|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 29 de 1938. | ||
[EN] |
ACHT UM SHEIRBHÍSIGH PHUIBLÍ (LEANÚNACHAS SEIRBHÍSE), 1938. | |
ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN SEIRBHÍSE SEIRBHÍSEACH PUIBLÍ DO BHEITH LEANÚNACH D'AINNEOIN AN BHUNREACHTA DO THEACHT I nGNÍOMH AGUS CHUN COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA NA SEIRBHÍSEACH PUIBLÍ SIN IS OIFIGIGH AISTRITHE DO BHEITH LEANÚNACH D'AINNEOIN AN TEACHT I nGNÍOMH SAN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [23adh Mí na Samhna, 1938.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | foluíonn an abairt “seirbhíseach puiblí” gach duine bhí, díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, i seirbhís (pe'ca seirbhís shíbhialta no mhíleata no phóilíneachta no eile í) a tháinig, ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, chun bheith ina seirbhís de sheirbhísí an Riaghaltais no an Stáit de bhuadh an Bhunreachta; tá leis na habairtí “an Bord” agus “oifigeach aistrithe” na bríonna céanna atá leo fé seach san Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929) . | |
[EN] |
Scur de bhuadh an Bhunreachta do theacht i ngníomh. |
2. —Má tháinig agus sa mhéid go dtáinig den Bhunreacht do theacht i ngníomh aon tseirbhíseach puiblí do scur as seirbhís Shaorstáit Éireann no as seirbhís Riaghaltais Shaorstáit Éireann, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) gach seirbhíseach puiblí do scuireadh as seirbhís Shaorstáit Éireann no as seirbhís Riaghaltais Shaorstáit Éireann tríd an mBunreacht do theacht i ngníomh, tuigfear chun gach críche gur ceapadh é, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, chun puist no fostaíochta i seirbhís an Stáit no an Riaghaltais is ionann ar gach slí agus an post no an fhostaíocht do bhí aige, díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, sa tseirbhís as ar scuireadh é amhlaidh; | |
[EN] | (b) beidh gach ceapadh seirbhísigh phuiblí den tsórt san, agus tuigfear go raibh sé riamh, ina cheapadh ar na téarmaí agus ar na coinníollacha céanna (ar a n-áirmhítear coinníollacha i dtaobh luach saothair) agus do réir na sealbhaíochta céanna do bhain, díreach roimh é scur amhlaidh, leis an bpost no leis an bhfostaíocht do bhí aige sa tseirbhís as ar scuireadh é amhlaidh; | |
[EN] | (c) beidh gach seirbhíseach puiblí do scuireadh amhlaidh mar adubhradh i dteideal aon tréimhse sheirbhíse do chríochnuigh ar é scur amhlaidh agus aon tréimhse sheirbhíse do thosnuigh ar é cheapadh amhlaidh d'áireamh chun gach críche mar aon tréimhse sheirbhíse leanúnach amháin; | |
[EN] | (d) i gcás aon tseirbhísigh phuiblí is oifigeach aistrithe (seachas oifigeach aistrithe go ndeir an tAcht so ná baineann sé leis) agus do scuireadh amhlaidh mar adubhradh, ní bheidh a scur amhlaidh ná ní tuigfear é bheith riamh ina scur dob fhoras ar a bhféadfadh an Bord cúiteamh do mholadh. | |
[EN] |
Eifeacht an Bhunreachta ar choinníollacha fostaíochta oifigeach aistrithe. |
3. —Má tháinig agus sa mhéid go dtáinig den Bhunreacht do theacht i ngníomh go ndearnadh atharú ar choinníollacha fostaíochta aon tseirbhísigh phuiblí is oifigeach aistrithe, beidh feidhm agus éifeacht ag pé foráil acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní bheidh an t-atharú san, ná ní tuigfear go raibh sé riamh, ina atharú go dtáinig dá dheascaibh atharú mór chun donais dó ar staid an oifigigh sin do réir bhrí fo-ailt (2) d'alt 14 den Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 ( Uimh. 36 de 1929 ); | |
[EN] | (b) ní bheidh an t-atharú san, ná ní tuigfear go raibh sé riamh, ina atharú go dtáinig dá dheascaibh atharú mór chun donais ar staid an oifigigh sin in aon ghrád no birt áirithe do réir bhrí fo-ailt (3) den alt san 14. | |
[EN] |
Feidhm ailt 14 den Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929, maidir leis an Acht so. |
4. —Ní léireofar an tAcht so mar ní a dheineann, ar choinníollacha fostaíochta aon tseirbhísigh phuiblí is oifigeach aistrithe, aon atharú den tsaghas a luaidhtear in alt 14 den Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929) . |
[EN] |
Cosaint d'oifigigh aistrithe áirithe. |
5. —(1) Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le hoifigeach aistrithe ar bith ná ní dhéanfaidh deifir d'oifigeach aistrithe ar bith do rinne i scríbhinn, an 31adh lá de Dheire Fómhair, 1938, no roimhe sin, éileamh ar chúiteamh de dhruim an Bhunreachta do theacht i ngníomh. |
[EN] | (2) Gach éileamh a rinne oifigeach aistrithe go cuibhe i scríbhinn fén Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929) , an 31adh lá de Dheire Fómhair, 1938, no roimhe sin, ar chúiteamh de dhruim an Bhunreachta do theacht i ngníomh, cuirfear fé bhráid an Bhúird é, agus déanfaidh an Bord é éisteacht agus breith do thabhairt air, do réir an Achta san. | |
[EN] | (3) Gach ceist no aighneas i dtaobh ce'ca rinneadh no ná dearnadh, an 31adh lá de Dheire Fómhair, 1938, no roimhe sin, aon éileamh áirithe den tsórt dá dtagartar sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, bhéarfaidh an Bord breith air agus ní bheidh dul thar breith an Bhúird ar an gceist no ar an aighneas san. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
6. —Féadfar an tAcht um Sheirbhísigh Phuiblí (Leanúnachas Seirbhíse), 1938 , do ghairm den Acht so. |