|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1944. | ||
[EN] |
ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1944. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] |
ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE, GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR ALT 8 D'ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 , AGUS AR ALT 20 D'ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1934 . | ||
[15adh Márta, 1944.] |
ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1934” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) . | |
[EN] |
Leasú cúlghabhálach ar alt 8 d'Acht 1924. |
2. —(1) I gcás pinsean do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis) fé Acht 1924, beidh éifeacht, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) is tuigthe an pinsean do bheith ar marthain go leanúnach feadh na tréimhse dar tosach dáta a thosnuithe agus dar críoch dáta a dheonta, agus | |
[EN] | (b) is tuigthe an duine dar deonadh é do bheith á fháil go leanúnach feadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (2) Sa mhéid go mbaineann fo-alt (1) den alt so le haon phinsean áirithe arna dheonadh fé Acht 1924, is tuigthe an fo-alt san do theacht i ngníomh ar dháta tosnuithe an phinsin agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta san agus dá éis. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “dáta tosnuithe”, maidir le pinsean arna dheonadh fé Acht 1924, an dáta ar ar thosnuigh an pinsean de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 4 d'Acht 1924 no de bhuadh an fho-ailt sin arna leasú le halt 16 d'Acht 1934. | |
[EN] |
Leasú cúlghabhálach ar alt 20 d'Acht 1934. |
3. —(1) I gcás pinsean do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis) fé Acht 1934, beidh éifeacht, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 20 d'Acht 1934, ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) is tuigthe an pinsean do bheith ar marthain go leanúnach feadh na tréimhse dar tosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1934, agus dar críoch dáta a dheonta, agus | |
[EN] | (b) is tuigthe an duine dar deonadh é do bheith á fháil go leanúnach feadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh an 9adh lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta san agus dá éis. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus có-luadh. |
4. —Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1944, do ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1934, agus den Acht so le chéile. |