9 1946


Uimhir 9 de 1946.


AN tACHT CUANTA, 1946.

[An tiontó oifigiüil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA MAIDIR LE COMHALTAS ÚDARÁS ÁIRITHE CUAIN AGUS LE BAINISTÍ, RIALÚ, OIBRIÚ AGUS FORBAIRT A gCUANTA, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN NA hÚDARÁIS CHUAIN SIN D'ÉILEAMH RÁTAÍ, DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hÚDARÁIS PHÍOLÓITEACHTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [2ú Aibreán, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Cuanta, 1946 , a ghairm den Acht seo.

Míníthe.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

aerárthach, aerodróm.

tá leis na focail “aerárthach” agus “aerodróm” na bríonna atá leo faoi seach san Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) ;

cruinniú bliantiúil.

tá leis an abairt “cruinniú bliantúil” an bhrí a ceaptar di le fo-alt (1) d'alt 20 den Acht seo;

comhalta comhlachais tráchtála.

tá leis an abairt “comhalta comhlachais tráchtála” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

an bailitheoir rátaí.

ciallaíonn an abairt “an bailitheoir rátaí” an bailitheoir rátaí nó an máistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) faoi alt 38 den Acht seo do chuan;

comhalta tofa.

tá leis an abairt “comhalta tofa” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” bliain is bliain toghcháin chun críocha an Achta seo maidir leis an údarás cuain iomchuí do réir ailt 9 den Acht seo;

an Bainisteoir Ginearálta.

ciallaíonn an abairt “an Bainisteoir Ginearálta” an Bainisteoir Ginearálta faoi alt 39 den Acht seo ar chuan;

earraí.

folaíonn an focal “earraí” beodhíle, mianraí, bathair, airnéisí agus marsantas de gach saghas;

rátaí earraí.

tá leis an abairt “rátaí earraí” an bhrí a ceaptar di le mír (b) d'alt 94 den Acht seo;

duga grábhála.

folaíonn an abairt “duga grábhála” aon fhánán paiteanta, greadall, sásar nó obair eile dá samhail;

cuan.

ciallaíonn an focal “cuan” cuan údaráis chuain;

údarás cuain.

ciallaíonn an abairt “údarás cuain” comhlucht a luaitear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ach—

(a) i gcás comhairle cheantair uirbigh Chill Ruis, léireofar an abairt mar abairt a thagraíos don chomhairle sin ag gníomhú dhóibh mar an gcomhlucht atá ag cothabháil piara na Ceapaighe i gCill Ruis, agus

(b) i gcás comhairle cheantair uirbigh Eochaille, léireofar an abairt mar abairt a thagraíos don chomhairle sin ag gníomhú dhóibh mar an gcomhlucht atá ag cothabháil Cuan Eochaille;

an máistir cuain.

ciallaíonn an abairt “an máistir cuain” an máistir cuain nó an máistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) do chuan faoi alt 38 den Acht seo;

ordú cuan-rátaí.

tá leis an abairt “ordú cuan-rátaí” an bhrí a ceaptar di le halt 104 den Acht seo;

ordú cuanoibreacha.

tá leis an abairt “ordú cuan-oibreacha” an bhrí a ceaptar di le halt 134 den Acht seo;

comhalta lucht oibre.

tá leis an abairt “comhalta lucht oibre” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

comhalta beodhíle.

tá leis an abairt “comhalta beodhíle” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 );

comhalta údaráis áitiúil.

tá leis an abairt “comhalta údaráis áitiúil” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

comhalta monaróirí.

tá leis an abairt “comhalta monaróirí” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

máistir.

ciallaíonn an focal “máistir” an duine i gceannas nó i gcúram an árthaigh ar maidir léi a húsáidtear an focal sin, ach ní fholaíonn sé píolóití;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

comhalta ainmnithe.

tá leis an abairt “comhalta ainmnithe” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

oifig an bhailitheora rátaí.

ciallaíonn an abairt “oifig an bhailitheora rátaí” an áit nó aon cheann de na háiteanna a ainmneos an t-údarás cuain iomchuí ó am go ham chun rátaí is inéilithe acu a íoc ann;

únaor.

folaíonn an focal “únaer,” maidir le hearraí, aon chonsíneoir, consíní, loingseoir nó gníomhaire chun na hearraí sin a dhíol nó a choimeád;

údarás píolóiteachta.

tá leis an abairt “údarás píolóiteachta” an bhrí atá leis an abairt “pilotage authority” sa Pilotage Act, 1913;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

príomh-oifig.

ciallaíonn an focal “príomh-oifig” an phríomh-oifig a bheas á cothabháil ag údarás cuain faoi alt 147 den Acht seo;

ordú cuanoibreacha sealadach.

tá leis an abairt “ordú cuan-oibreacha sealadach” an bhrí a ceaptar di le halt 135 den Acht seo;

rátaí.

folaíonn an focal “rátaí” rátaí tonnáiste, rátaí earraí agus rátaí seirbhíse;

an rúnaí.

ciallaíonn an abairt “an rúnaí” an rúnaí faoi alt 38 den Acht seo do chuan;

rátaí seirbhíse.

tá leis an abairt “rátaí seirbhíse” an bhrí a ceaptar di le mír (c) d'alt 94 den Acht seo;

rátaí tonnáiste.

tá leis an abairt “rátaí tonnáiste” an bhrí a ceaptar di le mír (a) d'alt 94 den Acht seo;

árthach.

folaíonn an focal “árthach” long, bád nó árthach eile d'aon tsaghas.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú ar aon fhoráil, folaíonn sí, i gcás inar iomchuí é, tagairt do shárú ar an bhforáil sin trí fhaillí nó diúltú a thabhairt i gcomhlíonadh na forála sin.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do theoranta cuain léireofar í—

(a) i gcás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha ag ceapadh a theoranta i bhfeidhm de thuras na huaire ina thaobh —mar thagairt do theoranta an chuain arna gceapadh leis an ordú sin, ach sin faoi réir aon athruithe ar an gcéanna a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi aon ordú cuan-oibreacha eile, agus

(b) in aon chás eile, mar thagairt—

(i) más é Cuan Bhaile Atha Cliath an cuan—do theoranta Poirt Bhaile Atha Cliath do réir bhrí ailt 2 den Dublin Port and Docks Act, 1869, agus

(ii) murab é Cuan Bhaile Atha Cliath an cuan—do theoranta an chuain mar a bhí díreach roimh an Acht seo a rith,

ach sin faoi réir aon athruithe ar an gcéanna a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi aon ordú cuanoibreacha eile.

Costais.

3. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Forála ginearálta maidir le rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú.

(2) Aon chumhacht a bheirtear don Aire leis an Acht seo chun rialacháin a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht chun na rialacháin sin a dhéanamh maidir le húdaráis chuain i gcoitinne nó maidir le haon údarás cuain sonraithe amháin nó níos mó agus chun rialacháin difriúla a dhéanamh maidir le húdaráis chuain difriúla.

(3) Beidh feidhm dlí do réir a dtéarmaí ag rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo.

Foráil shealadach maidir le comhaltas údasás airithe cuain.

5. —D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon alt eile den Acht seo nó in aon achtachán eile, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le húdarás cuain (nach údarás áitiúil) ar feadh na tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an lá roimh an dara Déardaom i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar faoi alt 6 den Acht seo maidir leis an údarás cuain:

(a) faoi réir míre (b) den alt seo, beidh an t-údarás cuain comhdhéanta de na daoine a bhí ag gníomhú mar chomhaltaí dhe díreach roimh an Acht seo a rith;

(b) aon uair a éagfas aon duine de na daoine sin nó a éireos sé as bheith ina chomhalta, líonfar an folúntas a tharlós dá dhroim sin tríd an gcuid eile de na daoine sin do chomhthoghadh duine chun an folúntas a líonadh;

(c) i gcás feidhm a bheith ag aon fhorála dá bhfuil in ailt 37 go 52 agus in alt 55 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir leis an údarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, ansin, leanfaidh na forála sin, faoi réir aon athruithe a bheas déanta iontu leis an achtachán ar dá bhuaidh a bhí feidhm acu amhlaidh, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an údarás cuain.

CUID II.

Comhaltai agus Nos Imeachta Udarais Chuain.

Tosach feidhme Coda II.

6. —(1) Tiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás cuain sa bhliain a cheapfas an tAire le hordú maidir leis an údarás cuain sin agus mar leanas:

(a) an méid den Chuid seo den Acht seo a bhaineas le comhaltaí údaráis chuain a cheapadh, a thoghadh agus a ainmniú, tiocfaidh sé i ngníomh an 7ú lá d'Iúil sa bhliain a ceapfar amhlaidh,

(b) tiocfaidh iarmhar na Coda seo den Acht seo i ngníomh an dara Déardaoin in mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar amhlaidh.

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo maidir le húdarás cuain is údarás áitiúil, cuirfidh sé san ordú, agus beidh éifeacht ag an ordú dá réir sin, forála trína gcruthnóidh, ar an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar leis an ordú, údarás nua a hainmneofar san ordú, trína n-aistreoidh, an lá sin, chun an údaráis nua cuan an údaráis áitiúil, bainistí agus rialú an chuain sin agus na sócmhainní, na dliteanais, na hoifigigh agus na seirbhísigh a bhainfeas leis, agus trína ndéanfaidh socruithe i dtaobh aon nithe eile is nithe forlíontacha nó fo-ghabhálacha maidir le cruthnú an údaráis nua, agus beidh éifeacht ag na forála seo a leanas freisin i dteannta na bhforál san ordú:

(a) déanfar céad-cheapadh, céad-toghadh agus céad-ainmniú comhaltaí an údaráis nua a chur i ngníomh de bhun agus faoi réir na Coda seo den Acht seo amhail is dá mba thagairt don údarás nua an tagairt don údarás áitiúil sa chéad cholún de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo,

(b) na rátaí tonnáiste a híocfar leis an údarás áitiúil sa bhliain díreach roimh an mbliain a ceapfar leis an ordú, déanfar, maidir leis an gcéad-toghadh sin, iad a áireamh mar rátaí tonnáiste a híocadh leis an údarás nua sa bhliain sin roimhe sin,

(c) má cheapann an tAire céad-chomhaltaí den údarás nua faoi mhír (b) d'alt 11 den Acht seo ceapfaidh sé amhlaidh beirt is dóigh leis a bheith ionadaitheach do na daoine d'íoc rátaí tonnáiste leis an údarás áitiúil,

(d) an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar leis an ordú agus d'éis an Déardaoin sin, déanfar an tagairt atá sa chéad cholún de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo don údarás áitiúil a léiriú mar thagairt don údarás nua.

Comhaltaí údaráis chuain.

7. —(1) Beidh údarás cuain a luaitear sa chéad cholún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

(a) cúigear comhalta (dá ngairmtear comhaltaí údaráis áitiúil san Acht seo) a ceapfar ag an údarás áitiúil a luaitear sa dara colún den Chuid sin I os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin nó, i gcás Coimisinéirí Chuan Chorcaighe, a gceapfar ceathrar de na comhaltaí sin ag an gcéad údarás áitiúil a luaitear sa dara colún den Chuid sin I os coinne lua Coimisinéirí Chuan Chorcaighe sa chéad cholún sin agus a gceapfar an duine eile de na comhaltaí sin ag an dara húdarás áitiúil a luaitear mar adúradh;

(b) ceathrar comhalta (dá ngairmtear comhaltaí comhlachais tráchtála san Acht seo) a ceapfar ag an gcomhlachas tráchtála a luaitear sa tríú colún den Chuid sin I os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin nó, i gcás Coimisinéirí Chuan Chorcaighe, a gceapfar beirt de na comhaltaí sin ag an gcéad chomhlachas tráchtála a luaitear sa tríú colún den Chuid sin I os coinne lua Coimisinéirí Chuan Chorcaighe sa chéad cholún sin agus a gceapfar an bheirt eile de na comhaltaí sin ag an dara comhlachas tráchtála a luaitear mar adúradh;

(c) beirt chomhalta (dá ngairmtear comhaltaí beodhíle san Acht seo) a ndéanfar,—

(i) más eagras amháin a bheas sonraithe san ordú a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt 3 den alt seo, iad a cheapadh ag an eagras a bheas sonraithe amhlaidh,

(ii) más dhá eagras a bheas sonraithe san ordú a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt 3 den alt seo, duine de na comhaltaí sin a cheapadh ag an gcéad eagras a bheas sonraithe amhlaidh agus an duine eile de na comhaltaí sin a cheapadh ag an dara heagras a bheas sonraithe amhlaidh;

(d) beirt chomhalta (dá ngairmtear comhaltaí monaróirí san Acht seo) a ceapfar ag an Federation of Irish Manufacturers, Limited;

(e) beirt chomhalta (dá ngairmtear comhaltaí lucht oibre san Acht seo) a ceapfar ag an eagras a bheas sonraithe san ordú a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt (4) den alt seo i leith an údaráis chuain;

(f) ceathrar comhalta (dá ngairmtear comhaltaí tofa san Acht seo) a toghfar ag na toghthóirí cáilithe;

(g) ceathrar comhalta (dá ngairmtear comhaltaí ainmnithe san Acht seo) a hainmneofar ag an Aire.

(2) Beidh údarás cuain a luaitear sa chéad cholún de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo comdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

(a)    (i) i gcás Coimisinéirí Chuan Ros Mhic Thriúin, seisear comhalta (dá ngairmtear freisin san Acht seo comhaltaí údaráis áitiúil) a gceapfar beirt acu ag gach údarás áitiúil faoi leith dá luaitear sa dara colún den Chuid sin II os coinne lua Coimisinéirí Chuan Ros Mhic Thriúin sa chéad cholún sin,

(ii) i gcás aon údaráis chuain eile, ceathrar comhalta (dá ngairmtear freisin san Acht seo comhaltaí údaráis áitiúil) a ceapfar ag an údarás áitiúil a luaitear sa dara colún den Chuid sin II os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin nó, i gcás ina bhfuil dhá údarás áitiúil luaite amhlaidh, a gceapfar beirt de na comhaltaí sin ag an gcéad údarás áitiúil a luaitear agus a gceapfar an bheirt eile de na comhaltaí sin ag an dara húdarás áitiúil a luaitear;

(b) i gcás údaráis chuain a bhfuil comhlachas tráchtála luaite ina leith sa tríú colún den Chuid sin II os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin, beirt chomhalta (dá ngairmtear freisin san Acht seo comhaltaí comhlachais tráchtála) a ceapfar ag an gcomhlachas tráchtála;

(c) beirt chomhalta (dá ngairmtear freisin san Acht seo comhaltaí tofa) a ceapfar ag na togthóirí cáilithe;

(d) triúr comhalta (dá ngairmtear freisin san Acht seo comhaltaí ainmnithe) a hainmneofar ag an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta ó am go ham, le hordú (a fhéadfas sé tráth ar bith, le hordú, a chúlghairm nó a leasú) arna dhéanamh maidir le húdarás cuain a luaitear sa chéad cholún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhearbhú gur eagras sonraithe nó dhá eagras shonraithe de thrádálaithe beodhíle a cheapfas na comhaltaí beodhíle ar an údarás cuain sin.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú (a fhéadfas sé tráth ar bith, le hordú, a chúlghairm nó a leasú) arna dhéanamh maidir le húdarás cuain a luaitear sa chéad cholún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhearbhú gur eagras sonraithe atá ionadaitheach do leasa lucht oibre a cheapfas na comhaltaí lucht oibre ar an údarás cuain sin.

(5) Gach duine nó gach grúpa daoine acu seo a leanas beidh sé, maidir le haon toghadh áirithe comhaltaí tofa d'údarás cuain, ina thoghthóir cáilithe chun críocha míre (f) d'fho-alt (1) nó míre (c) d'fho-alt (2) (do réir mar is iomchuí) den alt seo:

(a) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát agus dob únaer, an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an toghadh, ar árthach nó árthaí ar híocadh ina leith, leis an údarás cuain ar feadh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig sin, rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ná an tsuim íosta,

(b) pearsa ar a raibh gnáthchónaí sa Stát ar feadh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an toghadh agus dob únaer, an 31ú lá de Nollaig sin, ar árthach nó árthaí ar híocadh ina leith leis an údarás cuain ar feadh na bliana sin rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ná an tsuim íosta,

(c) grúpa pearsan a raibh gnáthchónaí ar éinne acu sa Stát ar feadh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an toghadh agus ba chomhúnaerí, an 31ú lá de Nollaig sin, ar árthach nó árthaí ar híocadh ina leith leis an údarás cuain ar feadh na bliana sin rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ná an tsuim íosta,

(d) i gcás comhluchta chorpraithe nach sa Stát a corpraíodh agus dob únaer, an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an toghadh, ar árthach nó árthaí ar híocadh ina leith leis an údarás cuain ar feadh na bliana sin rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ná an tsuim íosta, bainisteoir ionadaitheach an chomhluchta chorpraithe sin ach gnáthchónaí a bheith ar an mbainisteoir sin sa Stát ar feadh na bliana sin,

(e) i gcás pearsa ná raibh gnáthchónaí air sa Stát ar feadh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an toghadh agus dob únaer, an 31ú lá de Nollaig sin, ar árthach nó árthaí ar híocadh ina leith leis an údarás cuain ar feadh na bliana sin rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ná an tsuim íosta, bainisteoir ionadaitheach na pearsan sin ach gnáthchónaí a bheith ar an mbainisteoir sin sa Stát ar feadh na bliana sin,

(f) i gcás grúpa pearsan ná raibh gnáthchónaí ar éinne acu sa Stát ar feadh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an toghadh agus ba chomhúnaerí, an 31ú lá de Nollaig sin, ar árthach nó árthaí ar híocadh ina leith leis an údarás cuain ar feadh na bliana sin rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ná an tsuim íosta, bainisteoir ionadaitheach an ghrúpa sin ach gnáthchónaí a bheith ar an mbainisteoir sin sa Stát ar feadh na bliana sin.

(6) I bhfo-alt (5) den alt seo—

(a) ciallaíonn an focal “árthach” árthach arna clárú sa Stát faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939,

(b) ciallaíonn an focal “únaer” únaer cláraithe do réir bhrí na nAcht Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939.

(7) I bhfo-alt (5) den alt seo, ciallaíonn an abairt “an tsuim íosta”—

(a) maidir le húdarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, fiche punt,

(b) maidir le húdarás cuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo,

(i) deich bpunt, nó,

(ii) i gcás aon toghadh áirithe ar dóigh leis an Aire ina thaobh go dtiocfadh d'fheidhm fo-mhíre (i) den mhír seo an líon toghthóirí a bheith ró-bheag, pé suim, is lú ná deich bpuint, a ordós an tAire.

(8) Go dtí an chéad lá, tar éis an t-airgead uile a gheobhas Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe ar iasacht faoi alt 48 d'Acht Chuan na Gaillimhe, 1935 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1935), a bheith aisíoctha, arb é an dara Déardaoin é i mí Dheireadh Fómhair i mbliain toghcháin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo maidir le Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe amhail is dá gcuirtí isteach ann na focail “cúigear comhaltaí” in ionad na bhfocal “ceathrar comhaltaí” agus na focail “a gceapfar triúr de na comhaltaí sin” in ionad na bhfocal “a gceapfar beirt de na comhaltaí sin”.

(9) Duine amháin ar a laghad de na comhaltaí ainmnithe d'údarás cuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh sé ina dhuine a bheas, i dtuairim an Aire, ionadaitheacht do leasa lucht oibre.

Ionadaíocht speisialta ag údaráis áitiúla i gcásanna áirithe.

8. —(1) I gcás—

(a) údarás áitiúil (dá ngairmtear an t-údarás cúntach sa bhfo-alt seo) a bheith tar éis cúnamh airgid a thabhairt nó a aontú é a thabhairt d'údarás cuain, agus

(b) gan an t-údarás cúntach a bheith ina údarás áitiúil a dhéanfadh sa ghnáth-chúrsa, do réir an Achta seo, comhaltaí údaráis áitiúil a cheapadh ar an údarás cuain, agus

(c) an tAire a bheith ar an tuairim gur ceart ionadaíocht a bheith ag an údarás cúntach ar chomhaltas an údaráis chuain,

féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, a dhearbhú le hordú—

(i) go gceapfaidh an t-údarás cúntach duine amháin nó níos mó de na comhaltaí údaráis áitiúil ar an údarás cuain agus go laghdófar dá réir sin an uimhir de na comhaltaí sin a bheas le ceapadh ag aon údarás áitiúil a dhéanfadh sa ghnáthchúrsa, faoin Acht seo, na comhaltaí sin a cheapadh, nó

(ii) go ndéanfaidh an t-údarás cúntach comhalta nó comhaltaí údaráis áitiúil sa bhreis a cheapadh ar an údarás cuain.

(2) Más ag dhá údarás áitiúil nó níos mó a bheas na comhaltaí údaráis áitiúil ar údarás cuain le ceapadh de thuras na huaire, féadfaidh an tAire, le hordú, an uimhir de na comhaltaí sin a bheas le ceapadh ag gach údarás faoi leith acu sin a athrú.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo beidh éifeacht aige do réir a théarmaí ar an gcéad lá agus d'éis an chéad lae arb é an 7ú lá d'Iúil é i ndiaidh an orduithe a dhéanamh i mbliain toghcháin.

(4) Féadfaidh an Aire, le hordú, aon ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt seo (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Bliain toghcháin.

9. —(1) An bhliain a thiocfas an Chuid seo den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás cuain beidh sí ina bliain toghcháin chun críocha an Achta seo i leith an údaráis chuain sin agus gairmtear an chéad bhliain toghcháin di i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) I dteannta na céad bhliana toghcháin, beidh na blianta seo a leanas ina mblianta toghcháin chun críocha an Achta seo i leith údaráis chuain:

(a) i gcás inar bliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae an chéad bhliain toghcháin—gach tríú bliain leanúnach i ndiaidh na céad bhliana toghcháin,

(b) ina aon chás eile—an bhliain, agus gach tríú bliain leanúnach iardain, ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae i ndiaidh na céad bhliana toghcháin.

An t-am i gcóir ceapadh, toghadh agus ainmniú.

10. —(1) I rith na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin, déanfar, sa mhéid gur gá é do réir an Achta seo, na nithe seo a leanas i leith údaráis chuain—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla iomchuí daoine a cheapadh ina gcomhaltaí údaráis áitiúil ar an údarás cuain,

(b) déanfaidh an comhlachas tráchtála nó na comhlachais tráchtála iomchuí daoine a cheapadh ina gcomhaltaí comhlachais tráchtála ar an údarás cuain,

(c) má tá an t-údarás cuain luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, déanfaidh an t-eagras nó na heagrais iomchuí de thrádálaithe beodhíle daoine a cheapadh ina gcomhaltaí beodhíle ar an údarás cuain,

(d) má tá an t-údarás cuain luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, déanfaidh an Federation of Irish Manufacturers, Limited, daoine a cheapadh ina gcomhaltaí monaróirí ar an údarás cuain,

(e) má tá an t-údarás cuain luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ceapfaidh an t-eagras iomchuí a bheas ionadaitheach do leasa lucht oibre na comhaltaí lucht oibre ar an údarás cuain, agus

(f) déanfaidh na toghthóirí iomchuí daoine a thoghadh ina gcomhaltaí tofa ar an údarás cuain.

(2) Na daoine a ainmneos an tAire ina gcomhaltaí ainmnithe ar údarás cuain ainmneoidh sé iad i rith na tréimhse dar tosach an lú lá de Mheán Fómhair agus dar críoch an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain toghcháin.

(3) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin, go bhfailleoidh údarás áitiúil, ar a mbeidh de cheangal daoine a cheapadh ina gcomhaltaí údaráis áitiúil ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin trí gan aon daoine den tsórt sin a cheapadh nó trí uimhir de dhaoine den tsórt sin a cheapadh is lú ná mar bheas de cheangal orthu amhlaidh a cheapadh, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, an oiread daoine a cheapadh ina gcomhaltaí ar an údarás cuain agus a leigheasfas an fhaillí sin.

(4) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin go bhfailleoidh comhlachas tráchtála, ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo daoine a cheapadh ina gcomhaltaí comhlachais tráchtála ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin trí gan aon daoine den tsórt sin a cheapadh nó trí uimhir de dhaoine den tsórt sin a cheapadh is lú ná mar bheas de cheangal orthu amhlaidh a cheapadh, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, an oiread daoine a cheapadh ina gcomhaltaí ar an údarás cuain agus a leigheasfas an fhaillí sin.

(5) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin, go bhfailleoidh eagras trádálaithe beodhíle, ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo daoine a cheapadh ina gcomhaltaí beodhíle ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin trí gan aon daoine den tsórt sin a cheapadh nó trí uimhir de dhaoine den tsórt sin a cheapadh is lú ná mar bheas de cheangal orthu amhlaidh a cheapadh, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, an oiread daoine a cheapadh ina gcomhaltaí ar an údarás cuain agus a leigheasfas an fhaillí sin.

(6) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin, go bhfailleoidh eagras trádálaithe beodhíle, ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo aon duine amháin a cheapadh ina chomhalta beodhíle ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh ina chomhalta ar an údarás cuain chun an fhaillí sin a leigheas.

(7) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin, go bhfailleoidh an Federation of Irish Manufacturers, Limited, a r a mbéidh de cheangal faoin Acht seo daoine a cheapadh ina gcomhaltaí monaróirí ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin trí gan aon daoine den tsórt sin a cheapadh nó trí uimhir de dhaoine den tsórt sin a cheapadh is lú ná mar bheas de cheangal orthu amhlaidh a cheapadh, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, an oiread daoine a cheapadh ina gcomhaltaí ar an údarás cuain agus a leigheasfas an fhaillí sin.

(8) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin go bhfailleoidh eagras ionadaitheach do leasa lucht oibre, ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo daoine a cheapadh ina gcomhaltaí lucht oibre ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin trí gan aon daoine den tsórt sin a cheapadh nó trí uimhir de dhaoine den tsórt sin a cheapadh is lú má mar bheas de cheangal orthu amhlaidh a cheapadh, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, an oiread daoine a cheapadh ina gcomhaltaí ar an údarás cuain agus a leigheasfas an fhaillí.

(9) Más rud é, ar feadh na tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Iúil agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa i mbliain toghcháin, go bhfailleoidh toghthóirí, ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo daoine a thoghadh ina gcomhaltaí tofa ar údarás cuain, déanamh do réir an cheanglais sin trí gan aon daoine den tsórt sin a thoghadh nó trí uimhir de dhaoine den tsórt sin a thoghadh is lú ná mar bheas de cheangal orthu amhlaidh a thoghadh, féadfaidh an tAire, a luaithe is caothúil an oiread daoine a cheapadh ina gcomhaltaí ar an údarás cuain agus a leigheasfas an fhaillí sin.

(10) Duine a ceapfar ag an Aire faoi fho-alt (3), (4), (5), (6), (7), (8), nó (9) den alt seo ina chomhalta ar údarás cuain, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, é a bheith arna cheapadh nó arna thoghadh go cuí ina chomhalta údaráis áitiúil, ina chomhalta comhlachais tráchtála, ina chomhalta beodhíle, ina chomhalta monaróirí, ina chomhalta lucht oibre nó ina chomhalta tofa (do réir is cuí) ar an údarás cuain, ach i gcás é a cheapadh ag an Aire an dara Déardaoin nó d'éis an dara Déardaoin i mí Dheircadh Fómhair sa bhliain toghcháin iomchuí, tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh lae a cheaptha,

An tAire do cheapadh comhaltaí tofa i gcásanna áirithe.

11. —Más rud é, maidir leis an toghchán a bheas le comóradh in aon bhliain toghcháin áirithe don chomhalta tofa ar údarás cuain; gur dóigh leis an Aire go mbeidh líon na dtoghthóirí chomh beag sin nár chuí an toghchán a chomóradh, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú ná comórfar an toghchán, agus air sin—

(a) ní comórfar an toghchán, agus

(b) déanfaidh an tAire, i rith na tréimhse dar tosach an lú lá de Mheán Fómhair agus dar críoch an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain toghcháin, ceathrar daoine nó beirt daoine (do réir mar is cuí) is dóigh leis a bheith ionadaitheach d'íocóirí rátaí tonnáiste leis an údarás cuain a cheapadh ina gcomhaltaí tofa ar an údarás cuain agus is tuigthe, chun críocha an Achta seo, na daoine sin a bheith arna dtoghadh go cuí ina gcomhaltaí tofa ar an údarás cuain.

Comhaltaí comhlachais tráchtála a cheapadh ag cruinniú speisialta.

12. —Na comhaltaí comhlachais tráchtála ar údarás cuain a ceapfar ag comhlachas tráchtála, ceapfar iad ag cruinniú den chomhlachas tráchtála a tionólfar go speisialta chuige sin.

Rialacháin i dtaobh toghchán do na comhaltaí tofa ar údarás cuain.

13. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin i dtaobh na slí ina scolfar toghchán do na comhaltaí tofa ar údarás cuain agus i dtaobh pé nithe eile maidir leis an toghchán sin a mheasfaidh is ceart.

(2) Déanfar toghchán do chomhaltaí tofa ar údarás cuain a sheoladh faoi réim agus do réir na rialachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo maidir leis an údarás cuain.

Téarma oifige.

14. —(1) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht seo, tosnóidh téarma oifige chomhalta ar údarás cuain an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain toghcháin ina ndéanfar é a cheapadh, a thoghadh nó a ainmniú (do réir mar bheas).

(2) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, críochnóidh téarma oifige chomhalta ar údarás cuain an lá roimh an gcéad lá arb é an dara Déardaoin é i ndiaidh an lae a thosnós a théarma oifige i mí Dheireadh Fómhair i mbliain toghcháin.

Corrfholúntas.

15. —(1) Aon uair a tharlós folúntas i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht—

(a) má ba chomhalta údaráis áitiúil an comhalta, déanfaidh an t-údarás áitiúil a cheap é, laistigh de dhá mhí tar éis fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt dóibh faoin alt seo, duine a cheapadh ina chomhalta údaráis áitiúil chun an folúntas a líonadh,

(b) má ba chomhalta comhlachais tráchtála an comhalta, déanfaidh an comhlachas tráchtála a cheap é, laistigh de dhá mhí tar éis fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt dóibh faoin alt seo, duine a cheapadh ina chomhalta comhlachais tráchtála chun an folúntas a líonadh,

(c) má ba chomhalta beodhíle an comhalta, déanfaidh an t-eagras trádálaithe beodhíle a cheap é, laistigh de dhá mhí tar éis fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt dóibh faoin alt seo, duine a cheapadh ina chomhalta beodhíle chun an folúntas a líonadh,

(d) má ba chomhalta monaróirí an comhalta, déanfaidh an Federation of Irish Manufacturers, Limited, laistigh de dhá mhí tar éis fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt dóibh faoin alt seo, duine a cheapadh ina chomhalta monaróirí chun an folúntas a líonadh,

(e) má ba chomhalta lucht oibre an comhalta, déanfaidh an t-eagras ionadaitheach do leasa lucht oibre a cheap é, laistigh de dhá mhí tar éis fógra i dtaobh án fholúntais i thabhairt dóibh faoin alt seo, duine a cheapadh ina chomhalta lucht oibre chun an folúntas a líonadh,

(f) má ba chomhalta tofa an comhalta, déanfaidh na comhaltaí ar an údarás cuain, laistigh de dhá mhí tar éis an folúntas a tharlachtain, an folúntas a líonadh trí dhuine a chomhthoghadh ina chomhalta tofa, agus

(g) má ba chomhalta ainmnithe an comhalta, déanfaidh an tAire duine a ainmniú ina chomhalta ainmnithe chun an folúntas a líonadh.

(2) Duine a thiocfas chun bheith ina chomhalta ar údarás cuain faoin alt seo, tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh lae a cheaptha, a chomhthofa nó a ainmnithe (do réir mar bheas).

(3) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta údaráis áitiúil d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt láithreach leis an bpost don údarás áitiúil a cheap an comhalta.

(4) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta comhlachais tráchtála d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain fógra i dtaob an fholúntais a thabhairt láithreach leis an bpost don chomhlachas tráchtála a cheap an comhalta.

(5) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta beodhíle d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt láithreach leis an bpost don eagras trádálaithe beodhíle a cheap an comhalta.

(6) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta monaróirí d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt láithreach leis an bpost don Federation of Irish Manufacturers, Limited.

(7) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta lucht oibre d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt láithreach leis an bpost don eagras ionadaitheach do leasa lucht oibre a cheap an comhalta.

(8) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta ainmnithe d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt láithreach leis an bpost don Aire.

(9) I gcás folúntas do tharlachtain i gcomhaltas údaráis chuain de dhroim comhalta a ceapadh ag comhlucht a sonraítear i mír (a), (b), (c), (d) nó (e) d'fho-alt (1) den alt seo d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht agus gan an comhlucht sin do líonadh an fholúntais sin laistigh de dhá mhí tar éis fógra i dtaobh an fholúntais a thabhairt dóibh faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) déanfaidh an t-údarás cuain fógra á rá nár líonadh an folúntas a thabhairt láithreach leis an bpost don Aire, agus

(b) féadfaidh an tAire air sin duine a cheapadh ina chomhalta ar an údarás cuain chun an folúntas a líonadh, agus

(c) an duine a cheapfas an tAire amhlaidh is tuigthe, chun críocha an Achta seo, é a bheith arna cheapadh go cuí ag an gcomhlucht sin ina chomhalta údaráis áitiúil, ina chomhalta comhlachais tráchtála, ina chomhalta beodhíle, ina chomhalta monaróirí nó ina chomhalta lucht oibre (do réir mar bheas) ar an údarás cuain chun an folúntas a líonadh.

Comhalta ar údarás cuain d'éirías.

16. —Féadfaidh comhalta ar údarás cuain éirí as oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun an údaráis chuain agus tiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe a bheas ag an údarás cuain tar éis dóibh an litir sin a fháil.

Toirmeasc ar dhuine a bheith ina chomhalta ar údarás cuain i níos mó ná aon fheadhmannas amháin.

17. —Duine a thiocfas chun bheith ina chomhalta ar údarás cuain i dhá fheadhmannas nó níos mó, éireoidh sé láithreach as gach ceann ach ceann amháin de na feadhmannais sin agus, mura ndéana sé amhlaidh, féadfaidh an t-údarás cuain a dhearbhú é a bheith éirithe as gach ceann ach ceann amháin ainmnithe de na feadhmannais sin, agus air sin is tuigthe chun gach críche é a bheith ina chomhalta ar an údarás cuain sa bhfeadhmannas ainmnithe sin amháin agus é a bheith éirithe as a chomhaltas sa bhfeadhmannas nó sna feadhmannais eile.

Srianta i gcás údaráis áitiúil a mbeidh a chomhaltaí arna gcur as oifig.

18. —I gcás comhaltaí údaráis áitiúil, a n-údaraítear dó leis an gCuid seo den Acht seo comhaltaí ar údarás cuain a cheapadh, a bheith arna gcur as oifig le hordú arna dhéanamh faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) ní ceapfar comhalta ar an údarás cuain ag an gcoimisinéir nó na coimisinéirí a bheas ceaptha de thuras na huaire faoin gCuid sin IV don údarás áitiúil ach amháin le toiliú an Aire,

(b) ní dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí ordú faoi alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), maidir leis an údarás cuain, ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

Dícháiliú.

19. —(1) Beidh duine dícháilithe chun é a cheapadh nó a thoghadh nó a ainmniú nó a bheith ina chomhalta ar údarás cuain más rud é—

(a) nach saoránach Éireannach é, nó

(b) ná fuil bliain is fiche slán aige, nó

(c) ach amháin i gcás é a cheapadh nó a bheith ina chomhalta údaráis áitiúil, go bhfuil an áit ina bhfuil gnáthchónaí air níos sia ná tríocha míle ó phríomh-oifig an údaráis chuain, nó

(d) go bhfuil sé i seilbh aon oifige páighe faoin údarás cuain, nó

(e) go ndearnadh, laistigh de chúig bliana sar ar ceapadh nó a toghadh nó a hainmníodh é nó ón uair a ceapadh nó a toghadh nó a hainmníodh é, é a chiontú ar dhíotáil nó ar an slí achomair in aon choir agus gur daoradh é chun príosúntacha i dteannta daor-oibre gan rogha fíneála nó chun aon phionóis is mó ná sin, agus ná fuil saormhaithiúnas faighte aige, nó

(f) gur tharla, laistigh de chúig bliana sar ar ceapadh nó a toghadh nó a hainmníodh é nó ón uair a ceapadh nó a toghadh nó a hainmníodh é, gur breithníodh ina fhéimhí é nó go ndearna sé comhréiteach nó comhshocrú lena chreidiúnaithe, nó

(g) go ndearnadh, laistigh de chúig bliana sar ar ceapadh nó a toghadh nó a hainmníodh é, nó ón uair a ceapadh nó a toghadh nó a hainmníodh é, é a chiontú i gcion faoi alt 26 den Acht seo.

(2) Má bhíonn comhalta d'údarás cuain as láthair ó níos mó ná leath na gcruinnithe den údarás cuain i rith aon tréimhse de shé mhí as a chéile, scarfaidh sé lena oifig mura gcinne an t-údarás cuain go bhfuil cúis mhaith ann lena bheith as láthair amhlaidh.

(3) I gcás ina bhfágfar gan íoc aon chuid de shuim a rinne iniúchóir cuntas údaráis chuain a mhuirearú nó a fhormhuirearú ar dhuine ar bith nó ina choinne, beidh an duine sin dícháilithe chun é a cheapadh nó a thoghadh nó a ainmniú nó a bheith ina chomhalta d'aon údarás cuain go dtí go n-íoctar an tsuim a muirearaíodh nó a formhuirearaíodh amhlaidh, mura rud é go ndéanfaidh an duine sin achomharc i gcoinne an mhuirir nó an fhormhuirir agus go gcinnfear, nuair a bheas breith chríochnaitheach á tabhairt ar an achomharc, nach go dleathach a rinneadh an muirear nó an formhuirear nó (i gcás achomhairc chun an Aire) ná fuil sé le forfheidhmiú.

(4) Tosnóidh dícháilíocht faoi fho-alt (3) den alt seo—

(a) i gcás gan achomharc a dhéanamh i gcoinne an mhuirir nó an fhormhuirir iomchuí, ar an tréimhse a bheas ceaptha don achomharc sin a bheith caite, agus

(b) i gcás an t-achomharc sin a dhéanamh, i gceann mí ó chinneadh críochnaitheach an achomhairc sin.

(5) Má dícháilítear duine faoin alt seo trína bhreithiúnú ina fhéimhí ní trí é do dhéanamh comhréitigh nó comhshocruithe lena chreidiúnaithe, scoirfidh an dícháilíocht, i gcás féimhíochta, ar an mbreithiúnú a chur ar neamhbhrí nó ar é d'fháil fuascailte maraon le deimhniú gur mhí-ádh gan aon mhí-iompar ar a thaobh féin faoi ndear a fhéimhíocht agus, i gcás comhréitigh nó comhshocruithe, ar a fhiacha bheith íoctha san iomlán.

(6) Má tharlann faoin alt seo go dtiocfaidh comhalta d'údarás cuain chun bheith dícháilithe chun a oifig a shealbhú nó go scarfaidh sé le na oifig trí bheith as láthair ó chruinnithe, dearbhóidh an t-údarás áitiúil láithreach a oifig a bheith folamh agus air sin beidh sí folamh.

Cruinnithe.

20. —(1) Tionólfaidh údarás cuain cruinniú (dá ngairmtear cruinniú bliantúil san Acht seo) ar an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.

(2) Mura mbeidh sé caothúil d'údarás cuain cruinniú bliantúil a thionól ar an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair in aon bhliain áirithe, féadfaidh an tAire a údarú an cruinniú a thionól pé lá is cuí leis agus nach déanaí ná lá agus fiche i ndiaidh an dara Déardaoin sin agus féadfar dá réir sin an cruinniú a thionól an lá a bheas údaraithe amhlaidh.

(3) I dteannta cruinnithe bliantúla, tionólfaidh údarás cuain pé cruinnithe agus pé méid díobh is gá chun a gcumhachta agus a ndualgais a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an cathaoirleach ar údarás cuain tráth ar bith cruinniú den údarás cuain a ghairm.

(5) Má dhiúltaíonn an cathaoirleach ar údarás cuain cruinniú den údarás cuain a ghairm tar éis foréileamh chuige sin, faoi shíniú triúr comhalta den údarás cuain a thíolacadh dhó, féadfaidh aon triúr comhalta den údarás cuain, ar é do thabhairt an diúltuithe sin, cruinniú den údarás cuain a ghairm láithreach agus, más rud é (gan diúltú amhlaidh) ná déanfaidh an cathaoirleach sin cruinniú den údarás cuain a ghairm laistigh de sheacht lá tar éis an foréileamh a thíolacadh, féadfaidh aon triúr comhalta den údarás cuain, ar an seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den údarás cuain a ghairm.

(6) Trí lá glan ar a laghad roimh chruinniú d'údarás cuain, déanfar fógra i dtaobh am agus áit an chruinnithe bheartaithe, faoi shíniú an chathaoirligh nó oifigigh don údarás cuain a bheas údaraithe acu chuige sin nó, más comhaltaí den údarás cuain a ghairmfeas an cruinniú, faoi shíniú na gcomhaltaí sin, a chur suas ar phríomh-oifig an údaráis chuain agus, más comhaltaí den údarás cuain a ghairmfeas an cruinniú, sonróidh an fógra an gnó a bheas beartaithe a dhéanamh ag an gcruinniú sin.

(7) Trí lá glan ar a laghad roimh chruinniú d'údarás cuain déanfar gairm chun an chruinnithe a shonrós an gnó a bheas beartaithe a dhéanamh ag an gcruinniú agus a bheas sínithe ag oifigeach don údarás cuain a bheas údaraithe acu chuige sin a fhágaint ag gnáth-áit chónaithe gach comhalta den údarás cuain nó a chur ansin leis an bpost, ach mura ndéantar an fógra sin a fhágaint nó a chur amach amhlaidh d'aon chomhalta nó comhaltaí den údarás cuain ní dhéanfaidh sin difir do bhailíocht an chruinnithe.

(8) Ní déanfar aon ghnó ag cruinniú d'údarás cuain seachas an gnó a bheas sonraithe sa ghairm a bhainfeas leis agus pé gnó (más ann) a ceangaltar leis an Acht seo a dhéanamh ag an gcruinniú sin.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleach.

21. —(1) Ag cruinniú bliantúil d'údarás cuain toghfaidh an t-údarás cuain duine dá gcomhaltaí ina chathaoirleach ar an údarás cuain agus duine eile dá gcomhaltaí ina leas-chathaoirleach ar an údarás cuain.

(2) Duine a toghfar ina chathaoirleach nó ina leaschathaoirleach ar údarás cuain, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, nó é d'éirí as nó é do theacht faoi dhícháilíocht, i seilbh oifige mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach (do réir mar bheas) go dtí díreach roimh thosach an chéad chruinnithe bhliantúil eile den údarás cuain.

(3) Aon uair a thiocfas oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirlight ar údarás cuain bheith folamh de dheascaibh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach an údarás chuain d'éag nó d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an t-údarás cuain, ag an gcéad chruinniú eile tar éis an folúntas do tharlachtain, duine dá gcomhaltaí a thoghadh ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach (do réir mar bheas).

(4) Féadfaidh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach ar údarás cuain éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas chathaoirleach tráth ar bith trí litir arna díriú chun an údaráis chuain agus tiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht díreach roimh thosach an chéad chruinnithe den údarás cuain tar éis dóibh an litir sin a fháil.

(5) Aon uair a scoirfeas an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach ar údarás cuain, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach, de bheith ina chomhalta den údarás cuain, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh láithreach de bheith, ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach (do réir mar bheas).

An nós imeachta i dtoghchán cathaoirligh nó leas-chathaoirligh.

22. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ag toghchán chathaoirligh nó leas-chathaoirligh ar údarás cuain:

(a) cuirfear tús leis na himeachta trí chomhalta nó comhaltaí a thairiscint agus a atairiscint agus duine ar bith ná déanfar an tráth sin é a thairiscint agus a atairiscint ní bheidh sé ina iarrthóir;

(b) mura mbeidh ach aon iarrthóir amháin ann, toghfar an t-iarrthóir sin;

(c) má bhíonn níos mó ná dhá iarrthóir ann, tógfar vótaíocht;

(d) má tharlaíonn sa vótaíocht sin go vótálfaidh tromlach de na comhaltaí a bheas i láthair d'aon iarrthóir áirithe, beidh an t-iarrthóir sin tofa;

(e) má tharlaíonn sa vótaíocht sin ná faighidh aon iarrthóir vótaí tromlaigh de na comhaltaí a bheas i láthair, ligfear ar lár an t-iarrthóir a gheobhas an uimhir is lú vótaí agus, faoi réir forál míre (g) den alt seo, tógfar vótaíocht nó vótaíochta eile (do réir mar is gá);

(f) beidh feidhm ag míreanna (d) agus (e) den alt seo maidir leis an vótaíocht nó na vótaíochta eile sin;

(g) mura mbeidh ann ach dhá iarrthóir nó má tharlaíonn' de thoradh vótaíocht nó vótaíochta a thógaint faoin alt seo, go mbeidh na hiarrthóirí uile, ach amháin beirt, ligthe ar lár, cuirfear ina cheist chun na gcomhaltaí a bheas i láthair cé acu den bheirt iarrthóir sin a toghfar agus is é a toghfar ná pé duine den bheirt iarrthóir sin a gheobhas an uimhir is mó vótaí de thoradh na ceiste sin;

(h) má tharlaíonn, de dhroim comhuimhir vótaí a thabhairt do dhá iarrthóir nó níos mó, go n-éireoidh aon cheist faoin alt seo i dtaobh cé acu de na hiarrthóirí sin a bheas le ligean ar lár nó cé acu de na hiarrthóirí sin a bheas le toghadh, cinnfear an cheist sin trí chrannchur.

Coistí.

23. —(1) Féadfaidh údarás cuain ó am go ham pé coistí agus pé méid díobh is oiriúnach leo a cheapadh chun críocha a bhaineas le feidhmiú nó comhlíonadh pé coda dá gcumhachta, dá ndualgais agus dá bhfeadhma is dóigh leis an údarás cuain is fearr nó is caothúla a rialófaí nó a bainisteofaí ag coiste nó trí choiste.

(2) Aon choiste a ceapfar faoin alt seo beidh air triúr comhalta ar a laghad den údarás cuain a cheapfas an coiste.

(3) Beidh gníomhartha coiste a ceapfar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an údarás cuain a cheap an coiste, ach go bhféadfaidh an t-údarás cuain sin, le ceadú an Aire, cumhacht a thabhairt d'aon choiste áirithe chun aon ghníomh a dhéanamh (lena n-áirítear imeachta dlí a bhunú), faoi chuimsiú an údaráis a thug an t-údarás cuain sin don choiste, a d'fhéadfadh an t-údarás cuain sin féin a dhéanamh go dleathach.

(4) Is amhlaidh a bheas córam, nós imeachta agus áit chruinnithe coiste a ceapfar faoin alt seo ná do réir mar a ceapfar le rialacháin a dhéanfas an t-údarás cuain a cheapfas an coiste.

Nós imeachta agus gnó.

24. —(1) Cúigear is córam do chruinniú d'údarás cuain i gcás údaráis chuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus ceathrar is córam dó i gcás údaráis chuain a luaitear i gCuid II den Sceideal sin.

(2) Ag cruinniú d'údarás cuain—

(a) is é cathaoirleach an údaráis chuain, má bhíonn i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) mura mbíonn cathaoirleach an údaráis chuain i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, is é leaschathaoirleach an údaráis chuain, má bhíonn i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(c) mura mbeidh cathaoirleach an údaráis chuain i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh agus ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair nó go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den údarás cuain a bheas i láthair duine dá gcomhaltaí a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht seo, déanfar aon cheist a éireos ag cruinniú d'údarás cuain a chinneadh le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionnannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(4) Féadfaidh údarás cuain gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina gcomhaltas.

(5)—I gcás

(a) údarás áitiúil nó comhlachas tráchtála dá airbheartú duine a cheapadh, nó an tAire dá airbheartú duine a ainmniú, nó daoine ar a gceangaltar comhaltaí tofa a thoghadh dá airbheartú duine a thoghadh, chun bheith ina chomhalta d'údarás cuain, agus

(b) an duine sin do ghníomhú mar chomhalta den tsórt sin, agus

(c) aon neamhfhoirmiúlacht (lena n-áirítear easpa cháilíochta i bpáirt an duine sin) a bheith i gceapadh, in ainmniú, nó i dtoghadh airbheartaithe an duine sin,

ansin, chun críocha imeacht an údaráis chuain, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, beidh gníomhartha agus imeachta an duine sin chomh bailí éifeachtúil agus dá mba ná raibh aon neamhfhoirmiúlacht den tsórt sin ann.

(6) I gcás duine a ndearnadh go cuí comhalta d'údarás cuain de a theacht chun bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta den údarás cuain, beidh gníomhartha agus imeachta an duine sin, tar éis é a theacht chun bheith dícháilithe, chomh bailí éifeachtúil, chun críocha imeacht an údaráis chuain ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, agus dá mba nár tháinig sé chun bheith dícháilithe amhlaidh.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le nós imeachta agus gnó údaráis chuain.

(8) Faoi réir forál an Achta seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi, déanfaidh údarás cuain, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ngnó a rialáil.

(9) Aon uair a thitfeas cruinniú d'údarás cuain ar lár cheal córaim, déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bheas i láthair san am agus san áit a bhí cheaptha don chruinniú a chur ar breacadh, agus, chun críche aon fhorál a bhaineas le comhaltaí d'údaráis chuain a dhícháiliú toisc gan iad a bheith i láthair ag cruinnithe, is tuigthe cruinniú den údarás cuain a bheith arna thionól san am agus san áit sin agus is tuigthe na comhaltaí a mbeidh a n-ainmneacha ar breacadh amhlaidh a bheith i láthair ag an gcruinniú sin.

Miontuairiscí.

25. —(1) Déanfar miontuairiscí ar na himeachta ag oruinniú d'údarás cuain nó de choiste d'údarás cuain a iontráil i leabhar a coimeádfar chuige sin agus síneofar iad ag an gcéad chruinniú ina dhiaidh sin den údarás cuain nó den choiste (pé acu é) ag cathaoirleach an chruinnithe sin, agus aon mhiontuairiscí den tsórt sin a airbheartós a bheith sínithe amhlaidh glacfar iad i bhfianaise i ngach imeacht gan a thuilleadh cruthúnais.

(2) Go dtí go gcruthaítear a mhalairt, is tuigthe, maidir le cruinniú d'údarás cuain nó de choiste d'údarás cuain a ndearnadh miontuairiscí ina thaobh a iontráil agus a shíniú faoin alt seo, é a bheith arna chomóradh agus arna thionól go cuí agus na daoine a bhí i láthair ag an gcruinniú a bheith ina gcomhaltaí den údarás cuain nó den choiste (pé acu é) agus, i gcás coiste, is tuigthe an coiste a bheith comhdhéanta go cuí agus cumhacht a bheith acu deighleáil leis na nithe dá mbeidh tagairt sna miontuairiscí.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás cuain cóipeanna de na miontuairiscí ar aon chruinniú nó cruinnithe den údarás cuain nó de choiste den údarás cuain a dhéanamh agus a thabhairt dó laistigh d'am sonraithe agus beidh de dhualgas ar an údarás cuain déanamh do réir an cheanglais sin.

Duine a bheith ag gníomhú mar chomhalta d'údarás cuain le linn é a bheith dícháilithe.

26. —(1) Má ghníomhaíonn duine go feasach mar chomhalta d'údarás cuain le linn dó a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta den tsórt sin beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) Má cúisítear duine i gcion faoin alt seo agus go gcruthófar gur ghníomhaigh sé mar chomhalta d'údarás cuain le linn dó a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta den tsórt sin, is ar an duine sin a bheas a chruthú nach go feasach a ghníomhaigh sé.

Comhaltas comhaltaí coiste phíolóiteachta a fhorceannadh.

27. —I gcás údarás cuain a bheith ina údarás píolóiteachta, raghaidh comhaltas gach comhalta d'aon choiste a cheapadar ina bhfeadhmannas mar údarás píolóiteachta in éag i dtosach an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a thiocfas an Chuid seo den Acht seo i ngníomh maidir leo, agus féadfaid comhaltaí nua den choiste a cheapadh i gcóir iarmhair an téarma a mbeadh na comhaltaí a ndearnadh a gcomhlachas a fhorceannadh i seilbh oifige ar a feadh.

Léiriú orduithe a bhaineas le coistí píolóiteachta.

28. —Más rud é, le hordú faoin Pilotage Act, 1913—

(a) go n-údaraítear d'údarás cuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta, comhaltaí uile nó cuid de chomhaltaí coiste a cheapadh as a gcomhaltaí féin, agus

(b) gur gá uimhir shonraithe is mó ná beirt de na comhaltaí a cheapfas an t-údarás cuain amhlaidh a bheith ionadaitheach do leasa loingis nó do long-únaerí nó cleachtadh a bheith acu ar chúrsaí loingis nó mairnéalachta,

léireofar an t-ordú agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba bheirt an uimhir shonraithe sin agus amhail is dá ndéantaí uimhir na gcomhaltaí den choiste a bheas le ceapadh ag an údarás cuain, seachas daoine a bheas cáilithe mar adúradh, a mhéadú ionas ná beidh aon athrú ar an uimhir iomlán de chomhaltaí an choiste a bheas le ceapadh ag an údarás cuain.

CUID III.

Comhaltai Udarais Chuain a Chur as Oifig.

Tosach feidhme Coda III.

29. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás cuain an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar maidir leo faoi alt 6 den Acht seo.

Comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig.

30. —(1) Má tharlann agus aon uair a tharlós—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán áitiúil a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a ndualgas ag údarás cuain, ná fuil na dualgais sin á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtúil, nó

(b) go ndiúltóidh nó go mainneoidh údarás cuain déanamh do réir breithiúnais, orduithe nó aithne aon chúirte, nó

(c) go ndiúltóidh údarás cuain, tar éis fógra cuí, cead a thabhairt a gcuntais a iniúchadh ag an iniúchóir a bheas ceaptha ag an Aire, nó

(d) gur lú an líon de chomhaltaí údaráis chuain a bheas inniúil ar ghníomhú ná an córam do chruinnithe an údaráis chuain sin, nó

(e) go ndiúltóidh údarás cuain nó go mainneoid go toiliúil déanamh do réir ceanglais sainráite arna chur orthu le haon achtachán, reachtúil nó eile, nó faoi,

féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an údaráis chuain sin a chur as oifig.

(2) Ar chomhaltaí údaráis chuain a chur as oifig—

(a) beidh deireadh le comhaltas comhaltaí uile coiste ar bith is coiste arna cheapadh ag an údarás cuain faoi alt 23 den Acht seo, agus

(b) beidh deireadh le comhaltas comhaltaí uile coiste ar bith, is coiste arna cheapadh ag an údarás cuain ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta.

(3) Sa Chuid seo den Acht seo, léireofar gach tagairt do chomhaltaí a chur as oifig mar thagairt do chomhaltaí a chur as oifig faoin Acht seo.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaltas údaráis chuain a athchóiriú tar éis na comhaltaí a chur as oifig.

31. —(1) Ceapfaidh an tAire bliain (dá ngairmtear bliain an athchóirithe sa Chuid seo den Acht seo) chun an comhaltas d'údarás cuain ar cuireadh a gcomhaltaí as oifig a athchóiriú agus, mura bliain toghcháin an bhliain sin, is tuigthe, chun críocha an athchóirithe sin, gur bliain toghcháin í.

(2) Is í bliain an athchóirithe—

(a) i gcás comhaltaí an údaráis chuain iomchuí a chur as oifig i mbliain díreach roimh bhliain toghcháin—an bhliain toghcháin sin nó aon bhliain de na trí bliana díreach ina dhiaidh sin, agus

(b) in aon chás eile—aon bhliain de na trí bliana díreach i ndiaidh na bliana a rinneadh comhaltaí an údaráis chuain iomchuí a chur as oifig.

(3) Ar feadh na tréimhse idir comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig agus an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, ní déanfar aon cheapadh, toghadh ná ainmniú ar chomhaltaí an údaráis chuain ach amháin ceapadh, toghadh agus ainmniú na gcomhaltaí sin i mbliain an athchóirithe.

(4) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, má cuirtear comhaltaí údaráis chuain as oifig ní athróidh sin na blianta toghcháin maidir leis an údarás cuain.

Coimisinéirí a cheapadh.

32. —(1) Chun a chumasú d'údarás cuain a mbeidh a gcomhaltaí curtha as oifig feidhmiú ar feadh na tréimhse idir am an churtha as oifig agus an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, déanfaidh an tAire, ó am go ham, duine nó daoine a cheapadh ina choimisinéir nó ina gcoimisinéirí don údarás cuain.

(2) Féadfaidh an tAire—

(a) aon choimisinéir d'údarás cuain a bheas ceaptha faoin alt seo a chur as oifig agus duine eile a cheapadh ina choimisinéir don údarás cuain ina ionad,

(b) má bhíonn coimisinéir nó coimisinéirí ceaptha faoin alt seo d'údarás cuain, duine nó daoine a cheapadh ina choimisinéir breise nó ina gcoimisinéirí breise don údarás cuain,

(c) má bhíonn dhá choimisinéir nó níos mó ceaptha faoin alt seo d'údarás cuain, líon na gcoimisinéirí a laghdú agus, chuige sin, duine nó níos mó de na coimisinéirí a chur as oifig.

(3) Sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn an focal “coimisinéir” coimisinéir arna cheapadh faoin alt seo.

Coimisinéirí d'fheidhmiú cumhacht, etc.

33. —(1) Ar feadh na tréimhse idir comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig agus an Dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, feidhmeoidh nó comhlíonfaidh an coimisinéir nó na coimisinéirí don údarás cuain gach cumhacht, feidhm nó dualgas (lena n-áirítear gach cumhacht, feidhm nó dualgas de chuid an údaráis chuain ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta) is infheidhmithe nó a bheas le comhlíonadh ag comhaltaí an údaráis chuain ag gníomhú dhóibh le chéile i gcruinniú den údarás cuain.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, folaíonn an focal “cumhacht” an chumhacht chun coiste a cheapadh faoi alt 23 den Acht seo.

(3) Faid a bheas cumhacht údaráis chuain chun coiste a cheapadh infheidhmithe faoin alt seo ag coimisinéir nó coimisinéirí, ní bheidh sé riachtanach gur comhaltaí den údarás cuain agus iad sin amháin a ceapfaí ina gcomhaltaí den choiste.

Sealbhaíocht oifige agus luach saothair coimisinéara.

34. —(1) Féadfaidh an tAire sealbhaíocht oifige aon choimisinéara a chinneadh.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú luach saothair a íoc le haon choimisinéir agus féadfaidh méid an luach saothair sin a chinneadh, agus déanfar an luach saothair sin arna chinneadh amhlaidh a íoc as ioncam an údaráis chuain iomchuí mar chuid dá gcostas oibre agus bunaíochta.

Orduithe á chumasú lánfheidhm agus lánéifeacht a bheith ag an gCuid seo den Acht seo.

35. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní a dhéanamh agus gach rialachán a cheapadh is dóigh leis is gá nó is fóirstineach chun a chumasú d'údarás cuain a mbeidh a gcomhaltaí curtha as oifig feidhmiú go cuí agus go héifeachtúil agus, go ginearálta, chun a thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gCuid seo den Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo ach gan dochar dá nginearáltacht—

(a) socrú a dhéanamh chun ionadaí d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh cumhacht agus dualgas coimisinéara a bheas breoite nó as láthair ar saoire, agus

(b) má bhíonn dhá choimisinéir nó níos mó ann d'údarás cuain, socrú a dhéanamh go ginearálta nó maidir le cúrsaí áirithe chun na coimisinéirí sin do ghníomhú ar leithligh nó le chéile nó trí thromlach.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo (lena n-áirítear aon ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Achtacháin a oiriúnú.

36. —Féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe a dhéanamh ar aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo ach amháin an Chuid seo den Acht seo) a chífear dó is gá nó is fóirstineach chun a thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gCuid seo den Acht seo nó chun a thabhairt go mbeidh éifeacht ag an achtachán sin i gcomhréir leis an gCuid seo den Acht seo.

Marthanacht údaráis chuain.

37. —Ní dhéanfaidh sé difir do mharthanacht údaráis chuain, faoina dteideal dílis do réir dlí, mar chomhlucht corpraithe comhaltaí an údaráis chuain sin a chur as oifig nó oifig an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh a bheith folamh mar gheall ar an gcur as oifig sin.

CUID IV.

Oifigigh agus Seirbhisigh Udarais Chuain.

Oifigigh agus seirbhísigh.

38. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, ceapfaidh nó fostóidh údarás cuain ó am go ham chun seirbhíse an údaráis sin pé oifigigh agus pé méid díobh (lena n-áirítear, i gcás údaráis chuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, rúnaí agus, i ngach cás, máistir cuain agus bailitheoir rátaí) agus pé seirbhísigh agus pé méid díobh is gá chun cuan an údaráis chuain a riaradh, a bhainistí, a oibriú agus a chothabháil go cuí.

(2) Féadfaidh údarás cuain, in ionad duine a cheapadh ina mháistir cuain agus duine eile ina bhailitheoir rátaí dá gcuan de bhun an ailt seo, duine amháin a cheapadh ina mháistir cuain agus bailitheoir rátaí.

(3) Féadfaidh údarás cuain a cheangal ar aon duine dá n-oifigigh pé urrús agus pé méid urrúis is cuí leis an údarás cuain a thabhairt agus a chothabháil ar feadh a théarma oifige.

(4) Beidh feidhm ag Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, ach amháin fo-ailt (1) agus (2) d'alt 7 agus alt 11 d' Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , maidir le húdarás cuain amhail mar atá feidhm acu maidir le húdarás áitiúil, ach sna hAchta sin, mar a bheas feidhm acu amhlaidh, ciallóidh na habairtí “an tAire” agus “údarás áitiúil” an tAire Tionscail agus Tráchtála agus údarás cuain, faoi seach.

(5) Má éiríonn aon cheist i dtaobh duine atá nó a bhí i seirbhís údaráis chuain a bheith ina oifigeach, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

(6) Aon uair a chomhlíonfas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla aon fheidhm maidir le húdarás cuain faoi Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, íocfaidh an t-údarás cuain leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla pé suim, i leith na gcostas faoina ndeachaigh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla i gcomhlíonadh na feidhme sin, is cuí leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, agus gach suim den tsórt sin a híocfar leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla is tuigthe, chun críche míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , gur táille a híocadh leis na Coimisinéirí sin faoin Acht sin í.

(7)  (a) Más rud é go ndearnadh, roimh an Acht seo a rith, duine a cheapadh chun oifige nó fostaíochta, faoi údarás cuain, a tháinig chun bheith folamh nó a cruthnaíodh an lú lá d'Eanáir, 1946, nó dá éis, agus a bheadh, dá dtagadh an Chuid seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1946, ina hoifig nó ina fostaíocht lena mbainfeadh Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, ansin, scoirfidh an duine sin, díreach ar an Acht seo a rith, de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta sin.

(b) Gach ceist nó díospóid i dtaobh aon oifig nó fostaíocht áirithe a bheith ina hoifig nó ina fostaíocht lena mbaineann mír (a) den fho-mhír seo, déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, í a chinneadh agus beidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach gan aon dul thairis.

Bainisteoir Ginearálta agus Rúnaí.

39. —(1) Déanfaidh údarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo duine a cheapadh ó am go ham ina Bhainisteoir Ginearálta ar a gcuan.

(2) Beidh oifig Bhainisteora Ghinearálta chuain ina hoifig lena mbainfidh Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo.

(3) Beidh Bainisteoir Ginearálta cuain ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin d'údarás cuain an chuain.

(4) Faoi réir urlámhais sháraithigh an údaráis chuain don chuan, beidh urlámhas ag Bainisteoir Ginearálta cuain ar gach oifigeach agus seirbhíseach eile don údarás cuain agus tuairisceoidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin dó nó tuairisceoid tríd don údarás cuain.

(5) Aon fhruiliú nó urscaoileadh a déanfar ar fhostaí (seachas oifigeach) d'údarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is fostaí ná baineann Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, lena cheapadh, is mar leanas, agus ní har aon tslí eile, a déanfar é, is sin le rá, ag an mBainisteoir Ginearálta nó ag oifigeach don údarás cuain a bheas údaraithe chuige sin ag an mBainisteoir Ginearálta.

(6) Beidh de cheart ag Bainisteoir Ginearálta cuain bheith i láthair ag cruinnithe den údarás cuain don chuan agus páirt a ghlacadh sna díospóireachta ag na cruinnithe sin amhail is dá mba chomhalta den údarás cuain é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheas le cinneadh trí chomhaltaí an údaráis chuain do vótáil uirthi.

(7) Féadfaidh Bainisteoir Ginearálta cuain aon oifigeach de chuid an údaráis chuain don chuan a fhionraí, ach féadfaidh an t-údarás cuain aon fhionraíocht den tsórt sin a fhorceannadh.

(8) Féadfaidh an t-údarás cuain do chuan Bainisteoir Ginearálta an chuain a fhionraí nó, le cead an Aire, é a chur as oifig, ach ní déanfar aon fhionraíocht ná cur-as-oifig den tsórt sin ach amháin le rún arna rith ag an údarás cuain chun críche an churtha-as-oifig nó na fionraíochta sin (pé acu é) agus ar vótáil dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí an údaráis chuain i bhfábhar a rite agus a ritheadh amhlaidh tar éis fógra seacht lá ar a laghad, á rá go rabhthas ar intinn an rún a thairiscint, a thabhairt leis an bpost do gach comhalta den údarás cuain.

(9) Aon údarás cuain do chuan a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, féadfaid, i dteannta an Bainisteoir Ginearálta a cheapadh, duine a cheapadh ó am go ham le toiliú an Aire ina rúnaí dá gcuan agus beidh oifig an rúnaí ina hoifig lena mbainfidh Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo.

Leas-Bhainisteoir Ginearálta.

40. —(1) Má bhíonn Bainisteoir Ginearálta cuain ar saoire nó má bhíonn sé, toisc é a bheith breoite nó é a bheith as láthair ón líomatáiste ina bhfuil an cuan nó é a bheith ar fionraí, éagumasach go sealadach ar fheadhma a oifige a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás cuain don chuan Leas-Bhainisteoir Ginearálta a cheapadh le haghaidh tréimhse na saoire nó an éagumais.

(2) An chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo chun Leas-Bhainisteoir Ginearálta a cheapadh, féadfar í a fheidhmiú freisin roimh, agus in oirichill Bainisteoir Ginearálta cuain a dhul ar saoire nó bheith faoi aon éagumas sealadach chun feadhma a oifige a chomhlíonadh toisc é a bheith as láthair ón líomatáiste ina bhfuil an cuan.

(3) Beidh ag Leas-Bhainisteoir Ginearálta a bheas ceaptha faoin alt seo, faid a leanfas an tsaoire nó an t-éagumas ar dá dheascaibh a ceapadh é nó go dtí go dtarlaí roimhe sin é a chur as oifig nó é d'éag nó d'éirí as oifig, cumhachta uile an Bhainisteora Ghinearálta, agus feidhmeoidh agus coimhlíonfaidh sé feadhma agus dualgais uile an Bhainisteora Ghinearálta, dá mbeidh sé ag ionadú, agus chuige sin folóidh na tagairtí atá i bhfo-ailt (3) go (7) d'alt 39 agus in ailt 174, 175 agus 176 den Acht seo do Bhainisteoir Ginearálta cuain tagairt don Leas-Bhainisteoir Ginearálta sin.

An rúnaí a bheith na phriomh-oifigeach feidhmiúcháin agus é a bheith de cheart aige a bheith i láthair ag cruinnithe.

41. —(1) Beidh an rúnaí do chuan, a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don údarás cuain.

(2) Beidh de cheart ag an rúnaí do chuan, a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, bheith i láthair ag cruinnithe den údarás cuain, agus páirt a ghlacadh sna díospóireachta ag na cruinnithe sin amhail is dá mba chomhalta den údarás cuain é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheas le cinneadh trí chomhaltaí an údaráis chuain do vótáil uirthi.

Cáiliochta d'oifigí.

42. —(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú cáilíocht d'aon aicme nó saghas acu seo a leanas a bheith ina cáilíocht d'oifig shonraithe faoi údarás cuain nó do pé cuid de na hoifigí faoi údarás cuain a bhaineas le haicme, saghas nó grád sonraithe, is é sin le rá:—

(a) cáilíochta maidir le carachtar,

(b) cáilíochta maidir le haois, sláinte, nó airíona coirp,

(c) cáilíochta maidir le hoideachas, tréineáil nó taithí,

(d) cáilíochta maidir le háit chónaithe,

(e) cáilíochta maidir le gnéas,

(f) an cháilíocht nach foláir d'aon bhean a shealbhós an oifig a bheas i gceist bheith neamhphósta nó ina baintrigh.

(2) Ní dhearbhóidh an tAire faoin alt seo aon cháilíocht maidir le gnéas a bheith ina cáilíocht d'aon oifig mura dóigh leis gur gá sin mar gheall ar dhualgais na hoifige.

(3) Sar a ndearbhóidh an tAire faoin alt seo aon cháilíocht a bheith ina cáilíocht d'aon oifig lena mbaineann Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, raghaidh sé i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

(4) Gach tagairt dá bhfuil in Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , arna thanasc tríd an Acht seo, do na cáilíochta a hordaítear faoin Acht sin léireofar í, maidir le gach oifig faoi údarás cuain, mar thagairt do na cáilíochta (más ann) a bheas dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo a bheith ina gcáilíochta don oifig sin.

(5) Faoi réir forál fo-ailt (6) den alt seo, ní ceapfar duine ar bith chun aon oifige a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo aon cháilíochta áirithe a bheith ina gcáilíochta dhí mura mbeidh na cáilíochta sin ag an duine sin.

(6) Aon uair is gá go líonfaí láithreach aon oifig a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo aon cháilíochta áirithe a bheith ina gcáilíochta dhi agus ná beidh aon duine oiriúnach ag á mbeidh na cáilíochta sin ar fáil chun a cheaptha, féadfaidh an tAire, ar an údarás cuain a bheas i gceist dá iarraidh sin, a údarú ceapachán, a gcuirfear tréimhse shonraithe mar theora lena mharthain, a dhéanamh chun na hoifige gan aird a thabhairt ar na cáilíochta sin agus air sin féadfar an ceapachán sin a dhéanamh amhlaidh.

(7) Duine a ceapfar chun aon oifige de bhun údaraíochta faoi fho-alt (6) den alt seo, scoirfidh sé (mura mbeidh scortha aige roimhe sin ar chúis ar bith de bheith i seilbh oifige) de bheith i seilbh oifige ar pé ní acu seo a leanas a tharlachtain is túisce a tharlós:

(a) an tréimhse a bheas sonraithe chuige sin san údaraíocht a bheith caite,

(b) duine a cheapadh chun na hoifige a mbeidh aige na cáilíochta a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo gurb iad is cáilíochta don oifig.

(8) Chun críocha an ailt seo, más rud é go mbeidh duine molta ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla chun a cheaptha chun aon oifige, is fianaise dhochlaoite é sin go raibh aige an tráth a moladh é na cáilíochta (más ann) a bheas dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo a bheith ina gcáilíochta don oifig.

(9) Sar a ndéanfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh d'údarás cuain lena cheapadh chun aon oifige, déanfaid deimhin de go bhfuil ag an duine sin an t-eolas agus an inniúlacht is gá chun dualgais na hoifige a chomhlíonadh go cuí.

Tora aoise d'eoifigí.

43. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú aon aois shonraithe a bheith ina teora aoise do gach oifig faoi údarás cuain lena mbaineann Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, nó do gach oifig den tsort sin a bhaineas le haicme, saghas nó grád sonraithe nó d'oifig nó oifigí sonraithe den tsórt sin.

(2) Gach rialachán a déanfar chun críocha an ailt seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm sé mhí i ndiaidh an lae a déanfar é.

(3) I gcás rialachán chun críocha an ailt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le haon oifig áirithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) má bhíonn duine i seilbh na hoifige sin an lá a thiocfas an rialachán i bhfeidhm, ní bhainfidh an rialachán leis an duine sin,

(b) má tharlann, aon lá i ndiaidh an lae adúradh, go sroichfidh duine a bheas i seilbh na hoifige (seachas duine a bheas ina seilbh agus lena mbainfidh mír (a) den fho-alt seo) an aois a mbeidh sonraithe sa rialachán í a bheith ina teora aoise don oifig, scoirfidh sé de bheith i seilbh na hoifige an lá a shroichfeas sé an aois sin.

Oifigeach seachas an Bainisteoir Ginearálta a chur as oifig.

44. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon oifigeach ina seirbhís a fhionraí nó, le ceadú an Aire, a chur as oifig.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le Bainisteoir Ginearálta cuain.

Oifigí a chónascadh.

45. —(1) Más dóigh leis an Aire gur ceart aon oifigí áirithe faoi údarás cuain a chónascadh, féadfaidh sé le hordú, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás cuain, na hoifigí a chónascadh agus air sin is tuigthe chun gach críche gurb aon oifig amháin, faoi pé teideal (más ann) a bheas sonraithe san ordú, na hoifigí.

(2) Ní cónascfar oifigí faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh gach oifig acu folamh, nó

(b) go mbeidh gach ceann de na hoifigí i seilbh an aon duine amháin, nó

(c) i gcás ná beidh ach oifig amháin acu gan bheith folamh, go dtoileoidh a sealbhóir leis an ordú a dhéanamh, nó

(d) in aon chás eile, gurb é an t-aon duine amháin a bheas i seilbh gach oifige de na hoifigí sin ná beidh folamh agus go dtoileoidh an duine sin leis an ordú a dhéanamh.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo a dhéanfas aon oifigí a chónascadh aon tagairt san Acht seo d'aon oifig faoi údarás cuain a oiriúnú i pé slí is dóigh leis an Aire is gá ag féachaint don chónascadh sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Forála maidir céad-cheapacháin áirithe.

46. —(1) I gcás—

(a) duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina Bhainisteoir Ginearálta nó ina Bhainisteoir Ginearálta agus Rúnaí ar chuan a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus

(b) é a cheapadh chun na hoifige sin roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, nó ar mholadh na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,

is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí faoi alt 39 den Acht seo, díreach ar an Acht seo a rith, ina chéad Bhainisteoir Ginearálta faoin Acht seo ar an gcuan.

(2) I gcás duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina rúnaí do chuan a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus é a cheapadh chun na hoifige sin roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1946, ansin—

(a) faoi réir forál an Acht seo, leanfaidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin tar éis an tAcht seo a rith,

(b) más rud é, i gcás Cuan Bhaile Atha Cliath, ná beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas go dtí go ndéanfar ceapachán chun oifige an Bhainisteora Ghinearálta faoin Acht seo ar Chuan Bhaile Atha Cliath:

(i) is tuigthe gan an oifig sin a bheith arna cruthnú ach amháin chun an ceapachán sin a dhéanamh agus chun críocha fo-ailt (3) den alt seo,

(ii) na tagairtí atá i bhfo-ailt (3) agus (6) d'alt 39 agus in ailt 174, 175 agus 176 den Acht seo do Bhainisteoir Ginearálta cuain, folóid tagairt don duine sin.

(3) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh mar Bhainisteoir Ginearálta ar chuan, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine a roghnós agus a mholfas na Coimisinéirí sin amhlaidh chun a cheaptha ceapfar é ina Bhainisteoir Ginearálta ar an gcuan faoi alt 39 den Acht seo fé is dá mba amhlaidh a déanfaí an roghnú agus an moladh sin ar iarratas, arna dhéanamh ag an údarás cuain tar éis an tAcht seo a rith, faoi alt 6 d' Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , arna thanasc tríd an Acht seo, maidir leis an oifig sin Bainisteora Ghinearálta a cruthnaítear leis an Acht seo.

(4) I gcás duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina rúnaí do chuan a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí, faoi alt 38 den Acht seo díreach ar an Acht seo a rith, chun bheith ina chéad rúnaí faoin Acht seo don chuan.

(5) I gcás duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina mháistir cuain, ina bhailitheoir rátaí nó ina mháistir cuain agus bailitheoir rátaí do chuan, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí, faoi alt 38 den Acht seo díreach ar an Acht seo a rith, chun bheith ina chéad mháistir cuain, ina chéad bhailitheoir rátaí nó ina chéad mháistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar is iomchuí) faoin Acht seo don chuan.

CUID V.

Oibriu Cuain.

Caibidil I.

Cumhachta agus Dualgais Ghinerálta Údaráis Chuain.

Dualgais ghinearálta.

47. —(1) Déanfaidh údarás cuain gach ní is cuí chun a gcuan a bhainistí, a rialú agus a oibriú agus cuirfid ar fáil ann saoráidí réasúnacha agus cóiríocht réasúnach d'árthaí, earraí agus paisnéirí.

(2) Déanfaidh údarás cuain gach ní is cuí chun na hoibreacha, na déanmhais, na droichid, an trealamh agus na saoráidí uile faoina n-urlámhas a chothabháil agus a oibriú.

(3) Féadfaidh údarás cuain pé táillí is cuí leo a éileamh i leith úsáid aon tsaoráide nó cóiríochta a bheas curtha ar fáil acu faoin alt seo do phaisnéirí.

Cuan a ghlanadh, etc.

48. —Déanfaidh údarás cuain gach ní is cuí chun a gcuan agus na bealaí chuige a ghlanadh a sciúradh, a dhoimhniú, a fheasbhsú agus a dhreideadh agus, faoi réir aon ordachán a bhéarfas an tAire, déanfaid abhar dreidte a dhiúscairt trína chur i bhfarraige nó trína dhiúscairt i pé slí eile is cuí leo.

Báid freastail, etc., a chur ar fáil.

49. —(1) Féadfaidh údarás cuain pé báid freastail, dreidirí, báid tarrthála, lictéirí, báid tarraingthe, árthaí, crainn tógála, fearais meáchain agus tomhais, crainn tochrais, uirlísí, gléasra, sásra, goireas, trealamh, áiseanna, fearais agus nithe eile is cuí leo a chur ar fáil le haghaidh nó i leith a gcuain.

(2) Féadfaidh údarás cuain pé táillí a chinnfid ó am go ham le toiliú an Aire a éileamh i leith úsáide aon ní a bheas curtha ar fáil acu faoin alt seo.

(3) I gcás údarás cuain a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ag éileamh táillí a húdaraíodh le dlí i leith úsáide aon ní dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo is tuigthe, chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, na táillí sin a bheith arna gcinneadh go cuí faoin bhfo-alt sin.

(4) Féadfaidh údarás cuain aon ní a bheas curtha ar fáil acu faoin alt seo a ligean amach ar formáil, ar feadh aon tréimhse nach mó ná trí bliana, ar pé téarmaí is cuí leo.

Siúntáin, etc., a chur ar fáil.

50. —Féadfaidh údarás cuain pé siúntáin, siúntáin eadarthurais, siúntáin tarloingsithe, sadhlanna, stórtha agus déanmhais eile is cuí leo a chur ar fáil le haghaidh nó i leith a gcuain.

Trealamh múchta tóiteán a chur ar fáil.

51. —Féadfaidh údarás cuain trealamh múchta tóiteán a chur ar fáil le haghaidh nó i leith a gcuain.

Balasta a chur ar fáil.

52. —Féadfaidh údarás cuain balasta a chur ar fáil agus féadfaid pé táillí is cuí leo a éileamh ina leith.

Lictéirí, peirí, etc.

53. —(1) Féadfaidh údarás cuain, as a gcomhairle féin, ceadúnas a thabhairt do dhuine is únaer ar lictéir, bád peire, nó bád beag eile, a bheartós an t-únaer sin a úsáid nó bheith ag iomlucht léi ar formáil go gnáthach i gcuan an údaráis chuain, á údarú í úsáid nó bheith ag iomlucht léi ar formáil amhlaidh.

(2) Féadfaidh údarás cuain pé táille is réasúnach leo a éileamh i leith ceadúnais faoin alt seo agus féadfaidh, tráth ar bith, an ceadúnas a chúlghairm.

(3) I gcás lictéir, bád peire nó bád beag eile a bheith á húsáid nó iomlucht a bheith á dhéanamh léi ar formáil go gnáthach i gcuan agus gan ceadúnas faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith, beidh a húnaer ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo maidir le peire a hoibrítear faoi reacht, cairt nó ceart rúraidh.

Stórasú.

54. —Féadfaidh údarás cuain a ghabháil orthu féin earraí a stórasú agus féadfaid gníomhú mar choimeádaithe stórais agus chun na gcríocha sin féadfaid stórais, stórtha, siúntáin agus déanmhais eile, agus aon trealamh, fearais, sásra agus áiseanna a bheas oiriúnach dóibh sin, a chur ar fáil.

Leithreasú aontoisce ar chuid de chuan

55. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon chuid dá gcuan (ar a n-áirítear, go sonrach, aon cheann nó cinn acu seo a leanas nó aon chuid den chéanna, is é sin le rá, aon duga, piara, céibh, caladh, lamairne, fánán bád, oibreacha, gléasra nó trealamh) a leithreasú chun aon-úsáide aon duine nó aon trádála nó aon aicme árthach agus féadfaid aon leithreasú den tsórt sin a dhéanamh in aisce nó i gcomaoin pé táillí a íoc leo is dóigh leo is réasúnach.

(2) Má bhíonn aon chuid de chuan arna leithreasú, faoin alt seo nó ar shlí eile, ag an údarás cuain don chuan chun aon-úsáide aon duine nó aon trádála nó aon aicme árthach, féadfaidh duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis an leithreasu a iarraidh ar an Aire ordú a thabhairt an leithreasú a fhorceannadh agus féadfaidh an tAire, más cuí leis, tar éis é do bhreithniú an iarratais sin agus tosca an leithreasuithe, ordú a thabhairt an leithreasú a fhorceannadh.

(3) Aon uair a ordós an tAire go bhforceannfar leithreasú a bheas déanta ag údarás cuain ar chuid dá gcuan chun aonúsáide aon duine nó aon trádála nó aon aicme árthach, déanfaidh an t-údarás cuain an leithreasú a fhorceannadh láithreach,

Duganna a dhíoscadh agus leibhéal an uisce iontu a isliú.

56. —(1) Faoi réir iad do thabhairt fógra do réir an alt seo go bhfuil ar intinn acu sin a dhéanamh, féadfaidh údarás cuain tráth ar bith aon duga faoina n-urlámhas a dhíoscadh nó leibhéal an uisce ann a ísliú.

(2) Trí lá glan ar a laghad sar a ndéanfaidh údarás cuain aon duga a dhíoscadh nó leibhéal an uisce ann a ísliú, cuirfid fógra go bhfuil ar intinn acu sin a dhéanamh ar taispeáint in áit sofheisce i ngach áit acu seo a leanas, is é sin le rá, príomh-oifig an údaráis chuain agus cuan an údaráis chuain.

Bacainní a chur as an tslí.

57. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon bhacainn laistigh de theoranta a gcuain a chur as an tslí.

(2) Na costais faoina raghaidh údarás cuain maidir le bacainn a chur as an tslí faoin alt seo, a mhéid ná beidh na costais sin arna n-aisghabháil faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh ar únaer na bacainne nó, más rogha leis an údarás cuain, ar aon tsean-únaer ar an gcéanna, iad a íoc leis an údarás cuain.

(3) Aon earra is bacainn a chuir údarás cuain as an tslí faoin alt seo nó is cuid de bhacainn den tsórt sin, féadfaidh an t-údarás cuain í a dhíol faoi réir na bhforál seo a leanas:

(a) ní díolfar an earra chun a húsáidte sa Stát má bhíonn aon toirmeasc nó srian ar allmhuiriú i bhfeidhm ina leith nó má bhíonn an praghas a gheofaí uirthi níos lú ná méid aon dleachta custam nó máil is iníoctha i leith na hearra;

(b) i gcás an earra a dhíol chun a húsáidte sa Stát, úsaidfidh an t-údarás cuain toradh an díolacháin—

(i) sa chéad áit, chun aon dleachta den tsórt sin adúradh a íoc, agus

(ii) sa dara háit, chun na gcostas a íoc faoina ndeachthas—

(I) maidir leis an díolachán,

(II) maidir leis an mbacainn a chur as an tslí, agus

(III) más cuid de bhacainn an earra, maidir le haon díol nó díthiú ar aon chuid eile den bhacainn,

agus íocfaid an t-iarmhéid (más ann) le húnaer na bacainne ar é dá éileamh;

(c) i gcás an earra a dhíol chun críche seachas chun a húsáidte sa Stát, úsáidfidh an t-údarás cuain toradh an díolacháin chun aon rátaí agus costais mar adúradh a íoc, agus íocfaid an t-iarmhéid (más ann) le húnaer na bacainne ar é dá éileamh;

(d) na costais faoina raghaidh an t-údarás cuain maidir leis an díolachán, sa mhéid ná beidh na costais sin arna n-aisghabháil faoin bhfo-alt seo, beidh ar únaer na bacainne nó, más rogha leis an údarás cuain, ar aon tsean-únaer ar an gcéanna, iad a íoc leis an údarás cuain.

(4) Más dóigh leis an údarás cuain nach maith an chomhairle earra a thairiscint chun a díolta faoi fho-alt (3) den alt seo nó mura féidir, ag féachaint do mhír (a) den fho-alt sin, an earra a dhíol, féadfaidh an t-údarás cuain an earra a dhíthiú ach, i gcás aon dleachta custam nó máil a bheith iníoctha uirthi nó aon toirmeasc nó srian ar allmhuiriú a bheith i bhfeidhm maidir léi, go dtoileoidh na Coimisinéirí Ioncaim leis sin agus go gcomhlíonfar aon choinníollacha a fhorchuirfid.

(5) Má díthítear earra faoi fho-alt (4) den alt-seo, ansin, na costais faoina ndeachthas maidir lena díthiú, a mhéid ná beidh na costais sin arna n-aisghabháil faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh ar únaer na bacainne nó, más rogha leis an údarás cuain, ar aon tsean-únaer ar an gcéanna, iad a íoc leis an údarás cuain.

(6) Aon tsuim is iníoctha le húdarás cuain faoin alt seo féadfar, cheal a híoctha, í a aisghabháil nar fhiach ghnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) San alt seo—

ciallaíonn an focal “bacainn” aon bhacainn is—

(a) árthach atá leagtha suas mar gheall ar í a bheith neamhchumasach chun seirbhís farraige,

(b) árthach raiceálta nó árthach tréigthe,

(c) snámhán adhmaid,

(d) earra ar bith eile ach amháin aerárthach,

ciallaíonn an focal “sean-únaer” maidir le bacainn, sean-únaer ar an mbacainn ar féidir a chruthú ina thaobh gurbh é tráth a scair sé lena leas inti, nó d'aistrigh sé a leas inti, ná, i gcás árthaigh, tar éis an t-árthach a bheith leagtha suas nó raiceálta nó tréigthe nó, i gcás bacainne ar bith eile, tar éis é a bheith faighte amach go raibh sí laistigh de theoranta an chuain iomchuí.

Baoithe, etc.

58. —(1) Suífidh agus cothabhálfaidh údarás cuain baoithe agus soilse de pé saghsanna, agus ag pé pointí, a ordós an t-údarás ginearálta tithe solais ó am go ham maidir lena gcuan.

(2) Suífidh agus cothabhálfaidh údarás cuain baoithe sábhála agus línte de pé saghsanna, agus ag pé pointí, a ordós an tAire ó am go ham maidir lena gcuan.

(3) Má cheanglann an tAire orthu é, cuirfidh údarás cuain ar fáil agus cothabhálfaid, i pé áiteanna agus i pé slí a ordós an tAire, ionstraimí, a bheas déanta do réir sonraíocht arna gceadú ag an Aire, chun tomhais agus suntais a thógaint ar thaoideacha.

(4) Tógfaidh údarás cuain pé tomhais agus suntais le hionstraimí a chuirfid ar fáil faoi fho-alt (3) den alt seo, agus pé suntais eile ar thaoideacha, a ordós an tAire, agus bhéarfaid tuairisceáin ar na tomhais agus na suntais sin i pé foirm agus i pé slí agus pé trátha a ordós an tAire.

(5) Má cheanglann an tAire orthu é, cuirfidh údarás cuain ar fáil agus cothabhálfaid, i pé áiteanna agus i pé slí a ordós an tAire, ionstraimí, a bheas déanta do réir sonraíocht arna gceadú ag an Aire, chun tomhais agus suntais mheteoraíochta a thógaint.

(6) Tógfaidh údarás cuain pé tomhais agus suntais le hionstraimí a chuirfid ar fáil faoi fho-alt (5) den alt seo, agus pé suntais mheteoraíochta eile, a ordós an tAire, agus bhéarfaid tuairisceáin ar na tomhais agus na suntais sin i pé foirm agus i pé slí agus pé trátha a ordós an tAire.

(7) Má cheanglann an tAire orthu é, cuirfidh údarás cuain ar fáil agus cothabhálfaid agus oibreoid, i pé áit nó áiteanna agus i pé slí a ordós an tAire, trealamh, a bheas déanta do réir sonraíocht arna gceadú ag an Aire, chun rabhaidh ghála agus comharthaí agus fógraí eile aimsire a thaispeáint, agus déanfaid tuairisceáin maidir le taispeáint na gcomharthaí agus na bhfógraí sin a thabhairt i pé foirm agus i pé slí agus pé trátha a ordós an tAire.

Cóiríocht d'oifigigh chustam

59. —(1) Cuirfidh údarás cuain ar fáil agus cothabhálfaid pé cóiríocht (lena n-áirítear troscán agus riachtanais di sin). agus pé fearais meáchain agus tomhais a theastós ó am go ham i leith a gcuain ó na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh úsáide oifigeach custam agus máil, agus coimeádfaid gach cóiríocht den tsórt sin soilsithe, téite agus glanta mar is cuí.

(2) Ní dhéanfaidh údarás cuain aon éileamh i leith aon ní a cuirfear ar fáil nó a déanfar i gcomhlíonadh fo-ailt (1) den alt seo.

Fo dhlithe

60. —(1) Féadfaidh údarás cuain fo-dhlithe a dhéanamh chun a gcuan a dhea-stiúradh agus a dhea-rialú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh údarás cuain fo-dhlithe a dhéanamh i leith a gcuain chun gach críche nó aon chríche dá luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás cuain fo-dhlithe a dhéanamh i leith a gcuain chun aon chríche sonraithe a n-údaraítear dóibh fo-dhlithe a dhéanamh chuici agus déanfaid do réir an cheanglais sin.

(4) Aon fho-dhlí a dhéanfas údarás cuain faoin alt seo, cuirfear faoi bhráid an Aire é chun a cheaduithe.

(5) Aon uair a dhéanfas údarás cuain fo-dhlí a chur faoi bhráid an Aire chun a cheaduithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an t-údarás cuain, a luaithe is caothúil tar éis an fo-dhlí a chur faoi bhráid an Aire, fógra á rá gur cuireadh faoina bhráid é a fhoilsiú uair amháin ar a laghad gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i dtrí nuachtáin (ar nuachtán laethúil maidne ceann amháin ar a laghad díobh) a léitear sa líomatáiste i gcomharsanacht a gcuain;

(b) luafar sa bhfógra na críocha ar chucu a rinneadh an fodhlí agus cuirfear in iúl ann go bhfuil cóip den fho-dhlí ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal i bpríomh-oifig an údaráis chuain agus go bhféadfaidh duine ar bith agóideacha i gcoinne ceadú an fho-dhlí a chur faoi bhráid an Aire tráth ar bith i rith na tréimhse de sheasca lá dar tosach dáta céad-fhoilsithe an fhógra;

(c) déanfaidh an t-údarás cuain, ar feadh na tréimhse sin de sheasca lá, cóip den fho-dhlí a choimeád ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal i rith gnáth-uaireanna oifige i bpríomh-oifig an údaráis chuain;

(d) duine ar bith a bheas ag cur i gcoinne ceadú an fho-dhlí féadfaidh sé a agóideacha a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn tráth ar bith i rith na tréimhse sin de sheasca lá;

(e) déanfaidh an tAire, do réir mar a mheasfaidh is cuí, ní acu seo a leanas, eadhon, diúltóidh sé an fo-dhlí a cheadú nó ceadóidh é gan modhnuithe nó déanfaidh pé modhnuithe ann is cuí leis agus ceadóidh an fo-dhlí arna mhodhnú amhlaidh ach, má cheadaíonn sé an fo-dhlí (fara modhnú nó gan modhnú), ní cheadóidh amhlaidh é go dtí deireadh na tréimhse sin de sheasca lá agus breithneoidh sé gach agóid a cuirfear faoina bhráid i rith na tréimhse sin i gcoinne ceadú an fho-dhlí;

(f) má cheadaíonn an tAire an fo-dhlí, tiocfaidh an fo-dhlí, arna cheadú amhlaidh, i bhfeidhm láithreach.

(6) Ní cheadóidh an tAire fo-dhlí arna dhéanamh faoin alt seo chun críche a luaitear i mír 4, 5 nó 28 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(7) Déanfar cóip de na fo-dhlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo i leith cuain a choimeád ar taispeáint in áit sofheisce i ngach ceann de na háiteanna seo a leanas, is é sin le rá, an cuan agus príomh-oifig an údaráis chuain don chuan.

(8) Coimeádfaidh údarás cuain ag a bpríomh-oifig cóipeanna chun a ndíolta, ar phraghas nach mó ná sé pigne, de na fo-dhlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo i leith a gcuain.

(9) Aon doiciméid a airbheartós a bheith ina cóip d'fho-dhlithe arna ndéanámh faoin alt seo agus a mbeidh formhuinithe uirthi deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach don údarás cuain a rinne na fo-dhlithe sin á rá gur cóip dhílis de na fo-dhlithe an doiciméid agus go raibh na fo-dhlithe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, beidh sí, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír, ina fianaise (go dtí go gcruthaítear a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar na fodhlithe agus ar iad a bheith i bhfeidhm ar an dáta sin.

(10) Aon fho-dhlí a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, i bhfeidhm i leith cuain, is tuigthe, ar an Acht seo a rith agus dá éis sin, é a bheith arna dhéanamh agus é a bheith i bhfeidhm i leith an chuain sin (agus beidh sé inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin) faoin alt seo.

(11) Beidh de dhualgas ar údarás cuain, laistigh de cheithre bliana tar éis an tAcht seo a rith nó de pé tréimhse is sia ná sin a lamhálfas an tAire, gach fo-dhlí a chúlghairm a coimeádtar i bhfeidhm i leith a gcuain trí fho-alt (10) den alt seo agus fodhlithe nua iomlána a dhéanamh faoin alt seo.

(12) Duine ar bith a shárós fo-dhlí a bheas i bhfeidhm faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, má dhéanann an fo-dhlí sin a fhoráil, suim is lú ná sin.

(13) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'oblagáid údaráis chuain chun fo-dhlithe a dhéanamh faoi na Petroleum Acts, 1871 to 1881, ná ní bheidh feidhm aige maidir le haon fho-dhlithe arna ndéanamh faoi na hAchta sin.

Comhaontuithe idir údaráis chuain agus gnóthais iompair.

61. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, pé comhaontuithe a dhéanamh agus a chur i ngníomh is dóigh leo ó am go ham is gá nó is inmhianuithe le haon ghnóthas iompair maidir le trácht idir a gcuan agus an córas iompair a bheas á oibriú ag an ngnóthas sin.

Coinníollacha oibrithe ócáideacha a fheabhsú.

62. —Féadfaidh údarás cuain, go haonarach nó i gcomhar le haon chomhlucht nó comhluchta eile, pé nithe a dhéanamh is cuí leo chun coinníollacha fostaíochta oibrithe ócáideacha ag a gcuan a fheabhsú agus, go sonrach, féadfaid córas a bhunú chun na hoibrithe sin a chlárú agus chun gan fostaíocht a thabhairt ach d'oibrithe cláraithe, ach ní fheidhmeoidh an t-údarás cuain aon chumhacht dá gcuid faoin alt seo má bhíonn aon chóras den tsórt sin bunaithe ag na hoibrithe sin agus a bhfostóirí iad féin.

Caibidil II.

Cumhachta agus Dualgais an Mháistir Chuain ar Chuan.

Ráiteas ar shnámh árthaigh.

63. —(1) Féadfaidh an máistir cuain ar chuan a cheangal tráth ar bith ar an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain ráiteas a thabhairt dó ar shnámh an árthaigh.

(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn máistir árthaigh, arna cheangal air faoin alt seo ráiteas a thabhairt ar shnámh an árthaigh, an ráiteas sin a thabhairt nó má thugann ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Ráiteas ar ghabháil nó last éisc.

64. —(1) Déanfaidh an máistir ar árthach (seachas bád pléisiúir) a thiocfas laistigh de theoranta cuain le gabháil nó last éisc ráiteas a thabhairt láithreach do mháistir cuain an chuain ar an ngabháil nó an last agus fós ainm an duine a bheas á ghlacadh.

(2) Má fhaillíonn an máistir ar árthach (seachas bád pléisiúir) a thiocfas laistigh de theoranta cuain le gabháil nó last éisc an ráiteas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt do mháistir cuain an chuain nó má thugann ráiteas uaidh is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(3) Féadfaidh an máistir cuain ar chuan árthach (seachas bád pléisiúir) a thiocfas laistigh de theoranta an chuain le gabháil nó last éisc, a choinneáil go dtí go gcomhlíonfaidh máistir an árthaigh ceanglais an ailt seo.

Teacht árthaigh chun cuain a thuairisciú.

65. —(1) Déanfaidh an máistir ar árthach a thiocfas chun cuain teacht an árthaigh a thuairisciú do mháistir cuain an chuain laistigh de cheithre huaire fichead tar éis í a theacht.

(2) Má fhaillíonn an máistir ar árthach a thiocfas chun cuain ceanglais fho-ailt (1) den alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Deimhnithe cláraitheachta a thaispeáint.

66. —(1) Féadfaidh an máistir cuain ar chuan a cheangal tráth ar bith ar an máistir ar árthach, a bheas cláraithe faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, nó faoi achtacháin chomhréire aon Stáit eile, agus a bheas laistigh de theoranta an chuain, deimhniú cláraitheachta an árthaigh a thaispeáint dó chun a scrúduithe.

(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn máistir árthaigh ceanglas a húdaraítear leis an alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Cumhacht ag an máistir cuain chun ordacháin áirithe a thabhairt.

67. —(1) Féadfaidh an máistir cuain ar chuan, faoi réir aon fho-dhlithe a bheas i hbfeidhm maidir leis an gcuan, pé ordacháin a thabhairt don mháistir ar árthach a bheas ag úsáid an chuain, maidir le húsáid an chuain, a mheasfas an máistir cuain is cuí chun daoine agus maoin a chaomhnadh nó chun trácht a rialáil agus, go sonrach, chun na gcríocha seo a leanas:

(a) chun an t-am agus an tslí a rialáil a bhféadfaidh an t-árthach dul isteach in aon chuid den chuan nó dul amach as nó luí ann nó lena ais agus chun ionad, feisteadh, dífheisteadh, suíomh nó aistriú an árthaigh a rialáil,

(b) chun díchóimeáil an árthaigh a rialáil, agus

(c) chun méid an bhalasta nó an mharbh-ualaigh i mbolg an árthaigh a rialáil.

(2) Aon ordachán a bhéarfar faoin alt seo—

(a) ní bheidh sé i gcodarsnacht ná ar neamhréir le haon rialachán ó na Coimisinéirí Ioncaim ná leis an dlí a bhaineas le custaim, ná

(b) ní cheanglóidh sé aon aerárthach a dhíchóimeáil.

(3) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an máistir ar árthach ordachán a chomhlíonadh a bhéarfas an máistir cuain ar chuan dó agus a húdaraítear leis an alt seo, nó mura bhféadfaidh an máistir cuain ar chuan teacht ar an máistir ar árthach a dteastóidh ón máistir cuain ordachán a thabhairt ina leith a húdaraítear leis an alt seo—

(a) féadfaidh an máistir cuain an t-ordachán a chur i ngníomh agus gach ní a dhéanamh is gá chun nó i dtaobh na críche sin, agus

(b) íocfaidh máistir an árthaigh leis an údarás cuain don chuan na costais faoina raghfar chun an t-ordachán a chur i ngníomh amhlaidh agus, mura n-íoctar iad, féadfar iad a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an máistir ar árthach ordachán a chomhlíonadh a bhéarfas an máistir cuain ar chuan dó agus a húdaraítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Cumhacht chun a cheangal go n-aistreofaí árthach.

68. —(1) Chun aon deisiúchán nó obair ghlantóireachta a dhéanamh nó chun aon chríocha eile maidir le cuan, féadfaidh an máistir cuain ar chuan a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas ag áit laistigh de theoranta an chuain an t-árthach a aistriú as an áit sin faoi cheann trí lá agus, nuair a bheas sí aistrithe amhlaidh, an t-árthach a shuíomh i pé áit laistigh de theoranta an chuain a ordós an máistir cuain.

(2) Bhéarfaidh an máistir cuain ar chuan, trí lá ar a laghad sar a ndéanfaidh ceanglas faoin alt seo, fógra don bhailitheoir custam agus máil ag an gcuan go bhfuil ar intinn aige an ceanglas a dhéanamh.

(3) Aon cheanglas a déanfar faoin alt seo, ní bheidh sé i gcodarsnacht ná ar neamhréir le haon rialachán ó ná Coimisinéirí Ioncaim ná leis an dlí a bhaineas le custaim.

(4) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an máistir ar árthach ceanglas a chomhlíonadh a chuirfeas an máistir cuain ar chuan air agus a húdaraítear leis an alt seo nó mura bhféadfaidh an máistir cuain ar chuan teacht ar an máistir ar árthach a dteastóidh ón máistir cuain ceanglas a húdaraítear leis an alt seo a dhéanamh ina leith—

(a) féadfaidh an máistir cuain an ceanglas a chomhlíonadh agus gach ní a dhéanamh is gá chun nó i dtaobh na críche sin, agus

(b) íocfaidh máistir an árthaigh leis an údarás cuain don chuan na costais faoina raghfar chun an ceanglas a chomhlíonadh amhlaidh agus, mura n-íoctar iad, féadfar iad a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an máistir ar árthach ceanglas a chomhlíonadh a chuirfeas an máistir cuain ar chuan air agus a húdaraítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Cumhacht chun a cheangal last a lódáil nó a dhílódáil.

69. —(1) Aon uair a tharlós aon mhoill i lódáil nó dílódáil lasta árthaigh laistigh de theoranta cuain agus gur dóigh le máistir cuain an chuain an mhoill a bheith míréasúnach, féadfaidh an máistir cuain a cheangal ar mháistir an árthaigh an last a lódáil nó a dhílódáil laistigh de thréimhse shonraithe.

(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an máistir ar árthach ceanglas a chomhlíonadh a chuirfeas an máistir cuain ar chuan air agus a húdaraítear leis an alt seo nó mura bhféadfaidh an máistir cuain ar chuan teacht ar mháistir an árthaigh a dteastóidh ón máistir cuain ceanglas a húdaraítear leis an alt seo a dhéanamh ina leith—

(a) féadfaidh an máistir cuain an ceanglas a chomhlíonadh agus gach ní a dhéanamh is gá chun nó i dtaobh na críche sin,

(b) íocfaidh máistir an árthaigh leis an údarás cuain don chuan na costais faoina raghfar chun an ceanglas a chomhlíonadh amhlaidh agus, mura n-íoctar iad, féadfar iad a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Arthach a bhriseadh suas.

70. —(1) Ní déanfar árthach a bhriseadh suas laistigh de theoranta cuain mura mbeidh toiliú i scríbhinn chuige sin tugtha ag máistir cuain an chuain.

(2) Má thugann an máistir cuain ar chuan toiliú i scríbhinn chun árthach a bhriseadh suas sonróidh sé sa toiliú tréimhse ina gcríochnófar an briseadh suas.

(3) Má dhéanann duine árthach a bhrise dh suas laistigh de theoranta cuain gan toiliú i scríbhinn chuige sin a bheith faighte aige ó mháistir cuain an chuain nó más rud é, ar an toiliú sin a bheith faighte aige, ná déanfaidh sé briseadh suas an árthaigh a chríochnú laistigh den tréimhse a bheas sonraithe chuige sin sa toiliú sin, féadfaidh údarás cuain an chuain deighleáil leis an árthach mar árthach a leagadh suas mar gheall ar í a bheith neamhchumasach chun seirbhís farraige agus dá réir sin forála ailt 57 den Acht seo a thanasc maidir leis an árthach.

Cumhacht chun dul isteach in árthach i dtosca áirithe.

71. —Féadfaidh an máistir cuain ar chuan dul isteach tráth ar bith in árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain agus a mbeidh amhras air go bhfuil inti, contrártha d'fhorála an Achta seo nó d'aon fho-dhlí arna dhéanamh faoi, aon tine nó solas agus féadfaidh sé an tine nó an solas sin a lorg agus a mhúchadh.

Cumhachta maidir le hárthach a bheas ag dul isteach i nduga nó amach as.

72. —(1) Féadfaidh an máistir cuain ar chuan a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas ar tí dul isteach i nduga nó i nduga grábhála laistigh de theoranta an chuain nó ar tí dul amach as pé duine nó daoine a fhostú is cuí leis an máistir cuain chun an t-árthach a oibriú go sábhálta isteach sa duga sin nó (do réir mar bheas) amach as.

(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an máistir ar árthach ceanglas a chomhlíonadh a cuirfear air agus a húdaraítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Arthach a choinneáil i dtosca áirithe.

73. —Féadfaidh an máistir cuain ar chuan árthach a bheas tar éis teacht laistigh de theoranta an chuain a choinneáil go dtí gur deimhin leis go bhfuil na rátaí uile faoin Acht seo i leith an árthaigh agus lasta an árthaigh íoctha nó go bhfuil leor-urrús tugtha i leith a n-íoctha.

Pionós mar gheall ar bhacadh.

74. —Duine ar bith a chuirfeas bac nó mosán le feidhmiú cumhachta a bheirtear leis an Acht seo don mháistir cuain ar chuan, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Cosaint do fhreagarthachta máistir árthaigh.

75. —Ní dhéanfaidh ordachán do mháistir árthaigh ná ceanglas air ón máistir cuain ar chuan nó lena údarás sin leathnú ná laghdú ar aon fhreagarthachta a bheas ar mháistir an árthaigh maidir leis an árthach nó last an árthaigh.

Caibidil III.

Forála Maidir le hEarraí agus Doiciméidí Teidil d'Earraí.

Suirbhéireacht agus scrúdú ar earraí roimh iad a dhíloingsiú.

76. —(1) Féadfaidh údarás cuain, ar iarratas (fara íocaíocht ar pé táille is cuí leis an údarás cuain) ón máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain agus a bheas ar tí earraí a chalú, nó ar iarratas (fara íocaíocht mar adúradh) ó únaer nó consíní na n-earraí sin, duine a cheapadh chun suirbhéireacht agus scrúdú a dhéanamh ar na hearraí sin roimh iad a dhíloingsiú, chun a fhiosrú cad faoi ndear aon damáiste d'éirí do na hearraí sin roimh iad a dhíloingsiú, agus chun tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don údarás cuain ar an suirbhéireacht, an scrúdú agus an fiosrú sin.

(2) Beidh únaer agus consíní earraí a mbeidh tuarascáil ina leith tugtha don údarás cuain faoin alt seo agus máistir an árthaigh a bheas i gceist i dteideal cóip den tuarascáil a fháil ar sin a iarraidh ar an údarás cuain.

Suirbhéireacht agus scrúdú ar earraí a bheas calaithe.

77. —Féadfaidh duine a bheas ceaptha chuige sin ag an údarás cuain do chuan suirbhéireacht agus scrúdú a dhéanamh ar earraí a bheas calaithe laistigh de theoranta an chuain agus fiosróidh an duine sin fáth agus méid aon damáiste d'éirigh, má d'éirigh, do na hearraí sin de dheascaibh damáiste farraige, stóráil neamhcheart nó eile agus bhéarfaidh tuarascáil i scríbhinn don údarás cuain ar an suirbhéireacht, an scrúdú agus an fiosrú sin.

Lódáil agus dílódáil a mhaoirsiú.

78. —(1) Nuair a bheas earraí á lódáil isteach in árthach a bheas laistigh de theoranta cuain nó á ndílódáil aisti, déanfaidh máistir an árthaigh, nó oifigeach éigin ón árthach a bheas ceaptha chuige sin ag máistir an árthaigh, maoirsiú ar an lódáil nó an dílódáil.

(2) Má déantar, maidir le hárthach, diúltú nó faillí i bhfo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, beidh máistir an árthaigh ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Srian le hearraí a chalú agus a loingsiú.

79. —(1) Ní dleathach do dhuine earraí d'aon tsaghas a chalú ná a loingsiú ag áit ar bith laistigh de theoranta cuain mura mbeidh an áit sin ceaptha ag údarás cuain an chuain mar áit chaluithe nó loingsithe (do réir mar bheas) do na hearraí sin, agus mura céibh dlíthiúil arna cheadú ag an Aire Airgeadais é, nó caladh tualaing arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim nó muran áit é a mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis cead speisialta a thabhairt chun na hearraí sin a chalú nó a loingsiú (do réir mar bheas) ann.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Rochtain chun carraí.

80. —Bhéarfaidh údarás cuain do dhaoine a mbeidh teideal acu chun earraí, nó urlámhas ar earraí, a bheas taiscithe in aon cheann nó ar aon cheann de na háitribh, na stórais, na céibheanna nó na háiteanna eile a bheas faoi urlámhas an údaráis chuain, rochtain do réir réasúin chun na n-earraí sin.

Deimhnithe taisce agus barántais i leith earraí a sheachadadh.

81. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le húdarás cuain d'eisiúint agus do sheachadadh deimhnithe taisce agus barántais i leith earraí a sheachadadh, is é sin le rá:

(a) féadfaidh an t-údarás cuain ó am go ham, ar iarratas ó dhuine a bheas ag stórasú nó ag taisce aon earraí in aon stóras nó ar aon áitreabh nó in aon áitreabh le húdarás cuain a bheas curtha in áirithe go speisialta chuige sin nó ó dhuine a mbeidh teideal aige chun aon earraí a stórasaíodh nó a taisceadh amhlaidh, deimhniú i bhfoirm arna ceadú ag an údarás cuain i leith na n-earraí a stórasaíodh nó a taisceadh amhlaidh, nó barántas i bhfoirm arna ceadú ag an údarás cuain i leith seachadadh na n-earraí a stórasaíodh nó a taisceadh amhlaidh, nó i leith aon choda díobh a sonrófar faoi seach sa bharántas, a eisiúint agus a sheachadadh don duine sin;

(b) ní tabharfar aon bharántas seachadaidh den tsórt sin mura rud é go n-íocfar nó go bhfuasclófar gach lian agus éileamh i leith fartha agus gach lian agus éileamh eile a bhí dlite ar na hearraí sin le linn iad a bheith ar bord aon árthaigh, agus roimh iad a stórasú nó a thaisceadh amhlaidh, agus a mbeidh fógra i scríbhinn ina dtaobh faighte ag an údarás cuain, agus fós na rátaí, na muirir agus na costais uile a bheas iníoctha leis an údarás cuain i leith na n-earraí a stórasú agus a thaisceadh, nó i leith seirbhísí a rinne an t-údarás cuain maidir leo;

(c) beidh gach barántas seachadaidh den tsórt sin inaistrithe trí fhormhuiniú, agus bhéarfaidh sé teideal chun na n-earraí a bheas sonraithe ann don duine a bheas ainmnithe ann nó don fhormhuiní deiridh ar an gcéanna a bheas ainmnithe sa bhformhuiniú, agus is tuigthe chun gach críche gur leis sin na hearraí a bheas sonraithe amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh eisiúint bharántais faoin alt seo i leith seachadadh earraí dochar ná difir d'aon chearta i leith na n-earraí a bheas ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le haon dleacht custam nó máil a mhuirearú.

Fógra chun earraí a choinneáil chun faradh a íoc.

82. —Aon fhógra chun earraí a calófar laistigh de theoranta cuain a choinneáil chun faradh a íoc, ní foláir é a bheith i scríbhinn agus é a thabhairt d'údarás cuain an chuain sar a n-eiseoid aon bharántas i leith seachadadh na n-earraí.

Údarás cuain do dhéanamh iontrála custam i gcásanna áirithe.

83. —(1) Féadfaidh údarás cuain iontráil chustam a dhéanamh chun last nó cuid de last a stórasú ná beifear tar éis iontráil ina leith a sheachadadh faoi na hAchta Custam laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad a chloig (gan Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh) tar éis an lae ar gá an last nó an chuid de last a thuairisciú faoi na hAchta seo.

(2) Ní dhéanfaidh údarás cuain, faoin alt seo, iontráil chustam chun last nó cuid de last a stórasú mura rud é—

(a) go mbeidh an last nó an chuid de last iniontrálta do réir dlí chun a stórasuithe, agus

(b) go dtabharfadh faillí i ndéanamh na hiontrála sin bac ar ghluaiseacht an ghnótha ag cuan an údaráis chuain.

(3) Ní dlífear aon last nó cuid de last a bheas iontrálta ag údarás cuain faoin alt seo a ghabháil de dheascaibh aon neamhchruinnis san iontráil sin mura rud é gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur d'aonghnó nó trí mhainneachtain inmhilleáin a ráinig an neamhchruinneas sin inti.

(4) An costas a bhainfeas le iontráil lasta nó coda de last a dhéanamh faoin alt seo ag údarás cuain, íocfaidh an duine a bheas de thuras na huaire i bhfeighil an lasta nó na coda de last leis an údarás cuain é agus, mura n-íoctar an costas sin, beidh sé inaisghabhála amhail is dá mba i leith rátaí earraí arna muirearú faoin Acht seo ar an last nó an chuid de last a bhí sé dlite.

Bailíocht doiciméidí áirithe.

84. —Gach barántas, deimhniú seachadaidh, deimhniú aistrithe nó doiciméid eile a bhainfeas le hearraí faoi urlámhas údaráis chuain, is tuigthe go dtí go gcruthaítear a mhalairt, má bhíonn sé sínithe ag duine a airbheartós a bheith ina oifigeach cuí-údaraithe don údarás cuain é, a bheith bailí i ngach slí agus ina cheangal ar na daoine lena mbainfidh.

Eilimh i leith earraí a ceadófar a fhágaint ar chéibheanna nó áiteanna eile.

85. —(1) Féadfaidh údarás cuain éilimh i leith earraí, is earraí a cheadóid a fhágaint ar aon chéibh nó áit eile laistigh de theoranta a gcuain tar éis an t-am a bheith caite a bheas sonraithe i bhfo-dhlithe an údaráis chuain, a mhuirearú ar únaer na n-earraí do réir pé scála éilithe a shocróid ó am go ham le toiliú an Aire.

(2) I gcás údarás cuain a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ag muirearú éileamh a hudaraíodh le dlí i leith earraí a cheadaídís a fhágaint ar aon chéibh nó áit eile laistigh de theoranta a gcuain tar éis an t-am a bheith caite a bhí sonraithe i bhfo-dhlithe an údaráis chuain, is tuigthe, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, na héilithe sin a bheith arna socrú go cuí faoin bhfo-alt sin.

Caibidil IV.

Forála i gcóir Sábháltachta Cuain agus na nArthach ann.

Earraí contúirteacha a bhéarfar laistigh de theoranta cuain a mharcáil.

86. —(1) I gcás aquafortis, ola bhitriol nó aon earraí eile de cháilíocht chontúirteach a thabhairt laistigh de theoranta cuain, luafar go soiléir, ar an taobh amuigh de choimeádán na n-earraí, nádúir na n-earraí agus go bhfuilid contúirteach.

(2) I gcás earraí de cháilíocht chontúirteach a thabhairt laistigh de theoranta cuain agus gan ceanglais fho-ailt (1) den alt seo a bheith comhlíonta, beidh an duine a thug na hearraí laistigh de na teoranta sin agus duine ar bith a chuir faoi ndear nó a cheadaigh iad a thabhairt isteach amhlaidh ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur orthu.

Toirmeasc ar earraí áirithe a thabhairt laistigh de theoranta cuain.

87. —(1) Féadfaidh údarás cuain tráth ar bith, trí fhógra a cuirfear suas in áit sofheisce ag a gcuan, a thoirmeasc aon earra a thabhairt laistigh de theoranta a gcuain nó laistigh d'aon chuid sonraithe de na teoranta sin is earra de shaghas nó d'aicme a mbeidh sonraithe sa bhfógra gur dócha, i dtuairim an údaráis chuain, di a bheith contúirteach do dhaoine nó do mhaoin.

(2) Nuair a bheas agus faid a bheas fógra curtha suas faoin alt seo ag cuan, beidh éifeacht ag an bhfógra do réir a théarmaí agus—

(a) beidh duine a shárós an fógra ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air, agus

(b) féadfaidh údarás cuain an chuain na hearraí a bheas tugtha isteach ag an duine sin contrártha don fhógra a aistriú agus iad a chur nó a stóráil in áit eile, agus

(c) íocfaidh an duine sin leis an údarás cuain costais an aistrithe agus an churtha nó na stórála sin agus, mura n-íoca sé iad, féadfar iad a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Srian le balasta, etc., a chur isteach in uiscí cuain.

88. —(1) Ní dleathach do dhuine balasta, cré, luaithreach, clocha ná aon tsubstaint ná ní eile a chur isteach san uisce, ná a chur faoi ndear ná a cheadú sin a dhéanamh, laistigh de theoranta cuain mura rud é go mbeidh údaraithe dhó ag údarás cuain an chuain sin a dhéanamh.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Srian le soilse áirithe a mhúchadh.

89. —(1) Ní dleathach do dhuine, gan údarás cuí, an solas a mhúchadh i lampa a bheas curtha in ionad chun cuan a shoilsiú.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Srian le pic, etc., a bheiriú.

90. —(1) Ní dleathach do dhuine pic ná aon tsubstaint so-lasta eile a bheiriú laistigh de theoranta cuain mura mbeidh údaraithe dhó ag údarás cuain an chuain sin a dhéanamh.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Toirmeasc ar árthaí a cheangal de bhaoithe seachas baoithe feistiúcháin.

91. —(1) Ní dleathach do dhuine árthach a bheas laistigh de theoranta cuain a cheangal de bhaoi seachas baoi feistiúcháin.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gciin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Droichid áirithe a oscailt agus a dhúnadh.

92. —(1) Nuair a bheas droichead gluaiste nó inghluaiste a bheas faoi urlámhas údaráis chuain á oscailt nó á dhúnadh nó ar tí a oscailte nó a dhúnta, féadfaidh aon oifigeach nó seirbh íseach don údarás cuain a cheangal ar dhuine ar bith a bheas ar an droichead nó in aice leis tarraing siar nó fanacht dhá shlat ar a laghad ón droichead go dtí go mbeidh an oscailt nó an dúnadh críochnaithe.

(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn duine ar bith ceanglas a cuirfear air faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air.

Geataí duga a oscailt agus a dhúnadh.

93. —(1) Ní dleathach do dhuine geataí duga a bheas faoi urlámhas údaráis chuain a oscailt ná a dhúnadh muran oifigeach nó seirbhíseach don údarás cuain é.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

CUID VI.

Cumhachta Chun Muirearu a Dheanamh.

Caibidil I.

Forála Ginearálta Maidir le Rátaí.

Cumhacht chun rátaí a mhuirearú.

94. —Faoi réir forál an Achta seo, féadfaidh údarás cuain na rátaí seo a leanas a mhuirearú i leith na n-abhar muirir seo leanas:—

(a) rátaí (dá ngairmtear rátaí tonnáiste san Acht seo) arna ríomh do réir tonnáiste maidir le hárthach—

(i) a thiocfas laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain, nó

(ii) a úsáidfeas aon chéibh sa chuan sin, nó

(iii) a bheas ag iomlucht laistigh de theoranta an chuain sin;

(b) rátaí (dá ngairmtear rátaí earraí san Acht seo) i leith earraí a loingseofar, a tarloingseofar nó a díloingseofar laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain;

(c) rátaí (dá ngairmtear rátaí seirbhíse san Acht seo) i leith loingsiú, díloingsiú, tarloingsiú, stórasú, gníomhú mar choimeádaithe stórais, calaíocht, cranáiste, glacadh, calú, athchalú, carnadh, teachú, meáchan, tomhas, cúipéireacht, sampláil, dícharnadh, dítheachú, dílódáil, iompar, tiomluadh, lódáil, deisiú, caomhnadh, faire, seachadadh nó aon obair nó seirbhís eile a déanfar maidir le hearraí.

Rátaí láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

95. —(1) Na rátaí a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, inmhuirir go dlíthiúil ag údarás cuain, leanfaid, mura bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú cuan-rátaí, de bheith inmhuirir ag an údarás cuain sin agus chuige sin is tuigthe iad a bheith inmhuirir faoi réim agus do réir na bhforál iomchuí den Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le muirir (seachas rátaí) a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, inmhuirir go dlíthiúil ag údarás cuain agus nach muirir a ndéantar socrú sonrach leis an Acht seo chun leanúint dá muirearú—

(a) leanfaidh na muirir sin, mura bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú cuanrátaí, de bheith inmhuirir ag an údarás cuain,

(b) is tuigthe, chun críocha Caibidil II den Chuid seo den Acht seo, gur rátaí na muirir sin,

(c) na cumhachta uile maidir leis na muirir sin a bhí, direach roimh an Acht seo a rith, infheidhmithe ag an údaras cuain, leanfaid, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, de bheith infheidhmithe amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith.

Rátaí a mhuirearú go comhionann.

96. —(1) Na rátaí uile a fhéadfas údarás cuain a mhuirearú faoin Acht seo déanfar, maidir leis na haicmí céanna árthach agus earraí agus sna tosca céanna, iad a mhuirearú go comhionann ar gach duine.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh údarás cuain ráta a mhuirearú a n-athróidh a mhéid i leith aicmí éagsúla árthaí nó earraí nó i dtosca neamhchosúla.

Saoráidí cuain a bheith ar fáil go comhionann ar rátaí a íoc.

97. —Na saoráidí a chuirfeas údarás cuain ar fáil maidir lena gcuan beid, faoi réir forál an Achta seo agus aon ní arna dhéanamh faoi agus fós faoi réir na bhfo-dhlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir lena gcuan, ar fáil go comhionann ag gach duine ar na rátaí iomchuí a íoc.

An liosta rátaí a iniúchadh agus a fháil.

98. —(1) Déanfaidh údarás cuain liosta a choimeád ar fáil ina bpríomh-oifig de na rátaí a bheas á muirearú acu de thuras na huaire le haghaidh a iniúchta in aisce i rith gnáth-uaireanna oifige ag aon cuine a mbeidh leas aige ann.

(2) Beidh duine ar bith i dteideal, ar tháille nach mó ná sé pingne a íoc, liosta de na rátaí a bheas á muirearú acu de thuras na huaire a fháil ó údarás cuain.

Rátaí earraí ar earraí ná beidh aicmithe.

99. —Earraí ná bainfidh le haon cheann de na haicmí earraí a n-údaraítear ar shlí eile d'údarás cuain rátaí earraí a mhuirearú ina leith, deighleálfaidh an t-údarás cuain leo, chun rátaí earraí a mhuirearú orthu, mar earraí a bhaineas le pé ceann de na haicmí earraí sin is dóigh leis an údarás cuain is mó is iomchui.

Cumhacht chun rátaí a mhaitheamh, chun saoirseó rátaí a thabhairt nó comhréiteach um rátaí a dhéanamh.

100. —(1) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire—

(a) rátaí a mhaitheamh i bpáirt nó go hiomlán,

(b) saoirse nó páirt-shaoirse ó rátaí a thabhairt,

(c) saoirse nó páirt-shaoirse ó rátaí a bheas tugtha cheana a athrú nó a fhorceannadh,

(d) comhréiteach a dhéanamh le haon duine maidir le rátaí,

(e) aon chomhréiteach um rátaí a bheas déanta cheana a athrú nó a fhorceannadh.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás cuain athrú nó forceannadh a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná sé mhí) ar aon tsaoirse nó páirt-shaoirse ó rátaí nó ar aon chomhréiteach um rátaí a bheas i bhfeidhm maidir leis an údarás cuain ar dháta an cheanglais a dhéanamh agus beidh de dhualgas ar an údarás cuain an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(3) Aon mhaitheamh nó comhréiteach nó saoirse maidir le rátaí a déanfar nó a bhéarfar faoin alt seo, ní thabharfaidh sé aon tosaíocht ná buntáiste neamhchuí nó neamhréasúnach do dhuine ar bith ná ní dhéanfaidh sé leathcheal ná leathchuma neamchuí nó neamhréasúnach ar duine ar bith.

(4) Faoi cheann sé mhí tar éis an tAcht seo a rith, bhéarfaidh údarás cuain sonraí don Aire i dtaobh gach saoirse nó comhréitigh i leith rátaí a bhí i bhfeidhm maidir leis an údarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, agus is tuigthe gut saoirse nó comhréiteach faoin alt seo gach saoirse nó comhréiteach den tsórt sin agus é a bheith inathruithe nó infhorceannta dá réir sin, nó go bhféadhfaidh an tAire a cheangal é a athrú nó a fhorceannadh amhlaidh, faoin alt seo.

(5) Aon íocaíocht a déanfar le húdarás cuain i leith rátaí comhréitithe, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, gur íocaíocht rátaí tonnáiste, rátaí earraí nó rátaí seirbhíse (do réir mar is iomchuí) leis an údarás cuain sin í.

Rátaí a athrú taobh istigh d'uasmhéid áirithe.

101. —Féadfaidh údarás cuain, maidir le haon rátaí a bheas inmhuirir acu de thuras na huaire faoi threoir uasmhéide áirithe, na rátaí sin a athrú trína méadú nó a laghdú taobh istigh den uasmhéid sin.

Eisceadh coinníollach ó rátaí.

102. —(1) Má tharlann, de dheascaibh doininne nó leor-chúise eile, go mbeidh ar árthach, a mbeifear tar éis na rátaí tonnáiste iomchuí uile ina leith a íoc, filleadh chun cuain leis an last céanna tar éis di teoranta an chuain sin a fhágaint, ní bheidh na rátaí a híocadh amhlaidh iníoctha arís i leith an árthaigh.

(2) I gcás socrú a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire le haon stát eile trína ndéantar árthaí iascaigh le náisiúnaigh den Stát sin, nuair is éigean dóibh de dheascaibh doininne fothain a lorg i gcuan Éireannach, a eisceadh ó rátaí a íoc, beidh aon árthach iascaigh le náisiúnach den Stát sin, más éigean dí de dheascaibh doininne dul laistigh de theoranta aon chuain, eiscithe ó rátaí i leith an dulta isteach sin, mura rud é go ndéanfaidh an t-árthach briseadh builce.

(3) I gcás earraí, a mbeifear tar éis rátaí earraí ina leith a íoc le húdarás cuain a thabhairt de mhuir laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) ní bheidh rátaí earraí inmhuirir arís ar na hearraí ar iad a loingsiú, a tharloingsiú nó a dhíloingsiú nó a dhíloingsiú isteach in aon árthach, nó amach aisti, a bheas bona fide

(i) ag déanamh a trádála ar fad laistigh de theoranta an chuain, nó

(ii) ag trádáil idir na teoranta sin agus aon chanáil intíre no abha a bheas i gceangal leis an gcéanna;

(b) déanfar, má ceangaltar sin, dearbhú chun sástachta an údaráis chain ina luafar na fíorais a chuireas na hearraí i dteideal an eiscithe sin.

(4) I gcás earraí a thabhairt laistigh de theoranta cuain ar shlí seachas de mhuir nó iad a dhéanamh laistigh de na teoranta sin, ní bheidh rátaí earraí inmhuirir i leith na n-earraí mura loingsítear nó mura dtarloingsítear iad laistigh de theoranta an chuain chun a n-iompartha de mhuir amach thar na teoranta sin.

(5) I gcás árthaigh a theacht isteach i gcuan chun a deisithe agus é a bheith riachtanach chun an deisiú a dhéanamh last an árthaigh a dhíloingsiú, ní bheidh rátaí earraí inmhuirir de dhroim an díloingsithe ná de dhroim an last céanna a loingsiú tar éis an deisiú a bheith déanta, ach féadfaidh údarás cuain an chuain, má stóráltar an last ag aon áit nó in aon áitreabh faoina n-urlámhas, muirear a ghearradh i leith na stórala.

(6) Más rud é, de dhroim suímh aon chuain, poirt nó piara, gur gá d'árthach ag triall ar an gcuan, ar an bport nó ar an bpiara sin, gabháil trí theoranta cuain eile, ní bheidh rátaí inmhuirir i leith an árthaigh a ghabhfas amhlaidh trí na teoranta sin, mura rud é—

(a) go mbainfidh an t-árthach úsáid éigin as na saoráidí a bheas ar fáil sa chuan eile, nó

(b) go mbeidh na rátaí inmhuirir de bhuaidh ailt 95 den Acht seo agus go mbídís á muirearú díreach roimh an Acht seo a rith i leith árthaí ag gabháil amhlaidh trí na teoranta sin, nó

(c) go bhforálfar go sonrach le hordú cuan-rátaí gur rátaí is inmhuirir i leith árthaí ag gabhail amhlaidh trí na teoranta sin na rátaí.

Lán-eisceadh ó rátaí

103. —(1) Ní muirearófar rátaí tonnáiste ina leith seo a leanas—

(a) árthaí a bheas ag iompar stórtha le haghaidh armála agus gléasta na bhFórsaí Cosanta agus ná beidh ag iompar aon earraí eile ná aon phaisnéirí ar luach saothair,

(b) árthaí a bheas fruilithe go haonta i seirbhís an Stáit,

(c) báid tarrthála, ná

(d) árthaí a bheas faoi ghabháil thar ceann an Stáit.

(2) Ní muirearófar rátaí earraí ina leith seo a leanas—

(a) stórtha le haghaidh armála nó gléasta na bhFórsaí Cosanta a bheas á n-iompar in árthach a bheas de thuras na huaire eiscithe ó rátaí tonnáiste de bhuaidh míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo,

(b) feisteas, stórtha nó lónta aon arthaigh,

(c) aon ghoireas anam-tharrthála a húsáidtear maidir le bád tarrthála, no

(d) aon phacáid poist nó mála poist do réir bhrí an Post Office Act, 1908.

Caibidil II.

Orduithe Cuan-Rátaí.

Ordú cuan-rátaí a dhéanamh.

104. —(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, ar iarratas ón údarás cuain iomchuí nó gan aon iarratas den tsórt sin, na nithe seo a leanas maidir le cuan a shocrú le hordú (dá ngairmtear ordú cuan-rátaí san Acht seo)—

(a) gach ráta nó aon ráta nó, más oiriúnach leis, na rátaí uasta a bheas le muirearú ag údarás cuain an chuain,

(b) an foras agus an modh ar a mbeidh aon rátaí den tsórt sin le ríomh, nó

(c) na haicmí árthach nó earraí ar a mbeidh agus na tosca ina mbeidh aon ráta áirithe den tsórt sin le muirearú.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, ar iarratas ón údarás cuain iomchuí nó gan aon iarratas den tsórt sin, ordú cuan-rátaí (lena n-áirítear ordú cuanrátáí arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú le hordú (dá ngairmtear ordú cuan-rátaí freisin san Acht seo).

(3) Féadfaidh an tAire cúlghairm, modhnú, athrú nó leathnú a dhéanmh le hordú cuan-rátaí ar aon fhoráil, reachtúil nó eile, a shocraíos, a shrianas nó a rialálas ar shlí eile na rátaí nó na huasrátaí nó na híosrátaí is inmhuirir ag údarás cuain nó an foras nó an modh ar a ríomhtar na rátaí sin.

(4) Féadfaidh ordú cuan-rátaí, más oiriúnach leis an Aire, a rá go mbaineann sé, agus má abrann amhlaidh bainfidh sé, le gach cuan go ginearálta nó le cuan nó aicme cuanta áirithe a hainmneofar san ordú.

(5) Aon uair a bheartós an tAire ordú cuan-rátaí a dhéanamh féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a ordú fiosrúchán áitiúil a chu ar siúl maidir le déanamh an orduithe.

(6) Beidh éifeacht ag ordú cuan-rátaí ó pé dáta (nach luaithe ná an dáta ar a ndéanfar an t-ordú) a bheas luaithe san ordú.

(7) Foilseófar fógra i dtaobh ordú cuan-rátaí a dhéanamh san Iris Oifigiúil a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta.

Iarratas ar ordú cuan-rátaí.

105. —(1) Féadfaidh údarás cuain ordú cuan-rátaí maidir lena gcuan a iarraidh ar an Aire.

(2) Ní foláir iarratas ar ordú cuan-rátaí a bheith sa bhfoirm ordaithe agus na sonraí ordaithe a bheith ann.

(3) Aon údarás cuain a mbeidh ordú cuan-rátaí á iarraidh acu faoin alt seo, bhéarfaid don Aire, ar an Aire dá iarraidh sin orthu, pé sonraí eile a theastós uaidh chun an t-iarratas a bhreithniú.

(4) Aon ráiteas a déanfar in iarratas ar ordú cuan-rátaí nó a cuirfear chun an Aire ar é d'iarraidh sonraí faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfaidh duine éigin ag á mbeidh eolas pearsanta ar an ráiteas fíorú a thabhairt air i pé slí a cheanglós an tAire.

(5) Má fhaillíonn údarás cuain aon tsonraí nó aon fhíorú a thabhairt a cheanglós an tAire orthu faoin alt seo a thabhairt, féadfaidh an tAire, ar fhoras na faillí sin agus gan dochar dá dhíscréid chun ordú cuan-rátaí a dhéanamh nó chun diúltú d'é a dhéanamh, diúltú don iarratas ar maidir leis a ceangladh amhlaidh na sonraí nó an fíorú a thabhairt.

Fógra i dtaobh ordú cuan-rátaí a dhéanamh, etc.

106. —(1) Aon uair a bheartós an tAire ordú cuan-rátaí a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire fógra d'údarás cuain an chuain lena mbainfidh an t-ordú beartaithe, agus foilseoidh an t-údarás cuain pé tráth nó trátha agus i pé slí a ordós an tAire pé fógra ordós an tAire maidir le cineál an orduithe bheartaithe agus leis an am, an tslí, agus an áit ina bhféadfar agóideacha agus cúis-aithristí a dhéanamh, i dtaobh an orduithe bheartaithe.

(2) Na costais faoina raghaidh údarás cuain chun fógra a fhoilsiú de bhun an ailt seo, is ar an údarás cuain a bheas a n-íoc.

(3) Aon uair a fhailleos údarás cuain fógra a fhoilsiú a ordós an tAire dhóibh a fhoilsiú faoin alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon imeachta eile i gcoinne an údaráis chuain, an fógra a fhoilsiú é féin agus is ar an údarás cuain a bheas íoc na gcostas uile faoina raghaidh sé á dhéanamh sin agus beid inaisghabhála ag an Aire ón údarás cuain mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Oblagáid chun rátaí a mhuirearú a bheas socair le hordú cuan-rátaí.

107. —(1) Aon uair a bheas ordú cuan-rátaí i bhfeidhm maidir le cuan, déanfaidh údarás cuain an chuain, faoi réir forál an Achta seo—

(a) maidir leis na habhair mhuirir uile dá mbeidh rátaí socair leis an ordú, na rátaí a bheas socair amhlaidh a mhuirearú, agus ní mhuirearóidh aon rátaí eile ná rataí is mó ná is lú ná sin,

(b) maidir leis na habhair mhuirir uile dá mbeidh uasrátaí socair leis an ordú, rátaí a mhuirearú nach mó ná na huasrátaí a bheas socair amhlaidh,

(c) i gcás foras agus modh ríofa aon rátaí a bheith socair leis an ordú, na rátaí sin a ríomh ar an bhforas agus an modh a bheas socair amhlaidh.

(2) Aon údarás cuain a shárós fo-alt (1) den alt seo, beid ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó na caoga punt a chur orthu.

(3) Aon uair a bheas rátaí inmhuirir ag údarás cuain de bhuaidh ailt 95 den Acht seo, is tuigthe, chun críocha an ailt seo, na rátaí a bheith inmhuirir faoi ordú cuan-rátaí a bheas i bhfeidhm maidir le cuan an údaráis chuain.

Srian le horduithe a dhéanamh faoi alt 3 d'Acht na gCuan (Rátaí a Rialáil), 1934.

108. —Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, aon ordú maidir le húdarás cuain faoi alt 3 d' Acht na gCuan (Rátaí a Rialáil), 1934 (Uimh. 2 de 1934) .

Caibidil III.

Rátaí a Ioc agus a Aisghabháil.

An duine ag á mbeidh rátaí iníoctha.

109. —Faoi réir forál na Coda seo den Acht seo—

(a) beidh rátaí tonnáiste iníoctha ag máistir nó únaer an árthaigh ar ina leith a muirearófar na rátaí sin,

(b) beidh rátaí earraí iníoctha ag únaer na n-earraí ar ina leith a muirearófar na rátaí sin,

(c) beidh rátaí seirbhíse iníoctha ag an duine dá ndearnadh an obair nó an tseirbhís ar ina leith a muirearófar na rátaí sin.

Rátaí a íoc.

110. —(1) Íocfar rátaí tonnáiste le húdarás cuain in oifig an bhailitheora rátaí laistigh den chéad trí lá i ndiaidh an lae a thiocfas na rátaí tonnáiste chun bheith iníoctha.

(2) Déanfar, mar is rogha leis an údarás cuain, rátaí seirbhíse a íoc le húdarás cuain in oifig an bhailitheora rátaí roimh an obair nó an tseirbhís a dhéanamh ar ina leith a muirearófar na rátaí seirbhíse nó roimh pé teagmhas acu seo a leanas is túisce a tharlós:

(a) na hearraí ar ina leith a muirearófar na rátaí seirbhíse a aistriú ó theoranta cuain an údaráis chuain,

(b) dhá sheachtain a bheith caite ón dáta ar a ndearnadh an obair nó an tseirbhís.

(3) Íocfar rátaí earraí le húdarás cuain in oifig an bhailitheora rátaí—

(a) i leith earraí a bheas le loingsiú, roimh iad a loingsiú, agus

(b) i leith earraí a bheas le díloingsiú nó le tarloingsiú, do réir mar is rogha leis an údarás cuain, roimh iad a dhíloingsiú nó a tharloingsiú nó d'eile roimh pé teagmhas acu seo a leanas is túisce a tharlós:

(i) na hearraí a aistriú ó theoranta cuain an údaráis chuain,

(ii) dhá sheachtain a bheith caite ón dáta ar a ndearnadh na hearraí a dhíloingsiú nó a tharloingsiú.

Oblagáidí máistrí árthach maidir le hearraí a díloingseofar nó a loingseofar.

111. —(1) Má beartaítear earraí a dhíloingsiú laistigh de theoranta cuain údaráis chuain, déanfaidh máistir an árthaigh ina mbeidh na hearraí—

(a) laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis an t-árthach a theacht, ainm chonsíní na n-earraí a sheachadadh in oifig an bhailitheora rátaí nó, más chun duine éigin eile a bheas na hearraí le seachadadh, ainm an duine sin, agus

(b) laistigh den cheithre huaire fichead a chloig sin, cuntas cruinn ar na hearraí a sheachadadh in oifig an bhailitheora rátaí agus, ar an údarás cuain dá iarraidh sin air, pé fardail, billí ládála nó doiciméidí eile maidir leis na hearraí a thíolacadh ann a thaispáinfeas cineál, cainníocht agus meáchan fíor na n-earraí sin, agus

(c) ar an údarás cuain dá iarraidh sin air, fógra dhá uair déag a chloig nó pé fógra is giorra ná sin a shonróid a thabhairt in oifig an bhailitheora rátaí i dtaobh an ama a beartaítear na hearraí nó aon chuid díobh a dhíloingsiú.

(2) Má beartaítear earraí a loingsiú laistigh de theoranta cuain údaráis chuain, ansin, déanfaidh máistir an árthaigh a mbeidh na hearraí le loingsiú isteach inti—

(a) roimh na hearraí a ládáil—

(i) sonraí i scríbhinn ar na hearraí a sheachadadh in oifig an bhailitheora rátaí, agus

(ii) ar an údarás cuain dá iarraidh sin air, cead a fháil ón údarás cuain chun na hearraí a loingsiú, agus

(b) tar éis na hearraí a lódáil agus roimh sheoladh—

(i) gach fardal, bille ládála, leabhar loinge nó doiciméid eile maidir leis na hearraí a thíolacadh, ar an údarás cuain dá iarraidh sin air, agus

(ii) na rátaí uile (más ann) a íoc a bheas iníoctha agus a bheas an uair sin gan íoc i leith na n-earraí.

(3) Aon mháistir árthaigh a fhailleos aon cheanglas den alt seo chomlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Oblágáidí daoine a bheas ag loingsiú, ag tarloingsiú nó ag díloingsiú earraí.

112. —(1) Má dhéanann duine earraí a loingsiú, a tharloingsiú nó a dhíloingsiú laistigh de theoranta cuain údaráis chuain, déanfaidh sé, roimh na hearraí a loingsiú, a tharloingsiú nó a aistriú ó theoranta an chuain (do réir mar a bheas)—

(a) cuntas cruinn ar chineál, cainníocht agus meáchan na n-earraí a thabhairt in oifig an bhailitheora rátaí, agus

(b) an cuntas sin a fhíorú, ar an údarás cuain dá cheangal sin air, trí pé leabhair agus doiciméidí a thaispeáint is gá chuige sin, agus

(c) na rátaí iomchuí uile a íoc is iníoctha i leith na n-earraí.

(2) Más rud é, maidir le haon earraí,

(a) go bhfailleofar an cuntas sin a thabhairt a ceangaltar leis an alt seo a thabhairt, nó

(b) go bhfailleofar aon chuntas den tsórt sin a fhíorú sa tslí a sonraítear leis an alt seo ar údarás cuain dá cheangal sin a dhéanamh, nó

(c) go ndéanfar, i gcúrsa fíoruithe faoin alt seo, cuntas a thabhairt nó leabhar nó doiciméid a thaispeáint ina mbeidh iontráil a bheas bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha,

beidh an duine a bheas ag longsiú, ag tarloingsiú nó ag díloingsiú (do réir mar bheas) na n-earraí ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Comhaontuithe maidir le rátaí a íoc.

113. —(1) D'ainneoin aon ní atá sa Chuid seo den Acht seo ach faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh údarás cuain comhaontu a dhéanamh agus a chomhlíonadh le duine a dhlífeas rátaí a íoc leis an údarás cuain—

(a) chun creidiúint a thabhairt don duine sin i leith na rátaí,

(b) chun an duine sin do thabhairt urrúis i leith na rátaí,

(c) chun a údarú don údarás cuain éarlais a ghlacadh ar chuntas na rátaí,

(d) chun an duine sin do thabhairt sonraí (ar shlí seachas faoi réim agus do réir na bhforál iomchuí den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo) ar na habhair mhuirir a mbeidh na rátaí iníoctha aige ina leith.

(2) Ní bhéarfaidh comhaontú faoin alt seo aon tosaíocht ná buntáiste neamhchuí nó neamhréasúnach d'aon duine áirithe ná i bhfábhar aon duine áirithe ná ní dhéanfaidh leathchuma neamhchuí nó neamhréasúnach ar aon duine áirithe.

Na rátaí is iníoctha a fhionnadh.

114. —(1) Féadfaidh bailitheoir rátaí údaráis chuain dul isteach in árthach a bheas laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain chun a fhionnadh cad iad na rátaí is iníoctha i leith an árthaigh nó i leith aon earraí inti.

(2) I gcás díospóid a tharlachtain idir bailitheoir rátaí agus máistir aon árthaigh nó únaer aon earrai i dtaobh meáchain nó cainníochta aon earraí a mbeidh rátaí iníoctha ina leith, féadfaidh an bailitheoir rátaí a chur faoi ndear go ndéanfar na hearraí a mheá nó a thomhas agus chuige sin féadfaidh an t-árthach ina mbeidh na hearraí a choinneáil.

(3) Má déantar aon earraí a mheá nó a thomhas de bhun fo-ailt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le costais an mheá nó an tomhais:

(a) más mó meáchan nó cainníocht na n-earraí ná mar a thaispeánfas na doiciméidí nó an cuntas nó an ráiteas ina dtaobh a bheas arna sheachadadh de bhun forál na Caibidle seo den Chuid seo den Acht seo, íocfar na costais sin leis an údarás cuain agus beid inaisghabhála amhail is dá mba chostais iad i leith rátaí earraí a muirearaíodh ar na hearraí,

(b) má bhíonn meáchan nó cainníocht na n-earraí comhionann leis an meáchan nó an chainníocht a thaispeánfas na doiciméidí, an cuntas nó an ráiteas sin nó má bhíonn sé níos lú ná sin, íocfaidh an t-údarás cuain na costais sin agus aon chostais eile a leanfas as an meá nó an tomhas nó as an árthach a choinneál chuige sin.

Pionóis mar gheall aríoc rátaí a sheachaint.

115. —Duine ar bith a dhlífeas rátaí a íoc le húdarás cuain agus a dhéanfas nó a thriailfeas íoc na rátaí a sheachaint, beidh sé, gan dochar d'aon imeachta nó bearta a bheas bunaithe nó le bunú chun na rátaí a aisghabháil, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Leighis ar neamhíoc rátaí tonnáiste.

116. —(1) Má faillítear rátaí tonnáiste ar árthach a íoc le húdarás cuain, féadfaidh bailitheoir rátaí an údaráis chuain dul ar bord an árthaigh, agus mura n-íoctar na rátaí san am agus san áit sin, féadfaidh sé an t-árthach agus tácla, culaithirt agus troscán an árthaigh a thocsal.

(2) Ní déanfar tocsal faoin alt seo ar aon earra a bheas inurghéillte faoi na hAchta Custam.

(3) Aon árthach, tácla, culaithirt nó troscán ar a ndéanfar tocsal faoin alt seo—

(a) féadfar é a choinneáil go dtí go n-íoctar na rátaí tonnáiste ar ina leith a rinneadh an tocsal nó go dtí go dtugtar urrús ina leith, nó

(b) mura n-íocfar na rátaí sin laistigh de sheacht lá tar éis an tocsail, féadfaidh an máistir cuain é a dhíol do réir forál an ailt seo.

(4) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hárthach a dhíol a ndéanfar tocsal uirthi faoin alt seo thar ceann údaráis chuain:

(a) údarófar an díol le hordú ón údarás cuain agus ní déanfar é mura n-ordaí an t-údarás cuain amhlaidh le hordú;

(b) beidh san ordú dearbhú a dhílseos i máistir cuain an údaráis chuain de bhuaidh an orduithe an ceart chun an t-árthach a aistriú, agus beidh an máistir cuain, de bhuaidh an dearbhuithe sin, i dteideal an t-árthach a aistriú sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina mbeadh dá mba é únaer cláraithe an árthaigh é;

(c) oibreoidh an díol chun an t-árthach a dhílsiú sa cheannaitheoir saor ó gach morgáiste, lian, muirear nó leas eile inte agus ní iarrfaidh an ceannaitheoir aon fhianaise eile maidir le teideal chun an árthaigh seachas cóip arna deimhniú ag an máistir cuain den ordú ón údarás cuain d'ordaigh an díol;

(d) déanfaidh cláraitheoir loingis, ar an ordú, nó cóip de arna deimhniú ag an máistir cuain, a thaispeáint, clárú ar an mbille díola trína ndearnadh an t-aistriú amhail is dá mba é an máistir cuain an t-únaer cláraithe.

(5) Ní dhíolfaidh údarás cuain aon earra faoin alt seo chun a húsáidte sa Stát má bhíonn aon toirmeasc nó srian ar allmhuiriú i bhfeidhm ina leith nó mura mbíonn an praghas a gheofaí uirthi comhionann le méid aon dleachta custam nó máil is iníoctha uirthi nó níos mó ná an méid sin.

(6) Nuair a bheas díol déanta faoin alt seo, déanfar toradh an díola a úsaid sa chéad áit chun aon dleachta custam nó máil a íoc a bheas iníoctha i leith aon cheann de na hearraí a díoladh agus sa dara háit chun na rátaí tonnáiste a íoc ar ina leith a rinneadh an díol sin agus chun aon chostas a íoc a bhain nó a ghabh leis an díol sin, agus íocfar an t-iarmhéid (más ann) le seanúnaer nó sean-mháistir an árthaigh iomchuí ar eisean dá iarraidh sin.

(7) Más rud é—

(a) ná féadfaidh údarás cuain nó go measfaid é bheith neamhfhóirstineach tocsal a dhéanamh do réir an ailt seo, nó

(b) nach leor toradh díola faoin alt seo chun na rátaí tonnáiste uile a bheas iníoctha leis an údarás cuain agus na costais a bhainfeas nó a ghabhfas leis an díol sin a íoc,

féadfaidh an t-údarás cuain dul chun dlí d'iarraidh na rátaí a bheas dlite nó méide an easnaimh (do réir mar bheas) agus sin a aisghabháil mar fhiach ghnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas dochar d'aon urghéilleadh is indéanta ar árthach faoi na hAchta Custam nó na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939.

Leighis ar neamhíoc rátaí earraí agus rátaí seirbhíse.

117. —(1) Má faillítear aon rátaí earraí nó rátaí seirbhíse a íoc le húdarás cuain, féadfaidh bailitheoir rátaí an údaráis chuain dul isteach in aon árthach nó áit eile (a bheas laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain) ina mbeidh na hearraí á gcoimeád ar ina leith a muirearaíodh na rátaí agus féadfaidh na hearraí sin a thocsal, nó, má bítear tar éis iad a aistriú amach as teoranta an chuain, féadfaidh an bailitheoir sin dul isteach in aon árthach nó áit eile laistigh de na teoranta sin agus tocsal a dhéanamh ar aon earraí eile a gheofar ansin agus is leis an duine failltheach.

(2) Ní déanfar tocsal faoin alt seo ar aon earraí a bheas inurghéillte faoi na hAchta Custam.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hearraí ar a ndéanfar tocsal faoin alt seo thar ceann údaráis chuain:

(a) gan dochar d'aon leigheas eile i leith na rátaí a bheas dlite ar na hearraí, féadfaidh an t-údarás cuain na hearraí go léir nó pé méid díobh is oiriúnach leo a dhíol faoi réir na cuinge ná déanfar díol le haghaidh úsáide sa Stát má bhíonn aon toirmeasc nó srian ar allmhuiriú i bhfeidhm maidir leis na hearraí a beartófar a dhíol nó mura mbíonn an praghas a gheofaí comhio-ann le méid nó níos mó ná méid aon dleacht custam nó máil is iníoctha ar na hearraí a beartófar a dhíol;

(b) más earraí meatacha na hearraí, féadfar iad a dhíol láithreach nó tráth ar bith, ach in aon chás eile ní díolfar na hearraí go ceann mí i ndiaidh an ama a ndearnadh iad a dhíloingsiú nó a sheachadadh laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain;

(c) déanfaidh an t-údarás cuain toradh aon díola den tsórt sin a úsáid chun na muirir seo a leanas a íoc san ord seo a leanas:—

(i) aon dleachta custam nó máil i leith na n-earraí, agus

(ii) na rátaí is iníoctha i leith na n-earraí agus na costais a bhain agus a ghabh leis an díol, agus

(iii) aon chostas fartha a bheas dlite i leith na n-earraí má gheibheann an t-údarás cuain fógra go bhfuil an costas fartha sin dlite agus gan íoc;

(d) nuair a beifear tar éis toradh aon díola den tsórt sin a úsáid mar atá ráite, ansin—

(i) má bhíonn aon fharasbar fágtha, íocfar é leis an duine a chífear don údarás cuain a bheith ina theideal, ar an duine sin dá iarraidh sin, agus

(ii) má bhíonn na rátaí a bheas dlite ar na hearraí agus na costais a bhain agus a ghabh leis an díol gan íoc ar fad nó i bpáirt, féadfaidh an t-údarás cuain na rátaí agus na costais nó an t-iarmhéid díobh (do réir mar bheas) a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, agus

(e) aon earraí ná díolfar, le toiliú na gCoimisinéirí Ioncaim agus más rud é go mbeidh gach dleacht custam nó máil is iníoctha ina leith íoctha, iad a sheachadadh don duine a chífear don údarás cuain a bheith ina dteideal, ar an duine sin dá iarraidh sin.

(4) Más rud é ná féadfaidh údarás cuain, nó go measfaid é a bheith neamhfhóirstineach, rátaí earraí nó rátaí seirbhíse a aisghabháil trí thocsal agus díol faoin alt seo, féadfaid na rátaí a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Cumhacht chun a dhiúltú imréiteach a thabhairt i gcásanna áirithe.

118. —Féadfaidh an bailitheoir nó oifigeach iomchuí eile custam agus máil don cheantar ina mbeidh cuan, le toiliú na gCoimisinéirí Ioncaim, a dhiúltú imréiteach amach a thabhairt d'árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain go dtí—

(a) go mbeidh máistir an árthaigh tar éis deimhniú arna shíniú ag an mbailitheoir rátaí don chuan a thaispeáint don bhailitheoir nó don oifigeach sin á rá go bhfuiltear tar éis na rátaí uile a íoc is iníoctha le húdarás cuain an chuain i leith an árthaigh agus a lasta, nó

(b) i gcás aon díospóid a bheith ann i dtaobh na rátaí sin, go mbeidh an bailitheoir nó an t-oifigeach sin tar éis fógra a fháil ón mbailitheoir rátaí don chuan gur tugadh urrús sásúil i leith íoc na rátaí sin don bhailitheoir rátaí sin.

CUID VII.

Airgeadas agus Cuntais.

Ioncam a úsaid.

119. —(1) Déanfar ioncam údaráis chuain in aon bhliain a úsáid chun na gcríocha seo a leanas san ord seo a leanas:

(a) chun costais oibrithe agus bunaíochta (lena n-áirítear costais i leith aon phinsean agus aiscí is iníoctha ag an údarás cuain), agus costais bhainistí, chothabhála, ghlantóireachta agus deisiúcháin atá inmhuirir ó cheart ar ioncam, a íoc,

(b) chun ús, aisíoca bunairgid agus ranníocaíochta le cistí fiachmhúchta a íoc maidir le hairgead a fuarthas ar iasacht agus faoi réir na gcoinníoll ar a bhfuarthas an t-airgead sin ar iasacht,

(c) chun pé críocha eile (lena n-áirítear tabhairt-ar-aghaidh chun na céad bhliana eile) i pé ord a chinnfeas an t-údarás cuain, le toiliú an Aire.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más deimhin leis an Aire, ar iarratas ó údarás cuain, é a bheith riachtanach aon trealamh áirithe a cheannach chun cuan an údaráis chuain a chothabháil nó a oibriú, féadfaidh an tAire a údarú don údarás cuain costas, nó cuid de chostas, an trealaimh a íoc amhail is dá mbeadh an costas sin, nó an chuid de a bheas sonraithe san údaraíocht, pé acu é, ináirithe ó cheart ar chostais oibrithe agus bunaíochta an údaráis chuain.

Cumhacht guinearálta chun ai gead a fháil ar iasacht.

120. —(1) Féadfaidh údarás cuain ó am go ham, le toiliú an Aire, airgead a fháil ar iasacht le haghaidh caiteachais ar chríocha a bhaineas lena gcuan (lena n-áirítear caiteachas chun feabhsú a dhéanamh nó chun oblagáidí láithreacha a fhuascailt) trí stoc nó stoc bintiúra a eisiúint, i bhfoirm morgáiste nó in aon tslí eile, do réir mar a ordós an tAire.

(2) Ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais, ní thoileoidh an tAire le húdarás cuain d'fháil aon tsuime ar iasacht is mó ná—

(a) más iad Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath an t-údarás cuain, dhá chéad míle punt, agus

(b) in aon chás eile, caoga míle punt.

(3) Aon iarratas a dhéanfas údarás cuain chun an Aire á iarraidh air toiliú le hiad d'fháil airgid ar iasacht, beidh sé i pé foirm a ordós an tAire agus sonróidh sé an méid airgid a bheas le fáil ar iasacht, na críocha chun a mbeidh an t-airgead sin le húsáid, an tslí ina mbeartaítear an t-airgead a fháil ar iasacht agus pé sonraí eile a iarrfas an tAire.

(4) Chun a chinneadh cé acu a thoileos sé nó ná toileoidh sé le húdarás cuain d'fháil airgid ar iasacht, féadfaidh an tAire a ordú fiosrúcháin áitiúil a chur ar siúl i dtaobh críocha nó call na hiasachta nó i dtaobh críocha agus call na hiasachta.

(5) Nuair a gheobhas údarás cuain airgead ar iasacht faoin alt seo, comhlíonfaid pé ordacháin a bhéarfas an tAire maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) modh agus téarmaí na hiasachta,

(b) na críocha chun a mbeidh an t-airgead a gheofar ar iasacht le húsáid,

(c) an t-ioncam, na cistí nó an mhaoin a bheas le muirearú mar urrús i leith na hiasachta,

(d) an saghas urrúis a bheas le cruthnú i leith na hiasachta,

(e) má bítear chun aon mhorgáiste a chruthnú i leith na hiasachta, na téarmaí agus na coinníollacha maidir le fuascailt an mhorgáiste,

(f) an tréimhse le haghaidh aisíoctha an airgid a gheofar ar iasacht agus na socruithe a bheas le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar aisíoc laistigh den tréimhse sin.

(6) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (5) den alt seo maidir le haon iasacht ón gciste iasacht áitiúla ach amháin le haontú an Aire Airgeadais.

(7) Ní dhéanfaidh údarás cuain airgead a fháil ar iasacht ach amháin faoi réim agus do réir an ailt seo nó an chéad ailt eile ina dhiaidh seo.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

121. —(1) Féadfaidh údarás cuain le toiliú an Aire airgead a fháil, trí iasacht nó ró-tharraing shealadach, chun socrú sealadach a dhéanamh faoi chomhair costais reatha.

(2) Aireofar ar chostais oibrithe agus bunaíochta údaráis chuain íocaíochta, i leith airgid a fuair an t-údarás cuain ar iasacht faoin alt seo, a déanfar in aghaidh úis agus aisíoctha an bhunairgid agus déanfar na híocaíochta sin i pé slí agus i rith pé tréimhsí a cheadós an tAire.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2) den alt seo, beidh airgead a gheobhas údarás cuain ar iasacht faoin alt seo ina mhuirear ar ioncam, cistí agus maoin an údaráis chuain pari passu le gach morgáiste, stoc agus urrús eile a bhainfeas leis an ioncam, na cistí nó an mhaoin sin.

(4) Na tagairtí atá san alt seo d'iasacht folaíd tagairtí d'athiasacht.

Airgead a fháil ar iasacht ó chiste na n-iasacht áitiúla.

122. —Airgead a gheofar ar iasacht faoin gCuid seo den Acht seo le haghaidh caiteachais ar aon ní a bheas údaraithe le hordú cuan-oibreacha, féadfar é a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil do réir bhrí Achta Chiste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Iontaobhaithe do shuncáil airgid i stoic agus morgáistí áirithe.

123. —Aon stoc arna eisiúint nó aon mhorgáiste arna dhéanamh ag údarás cuain atá luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (lena n-áirítear aon stoc arna eisiúint nó aon mhorgáiste arna dhéanamh ag an údarás cuain sin roimh an Acht seo a rith) is tuigthe é a bheith arna áireamh ar na hurrúis a bhféadfaidh iontaobhaithe cistí iontaobhais a shuncáil iontu faoi chumhachta ailt 1 den Trustee Act, 1893.

Iasachtaithe a chosaint.

124. —(1) Aon uair a dhéanfas comhlucht daoine, nach comhlucht a bheas comdhéanta go dleathach, ach a bheas ag gníomhú nó a airbheartós a bheith ag gníomhú, mar údarás cuain, airgead a fháil ar iasacht i bhfeidhmiú airbheartaithe cumhacht an údaráis chuain chuige sin ó iasachtaí a bhéarfas an t-airgead uaidh de mheon mhacánta agus gan eolas aige ná fuil an comhlucht daoine sin arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas i bhfábhar an iasachtaí nó duine ar bith a bheas ag éileamh tríd nó faoi agus í gcoinne an údaráis chuain:

(a) is tuigthe, chun críocha na headarbhirte sin fáil agus tabhairt na hiasachta, an comhlucht daoine sin a bheith arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain, agus dá réir sin dlífidh an t-údarás cuain an t-airgead a aisíoc a fuarthas agus a tugadh ar iasacht amhlaidh agus an t-ús ar an airgead sin a íoc do réir na gcoinníoll ar a ndearnadh an t-airgead a fháil agus a thabhairt ar iasacht amhlaidh sa mhéid chéanna (más ann) ina ndlífeadh an t-údarás cuain sin a dhéanamh dá mba rud é go raibh an comhlucht daoine iarbhír arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain;

(b) gach morgáiste nó urrús eile a bhéarfas an comhlucht daoine agus a airbheartós a bheith arna thabhairt ag an údarás cuain don iasachtaí chun aisíoc an airgid agus íoc an úis air a áirithiú, beidh sé, i lámha an iasachtaí nó aon duine a bheas ag éileamh tríd nó faoi, bailí agus infhorfheidhmithe i gcoinne an údaráis chuain sa mhéid chéanna (más ann) ina mbeadh sé bailí agus infhorfheidhmithe amhlaidh dá mba rud é go raibh an comhlucht daoine iarbhír arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain;

(c) ní bheidh aon chuid den eadarbhirt sin fáil agus tabhairt na hiasachta neamhbhailí ná inchonspóide ar an bhforas ná raibh an comhlucht daoine arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain.

(2) Aon uair a gheobhas údarás cuain airgead ar iasacht, nó is tuigthe le fo-alt (1) den alt seo iad d'fháil airgid ar iasacht, faoi réim nó i bhfeidhmiú airbheartaithe a gcumhacht chuige sin ó iasachtaí a bhéarfas an t-airgead uaidh de mheon mhacánta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas i bhfábhar an iasachtaí nó aon duine a bheas ag éileamh tríd nó faoi agus i gcoinne an údaráis chuain:

(a) ní déanfar neamhbhailí ná inchonspóide, de dheascaibh aon neamhdhlíthiúlachta nó neamhrialtachta i gcomhdhéanamh an údaráis chuain nó i gceapadh, toghadh nó ainmniú aon chomhalta den údarás cuain, fáil na hiasachta agus a tabhairt ná aon mhorgáiste ná urrús eile a bheas tugtha nó a bheas airbheartaithe a bheith tugtha ag an údarás cuain don iasachtaí chun aisíocanna an airgid agus íoc an úis air a áirithiú;

(b) ní bhainfidh sé leis an iasachtaí a fhiosrú cé acu atá nó ná fuil an chríoch chun a mbeidh an t-airgead á fháil ar iasacht ag an údarás cuain ina crích a n-údaraítear le dlí don údarás cuain airgead a fháil ar iasacht chuici ná cé acu a ghabhas nó ná gabhann méid an airgid thar aon teorainn a bheas curtha ar an údarás cuain maidir le hairgead a fháil ar iasacht, agus más rud é go mbeidh an chríoch sin, i bpáirt nó go hiomlán, gan bheith údaraithe amhlaidh nó go ngabhfaidh méid an airgid thar aon teorainn den tsórt sin ní dhéanfaidh sin dochar ná difir don iasachtaí;

(c) ní bhainfidh sé leis an iasachtaí a fhiosrú cé acu a rinneadh nó ná dearnadh aon chruinniú den údarás cuain a thionól nó a chomhdhéanamh i gceart, ná cé acu a tugadh nó nár tugadh go cuí aon fhógra áirithe do chomhaltaí an údaráis chuain, ná cé acu bhí nó ná raibh na himeachta ag aon chruinniú den údarás cuain dlíthiúil agus rialta;

(d) i gcás gan é a bheith ar chumas an údaráis chuain an t-airgead a fháil ar iasacht go dleathach gan ceadú nó toiliú an Aire, agus an ceadú nó an toiliú sin (pé acu é) a bheith tugtha nó a bheith airbheartaithe a bheith tugtha ag an Aire, ní bhainfidh sé leis an iasachtaí a fhiosrú cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh go cuí aon choinníoll reachtúil nárbh fholáir a chomhlíonadh roimh an gceadú nó an toiliú a thabhaírt, agus más rud é ná dearnadh aon choinníoll réamhghabhálach den tsórt sin a chomhlíonadh ag an duine (pé acu is é an tAire, an t-údarás cuain nó duine ar bith eile é) a raibh sé de dhualgas air é a chomhlíonadh ní dhéanfaidh sin dochar ná difir don iasachtaí;

(e) ní bhainfidh sé leis an iasachtaí féachaint chun úsáide an airgid ag an údarás cuain ná ní dhéanfaidh sé dochar ná difir dó an t-údarás cuain nó aon duine dá n-oifigigh do dhéanamh aon mhí-úsáide den airgead nó d'aon chuid de.

Cistí a bhunú agus a dhíobhadh.

125. —(1) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má cheanglann an tAire orthu é, ciste a bhunú chun aon chríche sonraithe a bhainfeas lena gcuan.

(2) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má cheanglann an tAire orthu é, aon chiste (seachas ciste fiachmhúchta) a dhíobhadh a bunaíodh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, chun aon chríche a bhainfeas lena gcuan agus air sin úsáidfid i pé slí a ordós an tAire aon airgead a bheas ag seasamh chun creidiúna don chiste.

(3) Is mar a ordós nó a cheadós an tAire ó am go ham a bheas maidir leis na suimeanna a bheas le n-íoc isteach in aon chiste arna bhunú faoin alt seo, na trátha a n-íocfar na suimeanna sin, ná fáigeanna ón bhfaighfear na suimeanna sin, agus na críocha chun a ndéanfar, agus tslí ina ndéanfar, an t-airgead sa chiste a leithreasú agus a úsáid.

(4) Féadfaidh údarás cuain, agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, an t-airgead a shuncáil in aon chiste arna bhunú faoin alt seo agus beidh an t-ioncam a fhásfas as an tsuncáil sin ina chuid den chiste.

(5) Aon airgead a dhéanfas údarás cuain a shuncáil de bhun fo-ailt (4) den alt seo, suncálfar é i pé urrúis (seachas urrúis réadacha nó inoidhrithe) a bheas údaraithe de thuras na huaire le dlí chun cistí iontaobhais a shuncáil iontu agus is cuí leis an údarás cuain, ach ní dhéanfaidh an t-údarás cuain, ach amháin le toiliú an Aire, aon airgead den tsórt sin a shuncáil i stoic, cistí, scaireanna nó urrúis arna gcruthnú ag an údarás cuain iad féin.

Rialacháin maidir le morgáistí.

126. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le morgáistí a dhéanfas údarás cuain faoin Acht seo.

(2) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo maidir le morgáistí a dhéanfas údarás cuain, féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) foirm na morgáistí,

(b) na cláir a bheas le coimeád maidir le morgáistí,

(c) aistriú morgáistí agus foirm an aistrithe sin,

(d) aisíoc airgid a bheas faighte ar iasacht ar urrús morgáistí,

(e) ceapadh agus cumhachta glacadóirí.

(3) D'ainneoin aon fhorála eile dá bhfuil san Acht seo, má bhí feidhm, díreach roimh an Acht seo a rith, ag aon fhorála dá bhfuil in ailt 75 go 88 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le haon mhorgáistí de chuid údaráis chuain a bhí i bhfeidhm an uair sin, leanfaidh na forála sin, faoi réir aon athruithe a bheas déanta orthu leis an achtachán ar dá bhuaidh a bhí feidhm acu amhlaidh, d'fheidhm a bheith acu tar éis an tAcht seo a rith maidir leis na morgáistí sin de chuid an údaráis chuain sin.

Rialacháin maidir le stoc.

127. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le stoc a eiseos údarás cuain faoin Acht seo.

(2) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo maidir le stoc a eiseos údarás cuain, féadfaidh, go sonrach, socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) an tslí ina mbeidh stoc le cruthnú, le heisiúint, le muirearú, le haistriú, le tarchur agus le fuascailt agus an tslí ina ndeighleálfar leis,

(b) iasachta a ghlanadh a bheas cruinnithe trí stoc a eisiúint,

(c) na cuntais a bheas le coimeád maidir le stoc,

(d) i gcás fiacha a chomhdhlúthú, na trátha a fhaidiú nó a athrú ar laistigh díobh a bheas iasachta le glanadh,

(e) toiliú i gcás únaerí teoranta,

(f) airgead a úsáid a bheas cruinnithe trí stoc a eisiúint,

(g) díbhinní,

(h) cláraitheoirí a cheapadh chun críocha stoic,

(i) na tuairisceáin a bheas le tabhairt don Aire,

(j) faillí maidir le díbhinní nó stoc a éileamh,

(k) na táillí a bheas inmhuirir ag údarás cuain i leith stoic,

(l) aon achtacháin a thanasc maidir le stoc, fara modhnuithe nó gan modhnuithe.

Toirmeasc ar stoc neamhinfhuascailte a eisiúint.

128. —Ní dhéanfaidh údarás cuain stoc neamhinfhuascailte a eisiúint.

Forála maidir le hiontaobhais.

129. —Ní bheidh de cheangal ar údarás cuain féachaint chuige go bhforghníomhófar iontaobhas ar bith faoina mbeidh nó a faoina mbeadh aon mhorgáiste, stoc nó urrús eile a bheas déanta nó eisithe acu, agus dá réir sin—

(a) beidh admháil an duine a mbeidh an morgáiste, an stoc nó an t-urrús eile sin ina ainm i leabhair an údaráis chuain ina leor-chúiteántas don údarás cuain ar aon airgead a bheas íochtha acu i leith an chéanna, d'ainneoin aon iontaobhas den tsórt sin a bheith ann agus pé acu a bheas eolas ina thaobh ag an údarás cuain nó ná beidh, agus

(b) ní bheidh de cheangal ar an údarás cuain féachaint chun úsáide aon airgid a bheas íoctha acu i leith na hadmhála sin.

Cistí a choimeád ar marthain.

130. —Gach ciste fiachmhúchta, ciste díluachta, cúlchiste, ciste árachais nó ciste eile a bhí ar marthain maidir le húdarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, déanfar, tar éis an tAcht seo a rith agus faoi réir forál na Coda seo den Acht seo, iad a choimeád ar marthain agus ranníocaíochta a íoc leo mar a déantaí roimh an Acht seo a rith agus beid faoi réir na bhforál agus na n-oblagáid céanna faoina rabhdar roimh an Acht seo a rith, ach is chun an Aire a cuirfear gach tuairisceán is gá a dhéanamh maidir leis na cistí sin.

Cuntais.

131. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin a dhéanamh maidir leis na cuntais a bheas le coimeád ag údarás cuain.

(2) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo maidir leis na cuntais a bheas le coimeád ag údarás cuain, féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) foirm, uimhir, tuairisc agus lánas na gcuntas,

(b) an tslí ina mbeidh na cuntais le coimeád,

(c) an tréimhse lena mbainfidh na cuntais,

(d) an dáta ar go dtí é a bheas na cuntais le déanamh amach,

(e) an roinnt nó an dáiliú a bheas le déanamh idir cuntas agus cuntas eile, nó i slí eile, ar ítímí sna cuntais,

(f) foilsiú na gcuntas.

(3) Déanfaidh údarás cuain, laistigh de dhá mhí tar éis an dáta i ngach bliain arb é an dáta é, do réir na rialachán faoin alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, a mbeidh ceangailte orthu a gcuntais a dhéanamh amach go dtí é, dhá choip d'achomaireacht ar na cuntais sin a thabhairt don Aire sa bhfoirm ordaithe.

(4) Déanfaidh údarás cuain cóip de chuntais údaráis chuain arna n-iniúchadh faoin Acht seo a choimeád ar fáil ina bpríomhoifig gach tráth réasúnach le haghaidh a scrúduithe ag daoine leasmhara ar tháille nach mó ná scilling a íoc i leith gach iniúchta.

(5) Go dtí go ndéantar rialacháin faoin alt seo, leanfaidh údarás cuain de na cuntais a choimeád agus na tuairisceáin maidir le cuntais a thabhairt a raibh orthu do réir dlí iad a choimeád nó a thabhairt díreach roimh an Acht seo a rith, ach sin faoi réir an mhodhnuithe maidir le tuairisceáin a thabhairt, gur don Aire a déanfar na tuairisceáin sin a thabhairt i ngach cás.

Iniúchadh.

132. —(1) Déanfaidh iniúchóir a cheapfas an tAire cuntais údaráis chuain a iniúchadh.

(2) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas, arna leasú nó arna n-oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán iardain (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith), maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis chuain, amhail mar atá feidhm acu maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis áitiúil:—

(a) alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) ailt 19, 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902,

(d) ailt 69, 70, 71 agus 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) ,

faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(i) na tagairtí don Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí atá sna hachtacháin sin, arna leasú nó arna n-oiriúnú amhlaidh, léireofar iad mar thagairtí don Aire,

(ii) féadfaidh an tAire nuair bheas táille iniúchóireachta i leith iniúchta á socrú aige faoi alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , an táille a shocrú tráth ar bith, pé acu roimh an iniúchadh a chríochnú nó dá éis sin é, agus is í an táille iniúchóireachta a socrófar amhlaidh is táille iniúchóireachta freisin maidir le hiniúchta iardain mura ndéantar agus go dtí go ndéantar táille iniúchóireachta eile arna socrú amhlaidh a chur ina hionad,

(iii) aon tagairt atá in alt 70 nó 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , don tréimhse ordaithe, léireofar í mar thagairt don tréimhse chéanna dá dtagrann an abairt de thuras na huaire i gcás iniúchadh cuntas údaráis áitiúil.

(3) Má ordaíonn an tAire iniúchadh a dhéanamh faoin alt seo ar chuntais údaráis chuain in aghaidh tréimhse dár críoch dáta roimh an Acht seo a rith, déanfar na cuntais sin a iniúchadh amhlaidh.

(4) Aon cheapadh iniúchóra a rinne údarás cuain roimh an Acht seo a rith beidh deireadh leis ar pé dáta a shonrós an tAire chuige sin.

Údaráis rátúcháin do thabhairt cúnaimh d'údaráis chuain.

133. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, a bheartú, le rún, cúnamh a thabhairt d'údarás cuain i slí nó i slite acu seo a leanas:—

(a) trí aon ráta nó ciste faoina n-urlámhas a mhuirearú chun aon iasacht a ráthú a chruinneos an t-údarás cuain,

(b) trí ús nó bunairgead iomlán, nó cuid d'ús nó de bhunairgead, aon iasachta den tsórt sin a íoc,

(c) i gcás údaráis chuain ná beidh ar a gcumas iasacht a chruinniú iad féin, tríd an tsuim a fháil ar iasacht a theastós ón údarás cuain agus an tsuim sin a airleacan don údarás cuain.

(2) Aon údarás áitiúil a bheas tar éis rún a rith faoin alt seo déanfaid, laistigh de cheithre lá dhéag ina dhiaidh sin, an rún a fhoilsiú i pé slí a ordós an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

(3) Seasca lá ar a luaithe roimh rún a rith faoin alt seo agus céad agus ochtó lá ar a dhéanaí tar éis a rite, féadfaidh an t-údarás áitiúil a rith an rún an rún a dhaingniú le rún eile.

(4) Nuair a beifear tar éis rún faoin alt seo a rith, a fhoilsiú agus a dhaingniú go cuí, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí ordú a dhéanamh ina gcorprófar an rún agus pé forála eile is dóig leis is gá chun éifeacht a thabhairt don rún, agus beidh feidhm dlí do réir a théarmaí ag gach ordú den tsórt sin.

(5) Más rud é go mbeidh an méid is gá d'údarás áitiúil a chruinniú do bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1947, nó lá dá éis sin, chun an costas a íoc a bhainfeas le cúnamh a thabhairt d'údaráis chuain sa bhliain airgeadais áitiúil sin níos mó ná—

(a) i gcás bardas contaebhuirge, suim is comhionann le ráta scilling sa phunt ar iomlán na luachál inrátaithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátaithe chun an ráta bhardasaigh sa chontaebhuirg i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

(b) i gcás bardas buirge nach contaebhuirg, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile, suim is comhionann le ráta ocht bpingne sa phunt ar iomlán na luachál inrátaithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátaithe chun an ráta dhealúis (nó, i gcás buirge Dhún Laoghaire, chun an ráta bhardasaigh) i líomatáiste an údaráis áitiúil i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

(c) i gcás comhairle contae, suim is comhionann le ráta ceithre pingne sa phunt ar iomlán na luachál inrátaithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntain a bheas inrátaithe chun an ráta dhealúis sa chontae iomlán i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

ansin, féadfaidh an tAire, suim is comhionann le leath na breise sin a íoc, mar ranníoc i leith an chostais sin, leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID VIII.

Orduithe Cuan-Oibreacha.

Ordú cuanoibreacha.

134. —(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú cuan-oibreacha san Acht seo)—

(a) a údarú d'údarás cuain pé dugaí, dugaí grábhála, céibheanna, calaithe, lamairní, piaranna, cladhphoirt, tonnchoisc, bóithre, tarbhealaí, trambhealaí, iarnróid, aerodróma nó oibreacha eile a bheas sonraithe san ordú a fhoirgniú, a athfhoirgniú. a leathnú nó a dhíchur, nó

(b) a údarú d'údarás cuain pé talamh (lena n-áirítear aon cheart nó éasúint i dtalamh nó thairis nó ina leith) a bheas sonraithe san ordú a thógaint go héigeanta, nó

(c) cuan údaráis chuain, nó cuid shonraithe den chuan sin, maraon leis an maoin, na hoibreacha, an gléasra, an trealamh, agus na hairnéisí go léir a bhainfeas leis, a aistriú chun údaráis áitiúil, agus gach ní a údarú is gá chun éifeacht a thabhairt don aistriú sin, nó

(d) port nó piara sonraithe agus bainistí agus urlámhas an chéanna a aistriú chun údaráis chuain, nó

(e) teoranta cuain údaráis chuain a shocrú, nó iad a athrú trína leathnú nó a laghdú.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear freisin ordú cuan-oibreacha san Acht seo), ordú cuan-oibreacha (lena n-áirítear ordú cuanoibreacha arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hordú cuan-oibreacha faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo agus le hordú cuan-oibreacha faoi fho-alt (2) den alt seo de dhroim orduithe chuan-oibreacha arna dhéanamh faoin mír sin (c) nó (d):

(a) féadfaidh an tAire an t-ordú a dhéanamh ar iarratas ón údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú nó gan aon iarratas den tsórt sin,

(b) má dhéanann an tAire an t-ordú gan aon iarratas chuige sin a bheith déanta ag an údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú, beidh de dhualgas ar an údarás cuain sin gach ní a dhéanamh is gá nó a bheas ordaithe ag an Aire chun an t-ordú a chomhlíonadh, agus

(c) más ordú faoin mír sin (c) é nó ordú faoi fho-alt (2) den alt seo de dhroim orduithe chuan-oibreacha arna dhéanamh faoin mír sin (c), ní déanfar an t-ordú ach amháin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

(4) Lasmuigh de chás dá bhforáltar le fo-alt (3) den alt seo, ní déanfar ordú cuan-oibreacha ach amháin ar iarratas ón údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú.

(5) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha agus pé coinníollacha agus srianta is cuí leis an Aire a bheith in ordú cuan-oibreacha.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (5) den alt seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith in ordú cuan-oibreacha:—

(a) forála á údarú, faoi réir téarmaí an orduithe, aon bhóithre poiblí nó bóithre príobháideacha, mórbhealaí, sráideanna, cosáin, tolláin, srutha, uiscechúrsaí, taobhlaigh iarnróid, séaracha, sileáin, píopaí, sreanganna nó goireas, a oscailt, a stopadh, a bhriseadh, a thrasnú, a athrú, a leathnú, a chlaonadh nó baint leo ar shlí eile, agus

(b) coinníoll ná déanfaidh an t-údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú, nuair a bheid ag comhlíonadh forál an orduithe, daoine den lucht oibre a chur as ionad nó ná cuirfid daoine den tsórt sin as ionad ach amháin tar éis ceanglais shonraithe a chomhlíonadh.

(7) I gcás ordú cuan-oibreacha dá údarú d'údarás cuain nó dá cheangal orthu aon talamh a thógaint go héigeanta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) forálfaidh an t-ordú, maidir le haon talamh a tógfar amhlaidh, go ndéanfaidh an t-údarás cuain cúiteamh a íoc leis na daoine faoi seach a mbeidh eastáit nó leasa acu sa talamh agus forálfaidh go ndéanfar aon cheist i dtaobh cúitimh dhíospóidithe a chinneadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh a Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) ;

(b) féadfaidh an t-ordú gach foráil nó aon fhoráil d'Achta na gClásal Talún a chorprú, fara pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis an Aire.

(8) Faoi réir forál an chéad ailt ina dhiaidh seo, beidh feidhm agus éifeacht reachtúil ag ordú cuan-oibreacha.

Ordú cuanoibreacha sealadach,

135. —(1) Má dhéanann ordú cuan-oibreacha—

(a) údarás a thabhairt d'údarás cuain chun talamh a thógaint go héigeanta ar dóigh leis an Aire ina thaobh, agus a ndéarfaidh sé ina thaobh san ordú, nach ceart, mar gheall ar a mhéid agus a shuíomh nó na críocha chun a n-úsáidtear é nó ar aon chúis eile, é a thógaint go héigeanta gan cead ón Oireachtas, nó

(b) cuan údaráis chuain a aistriú chun údaráis áitiúil, nó

(c) cuid de chuan údaráis chuain a aistriú chun údaráis áitiúil, is cuid ar dóigh leis an Aire ina taobh, agus a ndéarfaidh sé ina taobh san ordú, nach ceart, mar gheall ar a méid, a aistriú gan cead ón Oireachtas, nó

(d) port nó piara sonraithe a aistriú chun údaráis chuain, nó

(e) teoranta cuain údaráis chuain a shocrú, nó a athrú trína leathnú nó a laghdú, nó

(f) ordú cuan-oibreacha a rinneadh cheana agus a daingníodh le hAcht ón Oireachtas a chúlghairm nó a leasú,

ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an ordú sin (dá ngairmtear ordú cuan-oibreacha sealadach san Acht seo) mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar é a dhaingniú le hAcht ón Oireachtas.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hordú cuan-oibreacha sealadach:

(a) a luaithe is caothúil tar éis an t-ordú a dhéanamh, lóisteálfaidh an tAire cóip de le cláraitheoir contae an chontae ina mbeidh príomh-oifig an údaráis chuain lena mbainfidh an t-ordú;

(b) foilseoidh an tAire ansin san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán a léitear sa chontae sin fógra á rá go mbeidh an chóip den ordú, ar feadh tréimhse sonraithe nach giorra ná ocht lá fhichead ar fáil in oifig an chláraitheora chontae chun a hiniúchta ag an bpobal i rith gnáthuaireanna oifige agus go bhféadfar agóidí agus cúisaithristí maidir leis an ordú a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith na tréimhse sin;

(c) i rith na tréimhse sin, déanfaidh an cláraitheoir contae, an chóip den ordú a choimeád ar fáil chun a hiniúchta mar adúradh agus féadfar agóidí agus cúis-aithristí maidir leis an ordú a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire;

(d) mura ndéana an tAire an t-ordú a chur ar neamhní faoi fho-alt (3) den alt seo, cuirfidh sé faoi ndear, a luaithe is caothúil tar éis an tréimhse sin a bheith caite agus ar bhreithniú a bheith déanta aige ar na hagóidí agus na cúis-aithristí (más ann) a bheas déanta mar adúradh, go dtabharfar isteach san Oireachtas bille ina mbeidh an t-ordú, mar a céad-rinneadh é nó mar a hathraíodh é faoi fho-alt (3) den alt seo (do réir mar bheas), leagtha amach go hiomlán mar Sceideal leis an mbille.

(3) Féadfaidh an tAire ordú cuan-oibreacha sealadach a chur ar neamhní nó a athrú sar a dtugtar isteach san Oireachtas an bille chun é a dhaingniú.

(4) Na costais faoina raghaidh an tAire maidir le fógra a fhoilsiú faoi mhír (b) d'fho-alt 2 den alt seo, is ar an údarás cuain iomchuí a bheas a n-íoc agus beid inaisghabhála uathu ag an Aire mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Is tuigthe gur Acht poiblí ginearálta Acht arna rith ag an Oireachtas chun ordú cuan-oibreacha sealadach a dhaingniú.

Fógra i dtaobh beartú ar ordú cuan-oibreacha seachas ordú cuan-oibreacha sealadach a dhéanamh.

136. —(1) Aon uair a bheartós an tAire ordú cuan-oibreacha seachas ordú cuan-oibreacha sealadach, a dhéanamh—

(a) foilseoidh an t-údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú beartaithe, pé tráth nó trátha agus i pé slí a ordós an tAire, pé fógra a ordós an tAire i dtaobh nádúir an orduithe bheartaithe,

(b) déarfar sa bhfógra sin go bhféadfar agóidí agus cúisaithristí maidir leis an ordú a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith tréimhse sonraithe, agus

(c) nuair a bheas an t-ordú á dhéanamh aige, bhéarfaidh an tAire aird ar na hagóidí agus na cúis-aithristí (más ann) a bheas déanta mar adúradh.

(2) Is ar an údarás cuain iomchuí a bheas íoc na gcostas faoina raghaidh údarás cuain maidir le fógra a fhoilsiú de bhun an ailt seo.

(3) Aon uair a dhiúltós nó a fhailleos údarás cuain fógra a fhoilsiú a ordós an tAire dhóibh a fhoilsiú faoin alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon imeachta eile i gcoinne an údaráis chuain, an fógra a fhoilsiú é féin agus is ar an údaráis cuain a bheas íoc na gcostas uile faoina raghaidh sé maidir le foilsiú an fhógra sin agus beid inaisghabhála ag an Aire ón údarás cuain mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Fiosrúcháin áitiúla maidir le hordú cuanoibreacha.

137. —Aon uair a bheartós an tAire ordú cuan-oibreacha a dhéanamh, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a ordú fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl maidir leis an ordú beartaithe.

Iarratas ar ordú cuanoibreacha.

138. —(1) Féadfaidh údarás cuain ordú cuan-oibreacha a iarraidh ar an Aire.

(2) Ní foláir iarratas ar ordú cuan oibreacha a bheith i pé foirm agus pé sonraí a bheith ann a iarrfas an tAire agus ní foláir dréacht den ordú beartaithe a bheith ag gabháil leis.

(3) Aon údarás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha á iarraidh acu faoin alt seo, bhéarfaid don Aire, ar an Aire dá iarraidh sin orthu, pé sonraí eile agus pé pleananna agus doiciméidí eile a theastós uaidh ó am go ham chun an t-iarratas a bhreithniú.

(4) Aon ráiteas a déanfar in iarratas ar ordú cuan-oibreacha nó a cuirfear chun an Aire ar é d'iarraidh sonraí faoin alt seo, féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfaidh duine eigin a mbeidh eolas pearsanta aige ar an ráiteas sin fíorú a thabhairt air i pé slí a cheanglós an tAire.

(5) Má fhaillíonn údarás cuain aon tsonraí, plean, doiciméid nó fíorú a thabhairt a cheanglós an tAire orthu faoin alt seo a thabhairt, féadfaidh an tAire, ar fhoras na faillí agus gan dochar dá dhíscréid chun ordú cuan-oibreacha a dhéanamh nó chun diúltú d'é a dhéanamh, diúltú don iarratas ar maidir leis a ceanglaíodh amhlaidh na sonraí, an plean, an doiciméid nó an fíorú a thabhairt.

(6) Déanfaidh údarás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha á iarraidh acu faoin alt seo pé táille a íoc leis an Aire a shocrós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le táille is iníoctha faoi fho-alt (6) den alt seo:

(a) baileofar agus glacfar an táille i pé slí a ordós an tAire Airgeadais, agus íocfar isteach sa Stát-Christe nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais, agus

(b) ní bheidh feidhm maidir leis an táille ag an Public Offices Fees Act, 1879.

Suirbhéireacht agus cigireacht.

139. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, a chur faoi ndear go ndéanfar—

(a) suirbhéireacht ar an suíomh a bheas ceaptha d'aon oibreacha a bheartós údarás cuain a fhoirgniú, agus

(b) cigireacht ar aon oibreacha ar iad a bheith críochnaithe nó á bhfoirgniú ag údarás cuain.

(2) Aon tsuirbhéireacht nó cigireacht a déanfar faoin alt seo, beidh a costas ar an údarás cuain a rinne, nó a mbeidh beartaithe acu, na hoibreacha a fhoirgniú a ndéanfar an tsuirbhéireacht nó an chigireacht maidir leo, agus beidh an costas sin inaisghabhála ón údarás cuain ag an Aire mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Dualgas údaráis chuain chun contúirt do loingseoireacht a chosc maidir le hoibreacha.

140. —(1) I gcás aon oibreacha a bheas críochnaithe ag údarás cuain nó á bhfoirgniú, á leathnú nó á ndeisiú ag údarás cuain faoi leibhéal an mharc lánmhara a bheith suite i slí gur contúirt do loingseoireacht iad nó aon oibreacha a bheas críochnaithe ag údarás cuain a bheith damáistithe nó trochlaithe i dtreo gur contúirt iad do loingseoireacht, beidh de dhualgas ar an údarás cuain pé baoithe a chur síos agus a chothabháil, pé soilse a chur ar taispeáint agus a choimeád ar lasadh agus pé nithe eile a dhéanamh, ag forcinn na n-oibreacha nó in aice le foircinn na n-oibreacha, d'fhonn contúirt do loingseoireacht a laghdú, a cheadós nó a ordós an t-údarás ginearálta tithe solais ó am go ham faoi na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Féadfaidh an t-údarás ginearálta tithe solais, ar iarratas ón údarás cuain iomchuí nó gan aon iarratas den tsórt sin, beartú a cheadú a bheas déanta faoin alt seo chun contúirt do loingseoireacht a laghdú maidir le haon oibreacha nó féadfaid na bearta sin a neamhcheadú, agus féadfaid a ordú don údarás cuain sin pé bearta eile a dhéanamh chuige sin, in ionad nó i dteannta na mbeart a bheas déanta cheana, a mheasfaidh an t-údarás ginearálta tithe solais is gá nó is cuí.

Pionós mar gheall ar chosc nó bac maidir le hordú cuan-oibreacha.

141. —Duine ar bith a choiscfeas nó a bhacfas comhlíonadh aon fhorála d'ordú cuan-oibreacha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

CUID IX.

Conartha agus Tairiscinti.

Conartha.

142. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon chonradh is cuí leo a dhéanamh maidir le haon ní acu seo a leanas:

(a) riaradh a gcuain,

(b) comhlíonadh aon orduithe chuan-oibreacha,

(c) dreidireacht aon chuain agus na mbealach chuige,

(d) comhlíonadh aon fheidhme dá dtugtar don údarás cuain leis an Acht seo nó faoi.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le conradh arna dhéanamh ag údarás cuain maidir le déanamh aon oibre foirgníochta nó tógála, pé acu de bhun orduithe chuan-oibreacha nó eile é, nó i leith dreidireachta:

(a) más mó ná caoga punt comaoin an chonartha, beidh an conradh i scríbhinn agus séalófar é le comhshéala an údaráis chuain;

(b) sonróidh an conradh—

(i) comaoin an chonartha,

(ii) an tráth nó na trátha ina mbeidh an conradh le comhlíonadh, agus

(iii) pionós airgid a bheas le n-íoc i gcás téarmaí an chonartha a bheith gan comhlíonadh go cuí.

(3) Féadfaidh údarás cuain comhréiteach d'aon tsuim is cuí leo, le haon duine is páirtí i gconradh arna dhéanamh acu, maidir le haon phionós a dlífear den údarás cuain sin nó den duine sin mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chonartha nó aon téarma den chonradh, pé acu faoin gconradh nó faoi aon bhanna nó urrús eile a bheas an pionós dlite.

Rialacháin maidir le tairiscintí.

143. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le húdarás cuain i leith tairiscintí.

(2) Féadfaidh, go sonrach, gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:—

(a) forála a shonrós na haicmí conartha a ndéanfar tairiscintí a fháil ina leith,

(b) forála a shonrós an tslí ina ndéanfar tairiscintí a lorg,

(c) forála a shonrós na coinníollacha ar faoina réir a féadfar glacadh le tairiscintí,

(d) forála a shonrós nach gá, maidir le conartha nach mó ná méid shonraithe a gcomaoin, tairiscintí a lorg,

(e) forála a cheanglós meastacháin a fháil ar chostas déanta aon oibreacha.

CUID X.

Ilghneitheach.

Udarais chuain a bheith ina gcomhluchta corpraithe.

144. —Beidh údarás cuain ina gcomhlucht corpraithe faoin ainm a tugtar orthu sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus beidh síor-chomharbas acu agus comhshéala (ar a dtabharfar aird i gcúrsaí breithiúnais) agus beidh an dlí intsaothruithe acu agus orthu faoin ainm sin agus féadfaid talamh a shealbhú agus a dhiúscairt.

Marthanacht údaráis chuain a bhuanú.

145. —Ní dhéanfaidh rith an Achta seo ná an t-athrú ar a gcomhaltas de bhun an Achta seo difir do mharthanacht údaráis chuain, agus dá réir sin ní dhéanfaidh rith an Achta seo ná an t-athrú sin ar a gcomhaltas difir do na nithe seo a leanas, ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht seo:

(a) maoin agus sócmhainní an údaráis chuain,

(b) fiacha agus dliteanais an údaráis chuain,

(c) morgáistí, bintiúirí, stoc agus urrúis eile d'eisigh an t-údarás cuain,

(d) conartha agus comhaontuithe a rinne an t-údarás cuain,

(e) imeachta dlí ar páirtithe iontu an t-údarás cuain,

(f) oifigigh agus seirbhísigh an údaráis chuain,

(g) seasamh an údaráis chuain mar údarás píolóiteachta.

An Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú le hordú.

146. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú—

(a) trí aon chomhlucht ag á mbeidh urlámhas ar phort nó piara a chur leis na húdaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal sin agus breisithe iomchuí ina leith sin a dhéanamh sa dara colún agus (más oiriúnach leis) sa tríú colún den Chuid sin II, nó

(b) trí aon údarás cuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal sin a chur leo sin atá luaite sa chéad cholún de Chuid I den Sceideal sin agus na breisithe iomchuí ina leith sin a dhéanamh sa dara colún agus (más gá) sa tríú colún den Chuid sin I, agus scriosadh iarmartach mar is iomchuí a dhéanamh i gCuid II den Sceideal sin, nó

(c) i gcás údaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid I nó Cuid II den Sceideal sin agus a bhfuil comhlachas tráchtála luaite ina leith sa tríú colún den Chuid sin os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholúin sin, trí lua an chomhlachais tráchtála a scrios agus, más cuí leis é, comhlachas tráchtála eile a lua ina ionad, nó

(d) i gcás údaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid I nó Cuid II den Sceideal sin agus ná fuil comhlachas tráchtála luaite ina leith sa tríú colún den Chuid sin os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin, trí chomhlachas tráchtála a lua sa tríú colún sin os coinne lua sin an údaráis chuain, nó

(e) i gcás údaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal sin, trí lua údaráis áitiúil a scrios sa dara colún den Sceideal sin os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin agus údarás áitiúil eile a lua ina ionad.

(2) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha (lena n-áirítear forála ag modhnú an Achta seo nó aon achtacháin eile) is cuí leis an Aire a bheith in ordú faoin alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag ordú faoin alt seo do réir a théarmaí agus léireofar an tAcht seo (lena n-áirítear an t-alt seo) agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Príomh-Oifig.

147. —Déanfaidh údarás cuain príomh-oifig a choimeád ag a gcuan nó laistigh de thrí mhíle uaidh.

Cur i gcoinne billí príobháideacha.

148. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, cur i gcoinne aon bhille phríobháidigh san Oireachtas.

Arachas.

149. —Féadfaidh údarás cuain árachasú i gcoinne gach fiontair is gnáth-thoisc árachais (lena n-áirítear fiontair i leith earraí nach únaerí orthu iad ach atá faoina n-urlámhas).

Leabhair, etc., a bheith ar fáil chun a scrúduithe.

150. —Déanfaidh údarás cuain a leabhair, a mbreacacháin agus a ndoiciméidí a choimeád ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúduithe, in aisce, ag aon chomhalta den údarás cuain.

Scéimeanna aoisliúntais.

151. —(1) Déanfaidh údarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, laistigh de dhá bhliain tar éis an tAcht seo a rith, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais nó liúntais eile den tsórt sin (lena n-áirítear aiscí) a íoc le hoifigigh agus foireann bhunaithe an údaráis chuain nó ina leith.

(2) Faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh údarás cuain, in ionad scéime aoisliúntais amháin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, a n-oifigigh agus a bhfoireann bhunaithe a roinnt ina n-earnála éagsúla (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an údarás cuain) agus scéim ar leithligh i leith gach earnála den tsórt sin a ullmhú agus a chur faoina bhráid.

(3) Féadfaidh údarás cuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, más cuí leo é, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais freisin san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun ciste aoisliúntais a bhunú ar mhaithe le hoifigigh agus foireann bhunaithe an údaráis chuain, nó le haon earnáil (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an údarás cuain) de na hoifigigh agus den fhoireann bhunaithe sin.

(4) Nuair a dhéanfas údarás cuain scéim aoisliúntais a chur faoi bhráid an Aire faoin alt seo, féadfaidh an tAire an scéim a chur thar n-ais go dtí an t-údarás cuain chun í a athbhreithniú agus a chur faoina bhráid athuair nó féadfaidh, le hordú, an scéim a dhaingniú gan modhnú nó fara pé modhnuithe (trí bhreisiú, fágaint-ar-lár nó athrú) is cuí leis an Aire.

(5) Féadfaidh údarás cuain, aon uair is cuí leo, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais leasúcháin san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag leasú (trí bhreisiú, fágaint-arlár nó athrú) scéime aoisliúntais a bheas daingnithe ag an Aire nó ag leasú (trí bhreisiú, fágaint-ar-lár nó athrú) nó ag cúlghairm scéime aoisliúntais leasúcháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forála fo-ailt (4) den alt seo maidir le gach scéim aoisliúntais leasúcháin.

(6) Sar a ndéanfaidh an tAire aon scéim aoisliúntais nó aon scéim aoisliúntais leasúcháin a dhaingniú, breithneoidh sé gach cúis-aithris maidir léi a cuirfear chuige i scríbhinn ó pháirtithe a bhfeicfear dó leas a bheith acu inti.

(7) Ní cheadóidh an tAire aon scéim aoisliúntais ná aon scéim aoisliúntais leasúcháin a chuirfeas údarás cuain atá luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo faoina bhráid mura deimhin leis staid airgeadais an údaráis chuain a bheith ar dhóigh a bhéarfadh go bhféadfaí an scéim a oibriú.

(8) Ní thiocfaidh aon scéim aoisliúntais ná aon scéim aoisliúntais leasúcháin i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le hordú ón Aire, ach, ar í a dhaingniú amhlaidh, tiocfaidh sí i ngníomh ar an dáta a luafar chuige sin san ordú ón Aire á daingniú agus beidh aici (gan dochar d'fho-alt 9, i gcás ina mbaineann, den alt seo), amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach, éifeacht dlí sa bhfoirm inar daingníodh í.

(9) Beidh i scéim aoisliúntais forála faoina bhféadfaidh aon oifigeach nó comhalta d'fhoirinn bhunaithe an údaráis chuain iomchuí a mbainfeadh an scéim leis, mura mbeadh an fo-alt seo, agus a bhí i seirbhís an údaráis chuain díreach roimh an scéim a theacht i ngníomh, glacadh, laistigh de thréimhse shonraithe, le forála na scéime agus, mura nglaca agus go dtí go nglacfaidh sé leo amhlaidh, ní bhainfidh an scéim leis agus coimeádfaidh sé (pé acu thar a cheann féin é nó, nuair is cuí sin, thar a cheann féin agus thar ceann a bhaintrí (i gcás é d'fháil bháis), a leanaí nó daoine eile dá theaghlach) sochar na bhforál sin uile maidir le haoisliúntais agus liúntais eile den tsórt sin (lena n-áirítear aiscí) a raibh feidhm acu maidir leis díreach roimh an scéim a theacht i ngníomh.

(10) Má bhíonn scéim aoisliúntais i bhfeidhm, ní dhéanfaidh an t-údarás cuain iomchuí aoisliúntas ná liúntas eile den tsórt sin (lena n-áirítear aisce) a dheonadh do dhuine ná i leith duine lena mbaineann an scéim, ach amháin faoin scéim.

(11) Más rud é—

(a) go mbeidh liúntas nó aisce iníoctha ag údarás cuain (dá ngairmtear an t-údarás íocach san alt seo) le duine ar bith faoi scéim aoisliúntais i leith é do scor de bheith i seilbh oifige fúthu, agus

(b) nuair a bheas a sheirbhís ar dháta an scortha sin á ríomh, go ndéanfar, do réir na scéime sin, aon tseirbhís faoi údarás cuain eile (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach san alt seo) a chomhshuimiú agus a áireamh, agus

(c) tráth ar bith le linn dó bheith i seirbhís an údaráis ranníocaigh go raibh i bhfeidhm maidir leis an údarás ranníocach scéim aoisliúntais a bhain leis an duine sin,

ansin, aisíocfaidh an t-údarás ranníocach leis an údarás íocach cuid den liúntas nó den aisce arna ríomh sa tslí ordaithe.

Muirir i leith duga grábhála a úsáid.

152. —(1) Féadfaidh údarás cuain muirir a ghearradh do réir pé scála muirear a shocróid ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith úsáide duga ghrábhála a bheas curtha ar fáil acu.

(2) Má bhí údarás cuain, díreach roimh an Acht seo a rith, ag gearradh muirear do réir scála muirear a bhí socair acu i leith úsáide duga ghrábhála, is tuigthe, chun críocha fo-ailt (1) de alt seo, an scála muirear sin a bheith arna shocrú go cuí faoin bhfo-alt sin.

Ceanglais maidir le dreidireacht.

153. —Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar údarás cuain—

(a) tograí a chur faoina bhráid le haghaidh dreidireachta (acu féin nó ag duine sonraithe, do réir mar ordós an tAire) a gcuain nó na mbealach chuige,

(b) dreidireacht a dhéanamh ar a gcuan nó na bealaí chuige ar chuma shonraithe (acu féin nó ag duine sonraithe, do réir mar ordós an tAire),

agus beidh de dhualgas ar údarás cuain gach ceanglas faoin alt seo a bhainfeas leo a chomhlíonadh.

Saoráidí d'aerárthaí.

154. —Féadfaidh údarás cuain saoráidí a chur ar fáil d'aerárthaí a bheas ag úsáid a gcuain agus féadfaid pé muirir a shocróid ó am go ham le toiliú an Aire a ghearradh i leith na saoráidí sin.

Aerodróma.

155. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, pé comhaontuithe is fóirstineach leo i dtaobh úsáide a gcuain nó aon choda dhe mar aerodróm a dhéanamh le haon duine nó daoine agus a chomhlíonadh.

Oifigeach nó seirbhíseach a bheas ag gníomhú le húdarás an mháistir chuain, etc.

156. —I gcás ina ndéantar leis an Acht seo aon chumhacht nó dualgas a bhronnadh nó a chur ar an máistir cuain nó ar an mbailitheoir rátaí do chuan, féadfaidh aon oifigeach nó seirbhíseach don údarás cuain a bheas údaraithe chuige sin ag an máistir cuain nó an bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) an chumhacht nó an dualgas sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, agus aon uair a déanfar aon chumhacht nó dualgas den tsórt sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an máistir cuain, an bailitheoir rátaí, nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile a bheas ag feidhmiú nó ag comhlíonadh an chumhachta nó an dualgais gníomhú ina aonar nó féadfaidh pé cúntóirí is cuí leis a bheith ina theannta.

Léasú ag údarás cuain.

157. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon tailte nó áitribh dá gcuid a léasú go ceann aon tréimhse nach sia ná dhá chéad bliain, ach ní déanfar aon léas den tsórt sin i leith tréimhse is sia ná deich mbliana gan toiliú an Aire.

(2) Aon léas a dhéanfas údarás cuain faoin alt seo forálfaidh sé, gan dochar d'aon fhorála eile a bheith sa léas sin—

(a) más rud é go mbeidh an talamh nó an t-áitreabh lena mbainfidh an léas ag teastáil tráth ar bith ón údarás cuain chun a gcuan a fheabhsú, go mbeidh teideal acu, ar iad d'íoc pé cúitimh a socrófar, cheal comhaontuithe, ag eadránaí, chun seilbh a fháil ar an gcéanna amhail is dá mbeadh téarma an léasa caite,

(b) más rud é tráth ar bith gur deimhin leis an údarás cuain ná fuil na tailte nó na háitribh lena mbainfidh an léas á gcur chun úsáide bona fide éigin, go mbeidh teideal acu chun seilbh a fháil ar na tailte agus na háitribh sin amhail is dá mbeadh téarma an léasa caite.

Talamh nó áitreabh a thógaint trí chomhaontú.

158. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, aon talamh nó áitreabh a thógaint (go buan nó go sealadach) trí chomhaontú.

Talamh nó áitreabh barrachais a dhíol.

159. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, aon talamh nó áitreabh dá gcuid a dhíol ná beidh ag teastáil uathu chun críocha a gcuain.

Eolas a thabhairt don Aire.

160. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith a cheangal ar údarás cuain eolas a thabhairt dó i pé foirm a ordós sé maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas agus beidh de dhualgas ar an údarás cuain an ceanglas sin a chomhlíonadh:

(a) uimhir agus tonnáiste iomlán na n-árthach, go ginearálta nó d'aon aicme shonrach, a ghabh longbheart i gcuan an údaráis chuain nó d'úsáid an cuan sin ar shlí eile ar feadh aon tréimhse sonraithe,

(b) cineál agus méid an lasta a loingsíodh, a lódáladh nó a tógadh ar na hárthaí sin nó a tógadh isteach iontu;

(c) cineál agus méid an lasta a díloingsíodh nó a tarloingsíodh as na hárthaí sin;

(d) na rátaí a ghearr an t-údarás cuain i leith na n-árthach sin agus an lasta sin faoi seach;

(e) ioncam agus caiteachas an údaráis chuain ar feadh aon tréimhse sonraithe;

(f) sócmhainní agus dliteanais (más ann) an údaráis chuain aon tráth sonraithe;

(g) ní ar bith a bhainfeas nó a ghabhfas le haon ní atá luaite in aon mhír acu sin roimhe seo den alt seo.

Oibreacha comhair.

161. —(1) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, comhaontú le duine nó le daoine a dhéanamh agus a chomhlíonadh á ghabháil orthu féin i gcomhar leis an duine nó na daoine sin aon ní a dhéanamh maidir le cuan an údaráis chuain a mbeidh údaraithe de thuras na huaire le dlí don údarás cuain é a dhéanamh.

(2) Féadfaidh údarás cuain pé cionúireacht a íoc, de chostas éinní a bheas gafa de láimh acu i gcomhar le duine nó daoine de bhun comhaontuithe faoin alt seo, a bheas sonraithe sa chomhaontú.

(3) An chionúireacht is iníoctha ag údarás cuain de na costais is inmhuirir ar chuntas ioncaim aon chomhchoiste nó aon chomhluchta dá shamhail a bheas bunaithe de bhun comhaontuithe faoin alt seo, íocfaidh an t-údarás cuain í mar chuid dá gcostais oibrithe agus bunaíochta.

Tailte míntíreachais áirithe a theacht chun tairbhe an Stáit.

162. —Má dhéanann údarás cuain cuid ar bith is leis an Stát de ghrinneall nó de thráigh cuain nó farraige a mhíntíriú, tiocfaidh an chuid a míntíreofar amhlaidh chun tairbhe an Stáit.

Cáblaí píopaí, agus sreanga faoi uiscí taoide nó os a gcionn.

163. —Aon chábla, píopa nó sreang a leagfas údarás cuain nó a chuirfid síos faoi aon uisce taoide nó trasna aon uisce taoide, leagfar nó cuirfear síos é chomh doimhin sin faoin uisce taoide nó chomh hard sin os a chionn ná bacfaidh sé ná ná cuirfidh sé isteach ar loingseoireacht.

Fiosrúcháin áitiúla.

164. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith a ordú fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl i dtaobh aon ní acu seo a leanas:

(a) comhlíonadh a gcumhacht, a bhfeadhma agus a ndualgas ag údarás cuain;

(b) airgeadas údaráis chuain;

(c) staid chuain údaráis chuain;

(d) na rátaí atá á n-éileamh ag údarás cuain;

(e) an chóiríocht agus na saoráidí atá curtha ar fáil ag údarás cuain;

(f) aon ghearán i dtaobh oibriú aon fho-dhlí de chuid údaráis chuain;

(g) aon ghearán i dtaobh iompair oifigigh nó seirbhísigh d'údarás cuain;

(h) aon ní dá n-údaráítear don Aire le haon alt eile den Acht seo fiosrúchán áitiúil a ordú ina leith;

(i) aon ní eile a bhainfeas le húdarás cuain agus ar dóigh leis an Aire gur ceart fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl maidir leis.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le fiosrúchán áitiúil a cuirfear ar siúl faoin Acht seo:

(a) déanfaidh pé duine a cheapfas an tAire an fiosrúchán a chur ar siúl pé tráth a cheapfas an tAire;

(b) déanfaidh an t-údarás cuain lena mbainfidh an fiosrúchán fógra i dtaobh an fhiosrúcháin a bheith á chur ar siúl a thabhairt, i pé slí a ordós an tAire, don phobal agus do pé daoine áirithe a shonrós an tAire;

(c) féadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin, más cuí leis é, an pobal a eisiamh ón bhfiosrúchán, ach beidh gach duine, ar dóigh leis an té a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin leas a bheith aige in abhar an fhiosrúcháin, i dteideal bheith i láthair ag an bhfiosrúchán agus éisteacht a fháil ann;

(d) beidh ag an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin na cumhachta, na cearta agus na príbhléidí uile, atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le haicsean a thriail, chun a thabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair agus chun iad a scrúdú faoi mhionn (a n-údaraítear don duine sin leis seo daoine a chur faoi) nó ar shlí eile, agus chun a thabhairt go ndéanfaí doiciméidí a thaispeáint, agus beidh toghairm (a féadfar a sheirbheáil go pearsanta nó tríd an bpost) arna síniú ag an duine sin comhionann agus ar aon-éifeacht le próis fhoirmiúil arna heisiúint ag an Ard-Chúirt chun a thabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair agus chun a thabhairt go ndéanfaí doiciméidí a thaispeáint;

(e) i gcás duine ar bith—

(i) dá fhaillí teacht i láthair ar é a thoghairm go cuí mar fhinné chun an fhiosrúcháin áitiúil, nó

(ii) ar bheith i láthair dhó mar fhinné ag an bhfiosrúchán, do dhiúltú mionn a thabhairt a cheanglós an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin air do réir dlí a thabhairt, nó aon doiciméid a thaispeáint a cheanglós an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin air do réir dlí a thaispeáint, nó aon cheist a fhreagairt a bhféadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin a cheangal air do réir dlí í a fhreagairt, nó

(iii) do dhéanamh aon ní eile ba dhísbeagadh cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an duine a bhí ag déanamh an fhiosrúcháin agus cumhacht aige chun daoine a chimiú mar gheall ar dhísbeagadh cúirte, féadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin cion an duine sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is cuí léi, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionosú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin a dhísbeagadh;

(f) beidh teideal ag finné i láthair an fhiosrúcháin chun na saoirsí agus na príbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné i láthair na hArd-Chúirte é;

(g) gach costas faoina raghaidh an tAire chun an fiosrúchán a dhéanamh beid le n-íoc leis an Aire ag pé duine nó daoine, agus, i gcás níos mó ná duine amháin den tsórt sin a bheith ann, i pé cionúireachta, a ordós an tAire, agus is é an tAire a shocrós méid na gcostas sin agus ar iad a shocrú amhlaidh beid inaisghabhála ag an Aire dá réir sin mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla;

(h) na costais faoina raghaidh údarás cuain chun a chur faoi ndear fógra i dtaobh an fhiosrúcháin a thabhairt de bhun an ailt seo, beid le n-íoc ag pé duine a ordós an tAire agus (murab é an duine sin an t-údarás cuain sin) beid inaisghabhála ag an údarás cuain sin ón duine sin mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla;

(i) féadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin, más cuí leis é, a ordú go mbeidh na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh duine ar bith (lena n-áirítear údarás cuain), trí theacht i láthair nó trí ionadaíocht a bheith aige agus fianaise a thabhairt ar aird ag an bhfiosrúchán, le n-íoc ag duine ar bith eile a bhí i láthair nó a raibh ionadaíocht aige ag an bhfiosrúchán;

(j) aon uair a ordós an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin go mbeidh na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh aon duine áirithe le n-íoc ag duine eile, déanfaidh máistir measaireachta ón Ard-Chúirt na costais agus na caiteachais sin a fhómhas agus a fhionnadh ar iarratas ón duine ar hordaíodh amhlaidh na costais agus na caiteachais sin a bheith le n-íoc leis nó ón duine ar hordaíodh amhlaidh iad a bheith le n-íoc aige, agus beidh méid na gcostas agus na gcaiteachas sin, ar iad a fhómhas agus a fhionnadh amhlaidh, inaisghabhála mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla ag an duine ar hordaíodh amhlaidh na costais agus na caiteachais sin bheith le n-íoc leis agus ón duine ar hordaíodh amhlaidh iad a bheith le n-íoc aige.

(3) Má fhaillíonn údarás cuain fógra a thabhairt a bheas ordaithe dhóibh ag an Aire a thabhairt faoin alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon imeachta eile i gcoinne an údaráis chuain, an fógra a thabhairt é féin, agus is ar an údarás cuain a bheas íoc na gcostas uile faoina raghaidh sé á dhéanamh sin agus beidh na costais sin inaisghabhála ag an Aire ón údarás cuain mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Costais taistil chomhaltaí údaráis chuain.

165. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, íocfaidh údarás cuain na costais taistil faoina raghaidh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe an údaráis chuain agus cruinnithe aon choiste arna cheapadh ag an údarás cuain agus ó na cruinnithe sin.

(2) Ní híocfar costais taistil faoin alt seo le duine i leith cruinnithe a comórfar in áit a bheas faoi bhun cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil.

(3) Ní ghabhfaidh an méid costais taistil a híocfar faoin alt seo le duine i leith aon chruinnithe áirithe thar an méid faoina raghadh an duine sin do réir réasúin ag taisteal óna áit chónaithe oifigiúil go dtí áit an chruinnithe agus ó áit an chruinnithe go dtí a áit chónaithe oifigiúil.

(4) Déanfaidh comhalta d'údarás cuain, díreach tar éis comhalta den tsórt sin a dhéanamh dhe, seoladh na háite a mbíonn gnáthchónaí air a chur in iúl i scríbhinn don údarás cuain agus is tuigthe gurb é an áit sin a áit chónaithe oifigiúil chun críocha an ailt seo.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon chruinniú d'údarás cuain a comórfar roimh an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar faoi alt 6 den Acht seo maidir leis an údarás cuain sin.

Cóir iompair a chur ar fáil in aisce.

166. —Féadfaidh údarás cuain cóir iompair a chur ar fáil in aisce dá n-oifigigh agus dá seirbhísigh nuair a bheas na hoifigigh agus na seirbhísigh sin ag taisteal go dtí áiteanna agus ó áiteanna ina mbeidh a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Iocaíochta chun fáiltiú roimh dhaoine áirithe, etc.

167. —(1) Féadfaidh údarás cuain, mar chuid dá gcostais oibrithe agus bunaíochta, íocaíochta réasúnacha a dhéanamh le haghaidh nó i leith—

(a) fáilte agus aíocht a fhearadh le comhaltaí, stiúrthóirí nó oifigigh d'údaráis phoirt nó chuain eile nó d'aon údarás nó comhlucht poiblí nó d'aon chuideachta a bhfuil leasa gairme nó gnótha acu cosúil le leasa an údaráis chuain nó a bhfuil an t-údarás cuain i gcaidreamh gairme nó gnótha leo nó ag beartú bheith i gcaidreamh gairme nó gnótha leo, agus

(b) cuairteanna ag an údarás cuain nó thar a gceann, mar chórtas oifigiúil, ar aon údarás, comhlucht nó cuideachta den tsórt adúradh,

lena n-áirítear íocaíochta i leith costas taistil agus costas eile faoina ndeachaigh aon chomhalta nó-oifigeach don údarás cuain, nó faoina ndeachthas thar a cheann, go réasúnach maidir le haon ní de na nithe adúradh.

(2) Ní ghabhfaidh an tsuim iomlán a íocfas údarás cuain faoin alt seo in aon tréimhse thar an suim a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire maidir leis an údarás cuain i leith na tréimhse sin.

Toirmisc nó srianta áirithe i gconartha tionóntachta a bheith gan bhrí.

168. —(1) I gcás é a bheith airbheartaithe le conradh tionóntachta nó faoi chonradh tionóntachta, arna dhéanamh roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, i leith aon tailte nó áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, toirmeasc nó srian a chur in aon tslí le seoladh aon ghnótha loingseoireachta, nó aon ghnótha nó trádála eile a ghabhas le húsáid poirt, ar na tailte nó sna háitribh sin beidh an toirmeasc nó an srian sin gan bhrí gan éifeacht.

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le haon áit chónaithe phríobháideach ná le haon talamh ná áitreabh is leis an Stát nó le húdarás cuain ach, lasmuigh den mhéid adúradh, baineann sé le gach talamh agus áitreabh atá suite laistigh de cheathrú míle ó theoranta cuain.

An Chúirt Chuarda do thabhairt léasanna.

169. —(1) Duine (dá ngairmtear “an t-iarratasóir” san alt seo) ar mian leis léas a fháil ar aon tailte nó áitribh lena mbaineann an t-alt seo chun aon ghnó loingseoireachta nó aon ghnó nó trádáil eile a sheoladh a ghabhas le húsáid poirt féadfaidh sé léas faoin alt seo ar na tailte nó na háitribh sin a iarraidh ar an gCúirt Chuarda (dá ngairmtear an Chúirt san alt seo).

(2) Má déantar iarratas chun na Cúirte faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt deimhin de, sara raghaidh chun cinn le héisteacht an iarratais, go bhfuil na páirtithe iomchuí uile tar éis fógra a fháil i dtaobh an iarratais, agus chuige sin féadfaidh an Chúirt a ordú pé fiosruithe a dhéanamh agus pé fógraí a sheirbheáil is cuí léi agus, go sonrach, féadfaidh a ordú aon fhógra den tsórt sin a sheirbheáil trí fhógrán.

(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo a éisteacht, gur deimhin leis an gCuirt, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, é a bheith réasúnach agus cuí léas a dhéanamh faoin alt seo chun an iarratasóra ar an iomlán nó ar aon chuid de na tailte nó na háitribh lena mbaineann an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a ordú an léas sin a dhéanamh dá réir sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le léas a déanfar faoin alt seo:

(a) déanfar an léas go ceann pé téarma, nach sia ná tríocha blian, a ordós an Chúirt, a thosnós ar pé dáta a shocrós an Chúirt;

(b) déanfaidh an léas pé cíos nó cíosa a ordós an Chúirt a fhorcoimeád do pé daoine a ordós an Chúirt;

(c) má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, déarfar sa léas gur léas agus gur sreath de léasanna frithdhílse é;

(d) beidh sa léas pé cúnanta agus coinníollacha a ordós an Chúirt;

(e) is iad pé daoine a ordós an Chúirt a bheas ina bpáirtithe sa léas;

(f) déanfaidh an Chúirt dréacht an léasa a shocrú agus a cheadú.

(5) Má tharlann do dhuine a n-ordóidh an Chúirt dó bheith ina pháirtí i léas faoin alt seo go mbeidh sé, toisc gur iontaobhaí é nó ionadaí pearsanta nó duine eile i gcáil mhuiníneach nó toisc gur mionaoiseach é nó toisc gan ach eastát lena shaol nó eastát sainoidhrithe nó eastát teoranta eile a bheith aige nó toisc cúnanta sriantacha a bheith sa léas faoina bhfuil seilbh aige, éagumasach do réir dlí chun bheith ina pháirtí sa léas faoin alt seo chun na gcríocha d'ordaigh an Chúirt, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a chumasú don duine sin bheith ina pháirtí sa léas sin chun na gcríocha sin agus an léas sin a fhorghníomhú dá réir sin.

(6) Más rud é gur mionaoiseach nó duine mímheabhrach duine a n-ordóidh an Chúirt dó bheith ina pháirtí i léas faoin alt seo, nó nach féidir é a fháil, nó go ndiúltóidh nó go bhfailleoidh sé an léas a fhorghníomhú, féadfaidh an Chúirt oifigeach don Chúirt a cheapadh chun an léas a fhorghníomhú thar ceann agus in ainm an duine sin, agus air sin beidh forghníomhú an léasa sin ag an oifigeach sin thar ceann agus in ainm an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche is dá mba é an duine sin féin d'fhorghníomhaigh é.

(7) Mura ndéana an Chúirt, ar chúiseanna speisialta, a mhalairt a ordú, is é an t-iarratasóir a íocfas na costais agus na caiteachais uile a bhainfeas nó a ghabhfas le hiarratas chun na Cúirte faoin alt seo agus a bhainfeas nó a ghabhfas le léas (más ann), arna dhéanamh de bhun an iarratais sin, a ullmhú, a fhorghníomhú agus a chríochnú.

(8) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon áit chónaithe phríobháideach ná le haon tailte ná áitribh is leis an Stát nó le húdarás cuain ach, lasmuigh den méid adúradh, bainfidh sé le gach talamh nó áitreabh ná beidh de thuras na huaire á gcur chun úsáide bona fide éigin agus a bheas suite laistigh de cheathrú míle ó theoranta cuain.

Ceart chun dul isteach i gcuan nó amach as.

170. —Beidh sé de cheart ag aon chomhalta den Gharda Síochána, aon oifigeach custam agus máil nó aon oifigeach d'Aire Stáit, faid a bheas sé ag gníomhú i gcomhlíonadh a dhualgais mar chomhalta nó oifigeach den tsórt sin, dul isteach in aon chuid de chuan nó amach as.

Leabhair agus doiciméidí áirithe a thaispeáint d'oifigeach custam agus máil.

171. —(1) Féadfaidh aon oifigeach custam agus máil, d'fhonn eolas a fháil is gá chun a dhualgais a chomhlíonadh maidir le hárthach a bheas tar éis teacht laistigh de theoranta cuain nó dul amach tharstu nó maidir leis an last ar aon árthach den tsórt sin, a cheangal ar an údarás cuain don chuan na leabhair agus na doiciméidí sin uile, maidir leis an árthach nó leis an last, a theastós uaidh do réir réasúin a thaispeáint dó le haghaidh a scrúduithe agus a cheadú dhó cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus na doiciméidí sin nó sleachta a thógaint astu.

(2) Má fhaillíonn údarás cuain ar a gcuirfear ceanglas faoin alt seo an ceanglas a chomhlíonadh lastigh d'am réasúnach, beid ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur orthu.

Saor-chead gluaiseachta do dhaoine a bheas ag úsáid bád tarrthála.

172. —Daoine a bheas ag úsáid báid tarrthála, beidh saor chead acu dul isteach i gcuan agus tríd agus amach as.

Srian le duine a a cheapadh chun oifige sochair, etc.

173. —Ní dhéanfaidh údarás cuain duine a cheapadh chun oifige sochair ná duine a fhostú—

(a) faid a bheas an duine sin ina chomhalta den údarás cuain, ná

(b) laistigh de dhá mhí dhéag tar éis don duine sin scor de bheith ina chomhalta den údarás cuain, ná

(c) laistigh de dheich mbliana tar éis an duine sin a chiontú i gcion faoi alt 26 den Acht seo.

Oblágáidí maidir le togra i leith íocaíochta neamhdhlíthiúla, etc.

174. —(1) Aon uair a bhéarfadh togra arna dhéanamh ag cruinniú d'údarás cuain go ndéanfaí íocaíocht neamhdhlíthiúl as ciste an údaráis chuain nó gur dócha easnamh nó caillteanas a theacht sna cistí sin dá dheascaibh, beidh de dhualgas ar an mBainisteoir Ginearálta nó (do réir mar bheas) ar an rúnaí (nó, mura mbíonn an bainisteoir sin nó an rúnaí sin i láthair, ar an oifigeach don údarás cuain a bheas i láthair thar a cheann) agóid a dhéanamh i gcoinne an togra agus forais na hagóide a lua.

(2) Aon uair a déanfar agóid faoin alt seo i gcoinne togra arna dhéanamh ag cruinniú d'údarás cuain, iontrálfar i miontuairiscí an chruinnithe—

(a) tuairisc go ndearnadh an agóid,

(b) forais na hagóide, agus

(c) i gcás cinneadh a dhéanamh i dtaobh an togra, ráiteas i leith gach comhalta den údarás cuain a bhí i láthair á rá cé acu a vótáil sé ar thaobh an togra nó i gcoinne an togra, nó staon sé ó vótáil.

Doiciméid a sheirbheáil ar údarás cuain.

175. —Aon fhógra nó doiciméid eile a ceangaltar a sheirbheáil ar údarás cuain nó a thabhairt dóibh, féadfar é a chur leis an bpost i gclúdach arna dhíriú chun an údaráis chuain nó chun an Bhainisteora Ghinearálta nó an rúnaí (do réir mar bheas) ag príomh-oifig an údaráis chuain nó féadfar é a sheachadadh d'oifigeach don údarás cuain ag an bpríomh-oifig sin.

Doiciméid a dhílse-dheimhniú.

176. —Aon fhógra nó doiciméid eile is gá a dhílse-dheimhniú ag údarás cuain, is leor mar dhílse-dheimhniú air é a bheith sínithe ag aon dá chomhalta den údarás cuain nó ag an mBainisteoir Ginearálta nó an rúnaí (do réir mar bheas).

Cionta a inchúiseamh.

177. —(1) Aon chion faoin Acht seo a líomhnófar a bheith déanta ag údarás cuain, féadfaidh an tAire é a inchúiseamh nó féadfar é a inchúiseamh ar agra an Aire.

(2) Aon chion faoin Acht seo a líomhnófar a bheith déanta ag duine seachas údarás cuain, féadfaidh an tAire nó an t-údarás cuain iomchuí é a inchúiseamh nó féadfar é a inchúiseamh ar agra an Aire nó an údaráis chuain iomchuí.

Forála maidir le bóithre áirithe.

178. —(1) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh aon bóithre á gcothabháil ag údarás cuain—

(a) féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, go scoirfidh an t-údarás cuain de na bóithre a chothabháil, agus go mbeidh na bóithre le cothabháil ag údarás áitiúil sonraithe, agus

(b) mura dtaga agus go dtí go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh, leanfaidh an t-údarás cuain de na bóithre a chothabháil amhail mar rinne roimh an Acht seo a rith.

(2) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go ndearna údarás cuain ranníoc i leith cothabhála aon bhóithre ag údarás áitiúil—

(a) féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, go scoirfidh an t-údarás cuain de ranníoc a dhéanamh i leith cothabhála na mbóithre ag an údarás áitiúil, agus

(b) mura dtaga agus go dtí go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh, leanfaidh an t-údarás cuain de ranníoc a dhéanamh i leith cothabhála na mbóithre ag an údarás áitiúil amhail mar rinne roimh an Acht seo a rith.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo maidir le húdarás cuain féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith ann, lena n-áirítear, go sonrach, forála á fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás cuain cúiteamh a íoc leis an údarás áitiúil a bheas sonraithe san ordú.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Forála maidir le cumhachta póilíneachta áirithe.

179. —(1) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh aon chumhachta ag údarás cuain maidir le póilíneacht a gcuain, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) má bhí na cumhachta sin á bhfeidhmiú an uair sin—

(i) féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, go mbeidh deireadh leis na cumhachta sin agus go ndéanfaidh an Garda Síochána póilíneacht ar an gcuan, agus

(ii) mura dtaga agus go dtí go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh agus d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, leanfaidh na cumhachta sin, agus leanfaidh dualgais, cumhachta agus oblagáidí aon chonstáblaí nó oifigeach eile a bheas ceaptha go cuí ag an údarás cuain i bhfeidhmiú na gcumhacht sin, de bheith i bhfeidhm amhail mar bhí roimh an Acht seo a rith;

(b) mura raibh an cumhachta sin á bhfeidhmiú an uair sin, beidh deireadh leo ar an Acht seo a rith.

(2) Má déantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le húdarás cuain, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh le hordú i dtaobh cúitimh (a mbeidh a íoc nó a mhuirear ar an údarás cuain sin) do na constáblaí nó dá n-oifigigh a scarfar lena seirbhísí de dhroim an orduithe chéadluaite agus ná beidh an ghnáth-aois scoir sroichte acu.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Duganna Chanáil Laighean agus Duganna Chanáil na Midhe.

180. —Is tuigthe, chun críocha alt 94, 111, 112 agus 117 den Acht seo, na duganna atá tadhlach le cuan Bhord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath agus dá ngairmtear Duganna Chanáil Laighean agus Duganna Chanáil na Midhe a bheith laistigh de theoranta an chuain sin.

Táillí maoir uisce ag Cuan Phortláirge a chur ar neamhní.

181. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis é, a dhearbhú go mbeidh deireadh, lá sonraithe agus ón lá sin amach,—

(a) leis na muirir dá ngairmtear de ghnáth táillí maoir uisce agus is inmhuirir ag Cuan Phortláirge, agus

(b) le haon oblagáidí de chuid an Bhardais (pé acu faoi chairt nó le reacht nó ar shlí eile a fuarthas) ar chomaoin dóibh na táillí sin nó aon chuid de na táillí sin.

(3) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith san ordú faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun Coimisinéirí Chuan Phortláirge d'íoc pé suime is cuí leis an Aire leis an mBardas i leith cúitimh don Bhardas i gcaillteanas a bhain dóibh trí oibriú an orduithe.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Dleachta cathrach ag Cuan Bhaile Atha Clith a chur ar neamhní.

182. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Bardas” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis é, a dhearbhú go mbeidh deireadh, lá sonraithe agus ón lá sin amach,—

(a) leis na muirir dá ngairmtear de ghnáth dleachta Cathrach agus is inmhuirir ag Cuan Baile Atha Cliath, agus

(b) le haon oblagáidí de chuid an Bhardais (pé acu faoi chairt nó le reacht nó ar shlí eile a fuarthas) ar chomaoin dóibh na dleachta sin nó aon chuid de na dleachta sin.

(3) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith san ordú faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun Bord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath d'íoc pé suime is cuí leis an Aire leis an mBardas i leith cúitimh don Bhardas i gcaillteanas a bhain dóibh trí oibriú an orduithe.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Cíos coicéid agus iontrála ag Cuan Chorcaighe a chur ar neamhní.

183. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” an comhlucht corpraithe ar a dtugtar an Commercial Buildings Company of Cork.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú go mbeidh deireadh, lá sonraithe agus ón lá sin amach,—

(a) leis na rátaí agus na dleachta dob inmhuirir faoin reacht Breataineach a ritheadh sa bhliain 1814 agus dar teideal an Act to raise a fund for defraying the charge of commercial improvements, within the city and port of Cork, in Ireland, agus

(b) le haon oblagáidí de chuid na Cuideachtan (pé acu faoi chairt, nó le reacht nó ar shlí eile a fuarthas) ar chomaoin dóibh na rátaí agus na dleachta sin nó aon chuid de na rátaí agus na dleachta sin.

(3) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith san ordú faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun Coimisinéirí Chuan Chorcaighe d'íoc pé suime is cuí leis an Aire leis an gCuideachtain i leith cúitimh don Chuideachtain i gcaillteanas a bhain dóibh trí oibriú an orduithe.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Forála speisialta maidir le cistí fiachmhúchta áirithe le Coimisinéirí Chuan Chorcaighe.

184. —I gcás an tsuim i gciste fiachmhúchta a bheas á chothabháil ag Coimisineirí Chuan Chorcaighe maidir le haon mhorgáistí agus stoc a rinneadar nó d'eisíodar roimh an Acht seo a rith a bheith comhionann leis an tsuim nó níos mó ná an tsuim a bheas dlite fós i leith na morgáistí maraon le hainmluach an mhéide den stoc a bheas gan fuascailt fós, beidh deireadh le haon oblagáid a bheas ar na Coimisinéirí chun tuilleadh ranníocaíochta a dhéanamh leis an gciste fiachmhúchta.

Forála maidir le leasa áirithe i ngrinnill abhann.

185. —Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh aon leas ag údarás áitiúil i gcuid atá laistigh de theoranta cuain de ghrinneall aon abhann, déanfar, de bhuaidh an ailt seo,—

(a) i gcás ina ndearna an t-údarás áitiúil, roimh an lú lá d'Eanáir, 1946, aon léas nó leas eile i leith na coda sin a dheonadh go cuí ar feadh téarma ná beidh caite tráth an Achta seo a rith, an chuid sin a aistriú chun an Stáit agus a dhílsiú ann ar an téarma sin a bheith caite, agus

(b) in aon chás eile, an chuid sin a aistriú chun an Stáit agus a dhílsiú ann ar an Acht seo a rith.

Cuan Sceire agus Cuan Bhaile Brigin.

186. —(1) Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le Cuan Sceire agus Cuan Bhaile Brigin faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) ní bheidh údarás cuain ar leithligh ann do Chuan Sceire ná do Chuan Bhaile Brigin ach beidh Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear an Bord san alt seo) ina údarás cuain freisin do Chuan Sceire agus ina údarás cuain do Chuan Bhaile Brigin,

(b) beidh máistir cuain Chuan Bhaile Atha Cliath ina mháistir cuain freisin do Chuan Sceire agus do Chuan Bhaile Brigin,

(c) beidh bailitheoir rátaí Chuan Bhaile Atha Cliath ina bhailitheoir rátaí freisin do Chuan Sceire agus do Chuan Bhaile Brigin,

(d) beidh an t-airgead uile a gheobhas an Bord inúsáidte i gcoitinne i leith Chuan Bhaile Atha Cliath, Cuain Sceire nó Cuain Bhaile Brigin,

(e) beidh príomh-oifig an Bhoird i mBaile Atha Cliath ina príomh-oifig acu freisin maidir le Cuan Sceire agus Cuan Bhaile Brigin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do dhintiúir a rinneadh an 19ú lá d'Eanáir, 1878, idir Ian Trant Hamilton ó Abbotstown i gContae Bhaile Atha Cliath, Esquire, M.P., den chéad pháirt, James Alexander Hamilton, ó Uimhir 56 Cearnóg Mhic Liam i gCathair Bhaile Atha Cliath, Esquire, den dara páirt, agus Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath den pháirt eile, agus beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an dintiúir sin tar éis an tAcht seo a rith a bhí aige roimh an Acht seo a rith.

Ranníocaíochta i leith costas údarás píolóiteachta.

187. —Féadfaidh údaras cuain is údarás píolóiteachta pé ranníocaíochta a dhéanamh, i leith na gcostas faoina raghaid ina bhfeadhmannas mar údarás píolóiteachta den tsórt sin, a chinnfid, le toiliú an Aire, a dhéanamh.

Iniúchadh cuntas údarás píolóiteachta.

188. —(1) Déanfaidh iniúchóir a cheapfas an tAire cuntais údaráis phíolóiteachta a iniúchadh.

(2) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas, arna leasú nó arna n-oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán iardain (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith), maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis phíolóiteachta amhail mar atá feidhm acu maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis áitiúil:

(a) alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) ailt 19, 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902,

(d) ailt 69, 70, 71 agus 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) ,

faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(i) na tagairtí don Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí atá sna hachtacháin sin, arna leasú nó arna n-oiriúnú amhlaidh, léireofar iad mar thagairtí don Aire,

(ii) féadfaidh an tAire, nuair bheas táille iniúchóireachta i leith iniúchta á socrú aige faoi alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , an táille a shocrú tráth ar bith, pé acu roimh an iniúchadh a chríochnú nó dá éis sin é, agus is í an táille iniúchóireachta a socrófar amhlaidh is táille iniúchóireachta freisin maidir le hiniúchta iardain mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar táille iniúchóireachta eile arna socrú amhlaidh a chur ina hionad,

(iii) aon tagairt atá in alt 70 nó 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , don tréimhse ordaithe, léireofar í mar thagairt don tréimhse chéanna dá dtagrann an abairt de thuras na huaire i gcás iniúchadh cuntas údaráis áitiúil.

(3) Aon cheapadh iniúchóra a rinne údarás cuain roimh an Acht seo a rith, beidh deireadh leis ar pé dáta a shonrós an tAire chuige sin.

Srian le feidhm achtachán áirithe.

189. —(1) Ní bheidh feidhm, maidir le nós imeachta chun dleachta píolóiteachta a aisghabháil, ag mír (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, ná ag fo-alt (1) d'alt 683 den Merchant Shipping Act, 1894.

(2) San alt seo tá leis an abairt “dleachta píolóiteachta” an bhrí atá leis an abairt “pilotage dues” sa Pilotage Act, 1913.

Forála maidir leis na hachtacháin a luaitear sa Tríu Sceideal.

190. —(1) An méid d'aon achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó d'aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin gcéanna atá ar neamhréir le haon achtachán atá san Acht seo nó in aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin Acht seo, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige amhail ar dháta an achtacháin sin is déanaí a luaitear a theacht i ngníomh agus as sin amach.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, na hoiriúnuithe sin uile a dhéanamh ar an iomlán nó ar aon chuid d'aon achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó d'aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin gcéanna (nach achtachán, ordú, rialachán nó ionstraim eile ná cuid den chéanna a bheas, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, tar éis scor d'éifeacht a bheith aige) is oiriúnuithe is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí ag féachaint d'fhorála an Achta seo.

(3) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo is tuigthe ná fuil na hachtacháin seo a leanas, go háirithe, ar neamhréir le haon achtachán atá san Acht seo ná in aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin Acht seo:

(a) ailt 4 agus 7 den Wicklow Harbour Advances Act, 1897,

(b) alt 47 d'Acht Chuan na Gaillimhe, 1935 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1935).

Na hAchta a luaitear sa Cheathrú Sceideal do scor d'fheidhm a bheith acu.

191. —Scoirfidh na hAchta a luaitear sa Cheathrú Sceideal atá ag gabháil leis an Acht seo d'fheidhm a bheith acu maidir le haon údarás cuain.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Udarais Chuain.

Alt 7.

Cuid I.

An tUdarás Cuain

An tUdarás Áitiúil nó na hUdaráis Áitiúla

An Comhlachas Tráchtála nó na Comhlachais Tráchtála

Coimisinéirí Chuan Chorcaighe.

Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe.

Comhairle cheantair uirbigh an Chóibh.

Comhlachas Tráchtála Chorcaighe.

Comhlachas Tráchtála agus Loingseoireachta Corpraithe Chorcaighe.

Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath.

Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath.

Comhlachas Tráchtála Bhaile Atha Cliath.

Coimisinéirí Chuan Luimnigh.

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh.

Comhlachas Tráchtála Luimnigh.

Coimisinéirí Chuan Phortláirge.

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge.

Comhlachas Tráchtála Phortláirge.

Cuid II.

An tUdarás Cuain

An tUdarás Áitiúil nó na hUdaráis Áitiúla

An Comhlachas Tráchtála

Coimisinéirí Phiara Atha na gCasán.

Comhairle chontae Lughbhaidh.

Coimisinéirí Chuan an Inbhir Mhóir.

Comhairle chontae Chill Mantán.

Comhairle cheantair uirbigh an Inbhir Mhóir.

Comhlachas Tráchtála an Inbhir Mhóir.

Coimisinéirí Chuan Bhéal Ath Seanaigh.

Comhairle chontae Dhún na nGall.

Coimisinéirí Chuan Dhún na Séad agus an Sciobairín.

Comhairle chontae Chorcaighe.

Comhairle cheantair uirbigh an Sciobairín.

Coimisinéirí Chuan Bhun Crannóige.

Comhairle chontae Dhún na nGall.

Comhairle cheantair uirbigh Bhun Crannóige.

Coimisinéirí Chuan Dhaingean Uí Chúise.

Comhairle chontae Chiarraighe.

Coimisinéirí Chuan Dhroichead Atha.

Comhairle chontae Lughbhaidh.

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Dhroichead Atha.

Comhlachas Tráchtála Dhroichead Atha.

Coimisinéirí Chuan Dhún Dealgan.

Comhairle chontae Lughbhaidh.

Comhairle cheantair uirbigh Dhún Dealgan.

Comhlachas Tráchtála Dhún Dealgan (Corpraithe).

Iontaobhaithe Chuan Fainge.

Comhairle chontae Luimnigh.

Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe.

Comhairle chontae na Gaillimhe.

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh na Gaillimhe.

Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe.

Coimisinéirí Chuan na gCealla Beaga.

Comhairle chontae Dhún na nGall.

Comhairle cheantair uirbigh Chill Ruis.

Comhairle chontae an Chláir.

Comhairle cheantair uirbigh Chill Ruis.

Coimisinéirí Chuan Cheann Sáile.

Comhairle chontae Chorcaighe.

Comhairle cheantair uirbigh Cheann Sáile.

Coimisinéirí Chuan Ros Mhic Thriúin.

Comhairle chontae Loch Garman.

Comhairle chontae Chill Chainnigh.

Comhairle cheantair uirbigh Ros Mhic Thriúin.

Comhlachas Tráchtála Ros Mhic Thriúin.

Coimisinéirí na Muaidhe.

Comhairle chontae Mhuigheo. Comhairle cheantair uirbigh Bhéal an Fheadha.

Comhlachas Tráchtála Bhéal an Fheadha.

Coimisinéirí Chuan Shligigh.

Comhairle chontae Shligigh.

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Shligigh.

Comhlachas Tráchtála Shligigh.

Coimisinéirí Phiara agus Cuan Thráigh Lí agus na Fiannaite.

Comhairle chontae Chiarraighe.

Comhairle cheantair uirbigh Thráigh Lí.

Coimisinéirí Phort agus Cuan Chathair na Mart.

Comhairle chontae Mhuigheo.

Comhairle cheantair uirbigh Chathair na Mart.

Comhlachas Tráchtála Chathair na Mart.

Coimisinéirí Chuan Loch Garman.

Comhairle chontae Loch Garman.

Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Loch Garman.

Comhlachas Tráchtála Loch Garman.

Coimisinéirí Chuan Chill Mantán.

Comhairle chontae Chill Mantán.

Comhairle cheantair uirbigh Chill Mantán.

Comhairle cheantair uirbigh Eochaille.

Comhairle chontae Chorcaighe.

Comhairle cheantair uirbigh Eochaille.

AN DARA SCEIDEAL.

Criocha chun a bhFeadfaidh Udaras Cuain Fo-Dhlithe a Dheanamh i leith a gCuain.

Alt 60.

Cuid I.

Ginearálta.

1. Chun úsáid an chuain nó aon duganna, duganna grábhála nó céibheanna laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

2. Chun feidhmiú cumhacht an mháistir chuain a rialáil.

3. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh árthaí a ligean isteach i dteoranta an chuain nó i gcomharsanacht na dteorann sin agus i dtaobh iad a aistriú as sin, agus i gcóir dea-ordúlachta agus dea-rialtóireachta árthaí faid a bheid laistigh de theoranta an chuain.

4. Chun loingsiú agus díloingsiú, lódáil, stórasú, stuáil, lóisteáil agus aistriú earraí laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

5. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh na n-uaireanna a mbeidh geataí aon duganna nó céibheanna laistigh de theoranta an chuain nó na bealaí isteach chucu nó amach astu ar oscailt.

6. Chun dualgais agus iompar gach duine (lena n-áirítear seirbhísigh an údaráis chuain, ach gan áireamh a dhéanamh ar chomhaltaí den Gharda Síochána ná ar oifigigh d'aon Aire Stáit a bheas ag gníomhú i bhfeidhmiú a ndualgais) a bheas ar fostú laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

7. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh úsáid tinte agus soilse laistigh de theoranta an chuain agus in aon árthaí a bheas laistigh de na teoranta sin agus chun cosc a chur le damáistiú nó díobháladh árthach nó d'earraí a bheas laistigh de theoranta an chuain nó in aon áitreabh de chuid an údaráis chuain.

8. Chun úsáid crann tógála, droichead meáchain, meáchan agus tomhas de chuid an údaráis chuain a rialáil.

9. Chun cosc a chur le bacainní d'aon tsórt nó le cur isteach ar thrácht laistigh de theoranta an chuain nó ar aon mhaoin de chuid an údaráis chuain.

Cuid II.

Loingseoireacht.

10. Chun a fhoráil go ndéanfaidh an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain an t-árthach a rialáil do réir ordachán an mháistir chuain.

11. Chun a fhoráil go dtabharfaidh an máistir ar árthach, roimh an árthach a dhul isteach in aon duganna nó duganna grábhála nó roimh í do dhruidim le haon chéibheanna laistigh de theoranta an chuain go ndéanfar an t-árthach a dhíchóimeáil mar ordós an máistir cuain.

12. Chun a cheangal ar árthaí a bheas ag teacht isteach i dteoranta an chuain nó ag dul amach astu cloí leis an taobh is ceart agus is gnáthach d'aon chuisle intseolta.

13. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh ráta luais árthaí laistigh de theoranta an chuain nó laistigh d'aon chuid shonraithe de na teoranta sin nó in aon tosca speisialta, chun a cheangal ar árthaí a n-innill a stop nó a mhoilliú i dtrátha nó áiteanna sonraithe agus chun rialáil a dhéanamh i dtaobh paisnéirí a thógaint ar bord, a chalú nó a ligean amach.

14. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh árthaí a thuáil laistigh de theoranta an chuain, i dtaobh méid agus uimhir na n-árthaí a bheas le tuáil san aon-scuaine ag bád tarraingthe amháin nó níos mó, i dtaobh an luais ar a ngluaisfidh na báid tarraingthe (pé acu a bheid ag tuáil nó ná beid), i dtaobh an oird agus na slí ina ndéanfar an tuáil agus i dtaobh dualgas agus iompair na ndaoine a bheas ar fostú sna báid tarraingthe nó orthu.

15. Chun árthaí a bheas laistigh d'aon chuid de theoranta an chuain a chur ar longbheart agus a aistriú agus chun rialáil a dhéanamh i dtaobh iompair agus giúlain bádóirí, last-oibrithe, hablaerí, giúrnálaithe, stíbheadóirí agus daoine eile a bhíos ar fostú sa chuan nó ag taithí an chuain, pé acu i bhfostaíocht an údaráis chuain dóibh nó nach ea.

16. Chun na trátha agus na coinníollacha a shonrú ina bhféadfar árthaí a imchasadh nó a chasadh laistigh de theoranta an chuain agus chun árthaí eile a chosc ó cheangal a scaoileadh nó ó ghabháil suas nó síos aon chuisle intseolta nó áit eile laistigh de theoranta an chuain le linn aon árthach a bheith ag imchasadh nó ag casadh.

17. Chun a cheangal ar árthaí a dtarlóidh dóibh talamh a ghlacadh i gcuisle intseolta laistigh de theoranta an chuain gach forchúram réasúnach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm trí fhear faire a shuíomh, brait a úsáid agus eile chun sástachta an mháistir chuain nó do réir mar bheas sonraithe.

18. Chun a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas ag caitheamh ancaire laistigh de theoranta an chuain a chur faoi ndear go ndéanfar láithreach baoi a cheangal den ancaire sa tslí go bhfeicfear go soiléir cár caitheadh an t-ancaire.

Cuid III.

Cuan, etc., a Rialú.

19. Chun bacainní nó constaicí i nduganna, céibheanna, oibreacha agus ródbhealaí nó orthu sin laistigh de theoranta an chuain a chosc agus a aistriú.

20. Chun gluaiseacht daoine, trácht fheithiclí agus ainmhithe fan aon chéibheanna nó duganna laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

21. Chun a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain a árthach a fheisteadh, a dhífheisteadh, a shuíomh nó a aistriú do réir ordachán an mháistir chuain, nó mura mbíonn aon duine ar bord an árthaigh leis na hordacháin sin a chomhlíonadh, chun a údarú don mháistir cuain a chur faoi ndear go ndéanfar an t-árthach a fheisteadh, a dhífheisteadh, a shuíomh nó a aistriú mar is oiriúnach leis.

22. Chun a fhoráil ná luífidh árthach ná ná feistfear í sa bhealach isteach chun an chuain nó chun aon duga nó duga grábhála laistigh de theoranta an chuain, ach amháin le cead ón máistir cuain.

23. Chun a fhoráil go mbeidh téada tuála agus ceangail fonascúla i bhfastó ar na doilfíní, na bíomaí cuain, na baoithe nó na cuaillí feistiúcháin, nuair eileos an máistir cuain sin.

24. Chun a cheangal go mbeidh ar árthaí a bheas ag lódáil nó ag dílódail lasta pé stangarta, plainceanna, lámhrálacha agus fearais eile is dóigh leis an máistir cuain is gá.

25. Chun a fhoráil go ndéanfaidh an máistir ar árthach a bheas ag teacht isteach laistigh de theoranta an chuain chun last a dhílódáil a chur faoi ndear go ndíolódálfar an t-árthach a luaithe is caothúil tar éis teacht isteach amhlaidh agus go ndéanfaidh sé, tar éis na dílódála, an t-árthach a aistriú go dtí pé cuid eile den chuan a ordós an máistir cuain.

26. Chun a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain, ar an máistir cuain dá iarraidh sin, aon earraí a righneodh seachadadh nó lódáil an lasta a bhaint de leibhinn an árthaigh.

27. Chun a shonrú conas a déanfar earraí a shuíomh ar aon chéibheanna nó duganna laistigh de theoranta an chuain.

28. Chun an t-am a shonrú a bhféadfar earraí a fhágaint ar a fheadh ar aon chéibheanna nó áiteanna eile laistigh de theoranta an chuain agus chun socrú a dhéanamh i dtaobh earraí a aistriú nó a dhiúscairt ná beidh aistrithe as sin tar éis an t-am sin a bheith caite.

29. Chun toirmeasc a chur le hearraí a shuíomh ar aon chéibheanna nó duganna laistigh de theoranta an chuain i slí go gcuirfidís isteach ar árthaí a fheisteadh nó a chur ar longbheart nó go mba bhac ar thrácht iad.

30. Chun cosc a chur (ach amháin le cead an údaráis chuain) le haon earraí a chur ar taispeáint nó a shuíomh le haghaidh a ndíolta in aon talamh nó áitreabh nó ar aon talamh nó áitreabh leis an údarás cuain seachas earraí is féidir a dhíol nó a chur ar taispeáint le haghaidh a ndíolta faoi fhorála na nAcht Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, nó le hordú ó na Coimisineirí Ioncaim, agus seachas earraí meatacha a díolfar laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad tar éis a gcaluithe.

31. Chun cosc a chur le gearradh, briseadh agus díthiú neamhúdaraithe a dhéanamh ar chóracha feistiúcháin nó ceangail árthaí laistigh de theoranta an chuain.

32. Chun cosc a chur le luasc-dhroichid, geataí duga, bualchomhlaí nó clúsanna laistigh de theoranta an chuain a oscailt nó a dhúnadh gan údarás.

33. Chun toirmeasc a chur le haon bhád a dhéanamh nó a dheisiú laistigh de theoranta an chuain, gan toiliú an mháistir chuain a fháil roimh ré.

34. Chun toirmeasc a chur le haon chuid de mhaoin an údaráis chuain a dhamáistiú go toiliúil agus chun costas slánuithe aon damáiste a déanfar don mhaoin sin a aisghabháil ó dhuine ar bith a dhéanfas an damáiste sin.

35. Chun baint neamchuí le haon tsásra nó trealamh a bheas curtha ar fáil ag an údarás cuain a thoirmeasc.

36. Chun a fhoráil go bhféadfaidh an máistir cuain cráitis a aistriú as teoranta an chuain agus go bhféadfaidh freisin daoine díomhaoine nó mírialta a chur amach as sin.

37. Chun coinníollacha (nach laghdú ach méadú ar fhorála aon achtacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le pléascáin) a shonrú faoina ndéanfar pléascáin a thabhairt, a loingsiú, a láimhseáil, a thaisceadh, a choimeád nó a iompar laistigh de theoranta an chuain.

38. Chun coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar aon íleacha éadtroma udrocarbóin mianrúla do réir bhrí an Achta Airgeadais (Diúitéithe Custam) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), a thabhairt, a loingsiú, a láimhseáil, a thaisceadh, a choimeád nó a iompar laistigh de theoranta an chuain.

39. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh úsáid trambhealaí agus taobhlach agus oibreacha a bhaineas leo sin laistigh de theoranta an chuain agus chun cosc a chur le bacainniú nó cur-isteach a dhéanamh ar an trácht nó an ghluaiseacht ar na trambhealaí sin nó le díobháladh an chéanna.

40. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh balastú árthaí laistigh de theoranta an chuain agus i dtaobh an oird agus na slí ina soláthrófar balasta do na hárthaí sin agus i dtaobh balasta a dhíluchtú, a aistriú agus a dhiúscairt.

41. Chun cosc a chur le tobac nó aon lus nó substaint ar bith a chaitheamh, a lasadh nó a dhó in aon árthach nó ar aon árthach laistigh de theoranta an chuain nó in aon áit shonraithe laistigh de na teoranta sin.

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a ndeantar forail le halt 190 den acht seo maidir le hiad do scor d'eifeacht a bheith acu.

Alt 190.

Annagassan Pier and Harbour Order, 1912.

Arklow Harbour Act, 1882.

Ballyshannon Harbour Order, 1886.

Baltimore and Skibbereen Harbour Order, 1884.

Ordú Chuain Bhun Crannaighe, 1929.

An Act for erecting a Ballast Office and for regulating Pilots within the Port and Harbour of Cork; and for rendering more safe and commodious the said Port and Harbour for all ships and vessels trading to and from the same (1 Geo. IV., c. lii).

Cork Harbour Amendment Act, 1866.

Cork Harbour Order, 1871.

Cork Harbour Act, 1875.

Cork Harbour Act, 1877.

Cork Improvement (Extension of Time) Act, 1881.

Cork Harbour Act, 1883.

Cork Harbour Order, 1889.

Cork Harbour Act, 1903.

Acht Chuan Chorcaighe, 1933 .

Dingle Harbour Order, 1885.

An Act for the improvement of the Port and Harbour of Drogheda (5 Vic., Sess. 2, c. lvi.)

An Act for promoting the trade of Dublin by rendering its Port and Harbour more commodious (26 Geo. III., c. 19 (Ir.)).

An Act for empowering the grand juries for the county of the City of Dublin and of the County of Dublin and the Corporation to preserve and improve the Port of Dublin, etc. (52 Geo. III., c. liii).

Dublin Port Act, 1867.

Dublin Port and Docks Act, 1869.

Poolbeg Lighthouse Act, 1876.

Dublin Ports and Docks Act, 1879.

Dublin Port and Docks Act, 1898.

Dublin Port and Docks Act, 1902.

Dublin Port and Docks Act, 1919.

Dublin Port and Docks Act, 1920.

Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath, 1925 .

Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath, 1940 .

Balbriggan Pier and Harbour Order, 1867.

Skerries Harbour Order, 1877.

Acht Chuan agus Phort Dhún Dealgan, 1925 .

Ordú Chuan Dún Dealgan, 1933.

Foynes Harbour Order, 1890.

Ordú Chuan na Fainge, 1932.

Galway Harbour and Port Act, 1853.

An Act to amend the Galway Harbour and Port Act, 1853 (22 and 23 Vic., c. 28.)

Galway Harbour Act, 1860.

Galway Harbour (Composition of Debt) Act, 1867.

Galway Harbour Order, 1903.

Ordú Chuan na Gallimhe, 1930.

Acht Chuan na Gaillimhe, 1935 .

Killybegs Pier and Harbour Order, 1891.

Killybegs Pier and Harbour Order, 1896.

Order made by the Commissioners of Public Works under the Shannon Act, 1885, on the 16th December, 1886, in the matter of Cappa Pier (Kilrush).

Kinsale Harbour Order, 1870.

Kinsale Harbour Order, 1874.

Kinsale Harbour Act, 1880.

Kinsale Harbour Order, 1892.

An Act for the erection of a bridge across the River Shannon, etc. (4 Geo. IV., c. xciv).

An Act to amend an Act ... entitled an Act for the erection of a bridge across the River Shannon, etc. (4 & 5 Will. IV., c. lxxxiv).

Limerick Docks and Harbour Improvement Amendment Act, 1847.

Limerick Harbour (Composition of Debt) Act, 1867.

Limerick Harbour Act, 1867.

Limerick Harbour Act, 1888.

Limerick Harbour Order, 1903.

Limerick Harbour Order, 1921.

Acht Chuan Luimnigh, 1926.

Acht Trambhealach Chuan Luimnigh, 1931.

Ordú Chuan Luimnigh, 1932.

Ordú Chuan Luimnigh, 1939.

Moy Navigation Amendment Act, 1860.

New Ross Port and Harbour Amendment Act, 1861.

New Ross Port and Harbour Order, 1896.

Sligo Harbour Act, 1877.

Sligo Harbour Order, 1891.

Sligo Harbour Order, 1903.

Ordú Chuan Shligigh, 1936.

An Act for making and maintaining a navigable cut or canal from a point at or near the Blackrock in the harbour of Tralee in the county of Kerry, to Croompanrickard near the town of Tralee in the said county; and for otherwise improving the said harbour of Tralee (9 Geo. IV., c. cxviii).

An act to extend the time limited by an Act passed ... for improving the navigation and harbour of Tralee in the county of Kerry (6 & 7 Will. IV., c. cxiv).

An Act to empower the Commissioners for the issue of exchequer bills for public works to complete the works authorised ... “for improving the navigation and harbour of Tralee in the county of Kerry”; and to extend the time for that purpose (4 & 5 Vic., c. 46.)

An Act to extend the time limited by an Act ... empowering the Commissioners for the issue of exchequer bills for public works to complete the works for improving the navigation and harbour of Tralee in the county of Kerry (7 & 8 Vic., c. 99).

Tralee Canal Act, 1864.

Tralee and Fenit Pier and Harbour Order, 1880.

Tralee and Fenit Pier and Harbour Order, 1888.

Tralee and Fenit Pier and Harbour Order, 1907.

Tralee and Fenit Pier and Harbour Order, 1909.

Tralee and Fenit Pier and Harbour Order, 1920.

Ordú Chuan Thráigh Lí agus na Fiannaite, 1939.

An Act for improving, preserving, maintaining and better regulating the Port and Harbour of Waterford, and for other purposes relating thereto (9 & 10 Vic., c. ccxcii).

Waterford Harbour (Dry Dock) Act, 1868.

Waterford and New Ross Harbours Act, 1874.

Waterford Harbour Order, 1904.

Waterford Harbour Act, 1919.

Ordú Chuan Phortláirge, 1941.

Westport Port and Harbour Act, 1853.

Wexford Harbour Embankment Act, 1852.

Wexford Harbour Embankment Act, 1858.

Wexford Harbour Order, 1864.

Wexford Harbour Embankment Act, 1865.

Wexford Harbour Act, 1874.

Wexford Harbour Order, 1886.

Wexford Harbour Order, 1889.

Wexford Harbour Order, 1902.

Wexford Harbour Order, 1904.

An Act for making and maintaining and improving a harbour at Wicklow in the county of Wicklow (5 & 6 Vic., c. cxi).

Wicklow Harbour Act, 1851.

Wicklow Harbour Advances Act, 1897.

Wicklow Harbour (Election) Provisional Order, 1899.

Wicklow Harbour Order, 1902.

Wicklow Harbour Order, 1907.

Wicklow Harbour Order, 1916.

Youghal Harbour Order, 1878.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Achta a scoirfeas d'fheidhm a bheith acu maidir le haon udaras cuain.

Alt 191

Harbours Act, 1814.

Commissioners Clauses Act, 1847.

Harbours, Docks, and Piers Clauses Act, 1847.

General Pier and Harbour Act, 1861.

Harbours and Passing Tolls, etc., Act, 1861.

General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, 1862.

Harbours Transfer Act, 1862.

Public Works Loans Act, 1882.

Shannon Act, 1885.