17 1942


Uimhir 17 de 1942.


ACHT BHORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS (AOIS-LIÚNTAS), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSIN, LIÚNTAIS, AGUS AISCÍ DO DHEONADH DO BHAILL NO I dTAOBH BALL DE BHORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS AGUS DO DHAOINE NO I dTAOBH DAOINE AR FOSTÚ AG AN mBORD SAN, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN AN BORD SAN DO BHUNÚ BINSE CHUN AIGHNIS IDIR AN BORD SAN AGUS LÁMH-OIBRITHE AR FOSTÚ, AIGE DO CHINNEADH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA NITHE UILE AGUS FÉ SEACH ADUBHRADH.

[22adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Minithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

cialluíonn an abairt “scéim aois-liúntais” scéiní aois-liúntais go bhfeidhm dlí aici de bhuadh an Achta so agus, i gcás an scéim do leasú fén Acht so, cialluíonn sí an scéim sin ar n-a leasú amhlaidh;

nuair a húsáidtear an abairt “sochair aois-liúntais” maidir le scéim aois-liúntais, foluíonn sí pinsin, liúntais agus aiscí;

cialluíonn an focal “lámh-oibridhe” duine i bhfostaíocht an Bhuird is lámh-oibridhe chun crícheanna na scéimeanna aoisliúntais;

léireofar tagairtí do shíntiús d'íoc mar thagairtí fholuíonn tagairtí d'íoc tríd an mBord do dhéanamh asbhaintí as tuarastal no págh; déanfar tagairtí do shochair aois-liúntais is iníoctha le duine no is ionfhálta ag duine no chun a bhfuil teideal ag duine do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí do shochair aois-liúntais is iníoctha le hionadaidhe pearsanta an duine sin.

Sochair aoisliúntais d'íoc le baill den Bhord.

2. —(1) I gcás ball den Bhord dar gá do réir an Phríomh-Achta no téarmaí a cheaptha a chuid aimsire ar fad do thabhairt dá dhualgais mar bhall den tsórt san do scur, tar éis dhá thréimhse no níos mó (leanúnach no nea-leanúnach) de bhallraíocht lán-aimsire sa Bhord a dhéanfaidh san iomlán deich mbliana ar a laghad agus ina mbeidh téarma oifige amháin ar a laghad de chúig bliana mar bhall lán-aimsire den Bhord, de bheith ina bhall den Bhord tré dhul in éag dá théarma oifige agus gan é athcheapadh no tré n-a cirghe as i rith a théarma oifige tar éis dó seasca bliain do shlánú no mar gheall ar easláinte roimh shlánú na haoise sin dó, is dleathach don Bhord pinsean le n-a shaol do dheonadh don bhall san de mhéid sa bhliain a háirmheofar do réir an ochtú cuid ceathrachad de thuarastal bhliantúil an bhaill sin in aghaidh gach bliana iomláine de thréimhse a bhallraíochta lán-aimsire sa Bhord, ach gan an méid sin do dhul thar an ochtú cuid ceathrachad fé fhiche den tuarastal bhliantúil sin.

(2) I gcás ball den Bhord d'fháil bháis i rith a théarma oifige tar éis tréimhse leanúnach de chúig bliana ar a laghad dar críoch tráth a bháis do bheith tugtha aige ina bhall lán-aimsire, is dleathach don Bhord aisce de mhéid is có-ionann le tuarastal bliantúil an bhaill sin do dheonadh agus d'íoc le hionadaidhe pearsanta an bhaill sin.

(3) I gcás duine dá mbeidh pinsean deonta fé fho-alt (1) den alt so d'fháil bháis chó gairid sin tar éis dó scur de bheith ina bhall den Bhord gur lugha méid an phinsin sin don tréimhse o dháta an scuir sin go dtí dáta a bháis ná a thuarastal bliantúil mar bhall den Bhord, is dleathach don Bhord aisce de mhéid is có-ionann leis an suim dar lugha méid sin an phinsin sin don tréimhse sin ná an tuarastal bliantúil sin do dheonadh agus d'íoc le hionadaidhe pearsanta an duine sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) is tuigthe gurb é is tuarastal bliantúil bhaill den Bhord ná a mheán-tuarastal bliantúil mar bhall den tsórt san ar feadh na tréimhse de thrí bliana dar críoch dáta a scurtha de bheith ina bhall no dáta a bháis, do réir mar a bheidh, agus

(b) i gcás téarma oifige bhaill den Bhord do dhul in éag agus é d'athcheapadh (pé aca roimh dháta a théarma do dhul in éag no ar an dáta san no dá éis é) chun bheith ina bhall den Bhord go ceann téarma dar tosach dáta a théarma do dhul in éag no an lá tar éis an dáta san, ní tuigthe an dul in éag san do bheith ina bhriseadh ar leanúnachas a bhallraíochta sa Bhord.

Forálacha i dtaobh pinsean ball den Bhord.

3. —(1) Aon uair a bheidh duine a mbeidh pinsean (dá ngairmtear an pinsean céad-luaidhte sa bhfo-alt so) deonta dhó fén alt deiridh sin roimhe seo ag fáil phinsin (dá ngairmtear an pinsean dara-luaidhte sa bhfo-alt so) alos seirbhíse in aon phost i roinn phuiblí no fé údarás áitiúil (pé aca roimh dheonadh an phinsin chéad-luaidhte no dá éis do deonadh an pinsean dara-luaidhte), beidh feidhm agus éifeacht ag pé foráil aca so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más có-mhéid an pinsean dara-luaidhte agus leath an tuarastail, no más mó é ná leath an tuarastail, ar dá réir do háirmhíodh méid an phinsin chéad-luaidhte, ní bheidh an pinsean céad-luaidhte iníoctha in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh an pinsean dara-luaidhte iníoctha;

(b) más lugha an pinsean dara-luaidhte ná leath an tuarastail ar dá réir do háirmhíodh méid an phinsin chéadluaidhte, ní bheidh iníoctha den phinsean chéad-luaidhte in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh an pinsean daraluaidhte iníoctha ach oiread agus is có-ionann leis an méid dar lugha méid an phinsin dara-luaidhte ná leath an tuarastail sin.

(2) Aon uair a bheidh duine a mbeidh pinsean deonta dhó fén alt deiridh sin roimhe seo ar fostú in aon phost i roinn phuiblí no fé údarás áitiúil agus a bhainfidh foráil aca so leanas leis an gcás, ansan beidh feidhm agus éifeacht ag pé foráil aca san a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha ar feadh aon tréimhse ina mbeidh ráta bliantúil luach saothair an duine sin sa phost san có-ionann le, no níos mó ná, an tuarastal ar dá réir do háirmhíodh an pinsean san;

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, ar feadh aon tréimhse ina mbeidh ráta bliantúil an luach saothair sin níos lugha ná an tuarastal san ach níos mó ná an méid dar mó an tuarastal san ná an pinsean san, ach oiread agus is có-ionann leis an méid dar lugha ráta bliantúil an luach saothair sin ná an tuarastal san.

(3) San alt so foluíonn an abairt “post i roinn phuiblí”—

(a) post ar bith le n-a ngabhann luach saothair a híoctar ar fad no go leathrannach as airgead (seachas deontas aonair no deontais ócáideacha ná hathnuaidhtear o bhliain go bliain) ar n-a sholáthar ag an Oireachtas,

(b) post ar bith is oifig phuiblí do réir bhrí an Superannuation Act, 1892, no aon achtacháin le n-a leasuítear an tAcht san, agus

(c) post ar bith i mbord no cólucht ar n-a bhunú le haon Acht den Oireachtas no fé agus a dhearbhóidh an tAire Airgeadais le hordú a bheith ina roinn phuiblí chun crícheanna an ailt seo, no post ar bith fé bhord no cólucht no mar bhall íoctha de bhord no cólucht den tsórt san.

An Bord d'ullmhú scéimcanna aoisliúntais dá bhfostaithe.

4. —(1) Chó luath agus a bheidh caothúil tar éis dáta an Achta so do rith, ullmhóidh an Bord do réir an ailt seo—

(a) scéim (dá ngairmtear scéim aois-liúntais na bhfostaithe coiteanna san Acht so) chun sochair aois-liúntais do dheonadh agus d'íoc leis na daoine uile (lasmuich de na daoine eiscithe luaidhtear san Acht so no luadhfar sa scéim féin) a bheidh ar fostú ag an mBord agus nach lámh-oibrithe, agus

(b) scéim (dá ngairmtear scéim aois-liúntais na lámh-oibrithe san Acht so) chun sochair aois-liúntais do dheonadh agus d'íoc leis na daoine uile (lasmuich de na daoine eiscithe luaidhtear san Acht so no luadhfar sa scéim féin) a bheidh ar fostú ag an mBord agus is lámhoibrithe.

(2) Nuair a bheidh scéim ullmhuithe ag an mBord de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, déanfaidh an Bord, sara gcuirid an scéim sin fé bhráid an Aire,—

(a) cóip den scéim sin do chur ar fáil ar feadh tréimhse de lá agus fiche chun a hiniúchta ag na fostaithe den Bhord do bheadh i dteideal sochair aois-liúntais d'fháil fén scéim sin ar n-a hullmhú amhlaidh, agus

(b) fógra do thabhairt do na fostaithe sin i dtaobh an chóip sin do bheith ar fáil amhlaidh chun a hiniúchta, agus

(c) gach plé cúise déanfar leis an mBord i rith na tréimhse sin ag éinne no thar ceann éinne de na fostaithe sin do ghlacadh agus do bhreithniú, agus

(d) an scéim sin d'athrú i pé slí (más ann) a mheasfaidh an Bord do bheith riachtanach no inmhianuithe ag féachaint d'aon phlé cúise déanfar leo amhlaidh.

An tAire do dhaingniú scéimeanná.

5. —(1) Cuirfidh an Bord fé bhráid an Aire gach scéim ullmhóidh an Bord de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo.

(2) Nuair cuirfear scéim fé bhráid an Aire de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, déanfaidh an tAire, fé mar a mheasfaidh is ceart, an scéim sin do chur thar n-ais go dtí an Bord chun í athbhreithniú agus í chur fé n-a bhráid athuair fén bhfo-alt san no an scéim sin do dhaingniú, le hordú dhéanfaidh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gan modhnú no go pé modhnuithe (tré adú, fágaint ar lár no athrú) a mheasfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle amhlaidh, do bheith ceart.

(3) Nuair dhéanfaidh an tAire scéim ullmhóidh an Bord do dhaingniú fén alt so, beidh feidhm dlí ag an scéim sin sa bhfuirm ina ndaingneofar amhlaidh í amhail o dháta orduithe an Aire á daingniú.

Scéimeanna leasuitheacha d'ullmhú agus do dhaingniú

6. —(1) Is dleathach don Bhord, aon uair a mheasfaid is ceart, scéim (dá ngairmtear scéim aois-liúntais leasuitheach san alt so) d'ullmhú ag leasú (tré adú, fágaint ar lár no athrú) scéime aoisliúntais do dhaingnigh an tAire roimhe sin no ag leasú (tré adú, fágaint ar lár no athrú) no ag cúlghairm scéime aois-liúntais leasuithighe bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht maidir le gach scéim aois-liúntais leasuitheach ag na forálacha den Acht so cheanglann ar an mBord, sara gcuirid scéim fé bhráid an Aire, cóip den scéim sin do chur ar fáil d'fhostaithe, fógra do thabhairt i dtaobh í bheith ar fáil amhlaidh, pléanna cúise do ghlacadh agus do bhreithniú agus athruithe do dhéanamh sa scéim sin.

(3) Cuirfidh an Bord fé bhráid an Aire gach scéim aois-liúntais leasuitheach ullmhóidh an Bord fén alt so, agus beidh na comhachta agus na dualgais chéanna ag an Aire maidir le daingniú na scéime aois-liúntais leasuithighe sin atá aige fén Acht so maidir le daingniú scéime ullmhóidh an Bord agus a chuirfidh fé n-a bhráid fé na forálacha san roimhe seo den Acht so.

(4) Ní oibreoidh aon scéim aois-liúntais leasuitheach chun scéim aois-liúntais do leasú i slí do bhéarfadh go mbeadh an scéim aoisliúntais sin contrárdha ar mhodh ar bith do na forálacha den Acht so bhaineann leis na nithe bheidh le socrú sa scéim aois-liúntais sin no leis na forálacha bheidh inti.

(5) Nuair dhaingneoidh an tAire scéim aois-liúntais leasuitheach fén alt so, beidh feidhm dlí ag an scéim sin sa bhfuirm ina ndaingneofar amhlaidh í amhail o dháta orduithe an Aire á daingniú, agus beidh éifeacht ag an scéim aois-liúntais le n-a mbainfidh an scéim aois-liúntais leasuitheach san fé réir forálacha na scéime aoisliúntais leasuithighe sin ar n-a daingniú amhlaidh.

Forálacha generálta i dtaobh lánas scéimeanna aoisliúntais.

7. —(1) Déanfaidh gach scéim aois-liúntais—

(a) a fhoráil go mbunófar ciste as a n-íocfar na sochair aoisliúntais is iníoctha fén scéim agus go riarfar an ciste sin do réir an Achta so agus na rialachán bheidh déanta fé ag an Aire, agus

(b) a fhoráil (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) go ndéanfaidh gach duine bheidh i dteideal sochar aois-liúntas fén scéim síntiúis d'íoc leis an gciste sin agus go n-íocfaidh an Bord leis an gciste sin íocaíochta ar có-mhéid a n-iomlán le méid iomlán na síntiús san a híocfar leis, agus

(c) a fhoráil go n-íocfaidh an Bord na costais a bhainfidh leis an scéim do riaradh agus an ciste sin do bhainistighe, agus

(d) a thaisbeáint go soiléir cadiad na haicmí daoine i bhfostaíocht an Bhuird a bheidh i dteideal feidhm a bhaint as an scéim agus síntiúis d'íoc agus sochair aois-liúntais d'fháil fúithi agus, go sonnrach, a léiriú cadiad na haicmí daoine is tuigthe maidir leis an scéim do bheith ina lámh-oibrithe, agus

(e) a ordú cadiad na síntiúis is iníoctha agus na sochair aoisliúntais is ionfhálta fén scéim agus (fé réir forálacha an Achta so) cadé an tseirbhís a thuillfidh an sochar san no is ionáirmhithe ina chóir, agus

(f) a ordú (fé réir forálacha an ailt seo) cadiad na cúinsi ina mbeidh daoine, fhágfaidh fostaíocht an Bhuird sara mbeidh teideal aca chun sochar aois-liúntais fén scéim, i dteideal aisíoc d'fháil, go n-ús no gan ús, i síntiúis a bheidh íoctha aca fén scéim, agus

(g) socrú chun fostaidhe den Bhord d'aistriú o scéim aoisliúntais áirithe go dtí an scéim aois-liúntais eile má bhíonn sé oiriúnach, toisc athrú do theacht i ngné fhostaíocht an fhostaidhe sin, an t-aistriú san do dhéanamh, agus

(h) socrú i dtaobh nithe bhainfidh no ghabhfaidh le gach ní no le haon ní no nithe dá luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so.

(2) I dteanta na nithe luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, forálfaidh scéim aois-liúntais na bhfostaithe coiteanna gur seirbhís leanúnach i bhfostaíocht an Bhuird ar n-a críochnú ar dháta an scurtha den fhostaíocht san mar gheall ar aois no easláinte agus seirbhís den tsórt san amháin a thuillfidh sochair aois-liúntais fén scéim sin no bheidh ionáirmhithe ina gcóir, ach forálfaidh an scéim sin freisin go ndéanfar, le linn seirbhís leanúnach den tsórt san do dhéanamh amach i gcás aon fhostaidhe áirithe, aon tréimhse sheirbhíse bheidh tugtha ag an bhfostaidhe sin i bhfostaíocht an Bhuird roimh briseadh a thárlóidh tar éis an Achta so do rith sa tseirbhís sin d'áiréamh más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh na síntiúis a bheidh íoctha ag an bhfostaidhe sin leis an gciste sin in aghaidh na tréimhse seirbhíse sin fanta sa chiste sin no d'eile, i gcás suim alos na síntiús san no alos na síntiús san go n-ús ortha do bheith aisíoctha leis an bhfostaidhe sin, go n-aisíocfar an tsuim sin leis an gciste sin, go n-ús no gan ús, ach fé réir na teorann sáruithighe ná háirmheofar ach seirbhís roimh an mbriseadh sin dob ionáirmhithe amhlaidh dá mba ná tárlódh an briseadh sin.

(3) I dteanta na nithe luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, forálfaidh scéim aois-liúntais na lámh-oibrithe gur seirbhís leanúnach i bhfostaíocht an Bhuird ar n-a críochnú ar dháta an scurtha den fhostaíocht san mar gheall ar aois no easláinte agus seirbhís den tsórt san amháin a thuillfidh sochair aois-liúntais fén scéim no bheidh ionáirmhithe ina gcóir, ach forálfaidh an scéim sin freisin—

(a) go bhfágfar gan áireamh, le linn seirbhís leanúnach den tsórt san adubhradh do dhéanamh amach i gcás aon lámh-oibridhe áirithe, aon tréimhse sheirbhíse bheidh tugtha ag an oibridhe sin i bhfostaíocht an Bhuird roimh briseadh a thárlóidh tar éis an Achta so do rith sa tseirbhís sin tré ghníomh thoiliúil o thaobh an oibridhe sin a tharraing, no dob éidir a tharraingeodh, idirbhriseadh i ngeiniúint no tarchur no iomdháil leictreachais ag an mBord no do bhac, no dob éidir a bhacfadh, cólíonadh cuibhe aon fheidhme no dualgais de chuid an Bhuird, agus

(b) go ndéanfar, le linn seirbhís leanúnach den tsórt san adubhradh do dhéanamh amach i gcás aon lámh-oibridhe áirithe, aon tréimhse sheirbhíse bheidh tugtha ag an oibridhe sin i bhfostaíocht an Bhuird roimh briseadh a thárlóidh tar éis an Achta so do rith sa tseirbhís sin d'áireamh más rud é, agus amháin más rud é, nárbh é ba chúis leis an mbriseadh sin gníomh toiliúil o thaobh an oibridhe sin den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so agus go mbeidh na síntiúis a bheidh íoctha leis an gciste sin ag an oibridhe sin in aghaidh na tréimhse seirbhíse sin fanta sa chiste sin no d'eile, i gcás suim alos na síntiús san no alos na síntiús san go n-ús ortha do bheith aisíoctha leis an oibridhe sin, go n-aisíocfar an tsuim sin leis an gciste sin, go n-ús no gan ús, ach fé réir na dteorann sáruitheach ná déanfar aon chuid den tseirbhís réamhaimseardha san a heisctear leis an mír dheiridh sin roimhe seo d'áireamh amhlaidh agus ná háirmheofar ach seirbhís roimh an mbriseadh sin dob ionáirmhithe amhlaidh dá mba ná tárlódh an briseadh sin, agus

(c) i gcás ina ndéanfar, le linn seirbhís leanúnach den tsórt san adubhradh do dhéanamh amach i gcás aon lámhoibridhe áirithe, aon tréimhse sheirbhíse de chuid an oibridhe sin d'eisceadh de bhun míre (a) den fho-alt so, go bhfanfaidh na síntiúis uile bheidh íoctha leis an gciste sin ag an duine sin no ag an mBord thar a cheann in aghaidh na tréimhse seirbhíse a heisctear amhlaidh go bhfanfaid sa chiste sin agus ná beid ionaisíoctha, agus

(d) go mbeidh gach aighneas i dtaobh briseadh a thárlóidh tar éis an Achta so do rith i seirbhís aon lámh-oibridhe í bhfostaíocht an Bhuird do theacht no gan a theacht de ghníomh thoiliúil o thaobh an oibridhe sin den tsórt a luaidhtear i mír (a) den fho-alt so go mbeidh sé le cur fé bhráid an Bhinse atá le bunú fén Acht so, agus go mbeidh breith an Bhinse sin ar an aighneas san ina breith dheiridh agus ina ceangal ar gach duine le n-a mbainfidh.

(4) Beidh i ngach scéim aois-liúntais freisin forálacha á chumasú do dhaoine le n-a mbainfidh an scéim sin agus a bheidh i bhfostaíocht an Bhuird ar dháta daingnithe na scéime a roghnú, ar shlí shonnruithe agus fé cheann aimsire sonnruithe tar éis an dáta san, feidhm do bhaint as an scéim agus síntiúis d'íoc fúithi amhail ar dháta an roghnuithe sin agus dá éis agus á thoirmeasc ar aon daoine den tsórt san ná roghnóidh amhlaidh síntiúis d'íoc no sochair aois-liúntais d'fháil fén scéim, agus fós forálacha sa chéill seo leanas maidir le gach duine a roghnóidh amhlaidh agus a íocfaidh síntiúis amhlaidh (dá ngairmtear síntiúsaire anso feasta), sé sin le rá:—

(a) beidh gach síntiúsaire i dteideal (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt i pé ceann den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so bhainfidh leis) a sheirbhís (dá ngairmtear seirbhís iar-aimseardha anso feasta) i bhfostaíocht an Bhuird ar dháta a roghnuithe amhlaidh agus dá éis d'áireamh le haghaidh sochar aois-liúntais fén scéim, agus

(b) má íocann síntiúsaire leis an gciste bunófar chun crícheanna na scéime síntiúis oiriúnacha (go n-ús iolruithe) alos a sheirbhíse (dá ngairmtear seirbhís réamhaimseardha anso feasta) i bhfostaíocht an Bhuird roimh an lá agus dar críoch an lá roimh dháta a roghnuithe amhlaidh, íocfaidh an Bord leis an gciste sin freisin síntiúis oiriúnacha (go n-ús iolruithe) alos seirbhíse réamh-aimseardha an tsíntiúsaire sin agus beidh an síntiúsaire sin i dteideal (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt mar adubhradh) go n-áirmheofaí le haghaidh sochar aois-liúntais fén scéim a sheirbhís réamhaimseardha uile maraon le pé méid (pé aca an t-iomlán no cuid é) dá sheirbhís iar-aimseardha is ionáirmhithe de bhuadh na míre sin (a) roimhe seo, agus

(c) mara n-íocaidh aon tsíntiúsaire áirithe leis an gciste sin síntiúis oiriúnacha alos a sheirbhíse réamh-aimseardha, íocfaidh an Bord leis an gciste sin síntiúis oiriúnacha (go n-ús iolruithe) alos seirbhíse réamh-aimseardha an tsíntiúsaire sin agus beidh an síntiúsaire sin i dteideal (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt mar adubhradh) go n-áirmheofaí le haghaidh sochar aois liúntais fén scéim leath a sheirbhíse réamh-aimseardha ach ní níos mó ná san maraon le pé méid (pé aca an t-iomlán no cuid é) dá sheirbhís iar-aimseardha is ionáirmhithe amhlaidh de bhuadh na míre sin (a) roimhe seo.

(5) Beidh i ngach scéim aois-liúntais freisin forálacha á ordú i dtaobh duine thiocfaidh isteach i seirbhís an Bhuird tar éis dáta daingnithe na scéime agus a bheidh i dteideal feidhm do bhaint as an scéim cadé an tslí ina bhféadfa sé agus cadé an tréimhse gur laistigh di fhéadfa sé a chur in úil don Bhord a bheith ar intinn aige feidhm do bhaint as an scéim, agus á fhoráil ná beidh duine ar bith ná cuirfidh in úil é bheith ar an intinn sin sa tslí agus fé cheann na haimsire bheidh orduithe amhlaidh i dteideal síntiúis d'íoc ná sochair aois-liúntais d'fháil fén scéim.

(6) Ní bhainfidh aon scéim aois-liúntais le haon duine eiscithe ná ní chuirfidh ar a chumas sochair aois-liúntais d'fháil fúithi.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “duine eiscithe” duine do haistríodh go dtí seirbhís an Bhuird fé fho-alt (9) d'alt 39 no fé fho-alt (5) d'alt 105 den Phríomh-Acht agus a bhfuil aige, de bhúadh a aistrithe amhlaidh, ceart chun sochar aois-liúntais is iníoctha ag an mBord, agus nach duine—

(a) d'fhág seirbhís an Bhuird roimh dháta an Achta so do rith, agus

(b) dar dheon an Bord air sin liúntas le n-a shaol no aisce, agus

(c) do hathcheapadh, tráth ar bith tar éis seirbhís an Bhuird d'fhágaint amhlaidh agus roimh dháta an Achta so do rith, chun seirbhíse an Bhuird.

Forálacha airgeadais i dtaobh scéimeanna aois-liúntais.

8. —(1) I gcás an tAire do dhaingniú scéim aois-liúntais féadfaidh an tAire, le hordú daingnithe na scéime sin no le hordú ina dhiaidh sin ar n-a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun socrú do dhéanamh chun an chiste do bhunú is gá do réir na scéime sin do bhunú chun crícheanna na scéime sin, agus chun socrú do dhéanamh chun an chiste sin do dhílsiú in iontaobhaithe agus chun na n-iontaobhaithe sin do cheapadh o am go ham fé mar is gá;

(b) chun socrú do dhéanamh chun an chiste sin do shuncáil do réir an Achta so;

(c) chun socrú do dhéanamh chun cuntais an chiste sin do choimeád agus d'iniúchadh;

(d) chun a ordú cadé an fógra bheidh le tabhairt ag na hiontaobhaithe sin don Bhord no ag an mBord do na hiontaobhaithe sin i dtaobh airgead a bheidh tugtha ar iasacht fén alt so ag na hiontaobhaithe sin don Bhord d'aisíoc;

(e) chun socrú do dhéanamh i dtaobh pé nithe eile bhainfidh le bunú, cothabháil agus riaradh an chiste sin a measfaidh an tAire gur cóir socrú do dhéanamh ina dtaobh.

(2) Féadfar an t-airgead a bheidh i gciste bunófar chun crícheanna scéime aois-liúntais do shuncáil i slí no i slite aca so leanas, ach ní in aon tslí eile, sé sin le rá:—

(a) i pé urrúis, a mbeidh údaruithe de thurus na huaire le dlí cistí iontaobhais do shuncáil ionta, a mheasfaidh iontaobhaithe an chiste, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, do bheith ceart;

(b) i pé urrúis eile, bheidh ceaduithe de thurus na huaire chuige sin ag an Aire Airgeadais, a mheasfaidh na hiontaobhaithe sin do bheith ceart;

(c) in iasachtaí don Bhord fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(3) Is dleathach go dtabharfadh iontaobhaithe chiste bheidh bunuithe chun crícheanna scéime aois-liúntais ar iasacht don Bhord, agus go dtógfadh an Bord ar iasacht o na hiontaobhaithe sin, as an gciste sin pé airgead a mheasfaidh na hiontaobhaithe sin agus an Bord do bheith ceart, agus aon uair do bhéarfaidh na hiontaobhaithe sin aon airgead den tsórt san ar iasacht amhlaidh don Bhord beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) íocfaidh an Bord ús ar an airgead san leis, na hiontaobhaithe sin;

(b) íocfar an t-ús san do réir pé ráta ar a gcó-aontófar, le toiliú an Aire Airgeadais, idir na hiontaobhaithe sin agus an Bord sara dtabharfar an t-airgead ar iasacht;

(c) beidh an t-airgead san ion-aisíoctha ar pé fógra, ar n-a thabhairt ag na hiontaobhaithe sin don Bhord no ag an mBord do na hiontaobhaithe sin, a hordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so;

(d) is chuige amháin a chaithfidh an Bord an t-airgead san chun na gcomhacht agus na bhfeidhmeanna bheirtear le dlí don Bhord d'fheidhmiú agus do chólíonadh:

(e) beidh an t-airgead san agus an t-ús air, de bhuadh an ailt seo ina muirear ar an maoin uile agus ionbhainte amach as an maoin uile ar a mbeidh réimhíoca ón Aire Airgeadais leis an mBord agus an t-ús agus na híocaíochta ciste fiach-laghduithe ina dtaobh ina muirear de thurus na huaire, agus beidh tosaíocht aca, i gcoinnibh na maoine sin, díreach i ndiaidh na muirear a luaidhtear in alt 16 den Phríomh-Acht.

(4) Is tuigthe ciste bunófar chun crícheanna scéime aois-liúntais do bheith bunuithe fé iontaobhas do-chúlghairmthe.

An Binse do bhunú.

9. —(1) Chó luath agus a bheidh caothúil tar éis dáta an Achta so do rith, cuirfidh an tAire fé ndear binse (dá ngairmtear an Binse san Acht so) do bhunú do réir an ailt seo chun na gcrícheanna luaidhtear san Acht so.

(2) Isiad a bheidh ar an mBinse ná cathaoirleach agus dhá ghnáth-bhall a ceapfar do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Bord duine de ghnáth-bhaill an Bhinse d'ainmniú agus do cheapadh;

(b) déanfaidh na daoine bheidh de thurus na huaire ar fostú ag an mBord agus is lámh-oibrithe an duine eile de ghnáth-bhaill an Bhinse d'ainmniú agus do cheapadh i pé slí a hordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so;

(c) ceapfar cathaoirleach an Bhinse ag an Aire ar an dá ghnáth-bhall dá chó-ainmniú, ach má chuireann ceachtar de na baill sin no iad araon in úil don Aire nach féidir dóibh aontú ar chó-ainmniú, déanfaidh an tAire an cathaoirleach d'ainmniú agus do cheapadh.

(3) Beidh gach ball den Bhinse, marab éag no eirghe as roimhe sin dó, i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a cheaptha, ach beidh sé ion-athcheaptha.

(4) Má bhíonn cathaoirleach an Bhinse neamh-inniúil go sealadach, ar aon chúis, ar ghníomhú mar chathaoirleach féadfaidh an tAire, ar chó-ainmniú an dá ghnáth-bhall den Bhinse, duine eile do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar chathaoirleach ar an mBinse faid a mhairfidh an neamh-inniúlacht san ach, má chuireann ceachtar de na ghnáth-bhaill sin no iad araon in úil don Aire nach féidir dóibh aontú ar chó-ainmniú, féadfaidh an tAire féin an duine d'ainmniú bheidh le ceapadh amhlaidh aige.

(5) Má bhíonn an gnáth-bhall den Bhinsc bheidh ainmnithe agus ceaptha ag an mBord neamh-inniúil go sealadach, ar aon chúis, ar ghníomhú mar bhall den Bhinse, ainmneoidh agus ceapfaidh an Bord duine eile chun gníomhú go sealadach mar bhall den Bhinse faid a mhairfidh an neamh-inniúlacht san.

(6) Má bhíonn an gnáth-bhall den Bhinse bheidh ainmnithe agus ceaptha ag na daoine bheidh de thurus na huaire ar fostú ag an mBord agus is lámh-oibrithe neamh-inniúil go sealadach, ar aon chúis, ar ghníomhú mar bhall den Bhinse, déanfaidh na daoine sin duine eile d'ainmniú agus do cheapadh (i pé slí a hordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so) chun gníomhú go sealadach mar bhall den Bhinse faid a mhairfidh an neamhinniúlacht san.

(7) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le pé duine no daoine no eagras no eagrais a chífear dó do bheith ionadathach do lámh-oibrithe ar fostú ag an mBord, rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an tslí ina n-ainmneoidh agus ina gceapfaidh na daoine bheidh de thurus na huaire ar fostú ag an mBord agus is lámhoibrithe an gnáth-bhall den Bhinse bheidh le hainmniú agus le ceapadh aca agus cadé an tslí ina n-ainmneoidh agus ina gceapfaidh na daoine sin duine chun gníomhú go sealadach mar bhall den Bhinse faid a bheidh an gnáth-bhall san neamh-inniúil ar ghníomhú mar bhall den tsórt san.

Nós imeachta an Bhinse.

10. —(1) Beidh de chomhacht ag an mBinse gach ní no éinní aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a nós imeachta féin do rialáil agus tráthanna agus áiteanna a shuidheanna do cheapadh;

(b) fianaise fé mhionn do ghlacadh agus chuige sin daoine do chur fé mhionn;

(c) a cheadú d'aon duine no daoine áirithe bheith i láthair ag suidheanna an Bhinse agus aon duine no daoine áirithe do dhúnadh amach o na suidheanna san.

(2) I gcás nach féidir don Bhinse teacht ar chinneadh aon-aonta i dtaobh éinní áirithe cuirfear fé n-a bhráid fén Acht so, is amhlaidh a bheidh cinneadh an Bhinse—

(a) má bhíonn beirt dá bhaill ar aon-aigne, do réir tuairime na beirte sin, no

(b) mara mbeidh beirt dá bhaill ar aon-aigne, do réir tuairime an chathaoirligh.

(3) Déanfar cinneadh an Bhinse i dtaobh éinní cuirfear fé n-a bhráid fén Acht so do thabhairt i scríbhinn fé láimh an chathaoirligh.

(4) Chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt ar áird beidh ag an mBinse na comhachta, na cirt, agus na príbhléidí sin uile atá dílsithe san Ard-Chuirt no i mBreitheamh di maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh Chathaoirleach an Bhinse ar aon-dul agus ar aon-éifeacht le próiseas fuirmiúil ar n-a thabhairt amach ag an Ard-Chúirt chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair no a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt ar áird.

(5) Má thárlann do dhuine ar bith ar n-a ghairm go cuibhe fén alt so chun teacht mar fhínné os cóir an Bhinse go bhfailleoidh sé teacht amhlaidh no, ar bheith os cóir an Bhinse dhó mar fhínné, go ndiúltóidh do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an cathaoirleach air a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a urláimh do thabhairt ar áird a cheanglóidh an cathaoirleach air a thabhairt ar áird no d'aon cheisteanna do fhreagairt a cheanglóidh an cathaoirleach air a fhreagairt, féadfaidh an cathaoirleach cionta an duine sin do dheimhniú don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú do dhéanamh a mheasfaidh is ceart, an duine sin do phionósú, no slí do ghlacadh chun é phionósú, fé is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na Cúirte sin.

Aighnis do chur fé bhráid an Bhinse.

11. —(1) Gach aighneas eireoidh idir an Bord agus gach duine no aon duine no daoine de na lámh-oibrithe bheidh de thurus na huaire ar fostú ag an mBord (le n-a n-áirmhítear aighnis a dearbhuítear leis an Acht so do bheith le cur fé bhráid an Bhinse) déanfar, ar iarratas ón mBord no ón bpáirtí no na páirtithe eile san aighneas, é chur fé bhráid an Bhinse agus é chinneadh ag an mBinse.

(2) Nuair a bheidh aighneas i dtaobh rátaí páigh agus uaire oibre no ceachtar aca á chinneadh, féachfaidh an Binse don phrínsiobal is bun le clás an pháigh chothruim a bhíonn de ghnáth i gconnartha riaghaltais agus do na cúinsí agus na coinníollacha generálta bhaineann le fostaíocht fén mBord, ar a n-áirmhítear na buntáistí bhaineann le fostaíocht seasta agus na sochair fé na scéimeanna aois-liúntais fén Acht so.

Forlácha speisialta i dtaobh scéime aois-liúntais na lámhoibrithe.

12. —(1) Ní bheidh duine ar bith i dteideal aon tsíntiús d'íoc ná aon tsochar d'fháil fé scéim aois-liúntais na lámh-oibrithe mara ndéanaidh ná go dtí go ndéanfaidh toiliú go n-íocfaidh síntiús fén scéim do shighniú agus do lóisteáil leis an mBord,

(2) Aon uair a bheidh duine bheidh ar fostú ag an mBord tar éis toiliú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do shighniú agus do lóisteáil leis an mBord, déanfaidh an Bord, chó luath agus is féidir, cuimre i scríbhinn do thabhairt don duine sin i dtaobh na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) leanúnachas seirbhíse leis an mBord sa mhéid go mbaineann sé le lámh-oibrithe, agus

(b) a dtiocfadh de bhriseadh do thárlachtaint i seirbhís lámhoibridhe agus, go sonnrach, a dtiocfadh de bhriseadh do thárlachtaint tré ghníomh thoiliúil a tharraingeodh, no dob éidir a tharraingeodh, idirbhriseadh i ngeiniúint no tarchur no iomdháil leictreachais ag an mBord no do bhacfadh, no dob éidir a bhacfadh, cólíonadh cuibhe aon fheidhme no dualgais de chuid an Bhuird, agus

(c) an Binse agus a fheidhmeanna.

Comhacht roghnuithe ag daoine áirithe do haistríodh go dtí seirbhís an Bhuird.

13. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “duine eiscithe” duine ar fostú ag an mBord do haistríodh go dtí seirbhís an Bhuird fé fho-alt (9) d'alt 39 den Phríomh-Acht agus a bhfuil ceart aige, de bhuadh a aistrithe amhlaidh, chun sochar aois-liúntais is iníoctha ag an mBord agus a bhforáltar ina thaobh leis an Acht so ná bainfidh aon scéim aoisliúntais leis ná ná cuirfidh ar a chumas sochair aois-liúntais fúithi d'fháil;

cialluíonn an abairt “scéim aois-liúntais iomchuibhe”, maidir le duine eiscithe, an scéim aois-liúntais do bhainfeadh leis dá mba nár dhuine eiscithe é.

(2) Féadfaidh aon duine eiscithe, tré iarratas i scríbhinn ar n-a dhéanamh chun an Bhuird tráth nach déanaighe ná mí tar éis don Aire an scéim aois-liúntais iomchuibhe do dhaingniú, a roghnú go mba thuigthe é do thabhairt suas na sochar aois-liúntais chun a bhfuil teideal aige de bhuadh a aistrithe go dtí seirbhís an Bhuird agus do bheith i dteideal ina n-ionad san go bhfuigheadh sé ón mBord sochair aois-liúntais ar aon-dul leo san do bheadh sé i dteideal d'fháil fén scéim aois-liúntais iomchuibhe dá mbaineadh an scéim sin leis.

(3) Beidh feidhm agus éifcacht ag na forálacha so leanas maidir le gach duine eiscithe dhéanfaidh chun an Bhuird, fé cheann na haimsire ceaptar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an duine eiscithe sin i dteideal go bhfuigheadh sé aon cheann de na sochair aois-liúntais chun a raibh teideal aige de bhuadh a aistrithe go dtí seirbhís an Bhuird;

(b) beidh an duine sin i dteideal go bhfuigheadh sé ón mBord sochair aois-liúntais ar aon-dul leo san do bheadh sé i dteideal d'fháil fén scéim aois-liúntais iomchuibhe dá mbaineadh an scéim sin leis;

(c) beidh an duine sin i dteideal go n-áirmheofaí chun crícheanna na sochar aois-liúntais chun a mbeidh teideal aigc fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so an uimhir chéanna de bhlianta seirbhíse leanúnaighe do bheadh sé i dteideal d'áireamh chun crícheanna na sochar aoisliúntais chun a mbeadh teideal aige dá mba ná déanfadh sé an t-iarratas san chun an Bhuird ach san fé réir na bhforálacha den scéim aois-liúntais iomchuibhe i dtaobh seirbhís leanúnach d'áireamh;

(d) d'ainneoin éinní atá sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so, ní bheidh an duine sin i dteideal go bhfuigheadh sé, alos aon tsochair áirithe, aon mhéid is mó ná an méid maximum a bheidh ceaptha leis an scéim aois-liúntais iomchuibhe alos an tsochair sin;

(e) chun áireamh do dhéanamh ar na sochair aois-liúntais chun a mbeadh teideal ag an duine sin fén scéim aois-liúntais iomchuibhe dá mbaineadh an scéim sin leis, is tuigthe gur íoc sé go cuibhe no gur híocadh go cuibhe maidir leis na síntiúis is oiriúnach fén scéim sin don uimhir de bhlianta seirbhíse bheidh sé i dteideal fén bhfo-alt so d'áireamh;

(f) fé réir na bhforálacha san roimhe seo den fho-alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha na scéime aois-liúntais iomchuibhe agus an Achta so maidir leis an duine sin díreach fé is dá mbaineadh an scéim sin leis.

(4) Másí scéim aois-liúntais na lámh-oibrithe is scéim iomchuibhe maidir le duine eiscithe áirithe, ní bheidh brí ná éifeacht le hiarratas fén alt so ón duine sin chun an Bhuird mara mbeidh dearbhú ag gabháil leis an iarratas san, agus é fé láimh an duine sin, ar aonbhrí leis an dearbhú is gá do réir an Achta so do lóisteáil leis an mBord sara n-íocfaí síntiúis agus sara bhfuighfí sochair aoisliúntais fé scéim aois-liúntais na lámh-oibrithe.

(5) Íocfaidh an Bord mar chuid dá chostais ghenerálta na sochair aois-liúntais uile a dtiocfaidh duine eiscithe chun bheith i dteideal iad d'fháil ón mBord fén alt so.

(6) Gach aighneas eireoidh idir an Bord agus duine eiscithe (le n-a n-áirmhítear duine adeir gur duine eiscithe é) maidir leis an alt so no le haon chuid d'fhorálacha an ailt seo déanfar, ar an mBord no an duine sin dá iarraidh san, é chur fé bhráid agus fé chinneadh an Bhinse agus beidh breith an Bhinse ar an gcéanna ina breith dheiridh agus ina ceangal ar an mBord agus ar an duine sin.

Comhacht don Bhord chun liúntais fhoirlíontacha d'íoc le fostaithe scoth-aosta áirithe.

14. —(1) Baineann an t-alt so le gach duine—

(a) atá i bhfostaíocht an Bhuird le linn an Achta so do rith, agus

(b) atá dachad bliain d'aois ar a laghad le linn an Achta so do rith, agus

(c) a íocann síntiús agus atá i dteideal sochar aois-liúntais fé scéim aois-liúntais, agus

(d) nach duine le n-a mbaineann an chéad alt eile.

(2) I gcás duine le n-a mbaineann an t-alt so d'imeacht as seirbhís an Bhuird ar chuma do bhéarfaidh teideal dó chun pinsean d'fháil fé scéim aois-liúntais agus an Bord dá mheas, toisc aois an duine sin le linn an Achta so do rith, an pinsean san do bheith ró-bheag ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, is dleathach don Bhord, más oiriúnach leo é, aois-liúntas foirlíontach le n-a shaol de pé méid a mheasfaidh an Bord is ceart do dheonadh agus d'íoc leis an duine sin (mar adú leis an bpinsean san) ach gan méid an phinsin sin agus an liúntais fhoirlíontaigh sin le chéile do dhul thar ceachtar de na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) méid an phinsin a mbeadh an duine sin i dteideal chuige fén scéim aois-liúntais sin dá gcuirtí deich mbliana leis an tréimhse sheirbhíse gur dá réir do háirmhíodh an pinsean san fén scéim sin, no

(b) an pinsean maximum is iníoctha fén scéim aois-liúntais sin.

Comhacht dón Bhord chun liúntais d'íoc lé daoine áirithe do haistríodh go dtí seirbhís an Bhuird.

15. —(1) Baineann an t-alt so le gach duine i bhfostaíocht an Bhuird de thurus na huaire agus do haistríodh go dtí seirbhís an Bhuird as seirbhís i ngnóthas do thóg an Bord chúcha fé alt 38 den Phríomh-Acht agus is duine ná raibh, díreach roimh an aistriú san, aon chearta aois-liúntais aige dob ionáirmhthe do réir a sheirbhísc sa ghnóthas san.

(2) I gcás duine le n-a mbaineann an t-alt so agus ná fuil seasca bliain d'aois slán aige le linn an Achta so do rith d'imeacht as seirbhís an Bhuird ar chuma do bhéarfaidh teideal dó chun pinsean d'fháil fé scéim aois-liúntais fén Acht so, is dleathach don Bhord, más oiriúnach leó é, liúntas foirlíontach le n-a shaol de pé méid a mheasfaidh an Bord is ceart (fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so) do dheonadh agus d'íoc leis an duine sin mar adú leis an bpinsean san.

(3) Ní cead liúntas foirlíontach a deonfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhuine le n-a mbaineann an t-alt so do dhul thar leath an phinsin a bheadh an duine sin i dteideal a fháil (dá mba ná beadh sé ina dhuine le n-a mbaineann an t-alt so) fén scéim aois-liúntais fén Acht so do bhainfeadh leis dá mbeadh síntiúis fén scéim sin íoctha aige féin agus ag an mBord in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís iarbhfír sa ghnóthas o n-ar haistríodh go dtí seirbhís an Bhuird é.

(4) I gcás duine le n-a mbaineann an t-alt so agus a bhfuil seasca bliain d'aois slán aige le linn an Achta so do rith d'imeacht as seirbhís an Bhuird, is dleathach don Bhord, más oiriúnach leo é, liúntas le n-a shaol do dheonadh agus d'íoc leis an duine sin de mhéid nach mó ná leath mheán-ráta bhliantúil an tuarastail no an pháigh dob iníoctha leis ag an mBord i gcaitheamh na tréimhse de thrí bliana díreach roimh imeacht as seirbhís an Bhuird dó.

Comhacht don Bhord chun aiscí d'íoc le daoine a heisctear, toise casláinte, o scéimeanna aois-liúntais.

16. —(1) Baineann an t-alt so le gach duine i bhfostaíocht an Bhuird a bhfuil coiscthe air, ar scór easláinte agus ar an scór san amháin, sintiúis d'íoc agus sochair d'fháil fé scéim aois-liúntais fén Acht so.

(2) Is dleathach don Bhord, más oiriúnach leo é, aisce d'íoc le duine le n-a mbaineann an t-alt so ar imeacht dó as seirbhís i bhfostaíocht an Bhuird de pé méid a mheasfaidh an Bord is ceart ach gan í dhul thar méid is có-ionann leis an tuarastal no an págh bliantúil dob iníoctha leis an duine sin ag an mBord díreach roimh é d'imeacht amhlaidh ná thar an dóú cuid déag den tuarastal no an págh san ar n-a hiolrú fén uimhir de bhlianta seirbhíse bheidh tugtha ag an duine sin i bhfostaíocht an Bhuird.

Costais.

17. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

(2) Íocfar mar chuid de chostais ghenerálta an Bhuird gach pinsean, aisce, liúntas agus sochar aois-liúntais eile is iníoctha ag an mBord fén Acht so agus gach síntiús agus airgead eile is iníoctha ag an mBord fé scéim aois-liúntais agus, fós, gach costas eile fé n-a raghaidh an Bord fén Acht so.

(3) Déanfaidh an Bord na costais fén Acht so maidir leis an mBinse (agus táillí d'áireamh) d'íoc mar chuid de chostais ghenerálta an Bhuird.

Gearr-theideal agus có-luadh.

18. —(1) Féadfar Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, do ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1941, agus den Acht so le chéile.