1 1944


Uimhir 1 de 1944.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1942. [23adh Feabhra, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

tá leis na habairtí “an tAire” agus “cumann maitheasa puiblí” agus leis an bhfocal “tigh” na bríonna atá leo fé seach i gCuid II den Phríomh-Acht.

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht dá leasú.

2. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas:

(a) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1945, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann fé leith de mhíreanna (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den fho-alt san (1);

(b) léireofár mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1945, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1942, atá i bhfo-mhír (i) de mhír (i) den fho-alt san (1) (eadhon, an fho-mhír do cuireadh isteach ann trí mhír (b) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 ( Uimh. 3 de 1939 ));

(c) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1945, gach tagairt fé leith don 1adh lá d'Abrán, 1940, atá i mír (j) den fho-alt san (1) (eadhon, an mhír do cuireadh isteach ann trí mhír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 ( Uimh. 3 de 1939 )).

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1942 ( Uimh. 15 de 1942 ).

(3) Beidh an t-alt so mar bheadh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus ón lá san amach.

Brí an fhocail “athdéanamh”.

3. —(1) Nuair a húsáidtear an focal “athdéanamh” maidir le tigh in Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1942, cialluíonn sé aon athrú déanmhais do dhéanamh ar an tigh, lena n-áirmhítear é leathnú no é mhéadú, no aon oibreacha eile do dhéanamh maidir leis an tigh is dóich leis an Aire do bheith riachtanach do réir réasúin chun é dhéanamh níos oiriúnaighe chun daoine do chomhnaidhe ann, agus léireofar dá réir sin focail atá gaolmhar leis nuair a húsáidtear amhlaidh iad.

(2) Beidh an t-alt so mar bheadh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige amhail o dháta an Phríomh-Achta do rith.

Cabhair do chumann maitheasa puiblí.

4. —I gcás cumann maitheasa puiblí do chur tithe do lucht oibre ar fáil tar éis an 1adh lá d'Iúl, 1940, agus roimh dháta an Achta so do rith, no tar éis dáta an Achta so do rith, agus na tithe sin d'úsáid mar áiteanna comhnaithe do dhaoine bheidh easáitithe de dheascaibh aon ghníomhartha fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, o údarás áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire agus do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, cabhair do thabhairt don chumann maitheasa puiblí i slí no i slite aca so leanas:—

(a) trí iasacht,

(b) trí rann-íoc chun na muirear bliantúil i leith iasachtaí,

(c) trí dheontas caipitiúil.

(d) trí thalamh do dheonadh no do léasú,

(e) trí oibreacha forbairte foirgníochta do dhéanamh.

Cúiteamh i gcabhair a bheidh tugtha do chumann maitheasa puiblí.

5. —I gcás údarás áitiúil do thabhairt cabhrach fé alt 4 den Acht so i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (b), (c), (d) agus (e) den alt san, féadfaidh an tAire, do réir na rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, an t-údarás áitiúil do chúiteamh sa chabhair a bheidh tugtha amhlaidh.

Gan rátaí do bheith ionmhaithte.

6. —Is tuigthe nach áit chomhnaithe do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 ( Uimh. 8 de 1940 ), arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943) , tigh a dtabharfar cabhair ina leith fé alt 4 den Acht so.

Rialacháin.

7. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun crícheanna an Achta so.

Costais.

8. —Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh d'íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

Gearr-theideal agus có-luadh.

9. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1944, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1942, agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL

Rialacha i dtaobh Iocaiochtai Cuitimh.

1. Sna Rialacha so cialluíonn an abairt “na rann-íocanna oiriúnacha”, maidir le cabhair do bhéarfaidh údarás áitiúil do chumann maitheasa puiblí i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (b), (c) (d) agus (e) d'alt 4 den Acht so, na rann-íocanna d'fhéadfadh an tAire do dhéanamh do réir ailt 6 den Phríomh-Acht dá mb'é an t-údarás áitiúil féin a chuirfeadh na tithe iomchuibhe ar fáil le hairgead a thógfaidís ar iasacht suas go dtí méid ba chóionann leis an gcostas, arna chinneadh do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, féna raghadh an cumann maitheasa puiblí chun na tithe sin do chur ar fáil.

2. I gcás an chabhair iomchuibhe do thabhairt sa tslí a luaidhtear i mír (b) d'alt 4 den Acht so agus sa tslí sin amháin, féadfaidh an tAire pé íocaíochta cúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos na cabhrach san ach gan luach caipitiúil na n-íocaíocht cúitimh do dhul thar luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha.

3. I gcás an chabhair iomchuibhe do thabhairt i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (c), (d) agus (e) d'alt 4 den Acht so agus mar sin amháin, féadfaidh an tAire pé íocaíocht chúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos luach na cabhrach san, arna chinneadh do réir na rialachán a déanfar chun crícheann an Achta so, ach gan an íocaíocht chúitimh do dhul thar luach caipitiúil na ranníocanna oiriúnacha.

4. I gcás an chabhair iomchuibhe do thabhairt go leathrannach sa tslí luaidhtear i mír (b) d'alt 4 den Acht so agus go leathrannach i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (c), (d) agus (e) den alt san, féadfaidh an tAire—

(a) pé íocaíochta cúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos na cabhrach do bhéarfar sa tslí luaidhtear sa mhír sin (b), ach gan luach caipitiúil na n-íocaíocht do dhul thar luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha, no

(b)     (i) pé íocaíocht chúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos an mhéid is luach, arna chinneadh do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, don chabhair do bhéarfar i slí no i slite dá luaidhtear sna míreanna san (c), (d) agus (e), ach gan an íocaíocht chúitimh do dhul thar luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha, agus

(ii) más lugha de mhéid ar bith an íocaíocht chúitimh sin ná luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha, pé íocaíochta breise cúitimh a mheasfáidh is ceart do dhéanamh alos na cabhrach a bhéarfar sa tslí a luaidhtear sa mhír sin (b), ach gan luach caipitiúil na n-íocaíocht cúitimh breise do dhul thar an méid sin.