8 1938


Uimhir 8 de 1938.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1938.


ACHT CHUN NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1937, DO BHUANÚ. [18adh Márta, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1937.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1937, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1939, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1937, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.