|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 26 de 1938. | ||
[EN] |
ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1938. | |
ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1932, DO LEASÚ. [29adh Iúl, 1938.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht so cialluíonn an focal “dall” duine is dall do réir bhrí an Blind Persons Act, 1920, mar a leasuítear san le hAcht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932) . |
[EN] |
Gan áird do thabhairt ar liúntaisí áirithe fén Blind Persons Act, 1920, nuair a bheidh acfuinn daill á háireamh. |
2. —Nuair a bheidh acfuinn daill, le n-a n-íoctar liúntas do bhun scéime chun staid na ndall d'fheabhsú do hullamhuíodh fé alt 2 den Blind Persons Act, 1920, á háireamh chun crícheanna Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, ní tabharfar aon áird ar an gcuid sin (más aon chuid é) den liúntas san a híoctar leis an duine sin agus gur léir gur alos aon leinbh is cleithiúnaí air a híoctar í. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus luadh. |
3. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1938 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile. |