8 1945


Uimhir 8 de 1945.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE I dTAOBH RIALTAIS ÁITIÚIL I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH. [20ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

Acht 1941.

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) ;

an chathair.

ciallaíonn an abairt “an chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

comhairle na cathrach.

ciallaíonn an abairt “comhairle na cathrach” an chomhairle do bunaíodh leis an Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , don chathair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

An uimhir de chomhaltaí ar chomhairle na cathrach do mhéadú.

2. —(1) Beidh comhairle na cathrach, ar an gcéad ghnáth-lá chun a comhaltaí do dhul as oifig tar éis dáta an Achta so do rith agus ón lá san amach, comhdhéanta de chúig chomhalta ceathrachad agus dá réir sin toghfar an uimhir sin de chomhaltaí i ngach toghchán do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis dáta an Achta so do rith.

(2) An méid de mhír (a) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1935 (Uimh. 10 de 1935) , a achtaíos go mbeidh comhairle na cathrach comhdhéanta de chúig chomhalta tríochad, beidh sé arna athghairm ar an gcéad ghnáth-lá chun comhaltaí chomhairle na cathrach do dhul as oifig tar éis dáta an Achta so do rith.

Iogh-líomatáistí sa chathair.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú,—

(a) an chathair do roinnt as an nua ina togh-líomatáistí, agus

(b) a dháiliú do gach togh-líomatáiste fá leith acu san an uimhir de chomhaltaí de chomhairle na cathrach a bheas le toghadh dhó.

(2) Beidh d'oblagáid ar an Aire ordú do dhéanamh fán alt so roimh an gcéad toghchán do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis dáta an Achta so do rith.

(3) Fá réir fó-ailt (2) den alt so, féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh fán alt so aon uair agus a mhinice mheasfaidh is ceart é.

(4) Is é an méid togh-líomatáistí ina roinnfear an chathair le hordú fán alt so ná cúig cinn nó níos mó agus is iad na líomatáistí sin is togh-líomatáistí buirge sa chathair chun críocha an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus achtachán ina dhiaidh sin.

(5) Nuair a bheas na huimhreacha de chomhaltaí bheas le toghadh do na togh-líomatáistí sonnrófar san ordú á ndáiliú aige le hordú fán alt so, féachfaidh an tAire do dhaonraí agus do luachála inrátuithe na líomatáistí sin.

(6) An roinnt ina togh-líomatáistí a déanfar ar an gcathair le hordú fán alt so, beidh éifeacht aici (gan dochar d'aon ordú den tsórt san ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis dáta an orduithe do dhéanamh agus as san amach.

(7) Is í an uimhir de chomhaltaí bheas le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis ordú fán alt so do dhéanamh, do gach togh-líomatáiste fá leith a sonnrófar san ordú ná (gan dochar d'aon ordú den tsórt san ina dhiaidh sin) an uimhir a dáileofar leis an ordú don toghlíomatáiste sin.

(8) Déanfar gach ordú fán alt so do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den seacht lá shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh fána bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fán ordú.

Leas-Ard-Mhéara ar Bhaile Atha Cliath do cheapadh.

4. —(1) Muran féidir d'Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath a fheadhmanna do chomhlíonadh ar feadh aon tréimhse áirithe, toisc é bheith breoite nó as láthair de riachtanas ón gcathair, féadfaidh sé, fá réir forál an ailt seo, comhalta de chomhairle na cathrach do cheapadh ina Leas-Ard-Mhéara ar Bhaile Atha Cliath ar feadh na tréimhse sin agus féadfaidh an duine ceapfar amhlaidh feadhmanna Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath do chomhlíonadh ar feadh na tréimhse sin.

(2) Ach amháin le toiliú chomhairle na cathrach, ní sia ná dhá mhí an tréimhse ar ina haghaidh a ceapfar duine fá fhó-alt (1) den alt so.

(3) Má déantar an chumhacht do bheirtear le fó-alt (1) den alt so d'fheidhmiú maidir le dhá thréimhse nó níos mó i rith aon tréimhse áirithe de dhá mhí dhéag, ní sia ná trí mhí iomlán na dtréimhsí sin mura dtoilí comhairle na cathrach leis.

(4) Athghairmtear leis seo alt 48 den reacht Éireannach príobháideach do ritheadh, roimh an Aontacht, sa tsiosón 1771-72 agus dárb uimhir chapter XI (An Act for better regulating the Foundling Hospital and Work-house in the city of Dublin, etc., 11 & 12 Geo. III, c. xi).

An tréimhse d'fhaidiú chun an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh.

5. —(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.

(2) Fá réir fó-ailt (3) den alt so, beidh an lá atá le ceapadh fá alt 45 d'Acht 1941, chun an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh, laistigh den tréimhse dár tosach lá an Achta so do rith agus dár críoch an lú lá d'Iúl, 1946.

(3) Má thagann an tAire ar an tuairim nach maith an chomhairle an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh laistigh den tréimhse luaitear i bhfó-alt (2) den alt so—

(a) toisc athrú ar chomhdhéanamh agus feadhmanna na n-údarás a riaras údarás áitiúil i gcontae Bhaile Atha Cliath do bheith á bhreithniú ag an Aire,

(b) toisc atheagrú ar riaradh feadhmanna chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath nó aon chomhluchta a ndéanann an chomhairle sin a gcostas do sholáthar i bpáirt nó go hiomlán do bheith gan críochnú, nó

(c) ar aon chúis eile bhaineas le riaradh feadhmanna chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath,

féadfaidh an tAire, le hordú, an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse nach sia ná dhá bhliain nó, le sreath d'orduithe, í d'fhaidiú tréimhsí i ndiaidh a chéile nach sia ná dhá bhliain san iomlán.

(4) Más sa bhliain 1946 nó sa bhliain 1947 a comórfar an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath—

(a) gan dochar d'fhó-alt (4) d'alt 45 d'Acht 1941, ní toghchán cinn trí mblian a bheas sa toghchán nua, agus

(b) déanfar toghchán do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh freisin sa bhliain 1948 agus is toghchán cinn trí mblian bheas sa toghchán san.

(5) Más sa bhliain 1945 nó sa bhliain 1948 a comórfar an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath is toghchán cinn trí mblian bheas ann.

(6) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.

(7) Déanfar gach ordú fán alt so do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh fána bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fán ordú.

An toghchán nua do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile Atha Cliath do chur siar.

6. —(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile Atha Cliath is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.

(2) Comórfar toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile Atha Cliath sa bhliain 1948 (ar a luaithe) do réir na bhforál chuige sin atá san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus is tuigthe gurb é an toghchán san an toghchán nua.

(3) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.

An toghchán nua do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Ráth Dúin do chur siar.

7. —(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Ráth Dúin is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.

(2) Comórfar toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Ráth Dúin sa bhliain 1948 (ar a luaithe) do réir na bhforál chuige sin atá san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus is tuigthe gurb é an toghchán san an toghchán nua.

(3) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.

An toghchán nua do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile an Ridire do chur siar.

8. —(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile an Ridire is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.

(2) Comórfar toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile an Ridire sa bhliain 1948 (ar a luaithe) do réir na bhforál chuige sin atá san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus is tuigthe gurb é an toghchán san an toghchán nua.

(3) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.

Achtacháin láithreacha d'oiriúnú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe do dhéanamh, ar aon achtachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith agus a bhaineas le nithe lena mbaineann an tAcht so, is dóigh leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an achtachán i gcomhréir le forála an Achta so.

(2) Déanfar gach ordú fán alt so do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh fána bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fán ordú.

Gearr-theideal agus comhluadh.

10. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1945, do ghairm den Acht so agus de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1940, le chéile.