6 1945


Uimhir 6 de 1945.


AN tACHT TOGHCHÁIN (DÁIL ÉIREANN AGUS ÚDARÁIS ÁITIÚLA), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA TIMPEALL TOGHCHÁN, 1923, AGUS AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (REACHT-SHAOIRSE DO LEATHNÚ), 1935, TRÍD AN 15ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR DO CHUR IN IONAD AN 15ú LÁ DE SHAMHAIN MAR DHÁTA CÁILITHEACH DO THOGHTHÓIRÍ DÁLA AGUS TOGHTHÓIRÍ RIALTAIS ÁITIÚIL FA SEACH AGUS DO DÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE LEANAS AS NA LEASUITHE SIN. [20ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1935” an t Acht Rialtais Áitiúil (Reacht-Shaoirse do Leathnú), 1935 (Uimh. 9 de 1935) .

Alt 6 d'Acht 1923 do leasú.

2. —Beidh éifeacht ag Acht 1923 fé is dá gcuirtí an t-alt so leanas in ionad ailt 6:—

“6.—An 15ú lá de Mheán Fómhair an dáta cáilitheach do gach clár.”

Alt 7 d'Acht 1923 do leasú.

3. —Beidh éifeacht ag Acht 1923 fé is dá gcuirtí an t-alt so leanas in ionad ailt 7:—

“7.—Chun críocha an Achta so, is tuigthe gurb é is aois do dhuine an aois do bhí ag an duine sin an 15ú lá de Mheán Fómhair, sé sin, an dáta cáilitheach.”

Alt 8 d'Acht 1923 do leasú.

4. —(1) Cuirfear na fó-ailt seo leanas in ionad fó-alt (1) agus (2) d'alt 8 d'Acht 1923:—

“(1) Déanfar aon chlár amháin de thoghthóirí d'ullmhú gach bliain de dhaoine bhí cáilithe mar thoghthóirí an 15ú lá de Mheán Fómhair roimhe sin.

(2) Tiocfaidh gach clár i bhfeidhm ar thosnú don 15ú lá d'Abrán díreach i ndiaidh an dáta cháilithigh ar ina leith a déanfar an clár san agus fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh bliana.”

(2) D'ainneoin éinní atá i bhfó-alt (1) den alt so tiocfaidh an clár de dhaoine bhí cáilithe mar thoghthóirí Dála an 15ú lá de Shamhain, 1944, i ngníomh an lú lá de Meitheamh, 1945, ach scoirfidh de bheith i bhfeidhm an 14ú lá d'Abrán, 1946.

An Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 do leasú.

5. —Déanfar na leasuithe seo leanas sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1923:—

(a) i Riail 6, cuirfear “an 24ú lá de Shamhain” in ionad “an 29ú lá d'Eanar”,

(b) i Riail 9, cuirfear “an 22ú lá de Nollaig” in ionad “an 26ú lá d'Fheabhra”,

(c) i Riail 11, cuirfear “an 6ú lá d'Eanar” in ionad “an 12ú lá de Mhárta”,

(d) i Riail 12, cuirfear “an 14ú lá de Nollaig” in ionad “an 19ú lá d'Fheabhra”, agus cuirfear “an 20ú lá d'Eanar” in ionad “an 26ú lá de Mhárta”,

(e) i Riail 13, cuirfear ‘an 30ú lá de Nollaig” in ionad “an 5ú lá de Mhárta”,

(f) i Riail 14, cuirfear “an 20ú lá d'Eanar” in ionad “an 26ú lá de Mhárta”,

(g) i Riail 16, cuirfear “an 22ú lá de Nollaig” in ionad “an 26ú lá d'Fheabhra”,

(h) i Riail 23, cuirfear “an 20ú lá d'Eanar” in ionad “an 26ú lá de Mhárta”,

(i) i Riail 26, cuirfear “an 15ú lá d'Abrán” in ionad “an lú lá de Mheitheamh”.

Leasú iarmartach ar alt 4 den Acht chun Toghthóirí. Rialtais Áitiúil do Chlárú, 1924.

6. —Na tagairtí d'Acht 1923 atá in alt 4 (a chuireas Act 1923 i mbaint le clarú toghthóirí rialtais áitiúl) den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúil do Chlarú, 1924 (Uimh. 7 de 1924) , léireofar iad mar thagairtí d'Acht 1923, arna leasú leis an Acht so.

Alt 2 d'Acht 1935 do leasú.

7. —I bhfó-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1935 ciallóidh an abairt “dáta cáilíochta” an 15ú lá de Mheán Fómhair.

An míniú atá ar “dáta cáilíochta” in Acht 1935 d'athghairm.

8. —Athghairmtear leis seo an míniú (atá i bhfó-alt (1) d'alt] d'Acht 1935) ar an abairt “dáta cáilíochta”.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945, do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1945.