe chúirte do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á cothabháil ag comhairle chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur cóiríocht í do sholáthruigh an chomhairle sin do réir an Achta so agus bainfidh an tAcht so léi dá réir sin.

Coimeád agus rialú cóiríochta tighe chúirte.

4. —Fé réir orduithe generálta no áirithe an Aire beidh coimeád agus rialú cóiríochta tighe chúirte soláthrófar agus a bheidh á cothabháil fén Acht so dílsithe sa chléireach chúirte dúithche don cheanntar ina mbeidh an chóiríocht san más chun crícheanna Cúirte Dúithche agus nách chun crícheanna aon Chúirte eile bheidh an chóiríocht tighe chúirte sin á húsáid agus beidh an chóiríocht san dílsithe sa chlárathóir chontae don chontae ina mbeidh an chóiríocht san más chun crícheanna aon Chúirte seachas Cúirt Dúithche bheidh an chóiríocht san á húsáid (pe'ca bheidh sí á húsáid freisin chun crícheanna Cúirte Dúithche no ná beidh).

Airighigh do cheapadh.

5. —(1) Pé uair a bheidh coimeád aon chóiríochta tighe chúirte dílsithe fén Acht so i gclárathóir contae déanfaidh an chomhairle gur ina líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an chóiríocht tighe chúirte sin, chó minic agus is gá é, duine ceart oiriúnach do cheapadh agus é íoc chun bheith ina airigheach ar an gcóiríocht tighe chúirte sin agus ceapfaid amhlaidh freisin agus íocfaid pé méid daoine cearta oiriúnacha (más aon mhéid é) ordóidh an tAire (go generálta no in aon chás áirithe) chun bheith ina gcongantóirí don airigheach san.

(2) Pé uair a theipfidh ar Chomhairle ar feadh trí mhí aon cheapadh do dhéanamh is gá don chomhairle sin do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do dhéanamh féadfaidh an tAire an ceapadh san do dhéanamh agus i ngach cás den tsórt san íocfaidh an chomhairle sin go cuibhe leis an duine ceapfar amhlaidh pé luach saothair ordóidh an tAire.

(3) Pé uair a thárlóidh folúntas i bpost airighigh ar chóiríocht tighe chúirte ceapfar fé sna forálacha san roimhe seo den alt so no i bpost congantóra d'aon airigheach den tsórt san féadfaidh an clárathóir contae ag á mbeidh coimeád na cóiríochta tighe chúirte sin duine do cheapadh chun an phuist sin do líonadh go sealadach go dtí go líonfar an post san go cuibhe fé sna forálacha san roimhe seo agus i ngach cás den tsórt san déanfaidh an chomhairle gur ina líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an chóiríocht tighe chúirte sin pé luach saothair ordóidh an tAire d'íoc go cuibhe leis an duine ceapfar amhlaidh.

(4) Gach airigheach agus gach congantóir d'airigheach ar chóiríocht tighe chúirte ceapfar fén alt so, féadfaidh an chomhairle ag á mbeidh a luach saothair iníoctha no aon Bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, no den Chúirt Chuarda bheidh i gceannas suidhe bheidh ag aon chúirt den tsórt san sa chóiríocht tighe Chúirte sin no an tAire, é bhriseadh aon uair as a phost mar airigheach no congantóir den tsórt san.

(5) Ní bhainfidh an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) , ná Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , le héinne ceapfar ná le haon cheapadh déanfar fén alt so.

(6) I gcás duine do bheith, le linn an Achta so do rith, i seilbh phuist mar airigheach no mar chongantóir don airigheach ar aon chóiríocht tighe chúirte go mbeidh a coimeád dílsithe fén Acht so i gclárathóir contae agus é choinneáil sa phost san tar éis an Achta so do rith tuigfear gur fén alt so do ceapadh an duine sin chun an phuist sin.

Tigh cúirte do dheisiú mara ndeinidh an chomhairle amhlaidh.

6. —(1) Pé uair a theipfidh ar chomhairle no fhailleoid treo ceart agus staid cheart do choimeád ar aon chóiríocht tighe chúirte is gá don Chomhairle sin do réir an Achta so do chothabháil beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so déanfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, a ordú do sna Coimisinéirí pé deisiúchán agus pé obair eile do dhéanamh is gá no is ceart chun treo ceart agus staid cheart do chur ar an gcóiríocht tighe chúirte sin agus leis sin déanfaidh na Coimisinéirí pé deisiúchán agus obair eile ordóidh an tAire;

(b) maran mó ná deich bpúint an méid a measfar a chosnóidh an deisiúchán no an obair eile sin féadfaidh an tAire a údarú don chlárathóir chontae no don chléireach chúirte dúithche ag á mbeidh coimeád na cóiríochta tighe chúirte sin a chur fé ndeár an deisiúchán no an obair eile sin do dhéanamh sa chomharsanacht.

(2) Pé uair a theipfidh ar chomhairle no fhailleoid leorsholáthar do chur ar fáil de ghual, de gheas, de leictreachas, no de shubstaint no rud eile theastóidh chun aon chóiríochta tighe chúirte bheidh soláthruithe agus á cothabháil ag an gcomhairle sin fén Acht so do shoillsiú agus do théigheamh go cuibhe agus go ceart féadfaidh an clárathóir contae no an cléireach cúirte dúithche ag á mbeidh coimeád na cóiríochta tighe chúirte sin, le toiliú an Aire, a chur fé ndeár go gcuirfear ar fáil pé méid (nách mó a chostas ná deich bpúint) den tsubstaint no den rud san a mheasfa sé, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart.

(3) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí deisiúchán no obair eile fén alt so no a dhéanfaidh clárathóir no cléireach cúirte dúithche fén alt so a chur fé ndeár deisiúchán no obair eile do dhéanamh no a chur fé ndeár aon tsubstaint no rud do chur ar fáil beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh na Coimisinéirí no an clárathóir contae no an cléireach cúirte dúithche sin (do réir mar a bheidh) ag déanamh an deisiúcháin no na hoibre eile sin no á chur fé ndeár é dhéanamh no á chur fé ndeár an tsubstaint no an rud san do chur ar fáil (pe'ca aea é) beidh na Coimisinéirí no an clárathóir contae no an cléireach cúirte dúithche sin (do réir mar a bheidh) i dteideal iad do bhaint mar fhiacha síbhialta, in aon Chúirt dlighinse inniúla, den chomhairle ar a mbeidh sé de dhualgas fén Acht so an chóiríocht tighe chúirte sin do chothabháil ar a ndearnadh an deisiúchán no an obair eile sin no gur ina cóir do cuireadh an tsubstaint no an rud san ar fáil;

(b) féadfaidh an tAire Airgid méid aon chostaisí no caiteachaisí fé n-a ndeachaidh na Coimisinéirí ag déanamh an deisiúcháin no na hoibre eile sin do bhaint as aon deontas no airgead eile fé n-a urláimh is iníoctha leis an gcomhairle sin mara mbeidh agus sa mhéid ná beidh an méid sin bainte amach ag na Coimisinéirí ar shlí eile agus pe'ca bheidh imeachta chun é bhaint amach bunuithe ag na Coimisinéirí no ná beidh;

(c) deimhniú i scríbhinn ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid aon chostaisí no caiteachaisí den tsórt a luaidhtear sa chéad mhír den fho-alt so beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar mhéid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin chun críche aon imeachta chun na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin do bhaint amach fén mír sin.

(4) Na suimeanna uile as-bhainfidh an tAire Airgid fén alt so agus an t-airgead uile bhainfidh na Coimisinéirí no clárathóir contae no cléireach cúirte dúithche amach fén alt so déanfaidh an tAire Airgid no déanfar ar pé slí ordóidh an tAire sin (pe'ca aca é) iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste.

(5) Ní dhéanfaidh ná ní údaróidh éinní san alt so aon oblagáid no dualgas do chur ar na Coimisinéirí leanúint no maidir le leanúint de bheith ag cothabháil aon chóiríochta tighe chúirte no de bheith ag soláthar aon tsolais no teasa inti.

Cathair agus Contae Bhaile Atha Cliath.

7. —(1) Na hoblagáidí bheidh ar Ard-Mhéara Ró-Onórach, ar Sheanóirí agus ar Bhuirgéisigh Bhaile Atha Cliath cóiríocht tighe chúirte do sholáthar agus do chothabháil fén Acht so ní raghaid thar pé cóiríocht tighe chúirte do sholáthar agus do chothabháil do réir an Achta so i Sráid na Faithche i gCathair Bhaile Atha Cliath a ordóidh an tAire le haghaidh no i dtaobh suidheanna na Príomh-Chúirte Coiriúla agus na Cúirte Cuarda i mBaile Atha Cliath.

(2) Airmheofar mar chuid den chóiríocht tighe chúirte bheidh le soláthar agus le cothabháil ag Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath pé cóiríocht tighe chúirte ordóidh an tAire do sholáthar agus do chothabháil i gCill Maighneann i gCathair Bhaile Atha Cliath le haghaidh no i dtaobh suidheanna den Chúirt Chuarda agus den Chúirt Dúithche, agus chun crícheanna an Achta so tuigfear an chóiríocht tighe chúirte sin do bheith i gContae Bhaile Atha Cliath.

(3) Chun crícheanna an Achta so ní háirmheofar buirg Dhún Laoghaire mar chuid do Chontae Bhaile Atha Cliath agus bainfidh an tAcht so leis an mbuirg sin agus beidh éifeacht aige inti fé is gur chontae an bhuirg sin agus gurbh iad Bárdas Dhún Laoghaire comhairle na contae sin, ach san gus an atharú so agus fé réir an atharuithe seo, eadhon, faid a leanfaidh an tigh cúirte atá in úsáid sa bhuirg sin le linn an Achta so do rith de bheith á úsáid, le toiliú an Aire, mar thigh cúirte is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an cíos uile is iníoctha alos an tighe chúirte sin.

(4) Ní dhéanfaidh éinní san alt so dochar ná deifir do fhreagarthacht Chomhairle Chontae Bhaile Atha Cliath no Bhárdais Dhún Laoghaire maidir le cion d'íoc, fé aon alt eile den Acht so, de chostaisí aon chomhairle eile maidir le cóiríocth tighe chúirte do sholáthar agus do chothabháil.

Comhachta breitheamh maidir le hairighigh agus le n-a gcongantóirí.

8. —(1) Féadfaidh aon Bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, no den Chúirt Chuarda aon uair a chur de cheangal agus d'fhiachaibh ar airigheach no ar aon chongantóir d'airigheach aon chóiríochta tighe chúirte bheidh soláthruithe agus á cothabháil fén Acht so, agus ina mbeidh an Breitheamh san de thurus na huaire ag coinneáil suidhe den Chúirt Bhreithiúnais, teacht ina láthair agus féadfaidh an t-airigheach no an congantóir sin do scrúdú i dtaobh a dhualgaisí mar airigheach no mar chongantóir den tsórt san (pe'ca aca é) agus i dtaobh cólíonadh na ndualgaisí sin aige agus féadfaidh, más deimhin leis gur theip ar an airigheach no ar an gcongantóir sin na dualgaisí sin aige do chólíonadh go héifeachtúil no iad do chólíonadh in aon chor, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint agus a bheidh iníoctha leis an gclárathóir contae ag á mbeidh coimeád agus rialú na cóiríochta tighe chúirte sin do ghearradh ar an airigheach no ar an gcongantóir sin.

(2) Pé uair a ghearrfaidh Breitheamh fíneáil ar éinne fén alt so féadfaidh an Breitheamh san a ordú go ndéanfar, gan dochar d'aon mhodh eile chun a bainte amach, an fhíneáil sin do bhaint ina tráth-chuid no ina tráth-choda as an luach saothair is iníoctha leis an duine sin alos a oifige mar airigheach na mar chongantóir d'airigheach cóiríochta tighe chúirte agus pé uair do bhéarfaidh Breitheamh aon ordú den tsórt san uaidh beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle ag á mbeidh an luach saothair sin iníoctha an fhíneáil sin do bhaint as dá réir sin agus méid na has-bhainte sin d'íoc leis an gclárathóir contae le n-a mbeidh an fhíneáil sin iníoctha.

(3) Gach fíneáil a gearrfar ar éinne fén alt so féadfaidh an clárathóir contae le n-a mbeidh an fhíneáil sin iníoctha í bhaint amach mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

Cóiríocht tighe chúirte do chur ar cíos.

9. —(1) Beidh sé dleathach don chlárathóir chontae no don chléireach chúirte dúithche, ag á mbeidh coimeád agus rialú aon chóiríochta tighe chúirte do soláthruíodh fén Acht so, úsáid na cóiríochta tighe chúirte sin uile no úsáid aon choda dhi do chur ar cíos, pé uair is dóich leis is ceart, chun duine ar bith agus chun críche ar bith ar feadh aon tréimhse no tréimhsí ar pé táille agus ar pé coinníollacha is dóich leis an gclárathóir contae no leis an gcléireach cúirte dúithche sin is ceart ach—

(a) an cur-ar-cíos san do dhéanamh tré cheadúnas chun úsáid agus sealbhuithe agus ní mar thionóntacht ná fós i slí do dhéanfadh tiarna agus tionónta de sna páirtithe, agus

(b) gan an cur-ar-cíos san do dhéanamh i gcóir aon tréimhse do dhéanfadh ná in aon chás ina ndéanfadh an curar-cíos san cur isteach ar úsáid no dochar d'úsáid do dhéanamh den chóiríocht tighe chúirte sin chun na prímh-chríche chun a mbeidh sí á cothabháil fén Acht so.

(2) An t-airgead uile do gheobhaidh clárathóir contae no cléireach cúirte dúithche as aon chóiríocht tighe chúirte no aon chuid di do chur ar cíos aon uair fén alt so íocfaidh an clárathóir contae no an cléireach cúirte dúithche sin é leis an gcomhairle ag á mbeidh an chóiríocht tighe chúirte sin á cothabháil.

Leigheas tre mhandamus in aghaidh comhairle dhéanfaidh faillí.

10. —(1) Pé uair a theipfidh ar chomhairle no fhailleoid dualgas do chólíonadh a cuirtear ar an gcomhairle sin leis an Acht so luighfidh imeachta um fhaoiseamh tré ordú mandamus, san Ard-Chúirt, ar agra an Aire chun a chur fhiachaint ar an gcomhairle sin an dualgas san do chólíonadh.

(2) Luighfidh imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo d'ainneoin leigheas do bheith ann agus beidh na himeachta san gan dochar don leigheas eile sin agus ní scór chun an fhaoisimh a hiarrfar sna himeachta san do dhiúltadh an leigheas eile sin do bheith ann.

Comhachta comhairlí chun lasacht d'fháil.

11. —Chun cóiríochta tighe chúirte do sholáthar féadfaidh comhairle, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, airgead d'fháil ar iasacht fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, fé is dá mbeadh crícheanna an ailt seo luaidhte san Airtiogal san agus ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna an Airtiogail sin.

Comhairlí do thógaint tailimh chúcha.

12. —Beidh mar chuid de chomhachta agus de dhualgaisí comhairle do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, comhacht agus dualgas chun cóiríochta tighe chúirte do sholáthar do réir an Achta so, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san mar a leasuítear é le halt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ).

Comhairlí, etc., do chruinniú costaisí.

13. —(1) Isé slí ina gcruinneofar na costaisí fé n-a raghaidh comhairle chun cóiríochta tighe chúirte do sholáthar agus do chothabháil do réir an Achta so ná—

(a) i gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus buirge Dhún Laoghaire, tríd an ráta bárdais, agus

(b) i gcás aon chontae-bhuirge eile, tríd an ráta tré n-a gcruinnítear costaisí (seachas costaisí caomhnóirí no costaisí bhaineann leis an ráta dealbhais) fé fho-alt (3) d'alt 46 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus

(c) i ngach cás eile, tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae uile ach, i gcás Chontae Bhaile Atha Cliath, gan buirg Dhún Laoghaire d'áireamh.

(2) Pé uair a bheidh aon chóiríocht tighe chúirte, a bheidh soláthruithe agus á cothabháil do réir an Achta so ag aon chomhairle amháin (dá ngairmtear an phríomh-chomhairle sa bhfo-alt so), ag fónamh no á húsáid mar chóiríocht tighe chúirte do líomatáiste fheidhmiúcháin comhairle no comhairlí eile (dá ngairmtear na comhairlí rann-íocacha sa bhfo-alt so) íocfaidh gach ceann fé leith de sna comhairlí rann-íocacha leis an bpríomhchomhairle, ar éileamh na príomh-chomhairle, pé cion de chostaisí soláthruithe agus cothabhála na cóiríochta tighe chúirte sin ar a gcó-aontóidh na comhairlí sin no cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cheal an chó-aontuithe sin agus bainfidh an chéad fho-alt den alt so le gach suim is iníoctha ag comhairle rann-íocach fén bhfo-alt so fé is dá mba chostaisí do réir bhrí an chéad fho-ailt sin an tsuim sin.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith íocfaidh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath agus Bárdas Dhún Laoghaire fé seach le hArd-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear Bárdas na Cathrach sa bhfo-alt so) pé suimeanna fé seach a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, cheal có-aontuithe, ina rann-íoc mar chabhair chun íoctha na gcostaisí fé n-a ndeachaidh Bárdas na Cathrach ag déanamh deisiúcháin speisialta, tar éis an 31adh lá de Lúnasa, 1933, agus roimh an Acht so do rith, ar an Tigh Cúirte i Sráid na Faithche i gCathair Bhaile Atha Cliath agus bainfidh an chéad fho-alt den alt so leis na suimeanna san is iníoctha amhlaidh le Bárdas na Cathrach fé is dá mba chostaisí iad do réir bhrí an fho-alt sin.

(4) Tuigfear chun crícheanna an ailt seo luach saothair airighigh agus chongantóirí airighigh aon chóiríochta tighe chúirte soláthrófar agus a bheidh á cothabháil fén Acht so do bheith ina chuid de chostaisí cothabhála na cóiríochta tighe chúirte sin.

Rialacháin.

14. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

15. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire no na Coimisinéirí ag cur an Achta so in éifeacht.

Athghairm.

16. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

17. —Féadfar an tAcht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

6 & 7 Will. IV, c. 116.

An Grand Jury (Ireland) Act, 1836.

Ailt 69 go 77, Alt 79 sa mhéid go mbaineann sé le coimeádaithe tithe siosóin; Alt 110 agus an Sceideal dá dtagartar ann sa mhéid go mbainid le coimeádaithe tighe chúirte.

7 & 8 Vic., c. 106.

An County Dublin Grand Jury Act, 1844.

Ailt 13 go 15, 17, 19 go 21.

17 & 18 Vic., c. 103.

An Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Alt 30 sa mhéid go mbaineann sé le tithe cúirte do sholáthar.

40 & 41 Vic., c. 56.

An County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877.

Alt 91 o sna focail “and in any town or place” go deireadh an ailt.

51 & 52 Vic. c. 44.

An Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888.

Alt. 16.

An Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

Fo-airtiogal 3 d'Airtiogal 15 den Sceideal sa mhéid go mbaineann sé le cóiríocht tighe chúirte.