23 1943


Uimhir 23 de 1943.


ACHT LEITHREASA (Uimh. 2), 1943

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO CHUR SUIME EILE AS AN bPRÍMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR CEATHRACHAD, AGUS DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE (Uimh. 2), 1943 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍCHEANNA CUIBHE.

[2adh Mí na Nodlag, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPrimh-Chiste

£9,183,680 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1943-44.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim naoi milleon, céad agus trí mhíle ochtód, sé chéad agus ochtó punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a ceathair ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £9,183,680 do thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná naoi milleon, céad agus trí mhíle ochtód, sé chéad agus ochtó punt do thógaint ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do réimhíoc leis an Aire Airgeadais, agus chun an céanna do thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fé pé ráta úis, agus fós fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas féna raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis arna dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Prímh-Chiste ar fáil.

Deontais do Leithreasu.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £17,606,680 do leithreasú, agus leithreasaí-igcabhair, eadhon, £548,103 do chur chun úsáide.

3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht Prímh-Chiste (Uimh. 2), 1943 (Uimh. 22 de 1943) , chun slánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir o Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, suim seacht milleon déag, sé chéad agus sé mhíle, sé chéad agus ochtó punt, déantar iad do leithreasú agus is tuigthe iad do bheith leithreasuithe, amhail o dháta na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) do rith, chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis an Acht so. Is tuigthe gur cuid den Acht so na Sceidil a ghabhann leis an Acht so díreach fé is dá mbeidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar as an bPrímh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis an Acht so agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim cúig chéad agus ocht míle ceathrachad, céad agus trí puint do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa (Uimh. 2), 1943 , do ghairm den Acht so.

Sceideal (A).

DEONTAIS AS AN bPRIMH-CHISTE.

£

Chun Seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1944:

Fén Acht Prímh-Chiste (Uimh. 2), 1943 (Uimh. 22 de 1943)

8,423,000

Fén Acht so ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

9,183,680

An tIomlan      ..     ...£

17,606,680

Sceideal (B)

DEONTAIS DO LEITHREASU.

Sceideal de shuimeanna eile deonadh agus de shuimeanna eile féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteanta san, chun muirearacha na Seirbhísí Puiblí uile agus fé seach a luaidhtear anso go sonnrach d'íoc, a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1944.

Suimeanna na raghaidh thar

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Rúnaidhe don Uachtarán agus chun Costaisí áirithe eile bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin ( Uimh. 24 de 1938 )     ..     ..     ..     ..     ..

2,519

--

2

Chun Tuarastail agus Costaisí Tithe an Oireachtais, maraon le Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..

84,143

--

3

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn an Taoisigh ( Uimh. 16 de 1924 ; Uimh. 40 de 1937 ; agus Uimh. 38 de 1938 )     ..

10,331

--

4

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste ( Uimh. 1 de 1923 ), maraon le hOifig Iniúchóireachta an Arachais Náisiúnta

13,668

1,167

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Airgeadais, maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta     ..     ..

52,437

--

6

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, maraon le Seirbhísí áirithe eile atá fé riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..     ..     ..

639,600

25,110

7

Chun Pinsean Sean-Aoise (8 Edw. 7, c. 40; 1 & 2 Geo. 5, c. 16; 9 & 10 Geo. 5, c. 102; Uimh. 19 de 1924 ; Uimh. 1 de 1928 ; Uimh. 18 de 1932 ; agus Uimh. 26 de 1938 ); chun Pinsean do Dhaill ( Uimh. 18 de 1932 ; agus Uimh. 26 de 1938 ); agus chun Costaisí Riaracháin áirithe ina dtaobh san     ..     ..     ..

2,530,250

1,333

8

Chun Deolchairí ar shiúicre arna dheanamh de bhiatas dúthchais agus ar a n-íoctar aistarrac, ar thobac arna dhéanamh de dhuille dhúthchais agus ar a n-íoctar aistarrac, agus ar thobac do fásadh in Éirinn tar éis an 1adh Eanar, 1934, agus do dáilíodh ar dhéantóir agus do díthíodh ina dhiaidh sin mar thobac a bhí neamh-oiriúnach le haghaidh deantóireachta     ..     ..     ..     ..     ..

350

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Poiblidhe (1 & 2 Will. 4, c. 33, a. 5 agus 6; 5 & 6 Vict., c. 89 a. 1 agus 2; 9 & 10 Vict., c. 86, a. 2 7 agus 9; etc.)     ..     ..     ..     ..

96,042

5,467

10

Chun Caiteachais alos Foirgintí Puiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe do Chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin do Dhéanamh agus do Chothabháil     ..     ..     ..     ..

670,365

27,200

11

Chun Costaisí i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ..     ..     ..     ..     ..

2,175

--

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..     ..

6,698

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Choimisiún na Stát-Sheirbhíse ( Uimh. 5 de 1924 , agus Uimh. 41 de 1926 ), agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla ( Uimh. 39 de 1926 agus Uimh. 15 de 1940 )     ..     ..     ..     ..     ..

16,224

--

15

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta

4,701

--

16

Chun Pinsean, Aois-Liúntais, Cúitimh, agus Liúntaisí agus Aiscí, Breise agus eile, fé Reachtanna iolardha (4 & 5 Will. 4, c 24; 22 Vict, c 26; 50 & 51 Vict., c. 67; 55 & 56 Vict., c. 40; 6 Edw. 7, c. 58; 9 E. w. 7, c. 10; 4 & 5 Geo. 5, c. 86; 9 & 10 Geo. 5, c. 67 agus c. 68; 10 & 11 Geo. 5, c. 36; Uimh. 1 de 1922 ; Uimh. 34 de 1923 ; Uimh. 7 de 1925 ; Uimh. 27 de 1926 ; Uimh. 11 agus Uimh. 36 de 1929 ; Uimh. 32 de 1933 ; Uimh. 9 de 1934 ; Uimh. 39 de 1936 ; Uimh. 29 de 1938 ; Uimh. 16 agus Uimh. 21 de 1939 ; Uimh. 24 de 1942 ; etc.); Pinsean, Liúntaisí agus Aiscí, nach cinn Reachtúla, arna ndeonadh ag an Aire Airgeadais; Táillí do Dhochtúirí Réitigh agus corr-tháillí do Dhochtúirí; etc.     ..     ..     ..

353,430

12,833

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., alos Maoine Riaghaltais, agus chun Síntiúisí mar chabhair chun Rátaí ar Aitreabhacha i seilbh Ionadaithe do Riaghaltaisí Coigríche d'íoc     ..     ..

103,015

407

18

Chun Seirbhíse Seicréidighe     ..     ..

13,300

--

19

Chun Costaisí fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus fé Acht na nGiúirithe, 1927 ( Uimh. 12 de 1923 agus Uimh. 23 de 1927 )     ..     ..     ..     ..     ..

17,000

--

20

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair agus íocaíochtaí áirithe alos Cúitimh mar gheall ar Bhás no Díobhála Pearsanta     ..

7,170

--

21

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair; chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamaíochta, agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí; agus chun Iltseirbhísí Ilghnéitheacha, ar a n-áirmhítear Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ..     ..

100,269

21,553

22

Chun Tuarastail agus Costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann (15 & 16 Vict., c. 63; 17 Vict., c. 8 agus c. 17; 20 & 21 Vict., c. 45; 22 & 23 Vict., c. 8; 23 Vict., c. 4; 27 & 28 Vict., c. 52; 37 & 38 Vict., c. 70; 61 & 62 Vict., c. 37; Uimh. 19 de 1923 ; Uimh. 3 de 1927 ; Uimh. 27 de 1930 ; Uimh. 27, Uimh. 47 agus Uimh. 55 de 1931 ; Uimh. 19 de 1932 ; Uimh. 28 de 1937 ; Uimh. 21 de 1939 ; agus Uimh. 8 de 1940 ; Ordú Rialtais -Áitiúla (Achtanna d'Oiriúnú agus do Chur i mBaint, 1925); maraon le Luacháil Diúité Estáit (10 Edw. 7, c. 8), etc.     ..

23,075

4,463

23

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordonáis agus MiontSeirbhísi, ar a n-áirmhítear Macsamhla de Láimhscríbhinní Seanda do dhéanamh     ..     ..     ..     ..     ..     ..

-17,833

903

24

Chun an Deontais d'Údaráis Áitiúla i gcóir Faoisimh maidir le Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta do mhéadú ( Uimh. 35 de 1925 , Uimh. 28 de 1931 , agus Uimh. 23 de 1939 )     ..     ..     ..     ..     ..

820,989

--

25

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Ard-Aighne, etc., agus chun Costaisí Coir-Phróiseacht agus Dlí-Mhuirearacha eile, ar a n-áirmhítear Deontas i gCabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ..

44,938

1,333

26

Chun Deontaisí d'Ollscoileanna agus do Choláistí (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 32 de 1926 ; Uimh. 35 de 1929 ; agus Uimh. 27 de 1934 ), ar a n-áirmhítear Deontaisí áirithe i gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

84,430

--

27

Chun íocaíochta leis an gCuntas Suncála Pinsean [Achtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 et seq.]     ..     ..     ..     ..

300,000

--

28

Chun Oifig Thaighde Eolaíochta Ré na Práinne, maraon le Deontas-i-gCabhair

21850

--

29

Chun Luach Saothair alos Stuic Riaghaltais do Bhainistighe     ..     ..     ..

140

--

30

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Talmhaidheachta agus Seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ..

902,844

153,539

31

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Iascach Mara agus Intíre, maraon lé hIldeontaisí-i-gCabhair     ..     ..     ..

9,952

16,407

41

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, agus seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin, ar a n-áirmhítear Deontaisí agus Costaisí eile i dtaobh Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, Ildeontaisí Ilghnéitheacha agus Ildeontaisí-i-gCabhair agus muirearacha áirithe mar gheall ar Ospidéil     ..

1,046,460

12,306

42

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Ard-Chlárathóra na mBeireatas, etc. (7 & 8 Vict., c. 81, a. 54; 26 Vict., c. 11, a. 9 agus c. 27; 26 & 27 Vict., c. 52, a. 11 agus c. 90, a. 20; 42 & 43 Vict., c. 70; agus 43 & 44 Vict., c. 13)     ..     ..

9,056

3,000

43

Chun Costaisí Cothabhála Gealt Cuirpthe i nGealtlainn Dúndroma (8 & 9 Vict., c. 107)     ..     ..     ..     ..

11,095

662

44

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942, agus na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1940, do Riaradh; chun Seirbhísí áirithe i dtaobh Liúntaisí Bidh ( Acht Comhachta Práinne, 1939 ), agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí, ar a n-áirmhítear Deontaisí áirithe i gCabhair alos Costais Sochar agus Costaisí Riaracháin fé na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta     ..     ..     ..     ..     ..

227,687

41,217

61

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Puist agus Telegrafa (45 & 46 Vict., c. 74; 8 Edw. 7, c. 48; 1 & 2 Geo. 5, c. 26; Na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928; Uimh. 14 de 1940 (a. 30 agus 31); Uimh. 14 de 1942 (a. 23), etc.), agus Seirbhísí áirithe eile atá fé riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..

1,775,210

94,623

62

Chun Tuarastail agus Costaisí eile i dtaobh Fóirleatha Nea-shreangaigh ( Uimh. 45 de 1926 )     ..     ..     ..     ..     ..

52,580

--

63

Chun an Airm agus Cúltaca an Airm (maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), agus chun Costaisí áirithe riaracháin ina dtaobh san; chun Costaisí Oifig an Aire Cóimhriartha Cosantais; chun Costaisí i dtaobh daoine áirithe do thriail agus do choinneáil ( Uimh. 28 de 1939 , Uimh. 1 de 1940 , agus Uimh. 16 de 1940 , etc.); chun Costaisí áirithe fé na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940 ( Uimh. 13 de 1939 agus Uimh. 2 de 1940 ) agus fén Acht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939) ; chun Cúl-Sholáthairtí Leighis d'Ospidéil Síbhialta; chun Costaisí áirithe de chuid an Fhórsa Chosanta Áitiúil (ar a n-áirmhítear Deontaisí-i-gCabhair) ( Uimh. 28 de 1939 ); chun Costaisí áirithe i dtaobh an Chuimhneacháin Speisialta ar Eirghe Amach 1916; chun Costaisí áirithe i dtaobh na Comhairle Náisiúnta re Tairmreith Fola; agus chun Deontais do Chumann Croise Deirge na hÉireann

5,672,654

124,580

64

Chun Pinsean Créachta agus Mí-ábaltachta, Pinsean Breise agus Pinsean Fear Pósta, Liúntaisí agus Aiscí ( Uimh. 26 de 1923 , Uimh. 12 de 1927 , Uimh. 24 de 1932 , Uimh. 15 de 1937 , agus Uimh. 2 de 1941 ), Pinsean, Liúntaisí agus Aiscí Seirbhíse Míleata ( Uimh. 48 de 1924 , Uimh. 26 de 1932 , Uimh. 43 de 1934 , agus Uimh. 33 de 1938 ), Pinsean, Liúntaisí agus Aiscí ( Uimh. 37 de 1936 ); Iocaíochtaí alos Cúitimh do bhaill den Fhórsa Chosanta Áitiúil ( Uimh. 28 de 1939 ); agus chun Sintiúisí agus Costaisí iolardha ina dtaobh san, etc.     ..     ..     ..     ..     ..

414,022

--

65

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin ( Uimh. 16 de 1924 )     ..     ..     ..

63,000

--

66

Chun Síntiús mar chabhair do Chostaisí Chumann na Náisiún     ..     ..     ..

8,058

--

67

Chun Scéimeanna Fostaíochta agus Scéimeanna Práinne (ar a n-áirmhítear Fóirthin ar Ghatar).     ..     ..     ..

850,000

68

Chun Conganta Airgid alos Tora Talmhaíochta, etc.     ..     ..     ..     ..

467,000

--

72

Chun Cúitimh agus Iocaíochtaí eile alos Díobhála do Mhaoin arna ndéanamh de dheascaibh bombaí do scaoileadh anuas o aer-árthaighe coigríche agus teagmhaisí den tsamhail chéanna le linn an Stát do bheith gan bheith páirteach i gcogadh ( Uimh. 24 de 1941 )     ..     ..     ..

55,250

--

73

Chun Cúitimh agus Iocaíochtaí eile alos Díobhála Pearsanta arna ndéanamh do dhaoine, ar shlí seachas mar bhaill de Sheirbhísí Stáit, de dheascaibh bombaí do scaoileadh anuas o aer-árthaighe coigríche agus teagmhaisí den tsamhail chéanná le linn an Stát do bheith gan bheith páirteach i gcogadh     ..

4,870

--

An tIomlan          ..£

17,606,680

548,103