16 1945


Uimhir 16 de 1945.


AN tACHT UM BORD RÁSAÍOCHTA AGUS RÁS-CHÚRSAÍ, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN SÍOLRÚ CAPALL AGUS RÁSAÍOCHT CHAPALL D'FHEABHSÚ AGUS D'FHORBAIRT AGUS CHUN STIÚRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH AR RÁS-CHÚRSAÍ, AGUS CHUN NA CRÍCHE SEO AGUS CRÍOCHA EILE DO BHUNÚ BUIRD DÁ nGAIRMFEAR AN BORD RÁSAÍOCHTA, DO MHÍNIÚ A CHUMHACHT AGUS A DHUALGAS, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH GEALL-GHLACADÓIRÍ A DHÉANANN GEALLTÓIREACHT CHÚRSA AGUS D'FHORCHUR DLEACHT AR GHEALL-GHLACADÓIRÍ I LEITH GEALL CÚRSA, DO SCUR BHORD URLÁMHAIS NA GEALLTÓIREACHTA MEICNIÚLA IN ÉIRINN AGUS D'AISTRIÚ A MHAOINE AGUS A DHLITEANAS CHUN AN BHUIRD RÁSAÍOCHTA, DÁ ÚDARÚ DON IRISH TURF CLUB AGUS DON IRISH NATIONAL HUNT STEEPLECHASE COMMITTEE DAOINE D'EISCEADH Ó RÁS-CHÚRSAÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [5ú Bealtaine, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

oifigeach údaraithe don Bhord.

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe don Bhord” duine arna cheapadh i scríbhinn ag an mBord chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha Coda III den Acht so;

rás-chúrsa údaraithe.

ciallaíonn an abairt “rás-chúrsa údaraithe” rás-chúrsa ar a mbíonn rás-chruinnithe ar siúil le ceadú comhluchta amháin nó an dá chomhlucht de na Comhluchta Rialúcháin;

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” an Bord Rásaíochta a bunaítear leis an Acht so;

geall cúrsa.

ciallaíonn an abairt “geall cúrsa” geall a dhéanfaidh geallghlacadóir ceadúnaithe, ar rás-chúrsa údaraithe nó ina mhaighin le linn rás-chruinniú do bheith ar siúl ar an rás-chúrsa údaraithe sin, ar rás capall is ceann de na rásanna ag an rás-chruinniú san;

cead gealltóireachta cúrsa.

ciallaíon an abairt “cead gealltóireachta cúrsa” cead arna dheonadh ag an mBord fá alt 24 den Acht so;

an chuideachta scortha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta scortha” an chuideachta ar a dtugtar Bord Urlámhais na Gealltóireachta Meicniúla in Éirinn agus a scortar leis an Acht so;

dáta an bhunuithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an bhunuithe” an dáta ceapfar chun bheith ina dháta bhunuithe chun críocha an Achta so le hordú ón Aire arna dhéanamh fá alt 3 den Acht so;

feadhmannach rás-chúrsa údaraithe.

ciallaíonn an focal “feadhmannach”, maidir le rás-chúrsa údaraithe, an duine ar leis an rás-chúrsa san nó a stiúraíos é;

Comhlucht Rialúcháin.

ciallaíonn an abairt “Comhlucht Rialúcháin” aon chomhlucht gurb é atá ann—

(a) an Irish Turf Club,

(b) an Irish National Hunt Steeplechase Committee;

dleacht.

ciallaíonn an focal “dleacht” dleacht is iníoctha fá alt 27 den Acht so;

geall-ghlacadóir ceadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “geall-ghlacadóir ceadúnaithe” duine is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas geall-ghlacadóra do tugadh amach dó fán Acht um Gheall-Chur, 1931 (Uimh. 27 de 1931) ;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

maighean rás-chúrsa údaraithe.

ciallaíonn an focal “maighean”, maidir le rás-chúrsa údaraithe, aon áit in aice an rás-chúrsa san a ghnáthaíonn an phoiblíocht chun bheith ag féachaint ar rásaíocht;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an mBord fán Acht so;

ceadúnas suimitheora.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas suimitheora” ceadúnas arna dheonadh fá Acht na Suimitheoirí, 1929 (Uimh. 22 de 1929) ;

dáta an aistrithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an aistrithe” an dáta a ceapfar chun bheith ina dháta aistrithe chun críocha an Achta so le hordú ón Aire arna dhéanamh fá alt 3 den Acht so.

dáta an bhunuithe agus dáta an aistrithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina dháta bunuithe chun críocha an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina dháta aistrithe chun críocha an Achta so.

CUID II.

An Bord Rasaiochta.

An Bord do bhunú.

4. —(1) Déanfar, de bhuaidh an ailt seo, bord ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Rásaíochta do bhunú ar dháta an bhunuithe chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht so do chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlucht chorpraithe agus síor-chomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaidh sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fána ainm corpraithe agus féadfaidh talamh do shealbhú.

Comhdhéanamh an Bhuird.

5. —(1) Beidh an Bord comhdhéanta d'aon chomhalta déag.

(2) Gach duine a ceapfar ina chomhalta den Bhord is duine é bheas, dar leis an Aire, ionadathach do rásaíocht (lena n-áirítear cleachtadh ar bhainistí rás-chúrsaí) nó únaeracht nó síolrú capall folaíochta, nó geall-ghlacadóireachta, nó gnótha eile dá samhail sin, nó a mbeidh feadhma aige maidir leis an gcéanna nó a mbeidh baint aige ar shlí eile leis an gcéanna.

Forála maidir le ceapadh téarmaí oifige, etc., comhaltaí an Bhuird.

6. —(1) San alt so ciallaíonn an focal “Gobharnóir” duine is comhalta de cheann de na Comhluchta Rialúcháin.

(2) Déanfaidh an tAire, roimh dháta an bhunuithe, aon duine dhéag (ar Gobharnóirí seisear díobh) do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a ceapfar amhlaidh ar dháta an bhunuithe agus, i gcás aon duine acu san d'éag roimh dháta an bhunuithe, is tuigthe, chun críocha fo-ailt (5) den alt so, é d'éag ar dháta an bhunuithe.

(3) Déanfaidh an tAire, i ngach cúigiú bliain tar éis na bliana ina dtuitfidh dáta an bhunuithe, aon duine dhéag (ar Gobharnóirí seisear díobh) do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a ceapfar amhlaidh an lá díreach i ndiaidh dáta a cheaptha.

(4) Gach comhalta den Bhord a ceapfar fá fho-alt (2) nó fá fho-alt (3) den alt so beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad lae eile ar a ndéanfaidh an tAire, de bhun fo-ailt (3) den alt so, aon duine dhéag do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord.

(5) Aon uair éagfas comhalta den Bhord nó a éireos sé as oifig déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, duine eile (is Gobharnóir má ba Ghobharnóir, ar dháta a cheaptha, an duine d'éag nó d'éirigh as oifig amhlaidh) do cheapadh chun bheith ina chomhalta den Bhord, agus an duine a ceapfar amhlaidh beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad lae eile ar a ndéanfaidh an tAire, de bhun fo-ailt (3) den alt so, aon duine dhéag do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord.

(6) Comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige le himeacht aimsire, beidh sé inathcheaptha.

(7) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí-as san amhail ar an dáta agus ón dáta ar a bhfaghaidh an tAire an litir sin.

(8) I gcás comhalta den Bhord, ba Ghobharnóir ar dháta a cheaptha, do scor de bheith ina Ghobharnóir, is tuigthe, chun críocha an ailt seo, é d'éirí as a oifig mar chomhalta den Bhord le héifeacht amhail ar dháta agus ó dháta an scortha san nó, i gcás é bheith arna cheapadh fá fho-alt (2) den alt so agus an scor san do tharlachtain roimh dháta an bhunuithe, amhail ar dháta agus ó dháta an bhunuithe.

(9) Raghaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta sar a bhfeidhmeoidh sé na cumhachta do bheirtear dó leis an alt so.

(10) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis é, aon chostais-aspóca fána raghaidh comhaltaí iarbhfír maidir le gnó an bhuird d'aisíoc leis na comhaltaí sin.

Cruinnithe den Bhord.

7. —(1) Beidh a chéad chruinniú ag an mBord ar dháta an bhunuithe nó a luaithe is caothúil tar éis an dáta san.

(2) Gach bliain a thosnós tar éis an chéad-chruinniú do thionól beidh cruinniú (dá ngairmtear an cruinniú bliantúil san Acht so) ag an mBord ar pé dáta a cheapfaidh an Bord.

(3) Fá réir forál an ailt seo, beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a dhualgais do chomhlíonadh go cuibhe.

Cathaoirleach an Bhuird.

8. —(1) Déanfaidh an Bord, ag á chéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú bliantúil, duine dá chomhaltaí do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(2) Gach duine a toghfar chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig nó do theacht fá dhí-cháilíocht, i seilbh oifige mar chathaoirleach go dtí an chéad chruinniú bliantúil eile den Bhord tar éis a thofa amhlaidh, ach beidh sé inatofa.

(3) Aon uair a thiocfas oifig an chathaoirligh chun bheith folamh toisc an cathaoirleach d'éag nó d'éirí as oifig nó do theacht fá dhí-cháilíocht, déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú tar éis an folúntas san do theacht, duine dá chomhaltaí do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach agus, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig nó do theacht fá dhí-cháilíocht, beidh an comhalta a toghfar amhlaidh i seilbh oifige mar chathaoirleach go dtí an chéad chruinniú bliantúil eile den Bhord.

(4) Féadfaidh cathaoirleach an Bhuird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Bhuird, agus raghaidh gach éirí-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe a bheas ag an mBord tar éis don Bhord an litir sin d'fháil.

(5) Má scoireann cathaoirleach an Bhuird, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach, de bheith ina chomhalta den Bhord, beidh sé dí-cháilithe chun bheith, agus scoirfidh láithreach de bheith, ina chathaoirleach ar an mBord.

(6) Aon uair a tharlós, agus cathaoirleach á thoghadh ar an mBord, na vótaí do bhéarfar do bheirt nó níos mó do bheith comhionann, toghfar duine de na daoine sin le crannchur.

An nós imeachta ag cruinnithe an Bhuird.

9. —(1) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhuird, má bhíonn i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) má bhíonn agus faid a bheas cathaoirleach an Bhuird gan bheith i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dhíobh féin do roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den Bhord do chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe, ach amháin nuair is é toghadh cathaoirligh an Bhuird an cheist a bheas le cinneadh.

(3) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais do bheith i measc a chomhaltaí.

(4) Seachtar is córam don chéad chruinniú den Bhord, agus is é is córam do gach cruinniú den Bhord ina dhiaidh sin ná pé uimhir (nach lú ná cúigear) a cheapfaidh an Bord ó am go ham nó, mura mbeidh aon chóram ceaptha amhlaidh de thuras na huaire, cúigear.

(5) Fá réir forál an Achta so rialálfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhuird.

Coistí den Bhord.

10. —(1) Féadfaidh an Bord pé coistí agus pé méid coistí a mheasfaidh sé is ceart do cheapadh ó am go ham.

(2) Féadfaidh an Bord aon chuid dá fheadhma, dá chumhachta agus dá dhualgais, is dóigh leis is fearr nó is caothúla a d'fhéadfaí a fheidhmiú nó a chomhlíonadh ag coiste, do thairmligean chun coiste den Bhord agus féadfaidh nós imeachta aon choiste den tsórt san do rialáil.

(3) Beidh coiste den Bhord comhdhéanta de pé méid comhaltaí a mheasfaidh an Bord is ceart agus féadfaidh sé, do réir mar is rogha leis an mBord, bheith comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí den Bhord nó go leathrannach de dhaoine is comhaltaí den Bhord agus go leathrannach de dhaoine is oifigigh don Bhord.

(4) Beidh gníomhartha coiste den Bhord fá réir a ndaingnithe ag an mBord ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Bord nach gá an daingniú san.

Séala an Bhuird.

11. —(1) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis a bhunuithe, séala do sholáthar dó féin.

(2) Déanfar séala an Bhuird do dhílse-dheimhniú le síniú chathaoirleach an Bhuird nó chomhalta éigin eile dhe go n-údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin, maraon le síniú oifigigh don Bhord go n-údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhuird.

12. —(1) Fá réir fo-ailt (2) den alt so, féadfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh do cheapadh a mheasfaidh ó am go ham is ceart.

(2) I gcaitheamh na tréimhse de chúig bliana dar tosach dáta an bhunuithe, is fá réir cheadú an Aire a ceapfar duine chun poist phríomh-oifigigh an Bhuird.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh an luach saothair agus na liúntais a chinnfidh an Bord.

Oifigí an Bhuird.

13. —(1) Chun oifigí agus áitreabhacha do sholáthar is gá chun a fheadhma do chomhlíonadh go cuibhe, féadfaidh an Bord—

(a) aon talamh do cheannach nó do thógaint ar léas,

(b) oifigí agus áitreabhacha do thógáil, do ghléasadh agus do chothabháil.

(2) Féadfaidh an Bord aon oifigí nó áitreabhacha a bheas ar seilbh aige, agus nach gá a thuilleadh chun a fheadhma do chomhlíonadh go cuibhe, do dhíol nó do chur ar léas.

Cumhacht an Bhuird chun rás-chúrsaí do bhunú.

14. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú na gComhlucht Rialúcháin, agus tar éis fógra do thabhairt d'fheadhmannach aon rás-chúrsa údaraithe láithrigh ar dóigh leis an mBord go bhféadfadh difir bheith ann dó, rás-chúrsaí do bhunú, do ghléasadh agus do chothabháil, agus chun na críche sin féadfaidh aon talamh (lena n-áirítear aon rás-chúrsa) do thógaint trí chomhaontú nó ar léas.

(2) Féadfaidh an Bord, le toiliú na gComhlucht Rialúcháin, rás-chruinnithe d'eagrú agus do chur ar siúl ar aon rás-chúrsa a bheas á chothabháil aige fán alt so.

(3) Féadfaidh an Bord, le toiliú na gComhlucht Rialúcháin, aon rás-chúrsa a bunófar fán alt so do chur ar léas.

(4) Féadfaidh an Bord aon talamh a thógfaidh fán alt so, agus nach gá a thuilleadh chun na gcríoch chun ar tógadh é, do dhíol nó do chur ar léas.

Cumas an Bhuird chun ceadúnas suimitheora do shealbhú.

15. —Féadfaidh an Bord ceadúnas suimitheora d'iarraidh agus do shealbhú.

Cistí an Bhuird d'úsáid.

16. —(1) Féadfaidh an Bord a chistí d'úsáid chun gach críche nó aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun costais fána raghaidh sé i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a chumhacht agus a dhualgas fán Acht so d'íoc,

(b) chun aon airgead d'íoc do réir téarmaí aon cheadúnais suimitheora a bheas ar seilbh aige,

(c) chun íocaíochta, deontais nó iasachta do thabhairt chun gach críche nó aon chríche nó críocha acu so leanas—

(i) chun an scar-airgead agus na duaiseanna ag rásanna capall a bheas ar siúl ar rás-chúrsaí údaraithe do mhéadú;

(ii) chun táillí iontrála agus éilithe dá samhail maidir le rásanna capall den tsórt san do laghdú,

(iii) chun capaill a bheas ag coimhlint ag rás-chruinnithe den tsórt san d'iompar,

(iv) chun na héilithe ar an bpoiblíocht do ligean isteach chun rás-chúrsaí údaraithe do laghdú,

(v) chun rás-chúrsaí údaraithe agus a soighnis d'fheabhsú,

(vi) chun aon chríche eile, arna ceadú ag an tAire, do raghadh chun rásaíocht chapall d'fheabhsú,

(vii) chun aon chríocha, arna gceadú ag an tAire, do raghadh chun síolrú capall d'fheabhsú nó chun an trádáil onnmhuirithe chapall d'fhorbairt.

(2) Féadfaidh an Bord pé coinníollacha a mheasfaidh an Bord is ceart do chur ag gabháil le haon deontas nó iasacht a bhéarfaidh sé nó a bheartóidh sé a thabhairt fán alt so.

Cumhacht an Bhuird chun airgead d'fháil ar iasacht.

17. —Féadfaidh an Bord pé suimeanna d'fháil ar iasacht a theastós uaidh chun críche a chumhacht agus a dhualgas ach, mura dtoilí an tAire leis, ní mó ná fiche míle punt an tsuim iomlán a bheas dlite tráth ar bith i leith na n-iasacht san.

Cistí an Bhuird do shuncáil.

18. —Féadfaidh an Bord airgead a bheas ar láimh aige ó am go ham do shuncáil in aon tslí ina n-údaraítear le dlí airgead le Banc Taisce an Phoist do shuncáil.

Cuntas agus tuarascála an Bhuird.

19. —(1) Coimeádfaidh an Bord cuntais mar is ceart agus mar is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé.

(2) Bhéarfaidh an Bord don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntaisaíochta fá leith nó laistigh de pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe,—

(a) cuntais an Bhuird don tréimhse chuntasaíochta san, agus na cuntais sin i pé foirm (más ann) a ordóidh an tAire agus iad iniúchta ag iniúchóir cuibhe-cháilithe a cheapfaidh an Bord, agus

(b) tuarascáil ar a imeachta i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta san.

(3) Déanfaidh an tAire cóipeanna de chuntais agus de thuarascáil an Bhuird do thréimhse chuntasaíochta do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis dó iad d'fháil.

(4) Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas maidir le feidhmiú a chumhacht agus a dhualgas a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

Fianaise ar rialacháin agus ar thoiliú an Aire le rialacháin.

20. —I ngach imeacht dlí—

(a) is leor-fhianaise ar aon rialachán a bheas déanta ag an mBord fán Acht so scríbhinn do thabhairt ar aird a bhéarfas le tuigsint í bheith ina cóip den rialachán agus í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag cathaoirleach an Bhuird nó ag príomh-oifigeach an Bhuird agus ní gá aon chruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine do dheimhnigh an scríbhinn;

(b) is leor-fhianaise gur le toiliú an Aire do rinneadh aon rialachán áirithe a bheas déanta ag an mBord fán Acht so scríbhinn do thabhairt ar aird a bhéarfas le tuigsint i bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus a dheimhneos gur le toiliú an Aire do rinneadh an rialachán agus ní gá aon chruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine do shínigh an scríbhinn.

CUID III.

Forala a bhaineas le Geall-ghlacadoiri.

Caibidil I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Tosach feidhme Caibidil II agus III de Chuid III.

21. —Tiocfaidh na forála atá i gCaibidle II agus III den Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe, agus féadfar laethanta difriúla do cheapadh i gcóir forál difriúla de na Caibidle sin.

Ciontaí fá Chuid III do chúiseamh.

22. —Féadfaidh an Bord cionta fá aon alt dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Caibidil II.

Srianta le gnó do bheith ar síúl ag geall-ghlacadóirí ar rás-chúrsaí údaraithe nó ina maighin, agus na táillí ar gheall-ghlacadóirí do ligean isteach chun rás-chúrsaí údaraithe.

Toirmeasc ar ghealltóireacht chúrsa ag geallghlacadóirí ná beidh ceada ón mBord acu.

23. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith gnó geall-ghlacadóra do bheith ar siúl aige ar aon rás-chúrsa údaraithe ná ina mhaighin muran sealbhóir ar chead gealltóireachta cúrsa an duine sin.

(2) Má dhéanann duine ar bith éinní contrártha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air.

(3) Má gheibhtear duine nach sealbhóir ar chead gealltóireachta cúrsa agus gnó geall-ghlacadóra ar siúl aige ar aon rás-chúrsa údaraithe, féadfaidh duine ar bith a bheas ag gníomhú fá stiúrú an Bhuird nó fheadhmannaigh an rás-chúrsa údaraithe sin an duine sin a céad-luaitear do chur amach as agus chuige sin féadfaidh pé neart d'imirt is gá do réir réasúin.

Ceada gealltóireachta cúrsa.

24. —(1) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis é as a chomhairle féin amháin, cead do dheonadh d'aon gheall-ghlacadóir cheadúnaithe á údarú dhó gnó geall-ghlacadóra do bheith ar siúl aige ar rás-chúrsaí údaraithe nó ina maighin.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, as a chomhairle féin amháin, cead gealltóireachta chúrsa d'fhionnraí go ceann pé thréimhse is oiriúnach leis nó é do chúlghairm.

(3) Aon uair a dhiúltós an Bord, i bhfeidhmiú a chumhacht fán alt so, cead gealltóireachta cúrsa do dheonadh do gheall-ghlacadóir cheadúnaithe nó a dhéanfaid amhlaidh cead gealltóireachta cúrsa a bheas ag geall-ghlacadóir ceadúnaithe d'fhionnraí nó do chúlghairm, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) déanfaidh an Bord an diúltú, an fhionnraí nó an chúl ghairm sin do chur in iúl i scríbhinn don gheallghlacadóir cheadúnaithe,

(b) féadfaidh an geall-ghlacadóir ceadúnaithe, laistigh de sheacht lá tar éis san do chur in iúl dó, a iarraidh ar an mBord caoi do thabhairt dó cúis-aithris, ó bhéal nó i scríbhinn, do dhéanamh leis an mBord maidir leis an diúltú, an fhionnraí nó an chúlghairm sin, agus géillfidh an Bord d'aon iarratas den tsórt san.

(4) I gcás duine dá ndeonfar cead gealltóireachta cúrsa do scor de bheith ina gheall-ghlacadóir cheadúnaithe, is tuigthe chun críocha an Achta so an cead gealltóireachta cúrsa do bheith arna chúlgairm, de bhuaidh an fho-ailt seo, ar an scor san.

Ceada gealltóireachta cúrsa do thaspáint ar san d'iarraidh.

25. —(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe don Bhord a iarraidh ar dhuine ar bith a bhfeicfidh sé gnó geall-ghlacadóra á dhéanamh nó ar siúl aige ar aon rás-chúrsa údaraithe nó ina mhaighin a chead gealltóireachta cúrsa do thaspáint, agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an cead san do thaspáint nó má thaspánann an cead san ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh a cheadú don oifigeach údaraithe sin é léamh beidh sé ciontach i gcionta fán alt so.

(2) Aon uair a hiarrfar go dleathach fán alt so ar dhuine ar bith a chead gealltóireachta cúrsa do thaspáint agus a dhiúltós nó a mhainneos sé an cead san do thaspáint nó a thaspánfas sé an cead san ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh a cheadú don oifigeach údaraithe don Bhord a iarrfas san air an cead san do léamh agus do scrúdú, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe sin a ainm agus a sheoladh d'fhiafraí den duine sin agus má dhiúltaíonn an duine sin a ainm a thabhairt nó má mhainníonn nó má dhiúltaíonn a sheoladh do thabhairt nó má thugann ainm nó seoladh a bheas bréagach nó mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so.

(3) Duine ar bith a bheas ciontach i gcionta fán alt so dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air.

(4) Duine ná déanfaidh, nuair a hiarrfar air go dleathach fán alt so a chead gealltóireachta cúrsa do thaspáint, an cead san do thaspáint toisc nach sealbhóir ar chead gealltóireachta cúrsa é, is tuigthe é do mhainniú a chead gealltóireachta cúrsa do thaspáint do réir bhrí an ailt seo.

An táille as geallghlacadóirí do ligean isteach chun rás-chúrsaí údaraithe.

26. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin do dhéanamh ag ceapadh na dtáillí is inéilithe ag feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe ar aon gheall-ghlacadóir cheadúnaithe nó ar chúntóirí leis a bheas ina chuideachtain as iad a ligean isteach chun rás-chúrsaí údaraithe agus féadfar táillí difriúla do cheapadh maidir le rás-chúrsaí údaraithe difriúla agus maidir le páirteanna difriúla den ráschúrsa údaraithe chéanna.

(2) Nuair a bheas an Bord ag déanamh rialachán fán alt so maidir le haon rás-chúrsa údaraithe, ní dhéanfaidh an Bord—

(a) táille do cheapadh, chun geall-ghlacadóir ceadúnaithe do ligean isteach in aon pháirt den rás-chúrsa san, is mó ná cúig oiread na táille a bheas á héileamh an tráth san ar dhuine den phoiblíocht as é do ligean isteach sa pháirt sin, ná

(b) táille do cheapadh, chun cúntóir a bheas i gcuideachtain gheall-ghlacadóra cheadúnaithe do ligean isteach in aon pháirt den rás-chúrsa san, is mó ná an táille a bheas á héileamh an tráth san ar dhuine den phoiblíocht as é do ligean isteach sa pháirt sin.

(3) I gcás rialacháin fán alt so a bhainfeas le haon rás-chúrsa údaraithe do bheith i bhfeidhm—

(a) an táille is inéilithe ar aon gheall-ghlacadóir ceadúnaithe as é do ligean isteach in aon pháirt den rás-chúrsa san ní bheidh sí, mura dtoilí an geall-ghlacadóir ceadúnaithe chuige, níos mó ná an táille a bheas ceaptha leis na rialacháin sin chun geall-ghlacadóir ceadúnaithe do ligean isteach sa pháirt sin, agus

(b) an táille is inéilithe ar aon chúntóir a bheas i gcuideachtain gheall-ghlacadóra cheadúnaithe as é do ligean isteach in aon pháirt den rás-chúrsa san ní bheidh sí, mura dtoilí an geall-ghlacadóir ceadúnaithe chuige, níos mó ná an táille a bheas ceaptha leis na rialacháin sin chun cúntóir a bheas i gcuideachtain gheallghlacadóra cheadúnaithe do ligean isteach sa pháirt sin.

(4) Déantar leis seo fo-alt (6) d'alt 3 d'Acht na Suimitheoirí, 1929 ( Uimh. 22 de 1929 ), do leasú trí gach focal ó na focail “agus an méid a héileofar ar aon gheall-ghlacadóir cheadúnaithe den tsórt san” go dtí deireadh an fho-ailt sin do scrios.

Caibidil III.

Dleachta ar Gheall-ghlacadóirí i leith Geall Cúrsa.

Dleachta is iníoctha ag geallghlacadóirí ceadúnaithe ar ghill chúrsa.

27. —(1) Gach duine a dhéanfas, mar gheall-ghlacadóir cheadúnaithe, geall cúrsa i dtosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, íocfaidh leis an mBord dleacht arna áireamh do réir an chéad chodáin a bheas ordaithe de thuras na huaire de mhéid an ghill chúrsa san.

(2) Chun críocha an ailt seo is tuigthe gurb é is méid do gheall chúrsa ná an tsuim a mbeidh an geall-ghlacadóir a dhéanfas é i dteideal, do réir téarmaí an ghill, í d'fháil nó í do choinneáil nó creidiúint do ghlacadh inti má cinntear ina fhábhar an ní is abhar don gheall.

(3) Aon uair a cuirfear ina luighe ar an mBord geall cúrsa a mbeidh dleacht iníoctha air do bheith ó bhrí, ar aon chúis seachas comhaontú na bpáirtithe ann, nó nár chruinnigh agus nach dócha go gcruinneoidh an geall-ghlacadóir méid an ghill chúrsa a mbeidh dleacht iníoctha air, féadfaidh an Bord, fá réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, an dleacht do híocadh ar an ngeall cúrsa san d'aisíoc nó an dleacht is inéilithe air do mhaitheamh (pé acu is gá sa chás).

(4) Gach duine a mhaineos nó a fhaileos aon tsuim is iníoctha aige i leith dleachta d'íoc, beidh sé (gan dochar d'imeachta fá fho-alt (5) den alt so) ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nách mó ná céad punt do chur air.

(5) Gach dleacht is iníoctha ag duine ar bith, féadfaidh an Bord (gan dochar d'imeachta fá fho-alt (4) den alt so) é do bhaint den duine sin mar fhiacha ghnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh maidir leis an gcéadchodán (nach mó ná cúig fán gceád) dá dtagartar san alt so mar chéadchodán ordaithe.

Rialacháin i dtaobh dleachta d'íoc ar ghill chúrsa.

28. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar dleachta agus go ginearálta chun éifeacht do thabhairt do na forála den Chaibidil seo a bhaineas le dleachta agus, go sonnruch—

(a) chun a cheangal ar gheall-ghlacadóirí a dhlíos dleachta d'íoc—

(i) sonnraí ar gach geall cúrsa d'iontráil, sa tslí a hordófar agus ag an am a hordófar, sna breacacháin a hordófar,

(ii) na breacacháin sin do choinneáil ar feadh na tréimse a hordófar,

(iii) na breacacháin sin do chur chun an Bhuird chun a n-iniúchta, ar an mBord dá iarraidh sin,

(iv) cóipeanna de na breacacháin sin do thabhairt don Bhord pé tráth nó trátha a hordófar;

(b) i dtaobh leatháin ghealltóireachta dleachtíochta do sholáthar, d'úsáid, agus do mhaoirsiú agus i dtaobh aisíocanna do thabhairt i leith leathán den tsórt san ná beidh úsáite nó ná beidh úsáite go hiomlán;

(c) chun an Bord do dhéanamh socruithe le geall-ghlacadóirí agus do ghlacadh urrús ó gheall-ghlacadóirí lenar mian dleachta d'íoc do réir tuairisceán a bhéarfaid uathu;

(d) chun an Bord do thabhairt maithimh nó aisíoca (pé acu is gá sa chás) do gheall-ghlacadóirí i ndleacht i gcásanna ina gcuirfear ina luighe ar an mBord iomlán fiachais teagmhaisigh gheall-ghlacadóra nó aon chuid den chéanna i leith gill chúrsa do chuir nó do leag sé nó do rinne sé ar aon tslí eile do bheith aistrithe chun geall-ghlacadóra eile trí gheall nua do cuireadh, do leagadh, nó do rinneadh ar aon tslí eile ag an gcéad gheall-ghlacadóir leis an dara geall-ghlacadóir.

(2) Má dhéanann duine ar bith—

(a) rialachán fán alt so do shárú nó mainneachtain do thabhairt ina chomhlíonadh, nó

(b) aon iontráil bhréagach maidir le geall cúrsa in aon bhreacachán a bheas á choimeád de bhun aon rialacháin fán alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air.

Scríbhinní in áitreabhacha geall-ghlacadóirí do scrúdú.

29. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe don Bhord (ach é do thaspáint, má hiarrtar air é, a údaráis i scríbhinn mar oifigeach údaraithe den tsórt san) dul isteach tráth ar bith in aon áitreabh ina mbíonn gnó geall-ghlacadóireachta ar siúl agus aon scríbhinní do gheobhfar ann agus a bhainfeas le gill chúrsa nó a chreidfeas an t-oifigeach údaraithe sin a bhainfeas le gill chúrsa, do rinne an duine a bheas ag déanamh an ghnótha san, do lorg agus cóipeanna do dhéanamh dhíobh nó sleachta do thógaint astu san áitreabh san agus féadfaidh a cheangal ar dhuine ar bith do gheobhfar san áitreabh san gach scríbhinn san áitreabh san a bhainfeas le gill chúrsa den tsórt san do thaspáint.

(2) Gach duine a chuirfeas i gcoinne oifigigh údaraithe don Bhord nó choiscfeas nó bhacfas é agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt so nó a dhiúltós gan leithscéal dleathach nó dóthanach aon scríbhinn a thaspáint a cheanglós oifigeach údaraithe don Bhord air a thaspáint fán alt so beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

Leabhair gheallghlacadóirí ar rás-chúrsaí údaraithe do scrúdú, etc.

30. —(1) Má chíonn oifigeach údaraithe gnó geall-ghlacadóra á dhéanamh nó ar siúl ag duine ar aon rás-chúrsa údaraithe nó ina mhaighin, féadfaidh sé (ach é do thaspáint, má hiarrtar air é, a cheapacháin mar oifigeach údaraithe den tsórt san) a cheangal ar an duine sin aon scríbhinn a bheas an tráth san i seilbh an duine sin agus á húsáid chun críche an ghnótha san do thaspáint dó láithreach agus a cheadú dhó í do scrúdú, agus cóipeanna do dhéanamh dhi nó sleachta do thógaint aisti.

(2) Gach duine a mhainneos nó a dhiúltós éinní do dhéanamh a cheanglóidh oifigeach údaraithe don Bhord air a dhéanamh fá fho-alt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

CUID IV.

Bord Urlamhais na Gealltoireachta Meicniula in Éirinn do scor agus a shocmhainni agus a dhliteanais d'aistriu chun an Bhuird Rasaiochta.

An chuideachta scortha do scor.

31. —(1) Fá réir na bhforál atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh an chuideachta scortha arna scor, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an aistrithe.

(2) Beidh feidhm maidir leis an gcuideachtain scortha ag na forála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Maoin na cuideachtan scortha d'aistriú chun an Bhuird.

32. —(1) An mhaoin uile, réalta nó pearsanta (agus rudaí-arfionnraí d'áireamh), a bhí, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó ar seilbh ar iontaoibh di agus gach ceart, cumhacht agus príbhléid a gheobhas nó a bhainfeas le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fá réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan más gá san, dílsithe, fá réir forál an ailt seo, sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar seilbh ar iontaoibh dó (mar is gá sa chás) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó ar seilbh ar iontaoibh di.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bhí, díreach roimh dháta an aistrithe ar seasamh i leabhair aon bhainc, nó cláraithe i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan, aistreoidh an banc nó an chorparáid nó an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm an Bhuird arna iarraidh sin don Bhord ar dháta an aistrithe nó aon uair ina dhiaidh sin.

(3) Gach rud-ar-fionnraí a haistrítear leis an alt so chun an Bhuird féadfaidh an Bord, ar dháta an aistrithe agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air nó é bhaint amach nó é d'fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-arfionnraí sin in a cheangal.

Ceadúnais suimitheora d'aistriú.

33. —Ar dháta an aistrithe beidh gach ceadúnas suimitheora do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ag an gcuideachtain scortha, arna aistriú, de bhuaidh an ailt seo, chun an Bhuird agus, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Bhuird ann in ionad ainm na cuideachtan scortha.

Dliteanais na cuideachtan scortha d'aistriú.

34. —Na fiacha agus na dliteanais eile go léir (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhruim torta nó sáruithe connartha) a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ar an gcuideachtain scortha agus gan íoc aici nó dlite uirthi agus gan comhlíonadh aici, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bhfiacha nó ina ndliteanais ar an mBord agus íocfaidh nó comhlíonfaidh an Bord iad agus féadfar iad do bhaint de nó d'fhorfheidhmiú ina choinne dá réir sin.

Connartha leanúnacha na cuideachtan scortha do bhuan-choimeád.

35. —Gach banna, ráthaíocht, nó úrrus eile de shaghas leanúnach do thug an chuideachta scortha do dhuine ar bith nó do thug duine ar bith don chuideachtain scortha san agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an chuideachta scortha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus comhlánaithe go hiomlán roibh dháta an aistrithe, leanfaidh, d'ainneoin an chuideachta scortha do scor, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Bhuird ann in ionad ainm na cuideachtan scortha agus beidh an t-urrús, an connradh, nó an comhaontú san infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin.

Leanúin d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh.

36. —Tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe, ina pháirtí in ionad na cuideachtan scortha i ngach aicsean nó agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus ina mbeidh an chuideachta scortha ina páirtí, agus leanfar den imeacht san idir an Bord agus na páirtithe eile ann dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhruim an chuideachta scortha do scor.

Connartha seirbhíse do bhuan-choimeád.

37. —Gach connradh seirbhíse, follas nó folaithe, do rinneadh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe idir an chuideachta scortha agus duine ar bith is oifigeach tuarastail nó fostaí don chuideachtain scortha, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an Bord ann in ionad na cuideachtan scortha agus beidh gach connradh den tsórt san infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin.

Saoirse ó dhiúitéthe stampa.

38. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht so do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc fán alt san ar aon chóip den Acht so.

(2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon aistriú, leithliú, nó ionstraim eile a comhlánófar chun dílsiú sócmhainní na cuideachtan scortha sa Bhord d'fhorlíonadh nó chun éifeacht do thabhairt don dílsiú san.

CUID V.

Forala Ilghneitheacha.

Daoine áirithe d'eisceadh ó rás-chúrsaí.

39. —(1) Féadfaidh Comhlucht Rialúcháin, le hordú (dá ngairmtear ordú eiscthe san alt so), a thoirmeasc ar dhuine (dó réir mar is rogha leis an gComhlucht Rialúcháin sin) bheith ar aon cheann de na rás-chúrsaí, ar a mbíonn rásanna ar siúl ar gá ceadú an Chomhluchta Rialúcháin sin chun iad do chur ar siúl, nó bheith ar pé rás-chúrsaí acu san is oiriúnach leis an gComhlucht Rialúcháin sin agus a shonnróid san ordú.

(2) Féadfaidh Comhlucht Rialúcháin aon ordú eiscthe a bheas déanta acu do chúlghairm.

(3) Má dhéanann Comhlucht Rialúcháin ordú eiscthe bhéarfaid go gcuirfear fógra i dtaobh an orduithe do dhéanamh leis an bpost cláraithe chun an duine lena mbainfidh an t-ordú agus chun feadhmannaigh gach rás-chúrsa fá leith lena mbainfidh an t-ordú.

(4) Má déantar ordú eiscthe agus go bhfaghfar duine ar bith lena mbainfidh an t-ordú ar aon rás-chúrsa lena mbainfidh an t-ordú, féadfaidh duine ar bith a bheas ag gníomhú fá stiúrú fheadhmannaigh an rás-chúrsa san an duine sin a céad-luaitear do chur amach as agus chuige sin féadfaidh pé neart d'imirt is gá do réir réasúin.

Rialacháin maidir le feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe.

40. —(1) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle leis na Comhluchta Rialúcháin, foráil do dhéanamh chun an tslí ina déanfar rás-chúrsaí údaraithe do bhainistí agus do stiúrú ag á bhfeadhmannaigh do rialáil.

(2) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, foráil do dhéanamh—

(a) chun a cheangal ar fheadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe na leabhair, na cuntais, agus na breacacháin a hordófar do choimeád,

(b) chun a cheangal ar fheadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe na tuairisceáin agus an t-eolas a hordófar do thabhairt don Bhord,

(c) chun feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe do thaspáint leabhar, cuntas, agus breacachán a bhainfeas leis na ráschúrsaí údaraithe sin,

(d) chun leabhair, cuntais agus breacacháin a bheas á gcoimeád ag feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe do scrúdú agus sleachta do thógaint astu.

(3) Féadfar rialacháin fán alt so do dhéanamh i slí go mbainfid le feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe go ginearálta nó le feadhmannach aon rás-chúrsa nó rás-chúrsaí údaraithe áirithe, agus féadfar rialacháin difriúla do dhéanamh maidir le feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe difriúla.

(4) Más dóigh leis an mBord sárú (trí ghníomh nó trí fhaillí) do bheith déanta ar aon rialachán dá ndéanfar fán alt so ag feadhmannach rás-chúrsa údaraithe lena mbainfidh an rialachán san, féadfaidh an Bord an sárú san do thuairisciú don Chomhlucht Rialúcháin iomchuibhe, agus air sin déanfaidh an Comhlucht Rialúcháin sin maidir le feadhmannach an rás-chúrsa údaraithe sin pé gníomh smachta do chur i bhfeidhm agus pé éagumais agus pionóis d'fhorchur is dóigh leo is ceart fá na Rialacha Rásaíochta in Éirinn agus fá Rialacha an Irish National Hunt Steeplechase Committee.

AN SCEIDEAL.

Forala Diomuana maidir leis an gCuideachtain Scortha.

An Chuideachta scortha do leanúin ar marthain chun críocha áirithe.

1. Chun críocha an Sceidil seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, is tuigthe an chuideachta scortha do leanúin ar marthain ar dháta an aistrithe agus dá éis.

Stoic, scaireanna agus urrúis d'aistriú.

2. Ar an mBord dá iarraidh sin, comhlánfaidh an chuideachta scortha na hionstraimí sin uile agus déanfaidh na nithe sin uile is gá chun a chumasú don Bhord aon stoic, scaireanna nó urrúis a bheas i seilbh na cuideachtan scortha díreach roimh dháta an aistrithe do chur á n-aistriú chun ainme an Bhuird, agus chuige sin is tuigthe na daoine is stiúrthóirí ar an gcuideachtain scortha díreach roimh dháta an aistrithe do leanúin in oifig.

Forála maidir le cáin ioncaim is inéilithe ar an gcuideachtain scortha.

3. (1) Sa mhír seo ciallaíonn an abairt “an dáta ceaptha”—

(a) i gcás dáta an aistrithe do thuitim ar an 5ú lá d'Aibreán, dáta an aistrithe;

(b) in aon chás eile, an 5ú lá d'Aibreán is túisce thiocfas i ndiaidh dáta an aistrithe.

(2) Ar dháta an aistrithe agus dá éis, leanfaidh an chuideachta scortha de bheith fá dhliteanas, fá na hAchta Cánach Ioncaim, chun aon ráiteas nó tuairisceán nó sonnraí d'ullmhú agus do sheachadadh is gá chun críocha na nAcht san in aghaidh aon bhliana meisiúnachta dar críoch an dáta ceaptha nó dáta roimhe sin.

(3) Féadfar meisiúnachta chun cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana meisiúnachta dar críoch an dáta ceaptha nó dáta roimhe sin do dhéanamh ar an gcuideachtain scortha ar dháta an aistrithe nó dá éis, agus maidir le cáin ioncaim i leith aon mheisiúnachta den tsórt san a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina meisiúnacht deiridh gan dul thairsi, is tuigthe, ar í theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an aistrithe.

(4) Chun críocha fo-mhíreanna (2) agus (3) den mhír seo, is tuigthe príomh-oifigeach an Bhuird nó oifigeach eile a bheas ag comhlíonadh dualgas príomh-oifigigh an Bhuird do bheith ina rúnaí don chuideachtain scortha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan scortha.