37 1938


Uimhir 37 de 1938.


ACHT I dTAOBH DEARBHUITHE REACHTÚLA, 1938.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE DEARBHUITHE REACHTÚLA AGUS LE NITHE BHAINEAS LEO SAN. [21adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Dearbhuithe reachtúla.

1. —(1) Is dleathach d'aon duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) nótaire puiblí,

(b) coimisinéir mionn,

(c) feadhmannach síochána,

(d) duine dá n-údaruítear le dlí dearbhuithe reachtúla do thógaint agus do ghlacadh,

dearbhú scríobhtha dhuine ar bith, is dearbhú ar n-a dhéanamh ag an duine sin ina fhianaise sa bhfuirm atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do thógaint agus do ghlacadh.

(2) Is dearbhú reachtúil a gairmfear chun gach críche de dhearbhú ar n-a dhéanamh fén alt so agus isé sin do bheirtear air san Acht so, agus, d'ainneoin éinní atá in aon reacht eile, déanfar an abairt “dearbhú reachtúil” do léiriú agus beidh éifeacht aici (ach amháin más dearbhú no sa mhéid gur dearbhú do rinneadh roimh an Acht so do rith a bheidh i gceist), i ngach reacht no ionstruim reachtúil atá i bhfeidhm anois no a hachtófar no déanfar ina dhiaidh seo, mar abairt a chialluíonn dearbhú ar n-a dhéanamh fén alt so.

(3) Sá chéad fho-alt den alt so cialluíonn an abairt “duine dá n-údaruítear le dlí dearbhuithe reachtúla do thógaint agus do ghlacadh” duine dá n-údaruítear le haon reacht no fé aon reacht (ar n-a achtú roimh an Acht so do rith no dá éis sin) dearbhuithe reachtúla do thógaint agus do ghlacadh, agus foluíonn sí duine dá n-údaruítear amhlaidh dearbhuithe reachtúla do thógaint agus do ghlacadh o dhaoine áirithe no o aicme áirithe daoine no chun críche áirithe no i gcásanna áirithe.

Dearbhuithe reachtúla do shighniú agus do theistiú.

2. —(1) Gach dearbhú reachtúil a déanfar sighneoidh neach a dhéanta é i láthair an duine gur ina fhianaise a déanfar é agus teisteofar ansan é tríd an duine sin gur ina fhianaise a déanfar é do shighniú teistithe ag á bhun a bheidh sa bhfuirm agus ina mbeidh na mion-innste atá leagtha amach i bhfuirm an dearbhuithe reachtúil atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní dhéanfaidh aon duine (dá ngairmtear an duine céad-luaidhte sa bhfo-alt so) dearbhú reachtúil do thógaint ná do ghlacadh o dhuine eile (dá ngairmtear an dearbhuitheoir sa bhfo-alt so) mara mbeidh aithne phearsanta ag an duine céad-luaidhte ar an dearbhuitheoir no mara ndeinidh duine go mbeidh aithne phearsanta ag an duine céad-luaidhte air an dearbhuitheoir do chur in aithne dhó.

(3) Ní bhainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le duine dá n-údaruítear le reacht (ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis sin) dearbhuithe reachtúla do ghlacadh agus do thógaint o dhaoine áirithe no o aicme áirithe daoine chun crícheanna an reachta san, agus dá réir sin, nuair a dhéanfaidh duine go n-údarás amhlaidh aon dearbhú reachtúil den tsórt san do ghlacadh agus do thógaint, féadfar na focail “duine go bhfuil aithne phearsanta agam air (no duine do chuir C.D., duine go bhfuil aithne phearsanta agam air, in aithne dhom)” d'fhágaint ar lár sa dearbhú reachtúil sin.

Srian le daoine go n-údarás speisialta.

3. —Má húdaruítear do dhuine le dlí dearbhuithe reachtúla do ghlacadh agus do thógaint o dhaoine áirithe no o aicme áirithe daoine no chun críche áirithe no i gcásanna áirithe, ní oibreoidh éinní atá san Acht so chun a údarú don duine sin dearbhuithe reachtúla do ghlacadh agus do thógaint ach o sna daoine áirithe sin no ón aicme áirithe sin daoine no chun na críche áirithe sin no sna cásanna áirithe sin (do réir mar a bheidh).

Fuirmeacha reachtúla atá ann cheana d'oiriúnú.

4. —Má bhíonn i bhfuirm dhearbhuithe, do horduíodh roimh an Acht so do rith le haon reacht no fé aon reacht (seachas an Statutory Declarations Act, 1835) agus atá i bhfeidhm le linn an rithte sin, ráiteas á rá gur de bhuadh an Statutory Declarations Act, 1835, atá an dearbhú san á dhéanamh, agus go mbeidh sé ráite sa dearbhú san no gó dtuigfear uaidh é bheith le déanamh fé alt 18 den Acht san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, maidir le haon dearbhú den tsórt san a déanfar tar éis an Achta so do rith, sé sin le rá:—

(a) déanfar an fhuirm do horduíodh amhlaidh den dearbhú san d'atharú i slí go mbeidh sí ar aon dul (do réir mar a bheidh oiriúnach) leis an bhfuirm atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no leis an bhfuirm sin agus na focail “duine go bhfuil aithne phearsanta agam air (no duine do chuir C.D., duine go bhfuil aithne phearsanta agam air, in aithne dhom)” fágtha ar lár inti, agus

(b) tuigfear chun gach críche gur fé alt 1 den Acht so do rinneadh an dearbhú san ar n-a dhéanamh sa bhfuirm atharuithe sin.

Táillí is inéilithe ag nótairí puiblí agus ag coimisinéirí mionn.

5. —Gach nótaire puiblí agus gach coimisinéir mionn a thógfaidh agus a ghlacfaidh dearbhú reachtúil beidh sé i dteideal na dtáillí céanna d'éileamh agus d'fháil as a ucht san a bheadh sé i dteideal d'éileamh agus d'fháil dá mba dhearbhóid ar n-a déanamh ina fhianaise an dearbhú reachtúil sin.

Pionós mar gheall ar dhearbhú bhréagach.

6. —Gach duine dhéanfaidh dearbhú reachtúil a bheidh go bhfios dó bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Athghairm agus cosaint.

7. —(1) Athghairmtear leis seo alt 18 den Statutory Declarations Act, 1835.

(2) Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le dearbhú do dhéanamh ná ní dhéanfaidh deifir do dhearbhú do dhéanamh fé réim no do bhun aon fhorála den Statutory Declarations Act, 1835, seachas an t-alt san 18 de.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Fuirm Dhearbhuithe Reachtuil.

Deinim-se, A.B., a dhearbhú go sollamanta agus go dílis macánta go:—

agus deinim an dearbhú sollamanta so agus mé a chreidiúint go coinsiasach go bhfuil sé fíor agus de bhuadh an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938 .

(Sighnithe) A. B.

Ar n-a dhearbhú im’ fhianaise ag A.B., duine go bhfuil aithne phearsanta agam air (no duine do chuir C.D., duine go bhfuil aithne phearsanta agam air, in aithne dhom) i

.........................................

an...............lá so de........................

...........................

...........................