12 1936


Uimhir 12 de 1936.


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA AGUS UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1936.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1934, AGUS AN ACHTA UM PINSEAN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935, DO LEASÚ. [3adh Abrán, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal, luadh agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid II den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, mar a leasuítear san le Cuid VIII den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) .

(3) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, den méid sin de Chuid VIII den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , a leasuíonn na hAchtanna san agus de Chuid II den Acht so le chéile.

(4) Léireofar Cuid III den Acht so mar éinní amháin leis an Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 .

(5) Féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 agus 1936, do ghairm den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , agus de Chuid III den Acht so le chéile.

(6) Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an 6adh lá d'Eanar, 1936, agus ón lá san amach.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, mar a leasuítear iad le Cuid VIII den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) , leis an Acht so agus le haon achtachán ina dhiaidh seo;

cialluíonn an abairt “an tAcht Fórsaí Cosanta” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “an Cumann Aontuithe” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha fé Acht 1933” an lá do cheap an tAire fé alt 2 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 ( Uimh. 13 de 1933 ), chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta san;

cialluíonn an abairt “an Buan-Fhórsa” an fórsa do bunuíodh fé Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta;

cialluíonn an abairt “an Fórsa Cúltaca” an fórsa cúltaca do bunuíodh fé Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta;

cialluíonn an focal “saighdiúir” duine ar bith is ball den Bhuan-Fhórsa, seachas duine bheidh coimisiúnta mar oifigeach den Bhuan-Fhórsa, duine liostálfaidh sa Bhuan-Fhórsa agus a ceapfar mar dhalta ar liostáil do, no fear den Fhórsa Cúltaca a glaofar ar buan-tseirbhís fé Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta;

cialluíonn an abairt “arm-sheirbhís” seirbhís sa Bhuan-Fhórsa mar shaighdiúir;

cialluíonn an abairt “ball den Fhórsa Cúltaca” duine ar bith is ball den Fhórsa Cúltaca, le n-a n-áirmhítear duine ar bith a bheidh coimisiúnta mar oifigeach den Fhórsa Cúltaca agus fear den Fhórsa Cúltaca a glaofar ar buan-tseirbhís fé Cuid III den Acht Fórsaí Cosanta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé alt 65 den National Insurance Act, 1911, mar a leathnuítear san leis an Acht so.

Rialacháin ghenerálta.

3. —Beidh ar na crícheanna chun a bhféadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh fé alt 65 den National Insurance Act, 1911, éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Athghairm.

4. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CUID II.

Na hAchtanna um Arachas Slainte Naisiunta, 1911 go 1934, do Leasu.

An tAcht um Arachas Slainte Naisiunta, 1923 , do Leasu.

Alt 17 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 , do leasú.

5. —Léireofar alt 17 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 ( Uimh. 20 de 1923 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas isteach i bhfo-alt (1) den alt san in ionad míre (d) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(d) i gcás árthaigh atá cláruithe i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir agus go gcomhnuíonn a húnaer no go bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige sa tír eile, chun a shocrú cadiad na cásanna ina ndéanfar síntiúisí is iníoctha alos daoine atá ar fostú ar an árthach d'íoc fé sna hachtacháin i dtaobh árachais shláinte náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhreatain Mhóir, agus cadiad na cásanna ina n-íocfar iad fé sna hachtacháin sin atá i bhfeidhm i Saorstát Éireann.”

An tAcht um Arachas Slainte Naisiunta, 1933 , do Leasu Maidir le Co-dheanamh Choiste Bhainisti an Chumainn Aontuithe.

Coiste bainistí an Chumainn Aontuithe.

6. —(1) An lá ceaptha fé Acht 1933 agus dá éis sin beidh coiste bainistí an Chumainn Aontuithe có-dhéanta de chúig bhaill déag eadhon—

(a) an té is cathaoirleach de thurus na huaire ar choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe,

(b) an triúr is iontaobhaithe de thurus na huaire don Chumann Aontuithe,

(c) trí baill (dá ngairmtear baill fhostóirí san Acht so) a cheapfaidh an tAire sa tslí foráltar leis an Acht so,

(d) trí baill (dá ngairmtear baill dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) san Acht so) a ainmneoidh Comhairle Náisiúnta Chódháil na gCeárd-Chumann Éireannach sa tslí foráltar leis an Acht so,

(e) cúig baill (dá ngairmtear baill dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) san Acht so) a thoghfaidh Lucht Toghtha Ball na nDaoine Arachuithe (Ainmnithe Údarás Áitiúil) sa tslí foráltar leis an Acht so.

(2) Íocfaidh an Cumann Aontuithe le gach ball de choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe pé liúntaisí (más aon cheann é) a chinnfidh an tAire o am go ham alos an bhaill sin.

Cathaoirleach choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe.

7. —(1) Beidh cathaoirleach (dá ngairmtear an cathaoirleach san alt so) ar choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcathaoirleach, sé sin le rá:—

(a) isé an tAire cheapfaidh an cathaoirleach;

(b) beidh an cathaoirleach, maran rud é go n-éagfaidh no go n-eireoidh as no go gcuirfidh an tAire as oifig é roimhe sin, i seilbh oifig ar feadh na tréimhse orduithe, ach beidh sé ion-athcheaptha;

(c) féadfaidh an tAire an cathaoirleach do chur as oifig.

Baill fhostóirí.

8. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na baill fhostóirí, sé sin le rá:—

(a) beidh na baill sin ionadathach d'fhostóirí dhaoine árachuithe agus isé an tAire cheapfaidh iad;

(b) beidh gach ball fostóirí, maran rud é go n-éagfaidh no go n-eireoidh as no go gcuirfidh an tAire as oifig é roimhe sin, i seilbh oifige ar feadh na tréimhse orduithe, ach beidh sé ion-athcheaptha;

(c) féadfaidh an tAire aon bhall fostóirí do chur as oifig;

(d) i gcás folúntais (dá ngairmtear foth-fholúntas sa bhfo-alt so) do thárlachtaint imeasc na mball fostóirí, déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é, duine do cheapadh chun an fholúntais sin,

(e) duine ceapfar fén mír dheiridh sin roimhe seo chun fothfholúntais i mballraíocht choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe, beidh sé, maran rud é go n-éagfaidh no go n-eireoidh as no go gcuirfidh an tAire as oifig é roimhe sin, i seilbh oifige mar bhall de choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe ar feadh an iarsma den téarma oifige do bheadh an ball, gurb é a éag, a eirghe as no a chur as oifig fé ndeár an folúntas, i seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a chur as oifig.

Cáilíocht agus dí-cháilíocht bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) agus bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil).

9. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun é d'ainmniú mar bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) ná chun é do thoghadh ná d'ainmniú ná do roghnú mar bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) más rud é, ar dháta a ainmnithe no a thoghtha no a roghnuithe—

(a) go mbeidh sé fé bhun bliana is fiche d'aois, no

(b) nách duine árachuithe é, no

(c) gur oifigeach no fostaí don Chumann Aontuithe é, no

(d) gur ball é de choiste bhainistí no de bhord stiúrthóirí aon chumainn no cuideachtan a bhíonn ag déanamh gnótha árachais, no

(e) go mbeidh sé ar fostú mar oifigeach, gníomhaire no fostaí d'aon chumann no cuideachtain den tsórt san.

(2) Pé uair a bheidh ball dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárdchumann) no ball dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) ar fostú mar oifigeach no mar fhostaí don Chumann Aontuithe, no thiocfa sé chun bheith ina bhall de choiste bhainistí no de bhord stiúrthóirí aon chumainn no cuideachtan a bhíonn ag déanamh gnótha árachais, no bheidh sé ar fostú mar oifigeach, gníomhaire no fostaí d'aon chumann no cuideachtain den tsórt san, beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith agus scuirfe sé láithreach de bheith ina bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárdchumann) no ina bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) (do réir mar bheidh).

Baill dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárdchumann).

10. —(1) Sa bhliain 1936 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, ach ní níos déanaí ná an 15adh lá de Bhealtaine an bhliain sin, déanfaidh Comhairle Náisiúnta Chódháil na gCeárd-Chumann Éireannach (dá ngairmtear an Chomhairle san alt so) triúr daoine cáilithe d'ainmniú chun bheith ina mbaill dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann).

(2) Má theipeann ar an gComhairle triúr daoine cáilithe d'ainmniú, roimh an 15adh lá de Bhealtaine sa bhliain 1936 no in aon bhliain ina dhiaidh sin, chun bheith ina mbaill dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é, triúr daoine cáilithe d'ainmniú chun bheith ina mbaill dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) agus na daoine ainmneoidh an tAire amhlaidh tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb iad an Chomhairle d'ainmnigh iad.

(3) Gach duine (seachas duine a hainmneofar chun fothfholúntais) a hainmneofar chun bheith ina bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann), beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige—

(a) i gcás é d'ainmniú sa bhliain 1936, ón lá ceaptha fé Acht 1933 go dtí an 31adh lá d'Iúl, 1937,

(b) i gcás é d'ainmniú in aon bhliain ina dhiaidh sin, ón 1adh lá de Lúnasa sa bhliain sin go dtí an 31adh lá d'Iúl sa chéad bhliain ina dhiaidh sin.

(4) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san alt so) i mballraíocht choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe de dheascaibh baill dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, beidh éifeacht ag an forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Chomhairle láithreach duine cáilithe d'ainmniú chun an fholúntais sin,

(b) an duine a hainmneofar amhlaidh beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárd-chumann) ar feadh iarsma an téarma oifige do bheadh an ball dhaoine árachuithe (ainmnithe ceárdchumann), gurb é a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht fé ndeár an folúntas, i seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht,

(c) mara ndeinidh an Chomhairle, laistigh de thrí mhí tar éis an fhoth-fholúntais sin do thárlachtaint, duine cáilithe d'ainmniú chun an fhoth-fholúntais sin feadfaidh an tAire duine cáilithe d'ainmniú agus an duine ainmneoidh an tAire amhlaidh tuigfear gurb iad an Chomhairle d'ainmnigh é.

Lucht toghtha ball na ndaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil).

11. —(1) Bunófar cólucht (dá ngairmtear an lucht toghtha san Acht so) ar a dtabharfar Lucht Toghtha Ball na nDaoine Arachuithe (Ainmnithe Údarás Áitiúil) chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Ní bheidh duine cáilithe chun é d'ainmniú mar bhall den lucht toghtha ag údarás áitiúil no, i gcás faillí an údaráis áitiúla san, ag an Aire, más rud é, ar dháta a ainmnithe—

(a) go mbeidh sé fé bhun bliana is fiche d'aois, no

(b) nách duine árachuithe é, no

(c) ná beidh sé ina chomhnaí i liomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san, no

(d) gur oifigeach no fostaí don Chumann Aontuithe é.

(3) Pé uair a bheidh ball den lucht toghtha ar fostú mar oifigeach no mar fhostaí don Chumann Aontuithe, beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith agus scuirfe sé láithreach de bheith ina bhall den lucht toghtha.

(4) Déanfaidh gach údarás áitiúil i ngach bliain toghacháin, ach ní níos déanaí ná an 1adh lá de Bhealtaine sa bhliain toghacháin sin, daoine cáilithe d'ainmniú chun bheith ina mbaill den lucht toghtha pé méid daoine (más aon mhéid é) a ceangaltar ar an údarás áitiúil sin d'ainmniú do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) maran mó ná cúig mhíle an méid daoine árachuithe bheidh ina gcomhnaí an bhliain toghacháin sin i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás an méid sin do bheith níos lugha ná dhá mhíle agus cúig céad, ní ainmneoidh an t-údarás áitiúil sin éinne chun bheith ina bhall den lucht toghtha,

(ii) in aon chás eile, ainmneoidh an t-údarás áitiúil sin duine cáilithe amháin chun bheith ina bhall den lucht toghtha,

(b) más mó ná cúig mhíle méid na ndaoine árachuithe bheidh ina gcomhnaí an bhliain toghacháin sin sa líomtáiste feidhmiúcháin sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin duine cáilithe amháin d'ainmniú in aghaidh gach cúig mhíle duine árachuithe chun bheith ina bhall den lucht toghtha, agus, má bhíonn méid na ndaoine árachuithe níos mó ná dhá mhíle agus cúig céad ar a laighead thar aon iolrú ar chúig mhíle, duine cáilithe sa bhreis d'ainmniú chun bheith ina bhall den lucht toghtha.

(5) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an tAire, i ngach bliain toghacháin, a chinneadh alos gach údaráis áitiúla an méid daoine árachuithe bheidh ina gcomhnaí i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san pé lá sa bhliain toghacháin sin a cheapfaidh an tAire agus isé méid daoine árachuithe bheidh ina gcomhnaí aon bhliain toghacháin i líomatáiste feidhmiúcháin údaráis áitiúla ná an méid a chinnfidh an tAire fén bhfo-alt so an bhliain sin do bheith ina gcomhnaí sa líomatáiste feidhmiúcháin sin.

(6) Má theipeann ar aon údarás áitiúil no má fhaillíonn sé, in aon bhliain toghacháin, ainmniú do dhéanamh, roimh an 2adh lá de Bhealtaine sa bhliain toghacháin sin, ar pé méid daoine cáilithe chun bheith ina mbaill den lucht toghtha a ceangaltar ar an údarás áitiúil sin le fo-alt (4) den alt so d'ainmniú féadfaidh an tAire a chó-mhéid de sna daoine cáilithe sin is dóich leis is oiriúnach d'ainmniú chun bheith ina mbaill den lucht toghtha agus chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é an t-údarás áitiúil sin d'ainmnigh na daoine a hainmneofar amhlaidh.

(7) Gach duine (seachas duine a hainmneofar chun foth-fholúntais) a hainmneofar chun bheith ina bhall den lucht toghtha in aon bhliain toghacháin, beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige ón 1adh lá de Bhealtaine, sa bhliain toghacháin sin, ar feadh tréimhse trí mblian.

(8) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san alt so) i mballraíocht an lucht toghtha de dheascaibh ball ainmneoidh údarás áitiúil d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil sin, láithreach, duine cáilithe d'ainmniú chun an fholúntais sin;

(b) an duine a hainmneofar amhlaidh beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar bhall den lucht toghtha ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma oifige go mbeadh an ball gurab é a éag, a eirghe as no a theacht fé dhícháilíocht fé ndeár an folúntas i seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht;

(c) mara ndeinidh an t-údarás áitiúil sin, laistigh de thrí mhí tar éis an fhoth-fholúntais sin do thárlachtaint, duine cáilithe d'ainmniú chun an fholúntais féadfaidh an tAire duine cáilithe d'ainmniú chun an fholúntais sin agus an duine ainmneoidh an tAire amhlaidh tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb é an t-údarás áitiúil sin d'ainmnigh é.

(9) Íocfaidh an Cumann Aontuithe le gach ball den lucht toghtha pé costaisí taistil agus liúntaisí in aghaidh cothabhála agus caillteanais pháigh a chinnfidh an tAire o am go ham alos an bhaill sin.

(10) Féadfaidh an lucht toghtha gníomhú d'ainneoin aon fholúntais ina mballraíocht.

(11) Isé is quorum do chruinniú den lucht toghtha na pé uimhir a hordófar.

(12) Chun crícheanna an ailt seo—

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” cólucht is comhairle chontae no comhairle chontae-bhuirge;

cialluíonn an abairt “líomatáiste feidhmiúcháin”—

(a) maidir le comhairle chontae, an chontae sin,

(b) maidir le comhairle chontae-bhuirge, an chontae-bhuirg sin;

beidh gach bliain acu so leanas ina bhliain toghacháin, eadhon, an bhliain 1936, an bhliain 1939, an bhliain 1942, an bhliain 1945, agus mar sin de.

Baill dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil).

12. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “toghthóirí Laighean” na baill den lucht toghtha do bhí, ar dháta a n-ainmnithe fén alt deiridh sin roimhe seo, ina gcomhnaí i gCúige Laighean;

cialluíonn an abairt “toghthóirí na Mumhan” na baill den lucht toghtha do bhí, ar dháta a n-ainmnithe fén alt deiridh sin roimhe seo, ina gcomhnaí i gCúige Mumhan;

cialluíonn an abairt “toghthóirí Chonnacht agus Uladh” na baill den lucht toghtha do bhí, ar dháta a n-ainmnithe fén alt deiridh sin roimhe seo, ina gcomhnaí i gcuid de Shaorstát Éireann seachas cúigí Laighean agus Mumhan.

(2) Sa bhliain 1936 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, ach ní níos luatha ná an 2adh lá de Bhealtaine ná níos déanaí ná an 15adh lá de Mheitheamh sa bhliain sin, toghfar sa tslí orduithe chun bheith ina mbaill dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil)—

(a) ag toghthóirí Laighean as a líon féin, beirt daoine cáilithe;

(b) ag toghthóirí na Mumhan as a líon féin, beirt daoine cáilithe;

(c) ag toghthóirí Chonnacht agus Uladh as a líon féin, duine cáilithe amháin.

(3) Má thárlann faillí in aon bhliain maidir le déanamh do réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás faillí i bpáirt toghthóirí Laighean, féadfaidh an tAire beirt daoine cáilithe d'ainmniú chun bheith ina mbaill dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) agus na daoine a hainmneofar amhlaidh tuigfear chun crícheanna an ailt seo gurb iad toghthóirí Laighean do thoigh iad an bhliain sin;

(b) i gcás faillí i bpáirt toghthóirí na Mumhan, féadfaidh an tAire beirt daoine cáilithe d'ainmniú chun bheith ina mbaill dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) agus na daoine a hainmneofar amlaidh tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb iad toghthóirí na Mumhan do thoigh iad an bhliain sin;

(c) i gcás faillí i bpáirt toghthóirí Chonnacht agus Uladh, féadfaidh an tAire duine cáilithe amháin d'ainmniú chun bheith ina bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) agus an duine a hainmneofar amhlaidh tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb iad toghthóirí Chonnacht agus Uladh do thoigh é an bhliain sin.

(4) Gach duine toghfar chun bheith ina bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige—

(a) i gcás é do thoghadh sa bhliain 1936, ón lá ceaptha fé Acht 1933 go dtí an 31adh lá d'Iúl, 1937,

(b) i gcás é do thoghadh in aon bhliain eile, ón 1adh lá de Lúnasa sa bhliain sin go dtí an 31adh lá d'Iúl sa chéad bhliain ina dhiaidh sin.

(5) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san alt so) i mballraíocht choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe de dheascaibh baill dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás toghthóirí Laighean do thoghadh an bhaill sin no é do roghnú fén mír seo, déanfar duine cáilithe is duine de thoghthóirí Laighean do roghnú sa tslí orduithe chun an fholúntais sin;

(b) i gcás toghthóirí na Mumhan do thoghadh an bhaill sin no é do roghnú fén mír seo, déanfar duine cáilithe is duine de thoghthóirí na Mumhan do roghnú sa tslí orduithe chun an fholúntais sin;

(c) i gcás toghthóirí Chonnacht agus Uladh do thoghadh an bhaill sin no é do roghnú fén mír seo, déanfar duine cáilithe is duine de thoghthóirí Chonnacht agus Uladh do roghnú sa tslí orduithe chun an fholúntais sin;

(d) an duine roghnófar amhlaidh beidh sé, marab éag eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilibh oifige mar bhall dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil) ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma oifige do bheadh an ball dhaoine árachuithe (ainmnithe údarás áitiúil), gurb é a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht fé ndeár an folúntas, i seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhícháilíocht.

Baill airithe d'Fhorsai Cosanta Shaorstait Éireann d'Arachu fe sna hAchtanna um Arachas Slainte Naisiunta.

Saighdiúirí áirithe den Bhuan-Fhórsa d'árachú.

13. —(1) Gach duine—

(a) (i) a bheidh ag fónamh sa Bhuan-Fhórsa mar shaighdiúir an 6adh lá d'Eanar, 1936, agus

(ii) is duine go raibh síntiúisí iníoctha ina thaobh an 5adh lá d'Eanar, 1936, fé alt 20 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 ( Uimh. 20 de 1923 ), no

(b) (i) a bheidh ag fónamh sa Bhuan-Fhórsa mar shaighdiúir an 6adh lá d'Eanar, 1936, agus

(ii) d'fhónuigh go leanúnach sa Bhuan-Fhórsa mar shaighdiúir i rith na tréimhse de shé mhí dar críoch an 5adh lá d'Eanar, 1936, no do liostáil an 5adh d'Iúl, 1935, no dá éis sin i gcóir tréimhse nách giorra ná sé mhí i seirbhís airm, agus

(iii) nách duine go raibh síntiúisí iníoctha ina thaobh an 5adh lá d'Eanar, 1936, fén alt san 20,

beidh sé, i rith na tréimhse, dar tosach an 6adh lá d'Eanar, 1936, dá sheirbhís airm, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm.

(2) Gach duine dhéanfaidh an 6adh lá d'Eanar, 1936, no dá éis sin—

(a) liostáil sa Bhuan-Fhórsa mar shaighdiúir i gcóir tréimhse nách giorra ná dhá bhliain i seirbhís airm, no

(b) ath-liostáil, fé fho-alt (2) d'alt 146 den Acht Fórsaí Cosanta, i seirbhís airm i gcóir tréimhse nách giorra ná dhá bhliain,

beidh sé, ar feadh tréimhse a sheirbhíse airm, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm.

(3) Gach duine—

(a) a dhéanfaidh an 6adh lá d'Eanar, 1936, no dá éis sin—

(i) liostáil sa Bhuan-Fhórsa i gcóir tréimhse is giorra ná dhá bhliain de sheirbhís airm agus ná liostálfaidh amhlaidh chun a aistrithe láithreach chun an Fhórsa Chúltaca, no

(ii) ath-liostáil, fé fho-alt (2) d'alt 146 den Acht Fórsaí Cosanta, i seirbhís airm i gcóir tréimhse is giorra ná dhá bhliain, agus

(b) do bhí, le linn na liostála no na hath-liostála san, ina dhuine árachuithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta,

tuigfear, le linn na tréimhse, dar tosach dáta a liostála no a athliostála, dá sheirbhís airm, é do bheith ar fostú do réir bhrí na nAchtanna san agus i bhfostaíocht an Aire Cosanta amháin.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le héinne do liostáil roimh an 6adh lá d'Eanar, 1936, agus ná beidh sé bliana déag slán aige an dáta san, no do liostáil an 6adh lá d'Eanar, 1936, no dá éis sin agus do bhí fé bhun sé bliana déag d'aois ar dháta a liostála ach, ar an duine sin do shlánú na haoise sin bainfidh an t-alt so leis fé is dá mb'é an tráth do shlánuigh sé an aois sin do liostálfadh sé.

(5) Má eiríonn aon cheist i dtaobh duine bheidh ag fónamh sa Bhuan-Fhórsa do bheith ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm no gan a bheith no i dtaobh é bheith ionárachuithe ar shlí eile de bhuadh an ailt seo fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta no gan a bheith, cuirfear an cheist fé bhráid an Aire Cosanta agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean.

Baill den Fhórsa Chúltaca d'árachu.

14. —(1) Ball den Fhórsa Chúltaca—

(a) go nglaofar air, an 6adh lá d'Eanar, 1936, no dá éis sin, chun tréimhse leanúnach tréineála is sia ná sé huaire triochad a chluig do chur isteach, agus

(b) is duine árachuithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta le linn é ghlaoch amhlaidh,

tuigfear, le linn na tréimhse sin, é do bheith ar fostú do réir bhrí na nAchtanna san agus i bhfostaíocht an Aire Cosanta amháin.

(2) Má deintear aon bhall den Fhórsa Chúltaca do ghlaoch an 6adh lá d'Eanar, 1936, no dá éis sin, chun tréimhse seirbhíse (seachas tréineáil) do chur isteach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an bhaill sin do bheith ina dhuine árachuithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta le linn é ghlaoch amhlaidh, ansan—

(i) maran sia ná trí mhí an tréimhse sin tuigfear an ball san do bheith ar fostú, i rith na tréimhse sin, do réir bhrí na nAchtanna san agus i bhfostaíocht an Aire Cosanta amháin, agus

(ii) más sia ná trí mhí an tréimhse sin—

(I) tuigfear an ball san do bheith, i rith an chéad trí mhí dhi, ar fostú do réir bhrí na nAchtanna san agus i bhfostaíocht an Aire Cosanta amháin, agus

(II) beidh an ball san, i rith iarsma na tréimhse sin, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm,

(b) in aon chás eile beidh an ball san, i rith na tréimhse sin (ach amháin an chéad trí mhí dhi), agus chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm.

(3) Má eiríonn aon cheist i dtaobh ball den Fhórsa Chúltaca do bheith ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm no gan a bheith no i dtaobh é bheith ionárachuithe ar shlí eile de bhuadh an ailt seo fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta no gan a bheith, cuirfear an cheist fé bhráid an Aire Cosanta agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean.

Síntiúisí alos daoine is ionárachuithe do réir ráta an Airm.

15. —(1) An 6adh lá d'Eanar, 1936, agus dá éis sin, íocfaidh an tAire Cosanta leis an Aire amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, alos gach duine is duine is ionárachuithe de thurus na huaire do réir ráta an Airm, suim cheithre pingne go leith sa tseachtain.

(2) Na méideanna bheidh le n-íoc ag an Aire Cosanta fén alt so déanfar iad d'fháil amach i pé slí agus iad d'íoc i pé slí agus ar pé dátaí i ngach bliain ar a gcó-aontóidh an tAire agus an tAire Cosanta.

(3) An síntiús seachtainiúil is iníoctha fén alt so alos duine ar bith ní bheidh sé iníoctha alos aon tréimhse is sia ná lá is fiche a bheidh an duine sin as láthair gan cead.

Staid árachais daoine is ionárachuithe do réir ráta an Airm.

16. —Déanfar duine is duine ionárachuithe de thurus na huaire do réir ráta an Airm d'áireamh mar shíntiúsaire ar fostú, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na suimeanna seachtainiúla íocfaidh an tAire Cosanta fén alt deiridh sin roimhe seo áirmheofar iad chun gach críche mar íocaíochtaí síntiúisí do réir an ráta alos daoine fostuithe;

(b) beidh an duine sin i dteideal sochair mháithreachais, ach ní bheidh sé i dteideal sochair bhreoiteachta ná mhí-ábaltachta;

(c) i gcás gan an duine sin do bheith ina dhuine árachuithe an dáta thiocfaidh na suimeanna seachtainúla chun bheith iníoctha ina thaobh, áirmheofar an dáta san mar an dáta ar a ndeacha sé fé árachas;

(d) cuirfear chun creidiúna an Chumainn Aontuithe, más ball de an duine sin, no chun creidiúna Chiste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Idirnáisiúnta), más ball de an duine sin, suim is có-ionann le cúig pingne go leith in aghaidh gach sintiúis seachtainiúla do híocadh agus áirmheofar có-shuim mar shuim do caitheadh ar shochair, agus déanfar, dá réir sin, an chionúireacht oiriúnach d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID III.

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhilleachtaithe, 1935 , do Leasu.

Alt 13 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , do leasú alos saighdiúirí áirithe atá anois sa Bhuan-Fhórsa.

17. —I gcás duine do bheith ag fónamh mar shaighdiúir sa Bhuan-Fhórsa an 6adh lá d'Eanar, 1936, agus an duine sin d'fhónamh go leanúnach mar shaighdiúir den tsórt san ar feadh tréimhse gan briseadh dar críoch an 5adh lá d'Eanar, 1936, agus an duine sin do bheith, an 6adh lá d'Eanar, 1936, ina dhuine is ionárachuithe do réir ráta an Airm, do réir bhrí Coda II den Acht so, ansan, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 13 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ( Uimh. 29 de 1935 )—

(a) tuigfear go ndearnadh síntiúisí fén Acht san d'íoc ina thaobh in aghaidh gach seachtaine sa tréimhse sin, agus

(b) tuigfear gach seachtain den tsórt san do bheith ina seachtain gur ón dáta is déanaí do chuaidh sé fé árachas do caitheadh í.

An méid de phinsean síntiúsach do cailleadh de dheascaibh faillí fostóra do bhaint de.

18. —(1) Más rud é—

(a) go dtárlóidh—

(i) d'fhóstóir é d'fhaillí no é do theip air aon tsíntiúisí d'íoc, alos tréimhse ar bith roimh an 6adh lá d'Eanar, 1936, do dhligh sé, fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, d'íoc alos duine mhairbh ba shíntiúsaire ar fostú no aon tsíntiúisí d'íoc do dhligh sé, fén Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) , d'íoc alos an duine mhairbh sin, no an dá shíntiús san d'íoc, no

(ii) d'aon fhostóir é d'fhaillí no é do theip air aon tsíntiúisí d'íoc do dhligh sé, fén Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , d'íoc alos duine mhairbh do bhí ar fostú i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht san, agus

(b) de dheascaibh na faillí no na teipe sin agus dá dheascaibh sin amháin ná beidh na coinníollacha reachtúla fén Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , cólíonta ar dháta bháis an duine sin (dá ngairmtear an fostaí anso ina dhiaidh seo san alt so), agus

(c) go bhfágfaidh an fostaí cleithiúnaí no cleithiúnaithe ina dhiaidh,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(I) beidh suim dlite agus iníoctha ag an bhfostóir, a sheiceadúirí, agus a riarthóirí, do chleithiúnaí an fhostaí agus leis no, má fhágann an fostaí níos mó ná aon chleithiúnaí amháin ina dhiaidh, do gach duine agus le gach duine de chleithiúnaithe an fhostaí, i ndeireadh gach seachtaine bheidh laistigh den tréimhse dar tosach dáta báis an fhostaí agus dár críoch, i gcás gur Dardaoin an t-ochtú lá fichead tar éis an dáta ar a mbeidh gach síntiús den tsórt san íoctha no bainte amach, an t-ochtú lá fichead san no, in aon chás eile, an chéad Dardaoin tar éis an ochtú lae fhichead san, suim is có-ionann leis an méid (más aon mhéid é) do bheadh, dá mba ná tárlódh aon fhaillí ná teip den tsórt san agus dá n-iarrfadh an cleithiúnaí sin pinsean síntiúsach laistigh de mhí tar éis bháis an fhostaí, iníoctha leis an gcleithiúnaí sin alos na seachtaine sin mar phinsean síntiúsach, lughaide, i gcás pinsean neashíntiúsach do bheith iníoctha leis an gcleithiúnaí sin alos na seachtaine sin, suim is có-ionann le méid an phinsin nea-shíntiúisigh sin, agus

(II) aon tsuim no suimeanna bheidh tagtha chun bheith dlite agus iníoctha don chleithiúnaí sin agus leis fén gclás deiridh sin roimhe seo féadfaidh an cleithiúnaí sin no an tAire, in ainm agus thar ceann an chleithiúnaí sin an céanna do bhaint den fhostóir, dá sheiceadúirí, agus dá riarthóirí, mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla, agus

(III) an t-airgead uile bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt so déanfaidh an tAire é chur de láimh fé is dá mba phinsean síntiúsach é dob iníoctha leis an gcleithiúnaí sin.

(2) San alt so—

tá leis na habairtí “pinsean síntiúsach” agus “pinsean neashíntiúsach” na bríonna céanna atá leo i gCuid IV den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ; cialluíonn an focal “seachtain” tréimhse de sheacht lá ag tosnú ar Aoine.

(3)Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur cleithiúnaí dhuine mhairbh gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) baintreach an duine sin;

(b) gach leanbh dílleachtach leis an duine sin.

SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Uimh. agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme.

Uimh. 20 de 1923

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 .

Ailt 20, 21 agus 24.

Uimh. 42 de 1929

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 .

Mír (a) d'fhó-alt (I) d'Alt 20, agus fo-alt (3) d'Alt 20, agus Ailt 21 agus 22.

Uimh. 13 de 1933

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 .

Fo-alt (4) d'Alt 4 agus mír (b) d'Alt 10.