25 1941


Uimhir 25 de 1941.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNEADH FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 , DO DHAINGNIÚ.

[11adh Mí na Samhna, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun gurbh usa-de tagairt do sna hOrduithe sin agus iad d'aithint agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san ná sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná do léiriú an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an ailt seo ná an cholúin sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1941 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Uimh. Thag.

Uimhir agus Bliain sna Rialacha agus Orduithe Reachtúla

Gearr-theideal

Abhar Generálta

1

Uimh. 70 de 1941.

Ordú chun Diúitethe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 216), 1941.

Ceadúnais do thabhairt amach maidir le gásmhéadair.

2

Uimh. 136 de 1941.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 217), 1941.

Diúité do ghearradh ar chluig, etc., áirithe.

3

Uimh. 155 de 1941.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 218), 1941.

Ceadúnais do thabhairt amach maidir le híle throm híodrocarbóin mhinearáil.

4

Uimh. 181 de 1941.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 219), 1941.

Diúité do ghearradh ar earraí cuasacha áirithe.

5

Uimh. 214 de 1941.

Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 220), 1941.

Ceadúnais do thabhairt amach maidir le pacáistí.