16 1941


Uimhir 16 de 1941.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ) , 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN FAIDIÚ DO DHÉANAMH, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , I bhFEIDHM. [5adh Lúnasa, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

An Príomh-Acht do bhuanú.

2. —(1) Mara gcuirtear deireadh le n-a ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, agus raghaidh in éag ansan mara gcinnidh an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

An tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1940 , d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1940 (Uimh. 18 de 1940) .

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1941 , do ghairm den Acht so.