12 1943


Uimhir 12 de 1943.


ACHT ATURNAETHE, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH DAINGNITHE (GO nÉIFEACHT CHÚL-GHABHÁLACH) AR AN SAOIRSE DO BHEIRTEAR I gCÁSANNA ÁIRITHE D'ATURNAETHE I bhFOSTAÍOCHT AN STÁIT ÓNA BHEITH ORTHA DEIMHNITHE BLIANTÚLA DO THÓGAINT AMACH AGUS DO BHEITH ACA. [27adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Atúrnaethe i seirbhís an Stáit do shaoradh o dheimhnithe do thógaint amach.

1. —(1) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo ná fuil agus ná raibh riamh d'oblagáid ar atúrnae ar fostú (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é no go leathrannach roimh an dáta san agus go leathrannach dá éis) i seirbhís an Stáit mar atúrnae deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 38 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, do thógaint amach ná do bheith aige le linn é bheith ar fostú amhlaidh, agus dá bharr san—

(a) ná fuil agus ná raibh riamh cosc ar atúrnae ar fostú i seirbhís an Stáit mar adubhradh bheith cáilithe go cuibhe chun gníomhú mar atúrnae do réir bhrí ailt 6 den Acht san de dhruim amháin gan é do thógaint deimhnithe den tsórt san amach no gan a leithéid do bheith aige le linn é bheith ar fostú amhlaidh, agus

(b) ná fuil agus ná raibh riamh feidhm ná éifeacht ag alt 48 den Acht san maidir le haon ghníomh no imeacht arna dhéanamh no arna bhunú ag atúrnae le linn é bheith ar fostú amhlaidh i seirbhís an Stáit.

(2) Ní tuigthe atúrnae do bheith ar fostú i seirbhís an Stáit do réir bhrí no chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe den alt so ach amháin má bhíonn no má bhí air agus faid a bheidh no bhí air a chuid ama go léir do thabhairt don fhostaíocht san agus gur as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheidh no bhí a luach saothair go léir as an bhfostaíocht san á fháil aige.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Atúrnaethe, 1943 , do ghairm den Acht so.