28 1945


Uimhir 28 de 1945.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE, GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR AN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1940 . [4ú Lúnasa, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 , do leasú.

1. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 ( Uimh. 8 de 1940 ), arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943) , do leasú tuilleadh mar leanas:—

(a) déanfar an tagairt atá sa mhíniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” don 31ú lá de Mhárta, 1945, do léiriú mar thagairt don 31ú lá de Mhárta, 1946 ;

(b) déanfar gach tagairt atá i míreanna (a) go (f) den mhíniú ar an abairt “áit chomhnaithe” do shreath Acht do léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do gach Acht arna rith ina dhiaidh sin (pé acu roimh an Acht so nó dá éis é) ag leasú na sreatha Acht san.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) .

Gearr-theideal agus comhluadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na h Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 go 1945, do ghairm de na h Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 agus 1943, agus den Acht so le chéile.