22 1943


Uimhir 22 de 1943.


ACHT PRÍMH-CHISTE (Uimh. 2), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO CHUR SUIME ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR CEATHRACHAD.

[20adh Iúl, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£8,423,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Ocht Milleon Ceithre Chéad agus Trí Mhíle Fichead Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a ceathair ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £8,423,000 d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná Ocht Milleon Ceithre Chéad agus Trí Mhíle Fichead. Punt d'fháil ar íasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do réimhíoc leis an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, feadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fé pé ráta úis, agus fós fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas féna raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis arna dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal,

3. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste (Uimh. 2), 1943 , do ghairm den Acht so.