15 1941


Uimhir 15 de 1941.


ACHT OIFIGEACH AGUS SEIRBHÍSEACH ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN LEANÚNACHT SEIRBHÍSE OIFIGEACH AGUS SEIRBHÍSEACH DE CHUID ARD-MHÉARA RÓ-ONÓRAIGH, SHEANÓIRÍ AGUS BHUIRGÉISEACH BHAILE ÁTHA CLIATH DO CHOIMEÁD SLÁN D'AINNEOIN NEA-LÁITHREACHTAÍ ÁIRITHE Ó DHIÚITÉ. [29adh Iúl, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an bárdas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “tréimhse go bhfuil feidhm ag an Acht so maidir léi” tréimhse ar bith dar tosach an 29adh lá d'Fheabhra, 1940, no dáta dá éis sin agus dar chríoch an 20adh lá de Mhárta, 1940, no dáta roimhe sin;

cialluíonn an abairt “na hachtacháin phinsin”, maidir le hoifigeach no seirbhíseach de chuid an bhárdais, na hachtacháin a bhaineann le deontas i bhfuirm liúntais le n-a shaol no i bhfuirm aisce do dheonadh dhó ar é do scur de bheith in oifig no ar fostú.

Leanúnacht seirbhíse do choimeád slán.

2. —Má bhí oifigeach no seirbhíseach de chuid an bhárdais as láthair o dhiúité i rith tréimhse ar bith go bhfuil feidhm ag an Acht so maidir léi agus go mbeadh an tréimhse nea-láithreachta, mara mbeadh an t-alt so, ina tréimhse go bhféachfaí uirthi, chun crícheanna na n-achtachán pinsin, mar ní do bhrisfeadh leanúnacht a sheirbhíse leis an mbárdas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun na gcrícheanna san, sé sin le rá:—

(a) féachfar ar an tréimhse nea-láithreachta mar ní ná briseann leanúnacht a sheirbhíse leis an mbárdas, agus

(b) d'ainneoin forálacha na míre sin roimhe seo, ní cuirfear faid na tréimhse nea-láithreachta san áireamh nuair a bheidh faid a sheirbhíse leis an mbárdas ná, i gcás liúntas le n-a shaol no aisce do dheonadh dhó, méid an liúntas no na haisce sin á dhéanamh amach.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Oifigeach agus Seirbhíseach Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1941 , do ghairm den Acht so.