31 1945


Uimhir 31 de 1945.


AN tACHT GROIGHE NÁISIÚNTA, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÍLSIÚ NA dTAILTE STÁIT AR AN TULAIGH I gCONTAE CHILL DARA AR A dTUGTAR AN GROIGHEALACH NÁISIÚNTA SAN AIRE TALMHAÍOCHTA, DÁ ÚDARÚ DON AIRE SIN LEASA DO THABHAIRT AGUS CEADÚNAIS DO DHEONADH MAIDIR LEIS AN nGROIGHEALACH NÁISIÚNTA, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN AN tAIRE SIN DO THIONNSCNAMH CUIDEACHTAN TEORANTA CHUN GNÓ GROIGHEALAIGH DO SHEOLADH SA GHROIGHEALACH NÁISIÚNTA, D'AISTRIÚ ÁIRNÉISE ÁIRITHE LEIS AN STÁT CHUN NA CUIDEACHTAN SAN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [4ú Lúnasa, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 , do ghairm den Acht so.

Mínithe go ginearálta.

2. —San Acht so—

Airnéis.

folaíonn an focal “áirnéis” beo-dhíle;

Na hAchta Cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Cuideachtan” na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924;

An Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Cólucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta (the Irish National Stud Company, Limited);

Dáta an aistrithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an aistrithe” an dáta a ceapfar chun bheith ina dháta aistrithe le hordú ón Aire Airgeadais faoi alt 4 den Acht so.

An Groighealach Náisiúnta.

3. —(1) San Acht so, ciallaíonn an abairt “an Groighealach Náisiúnta” na tailte leis an Stát dá ngairmtear agus ar a dtugtar go coitianta an Groighealach Náisiúnta, agus atá comhshuite de choda de thailte na Tulaighe Thoir, na Tulaighe Thiar, Curraghfarm agus Chill Dara, iad uile i mBarúntacht Ua bhFailghe Thoir agus i gContae Chill Dara, maraon le gach ceart móna agus féaraigh agus gach uile cheart eile a ghabhas nó a toimhtear bheith ag gabháil leis na tailte sin.

(2) Beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire Thalmhaíochta á dheimhniú gur cuid den Ghroighealach Náisiúnta aon talamh shonnraithe ina fhianaise prima facie ar an ní a deimhneofar amhlaidh.

Dáta an aistrithe.

4. —Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is caothúil tar éis an Chuideachta do chlárú, dáta do cheapadh chun bheith ina dháta aistrithe chun críocha an Achta so.

Saoirse ó dhiúitéthe stampa.

5. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an gCuideachtain cóip den Acht so do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc faoin alt san ar aon chóip den Acht so.

(2) Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachtain aon ráiteas do sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtan ná aon diúité stampa d'íoc faoin alt san i leith scair-chaipitil na Cuideachtan.

(3) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon aistriú a déanfar ar scaireanna sa Chuideachtain.

(4) Aon ionstraim a déanfar faoi alt 7 nó alt 8 den Acht so agus a séalófar le séala oifigiúil an Aire Thalmhaíochta, ní bheidh sí, de bhíthin amháin an séala san do bheith greamaithe dhi, ionchurtha faoi dhiúité stampa is aoirde ná an diúité faoina mbeadh sí ionchurtha dá mba ionstraim faoi láimh amháin í.

CUID II.

An Groighealach Naisiunta do Dhilsiu san Aire Talmhaiochta agus Cumhacht an Aire sin chun Leasa do Thabhairt agus Ceadunais do Dheonadh maidir leis an nGroighealach Naisiunta.

An Groighealach Náisiúnta do dhílsiú san Aire Talmhaíochta.

6. —(1) Ar an Acht so do rith dilseoidh an Groighealach Náisiúnta, de bhuaidh an ailt seo agus gan aon leithliú ná sannadh, san Aire Talmhaíochta chun an eastáit nó an leasa uile a bhí ag an Stát ann díreach roimh an Acht so do rith.

(2) Má bhíonn aon duine cláraithe faoin Registration of Title Act, 1891, mar únaer eastáit nó leasa in aon talamh a dhílseos, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so, san Aire Talmhaíochta, déanfaidh an t-údarás clárathachta faoin Acht san, ar dheimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire sin do thaspáint á dheimhniú gur dhílsigh an talamh san ann de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so, ainm an Aire sin do chur in ionad ainme an duine sin.

Léasa maidir leis an nGroighealach Náisiúnta.

7. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgeadais, léasa ar feadh téarma ar bith do thabhairt maidir leis an nGroighealach Náisiúnta nó aon chuid de.

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le gach léas do bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt so—

(a) mura dóigh leis an Aire Talmhaíochta go mba cheart ar mhaithe leis an bpoiblíocht an léas do thabhairt saor ó íocaíocht ar bith, bhéarfar é ar chomha go n-íocfar leis an Aire sin pé airgead, i ngné fíneála nó réamhíocaíochta eile nó i ngné cíosa nó sa dá ghné sin, a mheasfaidh an tAire sin is cóir agus ar a gcomhaontóidh leis an té atá le bheith ina léasaí;

(b) beidh sa léas—

(i) pé cumhnanta, coinníollacha agus comhaontuithe a mheasfaidh an tAire sin is ceart nó is inmhianuithe ar mhaithe leis an bpoiblíocht agus ar a gcomhaontóidh leis an té atá le bheith ina léasaí,

(ii) províso i dtaobh athionadachta i gcás an léasaí do shárú, do neamhchomhlíonadh nó do neamhchoimeád aon chumhnaint, coinníll nó comhaontuithe dá mbeidh sa léas;

(c) ní háireofar sa léas ná ní shroichfidh an léas aon mhianraí ná cearta mianadóireachta is mianraí Stáit chun críocha an Achta Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), ach is cead go n-áireofaí ann nó go sroichfeadh sé aon cheann nó cinn acu so leanas, eadhon, gaineamh, gairbhéal, cloch agus cré, nach mó ná fiche troigh faoi uachtar talún.

(3) Má bheartaíonn an tAire Talmhaíochta léas ar feadh aon téarma is sia ná cúig bliana do thabhairt faoi fho-alt (1) den alt so, leagfaidh sé faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ina mbeidh sonnraí i dtaobh an tailimh a beartaítear a áireamh sa léas, ainm an té atá le bheith ina léasaí, an fhíneáil nó an réamhíocaíocht eile (más ann) agus an cíos (más ann) a beartaítear a éileamh agus na cumhnanta, na coinníollacha agus na comhaontuithe a beartaítear a chur sa léas.

(4) Ní déanfar aon léas ar feadh aon téarma is sia ná cúig bliana do thabhairt faoi fho-alt (1) den alt so—

(a) go dtí go mbeidh údaraithe le rún ag gach Tigh den Oireachtas an léas do thabhairt go modhnú nó gan modhnú ar na forála a beartaítear a chur sa léas, nó

(b) go dtí deireadh pé tréimhse acu so leanas is sia, sé sin le rá—

(i) dhá lá dhéag tar éis an chéad lae a shuífidh ceachtar Tigh den Oireachtas i ndiaidh an ráiteas iomchuibhe a luaitear i bhfo-alt (3) den alt so do leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais,

(ii) sé lá a shuífidh ceachtar Tigh den Oireachtas i ndiaidh an ráiteas san do leagadh amhlaidh faoi bhráid na dTithe.

(5) Má húdaraítear le rún ó cheachtar Tigh den Oireachtas léas do thabhairt faoi fho-alt (1) den alt so faoi réir aon mhodhnuithe ar na forála a beartaítear a chur sa léas, ní tabharfar an léas ach amháin faoi réim agus faoi réir an mhodhnuithe sin.

Ceadúnais maidir leis an nGroighealach Náisiúnta.

8. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgeadais, ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith, ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an tAire Talmhaíochta is ceart, chun an Groighealach Náisiúnta nó aon chuid de d'úsáid agus do lonnú ar feadh aon tréimhse sonnraithe, go ginearálta nó i slí áirithe nó chun críche áirithe.

(2) Aon cheadúnas a deonfar faoi fho-alt (1) den alt so chun aon chuid den Ghroighealach Náisiúnta a bheas ar seilbh ag an Aire Talmhaíochta mar thionóntacht ó bhliain go bliain d'úsáid agus do lonnú, ní tuigthe gur fo-ligean é ar an gcuid sin chun críocha an Land Law (Ireland) Act, 1881.

Acht na dTailte Stáit, 1924 , do scor d'fheidhm do bheith aige maidir leis an nGroighealach Náisiúnta.

9. —Scoirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , d'fheidhm do bheith aige maidir leis an nGroighealach Náisiúnta.

CUID III.

Cólucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta.

(The Irish National Stud Company, Ltd.)

An Chuideachta do bhunú agus do chlárú.

10. —A luaithe is féidir tar éis an Achta so do rith, déanfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Air geadais, gach ní a chífear dó is gá nó is inmhianuithe chun a thabhairt go mbunófar agus go gclárófar faoi na hAchta Cuideachtan cuideachta theoranta a bheas do réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Acht so.

Ainm agus caipiteal na Cuideachtan.

11. —(1) Cólucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta (The Irish National Stud Company, Limited), is ainm don Chuideachtain.

(2) Is é is scair-chaipiteal don Chuideachtain dhá chéad agus caoga míle punt agus é roinnte ina scaireanna de phunt an ceann agus, d'ainneoin éinní dá bhfuil sna hAchta Cuideachtan, ní dleathach don Chuideachtain an caipiteal san do mhéadú ná do laghdú.

Meamram Comhlachais na Cuideachtan.

12. —(1) Is i pé foirm, a bheas do réir an Achta so, a cheadóidh an tAire Talmhaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheas Meamram Comhlachais na Cuideachtan.

(2) Déanfar cuspóirí na Cuideachtan do luadh sa Mheamram Comhlachais i slí a léireos gurb iad is príomh-chuspóirí don Chuideachtain—

(a) pé léasa nó ceadúnais maidir leis an nGroighealach Náisiúnta nó le haon chuid de do ghlacadh a bhéarfaidh nó a dheonfaidh an tAire Talmhaíochta don Chuideachtain ó am go ham;

(b) gnó groighealaigh do sheoladh ar aon talamh lena mbainfidh aon léas nó ceadúnas den tsórt san agus ar aon talamh eile a bheas ar seilbh ag an gCuideachtain.

Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.

13. —(1) Is i pé foirm, a bheas do réir an Achta so, a cheadóidh an tAire Talmhaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a bheas Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan, sé sin le rá—

(a) forálfaidh na hAirteagail sin nach lú ná triúr ná nach mó ná cúigear líon na stiúrthóirí (agus an cathaoirleach d'áireamh);

(b) forálfaidh na hAirteagail sin gurb é cáilíocht is gá chun duine bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachtain scair amháin ar a laghad sa Chuideachtain do bheith aige;

(c) forálfaidh na hAirteagail sin go ndéanfar i gcomhnaí cathaoirleach agus stiúrthóirí eile uile na Cuideachtan do cheapadh, agus go bhféadfar iad do chur as oifig, ag an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta;

(d) forálfaidh na hAirteagail sin go gceapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile;

(e) forálfaidh na hAirteagail sin ná hainmneofar duine ar bith mar Iniúchóir don Chuideachtain gan ceadú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta;

(f) ní thabharfaidh na hAirteagail sin don Chuideachtain aon chumhacht chun caipiteal na Cuideachtan do mhéadú ná do laghdú ná aon chumhacht chun bintiúirí d'eisiúin ná, ach amháin do réir an Achta so, chun airgead d'fháil ar iasacht.

An Meamram nó na hAirteagail Chomhlachais d'athrú.

14. —D'ainneoin éinní dá bhfuil sna hAchta Cuideachtan, ní bheidh aon athrú ar Mheamram Comhlachais nó Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan bailí ná éifeachtach muran le réamhcheadú an Aire Thalmhaíochta arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a déanfar é.

Iasacht don Chuideachtain chun costais a bunuithe d'íoc.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta suim nach mó ná dhá chéad agus caoga punt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh is ceart maidir le ham agus modh aisíoctha, ráta úis, urrús agus nithe ar bith eile.

(2) Déanfaidh an Chuideachta aon airgead a bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain faoin alt so d'úsáid chun nó mar chabhair chun íoctha costas tionnscnaimh, bunuithe, agus cláruithe na Cuideachtan agus réamhchostas eile na Cuideachtan agus chuige sin amháin.

(3) Na suimeanna uile a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Talmhaíochta chun nó mar chabhair chun aon airgead a bheas tugtha ar iasacht don Chuideachtain faoin alt so d'aisíoc nó chun an t-ús ar aon airgead den tsórt san d'íoc, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Scair-chaipiteal na Cuideachtan d'eisiúin.

16. —(1) Déanfar aon scair amháin i scair-chaipiteal na Cuideachtan do dháiliú agus d'eisiúin do gach duine de shuibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan agus déanfar, faoi réir forál an Achta so, an chuid eile de scair-chaipiteal na Cuideachtan do dháiliú agus d'eisiúin don Aire Airgeadais.

(2) An t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan i gcomaoin scaireanna i scairchaipiteal na Cuideachtan do dháiliú agus d'eisiúin dóibh de bhun fo-ailt (1) den alt so, réamhíocfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

Srianta le scairchaipiteal na Cuideachtan d'eisiúin.

17. —Ní déanfar tráth ar bith aon eisiúin ar scair-chaipiteal na Cuideachtan (seachas scair-chaipiteal a ndéanfar é d'eisiúin do shuibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan nó scaireanna a gceangaltar le halt 18 den Acht so ar an gCuideachtain iad d'eisiúin don Aire Airgeadais) mura ndéana an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, an eisiúin sin d'údarú.

Scaireanna d'eisiúin don Aire Airgeadais i gcomaoin áirnéis d'aistriú.

18. —Chun go gcinnfear agus chun a áirithiú go n-íocfar leis an Stát suim a bheas le n-íoc ag an gCuideachtain i gcomaoin an aistrithe (a thiocfas in éifeacht ar dháta an aistrithe trí oibriú ailt 31 den Acht so) a déanfar chun na Cuideachtan ar an áirnéis leis an Stát a bheas ar an nGroighealach Náisiúnta ar dháta an aistrithe, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dáta an aistrithe, deimhniú do thabhairt i scríbhinn á dheimhniú cad é an tsuim is dóigh leis is iníoctha ag an gCuideachtain i gcomaoin an aistrithe sin;

(b) déanfaidh an Chuideachta, ar an Aire Airgeadais dá iarraidh sin tráth ar bith tar éis dó an deimhniú san do thabhairt, gnáth-scaireannaa lán-íoctha sa Chuideachtan is comhionann (ina n-ainm-luach) leis an tsuim a bheas deimhnithe amhlaidh d'eisiúin don Aire Airgeadas gan íocaíocht uaidh sin.

Cumhacht an Aire chun scaireanna do thógaint trí shuibscríobhadh.

19. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon scaireanna sa Chuideachtain do thógaint trí shuibscríobhadh.

Cumhachta an Aire Airgeadais mar scairshealbhóir.

20. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire, gach ceann nó aon cheann de na cearta agus na cumhachta is infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir scaireanna den tsórt san d'fheidhmiú faoi réir an Achta so, agus má bhíonn na cearta nó na cumhachta san infheidhmithe trí atúrnae féadfaidh an tAire sin, má mheasann sé gur ceart é, na cearta nó na cumhachta san d'fheidhmiú trína atúrnae.

Airgead do réamhíoc as an bPríomh-Chiste.

21. —(1) An t-airgead uile a theastós ó am go ham ón Aire Airgeadais chun íocaíochta do dhéanamh is gá dhó a dhéanamh i leith aon scaireanna a mbeidh suibscríofa aige dhóibh faoin Acht so, réamhíocfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Chun airgead do sholáthar le haghaidh na suimeanna a réamhíocfar as an bPríomh-Chiste faoin alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do chruthnú agus d'eisiúin ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bun-airgid agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt so agus na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús san d'eisiúin.

E bheith d'oblagáid ar scair-shealbhóirí (seachas an tAire Airgeadais scaireanna do shealbhú ar iontaobhas don Aire.

22. —(1) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhós gach comhalta den Chuideachtain (agus suibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan d'áireamh ach gan an tAire Airgeadais d'áireamh) a scair sa Chuideachtain agus dá réir sin beidh de cheangal air na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile uile a gheobhaidh an comhalta san ar an scair sin nó ina leith d'íoc leis an Aire sin chun tairbhe don Stát-Chiste agus fós an scair sin d'aistriú, fé mar agus nuair a cheanglós an tAire san air, chun an Aire sin nó chun duine arna ainmniú ag an Aire sin chuige sin.

(2) Chun go gcomhlíonfar a bhfuil sna hAchta Cuideachtan á fhoráil go mbeidh seacht gcomhalta ar a laghad sa Chuideachtain i gcomhnaí nó chun go mbeidh an cháilíocht is gá ag duine a ceapfar nó a bheas le ceapadh ina stiúrthóir ar an gCuideachtain, féadfaidh an tAire Airgeadais ceachtar ní nó an dá ní acu so leanas do dhéanamh ó am go ham fé mar is gá, sé sin le rá:—

(a) ceann amháin de na scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh ag an Aire sin de thuras na huaire d'aistriú chun duine ar bith;

(b) a cheangal ar aon chomhalta den Chuideachtain aon scair a bheas ar seilbh aige d'aistriú chun an Aire sin nó chun duine ar bith eile.

(3) Ach amháin mar a húdaraítear nó a ceangaltar le fo-alt (2) den alt so ní dhéanfaidh aon chomhalta den Chuideachtain (ar a n-áirítear an tAire Airgeadais) aon scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire d'aistriú ná do choimhithiú.

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

23. —Na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile uile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh aige nó ar iontaobhas dó, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin.

Cumhacht na Cuideachtan chun airgead d'fháil ar iasacht.

24. —Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, airgead d'fháil ar iasacht ó am go ham óna bancaeraí, ach ní cead an méid iomlán a bheas faighte ar iasacht faoin alt so agus a bheas gan glanadh do dhul, tráth ar bith, thar pé méid acu so leanas is lú, sé sin le rá:—

(a) céad míle punt;

(b) an méid a bheas gan eisiúin de scair-chaipiteal údaraithe na Cuideachtan.

E bheith d'oblagáid fuíoll-chláir, etc., do thabhairt don Aire Talmhaíochta.

25. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire Talmhaíochta laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta faoi leith—

(a) fuíoll-chlár don bhliain chuntasaíochta san agus é iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan;

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta san agus é iniúchta amhlaidh; agus

(c) tuarascáil ar a himeachta ar feadh na bliana cuntasaíochta san.

(2) Déanfar an fuíoll-chlár agus an cuntas sochair agus dochair a bheas le tabhairt mar adúradh do leagadh amach i pé slí ordóidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus beidh sa bhfuíoll-chlár san (i dteannta éinní is gá do réir an orduithe sin) coimre ar chaipiteal, sócmhainní agus fiachais na Cuideachtan maraon leis na sonnraí sin a léireos cineál na sócmhainní agus na bhfiachas san agus an tslí inar háiríodh luach na sócmhainní.

(3) Déanfaidh an Chuideachta, ar an Aire Talmhaíochta dá iarraidh sin, pé mínithe do thabhairt don Aire sin a mheasfaidh sé is cuibhe agus is ceart d'iarraidh maidir le haon fhuíoll-chlár, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil a bheas tugtha dhó de bhun an ailt seo.

(4) Déanfaidh an tAire Talmhaíochta cóip de gach fuíoll-chlár, cuntas sochair agus dochair agus tuarascáil a bhéarfar dó de bhun an ailt seo do leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an fuíoll-chlár, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin do thabhairt dó amhlaidh.

(5) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire Talmhaíochta pé eolas, maidir le beartas, gníomhachta agus cinnte na Cuideachtan, a iarrfaidh an tAire sin ó am go ham.

(6) Má fhaillíonn an Chuideachta aon cheann nó cinn d'fhorála an ailt seo do chomhlíonadh, beidh an Chuideachta, maraon le gach stiúrthóir, bainisteoir agus oifigeach eile don Chuideachtain d'údaraigh nó do cheadaigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur orthu in aghaidh gach lae a leanfas an fhaillí.

(7) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta nó féadfar ar agra an Aire Thalmhaíochta, mar chúisitheoir, cionta faoin alt so do chúiseamh.

An Ciste Athsholáthair Stoic.

26. —(1) Cothabhálfaidh an Chuideachta ciste dá ngairmfear an Ciste Athsholáthair Stoic.

(2) Íocfar isteach sa Chiste Athsholáthair Stoic an sochar glan as aon stoc folaíochta a dhéanfaidh an Chuideachta a cheannach as caipiteal agus a chur de láimh, an t-airgead uile a gheobhaidh an Chuideachta ó am go ham ar scór árachais ar stoc folaíochta a ceannófar amhlaidh, agus pé airgead a dháilfidh an Chuideachta ó am go ham don chiste sin as glan-ioncam barrachais.

(3) An t-airgead a bheas i gcreidiúin don Chiste Athsholáthair Stoic úsáidfear é chun críocha caipitiúla faoi réir cheadú an Aire Thalmhaíochta arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus ní chun aon chríche eile.

An Chuideachta do thógaint tailimh.

27. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Thalmhaíochta, ach ní ar aon tslí eile, talamh ar bith do thógaint trí chomhaontú nó ar léas nó ar cíos.

(2) Sara dtuga an tAire Talmhaíochta toiliú faoin alt so rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Tailte leis an gCuideachtain do dhíol, etc.

28. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Thalmhaíochta, ach ní ar aon tslí eile, tailte ar bith leis an gCuideachtain do dhíol, do chur ar léas nó do ligean.

(2) Sara dtuga an tAire Talmhaíochta toiliú faoin alt so rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Forála maidir leis an gCuideachtain d'fhoirceannadh.

29. —I gcás an Chuideachta d'fhoirceannadh, déanfar an t-airgead uile a bheas fágtha, tar éis fiacha na Cuideachtan d'íoc agus an caipiteal a bheas suibscríofa ag scair-shealbhóirí d'aisíoc, d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Scéimeanna speisialta chun síolrú capall folaíochta d'fheabhsú.

30. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le ceadú an Aire Thalmhaíochta, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, scéimeanna speisialta do chur i ngníomh chun síolrú capall folaíochta d'fheabhsú.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna d'íoc leis an gCuideachtain ó am go ham, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, a mheasfaidh an tAire Talmhaíochta is ceart d'íoc mar chabhair chun costas oibrithe scéimeanna faoi fho-alt (1) den alt so do ghlanadh.

(3) Na suimeanna uile a híocfar leis an gCuideachtain faoi fho-alt (2) den alt so, is ar ghlanadh costas faoina raghfar maidir le hoibriú scéimeanna faoi fho-alt (1) den alt so agus air sin amháin a caithfear iad.

CUID IV.

Airneis Airithe leis an Stat d'Aistriu chun na Cuideachtan.

Airnéis ar an nGroighealach Náisiúnta d'aistriú chun na Cuideachtan.

31. —Gach uile áirnéis leis an Stát a bheas ar an nGroighealach Náisiúnta ar dháta an aistrithe, tiocfaidh sí chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe, ina maoin leis an gCuideachtain de bhuaidh an ailt seo.