1 1941


Uimhir 1 de 1941.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1935, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [29adh Eanar, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais.

Roimh-íocanna fén Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 .

2. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 (Uimh. 54 de 1936) , agus achtuítear leis seo, ina ionad san, ná raghaidh méid iomlán na suimeanna roimhíocfar leis an mBord fé alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 ( Uimh. 32 de 1931 ), thar deich milleon dhá chéad agus naoi míle caogad punt.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 d'Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 (Uimh. 54 de 1936) , agus achtuítear leis seo, ina ionad san, go ndéanfar an tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt 13 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 ( Uimh. 4 de 1935 ), d'alt (1) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934 (Uimh. 6 de 1934) , do léiriú mar thagairt don fho-alt san roimhe seo den alt so, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san (2) den alt san 13 dá réir sin.

Stáisiúin gheiniúna leictreachais ina mbeidh móin á húsáid.

3. —(1) Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear leis seo gur cead den Bhord, do réir na gcomhacht agus na bhfeidhmeanna do bheirtear dóibh le fo-alt (3) d'alt 20 den Phríomh-Acht, stáisiúin gheiniúna leictreachais, ar n-a gceapadh chun móin d'úsáid mar thein-abhar ina haonar no i dteanta tein-abhar eile, do dhéanamh agus do chothabháil agus d'oibriú, agus gach tagairt atá sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1935, do chomhachta agus d'fheidhmeanna an Bhúird, léireofar í agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(2) Chun aon stáisiún geiniúna den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'oibriú, is cead don Bhord riar uisce do thógaint as aon abhainn agus é d'úsáid, ach déanfaidh an Bord an t-uisce uile tógfar agus a húsáidfear amhlaidh, lasmuich den chuid sin di a hídeofar tré ghalú no ar shlí eile le linn an t-uisce sin do thógaint agus d'úsáid, do chur thar n-ais san abhainn sin.

(3) Íocfaidh an Bord cúiteamh le gach duine bheidh caillte leis an mBord do thógaint agus d'úsáid aon riar uisce fén alt so agus, cheal có-aontuithe, déanfar gach iarratas alos cúitimh den tsórt san do chur fé eadrascán fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, are n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , fé is dá mba iarratas alos cúitimh i dtaobh talamh do cheannach go héigeanta é.

(4) Bainfidh ailt 69 go 74 agus ailt 76 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh is iníoctha ag an mBord fén alt so agus, chuige sin, tuigfear gurb iad an Bord bunuitheoirí an ghnóthais.

(5) Ní luighfidh aon aicsean, do réir dlí ná cothruim, i gcoinnibh an Bhúird ná i gcoinnibh aon chonnrathóra, ná fós í gcoinnibh aon duine is oifigeach no seirbhíseach don Bhord no d'aon chonnrathóir, alos ná i dtaobh aon ghnímh no ní no ruda dá dtiocfaidh cailliúint go mbeidh cúiteamh iníoctha mar gheall uirthi fén alt so.

Suimeanna áirithe do shuncáil.

4. —Is cead don Bhord aon tsuim a bheidh curtha i leataoibh fé fho-alt (2) d'alt 21 den Phríomh-Acht, no bheidh tiomsuithe ag an mBord mar chúl-chiste chun críche ar bith, do shuncáil sna hurrúis sin, ar n-a n-údarú le dlí chun cistí iontaobhais do shuncáil ionta, a mheasfaidh an Bord, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, do bheith ceart no sna hurrúis eile sin a cheadóidh an tAire Airgeadais chuige sin o am go ham.

Alt 98 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 98 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no ar aon tsreanganna leictreachais den tsórt san do chur suas no do shuidheamh no ar shuirbhéireacht bhealach beartuithe aon línte tarchuir no roinn-línte leis an mBord no leis na gnóthairí údaruithe sin” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “údaruithe sin”, agus déanfar an fo-alt san agus fo-ailt (2) agus (3) den alt san 98 do léiriú agus beidh éifeacht aca dá réir sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1935, agus den Acht so le chéile.