28 1936


Uimhir 28 de 1936.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDÚ DO DHAINGNIÚ) (Uimh. 2), 1936.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDÚ DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 .

[3adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An tOrdú do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 95), 1936 (ordú leasuíonn an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 5), 1932, tré oiread de do scriosadh amach as agus a ghearrann diúité ar ghual agus ar shubstaintí dá shamhail a hiomportáltar ón mBreatain Mhóir agus o Thuaisceart Éireann), do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Ordú do Dhaingniú) (Uimh. 2), 1936 , do ghairm den Acht so.