24 1946


Uimhir 24 de 1946.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA MAIDIR LE RIALTAS ÁITIÚIL AGUS DO DHÉANAMH LEASUITHE ÁIRITHE AR AN DLÍ A BHAINEAS LE RIALTAS ÁITIÚIL. [7ú Lúnasa, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal, comhluadh agus léiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, agus den Acht seo le chéile.

(3) Léireofar mar aon Acht amháin na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, agus an tAcht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

Acht 1941.

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) ;

muirir ar an gcontae iomlán.

tá leis an abairt “muirir ar an gcontae iomlán” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 10 den Acht seo;

an ciste contae.

tá leis an abairt “an ciste contae” an bhrí a sonraítear in alt 7 den Acht seo;

an ráta contae.

tá leis an abairt “an ráta contae” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht seo;

oidhreachtán.

folaíonn an focal “oidhreachtán” tionóntán;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

an ciste bardasach.

tá leis an abairt “an ciste bardasach,” maidir le húdarás uirbeach, an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 15 den Acht seo;

an ráta bardasach.

tá leis an abairt “an ráta bardasach,” maidir le húdarás uirbeach, an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 18 den Acht seo;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe ag an Aire le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

údarás rátúcháin.

ciallaíonn an abairt “údarás rátúcháin”—

(a) comhairle chontae,

(b) bardas contae-bhuirge, nó

(c) údarás uirbeach líomatáiste uirbigh;

feidhm fhorcoimeádta.

ciallaíonn an abairt feidhm fhorcoimeádta—

(a) maidir le comhairle chontae nó comhlacht toghaí chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Contae, 1940 agus 1942, agus

(b) maidir le bardas contae-bhuirge, feidhm fhorcoimeáta chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na buirge;

údarás bóthar.

ciallaíonn an abairt “údarás bóthar”—

(a) comhairle chontae,

(b) bardas contae-bhuirge, nó

(c) údarás uirbeach líomatáiste uirbigh;

muirir bhaile.

tá leis an abairt “muirir bhaile” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 10 den Acht seo;

líomatáiste uirbeach.

ciallaíonn an abairt “líomatáiste uirbeach”—

(a) buirg seachas contae-bhuirg, nó

(b) ceantar uirbeach;

údarás uirbeach.

ciallaíonn an abairt “údarás uirbeach” bardas nó comhairle (pé acu é) líomatáiste uirbigh;

muirir uirbeacha.

tá leis an abairt “muirir uirbeacha” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht seo;

ciste feabhsuithe chathartha toildheonach.

ciallaíonn an abairt “ciste feabhsuithe chathartha toildheonach” ciste feabhsuithe chathartha toildheonach do réir bhrí an Achta Údarás Áitiúla (Bronntais a Ghlacadh), 1945 ( Uimh. 30 de 1945 ).

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó lacthe a ceapfar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethe difriúla a cheapadh amhlaidh chun críocha difriúla agus forála difriúla den Acht seo.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Achtacháin láithreacha a oiriúnú.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe a dhéanamh, ar aon achtachán nó ordú a bheas i bhfeidhm tráth an Achta seo a rith agus a bhainfeas le ní ar bith dá ndéanann an tAcht seo difir, a mheasfas sé is gá chun go mbeadh éifeacht ag an achtachán i gcomhréir leis an Acht seo.

(2) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheas déanta roimhe sin faoin ordú sin.

CUID II.

Costais Udaras Áitiúla Airithe.

Ciste contae comhairle contae.

7. —An ciste a bheas, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á chothabháil ag comhairle chontae de bhun ailt 47 den Local Government (Ireland) Act, 1898, leanfaidh sé, d'ainneoin an t-alt sin a chúlghairm leis an Acht seo, de bheith á chothabháil ag an gcomhairle agus gairmfear an ciste contae dhe.

Suimeanna a gheobhas comhairle chontae.

8. —(1) Déanfar suim a gheobhas comhairle chontae, pé acu as rátaí é nó as fáige seachas rátaí, a íoc le cisteoir na comhairle agus, ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, is í admháil an chisteora an t-éinní is cúiteántas maith don duine a íocfas an tsuim.

(2) Beidh admháil ó bhailitheoir rátaí don chomhairle chontae, nó ó aon duine a bheas údaraithe go cuí ag comhairle chontae chun íocaíochta d'aon chineál áirithe eile a ghlacadh, ina cúiteántas maith do dhuine a dhéanfas (do réir mar a bheas) íocaíocht rátaí le bailitheoir den tsórt sin nó íocaíocht den chineál áirithe sin le duine údaraithe den tsórt sin, ach i ngach cás den tsórt sin beidh de dhualgas ar an mbailitheoir rátaí nó an duine údaraithe lena ndéanfar an íocaíocht suim na híocaíochta sin a íoc le cisteoir na comhairle laistigh de pé am a bheas sonraithe ag an gcomhairle nó le rialacháin ón Aire d'íocaíochta dá cineál nó, mura mbíonn aon am den tsórt sin sonraithe amhlaidh, láithreach.

(3) Déanfaidh cisteoir comhairle contae suim a gheobhas sé faoin alt seo a íoc—

(a) más chun críocha ciste fheabhsuithe chathartha thoildheonaigh a híocfar an tsuim, isteach sa chiste sin, agus

(b) in aon chás eile, isteach sa chiste contae.

Iocaíochta ag comhairle chontae.

9. —(1) Na costais faoina raghaidh comhairle chontae i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a gcumhacht agus a ndualgas (agus costais fuascailte dliteanas a bheas ann i dtosach feidhme an ailt seo a áireamh ach gan costais is iníochta as ciste feabhsuithe chathartha toildheonach a áireamh), íocfaidh cisteoir na comhairle iad as an gciste contae.

(2) Ní déanfar íocaíocht as ciste contae comhairle contae mura n-údaraítear sin do réir ailt 21 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , nó mura n-ordaí cúirt bhreithiúnais e.

Líomatáistí muirir costas comhairle contae.

10. —(1) Déanfar, ach amháin mar a foráltar a mhalairt le dlí costais chomhairle contae a mhuirearú go cothrom ar an gcontae iomlán.

(2) Gairmfear muirir ar an gcontae iomlán de chostais chomhairle contae a muirearófar ar an gcontae iomlán.

(3) Gairmfear muirir uirbeacha de chostais chomhairle contae a muirearófar ar líomatáiste uirbeach sa chontae.

(4) Is é a bheas i gcostais chomhairle contae faoina raghfar chun foréileamh a fhreagairt a dhéanfas baile-choimisinéirí faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht seo—

(a) méid an fhoréilimh sin, agus

(b) suim (ná raghaidh, gan toiliú an Aire, thar seacht go leith faoin gcéad de mhéid an fhoréilimh sin) is comhionann le méid measta na rátaí a bheas le díscríobhadh mar rátaí do-aisghabhála agus costais an bhailithe,

agus muirearófar na costais sin ar líomatáiste an bhaile agus gairmfear muirir bhaile dhíobh.

(5) Más rud é, nuair a bheas an meastachán ar chostais chomhairle contae do bhliain airgeadais áitiúil á bhreithniú de bhun ailt 24 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , nach féidir go fóill an líomatáiste ar a bhfuil cuid de na costais sin inmhuirir ó cheart a chinneadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) áireofar an chuid sin sa mheastachán sin sa tslí ordaithe mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus cruinneofar í dá réir sin tríd an ráta contae don bhliain sin;

(b) déanfar socrú sa tslí ordaithe i gcuntais na comhairle chun a chinneadh cá mhéid (más aon mhéid é) den chuid sin ba cheart a mhuirearú ar aon líomatáiste seachas an contae iomlán;

(c) más rud é, do réir míre (b) den fho-alt seo, go gcinnfear go raibh sé ceart aon mhéid a mhuirearú ar líomatáiste seachas an contae iomlán, déanfar coigeartú iomchuí sa tslí ordaithe ar an ráta contae do bhliain ina dhiaidh sin tríd an tsuim a muirearófar ar an líomatáiste sin a mhéadú agus na muirir ar an gcontae iomlán a laghdú.

(6) Má déantar costais chomhairle contae a mhuirearú ar líomatáiste a bheas comhdhéanta de líomatáiste nach líomatáiste uirbeach agus de líomatáiste uirbeach amháin nó dhá líomatáiste uirbeacha níos mó—

(a) is é méid de na costais a bheas le muirearú ar an gcuid den líomatáiste muirir nach líomatáiste uirbeach ná an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na gcostas an cothrom céanna a bheas idir luacháil na coda sin agus luacháil an líomatáiste mhuirir, agus

(b) is é méid de na costais a bheas le muirearú ar an líomatáiste uirbeach nó ar gach líomatáiste uirbeach faoi leith (do réir mar a bheas) ná an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na gcostas an cothrom céanna a bheas idir luacháil an líomatáiste uirbigh sin agus luacháil an líomatáiste mhuirir.

(7) Chun críocha fo-ailt (6) den alt seo, is é is luacháil líomatáiste ná iomlán na luacháil sna liostaí luachála a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi na hAchta Luachála ar na hoidhreachtáin uile sa líomatáiste.

Comhairle chontae d'fháil cistí.

11. —(1) Déanfaidh comhairle chontae an t-airgead is gá chun slánuithe aon easnaimh (iarbhír nó ionchasach) sa chiste contae a fháil mar leanas:—

(a) más de dhroim costas a muirearaíodh go hiomlán ar líomatáiste nach líomatáiste uirbeach a thiocfas an t-easnamh, déanfaidh an chomhairle méid na gcostas a chruinniú go cothrom ar an líomatáiste sin tríd an ráta dealúis,

(b) más de dhroim costas a muirearaíodh go hiomlán ar líomatáiste uirbeach a thiocfas an t-easnamh, déanfaidh an chomhairle méid na gcostas a fhoréileamh ar údarás uirbeach an líomatáiste uirbigh sa tslí agus ar an modh ordaithe,

(c) más de dhroim costas a ndearnadh cuid díobh a mhuirearú ar líomatáiste nach líomatáiste uirbeach agus an chuid eile dhíobh a mhuirearú ar líomatáiste uirbeach nó ar dhá líomatáiste uirbeacha nó níos mó a thiocfas an t-easnamh, déanfaidh an chomhairle an méid de na costais a muirearaíodh ar an líomatáiste nach líomatáiste uirbeach a chruinniú go cothrom ar an líomatáiste sin tríd an ráta dealúis agus—

(i) más ar aon líomatáiste uirbeach amháin a muirearaíodh an chuid eile de na costais, déanfaid méid na coda eile sin a fhoréileamh ar údarás uirbeach an líomatáiste uirbigh sa tslí agus ar an modh ordaithe, agus

(ii) más ar dhá líomatáiste uirbeacha nó níos mó a muirearaíodh an chuid eile de na costais, déanfaid an pháirt den chuid eile sin a muirearaíodh ar gach líomatáiste uirbeach faoi leith a fhoréileamh ar an údarás uirbeach sin sa tslí agus ar an modh ordaithe.

(2) Íocfaidh údarás uirbeach le comhairle na contae ina mbeidh a líomatáiste uirbeach suim a fhoréileos an chomhairle faoin alt seo.

Ráta contae comhairle contae.

12. —(1) Gairmfear an ráta contae den ráta dealúis a chruinneos comhairle chontae de bhun ailt 11 den Acht seo.

(2) Déanfar fo-alt (1) den alt seo a léiriú mar ní ná déanann ach athrú ainme agus ní dhéanfaidh sé dochar do mharthain an ráta dhealúis ná d'éifeacht aon tagairte dhó in aon achtachán reachtúil nó in aon achtachán eile, ach, d'fhonn bheith i gcomhréir leis an athrú ainme sin, déanfar, i gcás an ráta chontae, tagairt don ráta sin a chur in ionad gach tagairte don ráta dealúis in aon rún, fógra, leabhar rátaí nó doiciméid eile a rithfeas nó a úsáidfeas comhairle chontae chun rátaí a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a aisghabháil, agus leasófar dá réir sin, maidir lena feidhm i leith an ráta chontae, gach foirm a húsáidfear chun ráta dealúis a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a aisghabháil.

Forála speisialta maidir le muirir bhaile.

13. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chuid den ráta contae a ghearrfas comhairle chontae chun críocha easnaimh sa chiste contae a thiocfas de dhroim muirear baile:—

(a) déanfar an chuid sin a mheisiúnú agus a ghearradh ar leithligh ón gcuid eile den ráta contae,

(b) chun críocha an mheisiúnuithe sin, déanfar luacháil oidhreachtáin d'aon chineál acu seo a leanas a laghdú go dtí an ceathrú cuid de luacháil iarbhír an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála:—

(i) talamh ná húsáidtear ach chun críche nó críocha acu seo a leanas, sé sin le rá, mar thalamh arúil, talamh móinéir nó talamh féaraigh nó mar thalamh coille, nó garraí glasraí, nó garraí altran,

(ii) talamh faoi uisce a húsáidtear mar chanáil agus aon chosán tuála léi;

(iii) talamh a húsáidtear mar iarnród arna dhéanamh faoi chumhachta reachtúla le haghaidh iompair phoiblí,

(c) ní déanfar aon mheisiúnú ar aon leath-chíos is inrátuithe chun an ráta dhealúis faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus na hachtacháin a leasaíos an céanna.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní dá bhfuil san alt seo ná ní oibreoidh sé chun laghdú a dhéanamh maidir leis an luach bliantúil ar dá réir a fionntar an cháin i leith aon oidhreachtáin faoi Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918.

Rátaí ar áitribh folamha i gcontae.

14. —(1) I gcás oidhreachtán atá i gcontae ach ná fuil i líomatáiste uirbeach agus nach teach cónaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), a bheith neamháitithe tráth an ráta chontae a ghearradh, gearrfar an ráta sin ar an duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt seo) a bheas de thuras na huaire i dteideal an t-oidhreachtán a áitiú agus, ar an ráta sin a bheith íoctha ag an únaer, beidh sé i dteideal aisíoc an dóú cuid déag den ráta sin a éileamh agus a fháil ón gcomhairle chontae i leith gach mí iomláin (arna áireamh ó lá ar bith in aon mhí go dtí cothrom an lae sin sa chéad mhí ina dhiaidh) a bheas an t-oidhreachtán neamháitithe d'fhonn méadú, athrú nó deisiú a dhéanamh air nó toisc gan é a bheith bona fide ar chumas an únaera tionónta oiriúnach a fháil dó, i gcás oidhreachtán lena mbaineann an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , de thuras na huaire, ar an gcíos uasta a bheas ceadaithe de thuras na huaire faoin Acht sin nó, i gcás aon oidhreachtáin eile, ar chíos réasúnach.

(2) I gcás—

(a) ina ngearrfar ráta de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, agus

(b) ina ndéanfaidh an t-únaer nó ina ndéanfar thar a cheann an t-oidhreachtán a ligean ina dhiaidh sin, agus

(c) ina mbeidh an ráta nó aon chuid de i riaráiste agus gan íoc,

féadfaidh an bailitheoir rátaí ag a mbeidh an ráta inbhailithe, i dteannta aon chórach eile agus gan dochar d'aon chóir eile chun an méid den ráta a bheas i riaráiste agus gan íoc amhlaidh a aisghabháil, fógra a sheirbheáil i bpearsain nó leis an bpost ar áititheoir an oidhreachtáin ag luadh an méid sin atá i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an áititheoir an cíos go léir a bheas dlite uaidh an uair sin nó a thiocfas chun bheith dlite uaidh ina dhiaidh sin i leith an oidhreachtáin a íoc leis an mbailitheoir rátaí nó lena chomharba oifige go dtí go mbeidh an méid sin fuascailte tríd an íocaíocht sin nó ar shlí eile, agus air sin beidh ag an mbailitheoir rátaí nó ag a chomharba oifige an t-aon-cheart chun an cíos go léir a cheanglós an fógra a íoc leis a aisghabháil agus a ghlacadh agus cúiteántas maith a thabhairt ann.

(3) Aon ráta a gearrfar de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin aon earráide nó easnaimh i mbreacadh ainme an únaera ná de bhíthin an tuairisc “an t-únaer” a úsáid gan aon ainm ná sonra a chur leis agus beidh an ráta inaisghabhála ón únaer d'ainneoin aon earráide nó easnaimh den tsórt sin nó aon tuairisc den tsórt sin a úsáid.

Ciste bardasach údaráis uirbigh.

15. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh údarás uirbeach ciste dá ngairmfear an ciste bardasach.

(2) Is as an gciste bardasach a cothabhálfar ciste fiachmhúchta nó aon chiste eile (nach ciste feabhsuithe chathartha toildheonach) i gcóir dliteanais todhachaí nó ionchasaigh a mbeidh ceangailte ar údarás uirbeach le reacht nó faoi reacht é a chothabháil.

(3) Aon chiste a bhí á chothabháil ag údarás uirbeach díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus nár chiste fiachmhúchta ná ciste eile i gcóir dliteanais todhachaí nó ionchasaigh a raibh ceangailte le reacht nó faoi reacht ar an údarás uirbeach é a chothabháil ná nár chiste feabhsuithe chathartha toildheonach, scoirfear d'é a chothabháil agus—

(a) má bhí aon airgead i gcreidiúint don chiste díreach roimh an tosach feidhme sin, íocfar isteach sa chiste bardasach é, agus

(b) má bhí aon dliteanas ag gabháil leis an gciste díreach roimh an tosach feidhme sin, gabhfaidh sé leis an gciste bardasach agus fuasclófar é as an gciste bardasach.

Suimeanna a gheobhas údarás uirbeach.

16. —(1) Déanfar suim a gheobhas údarás uirbeach, pé acu as rátaí é nó as fáig seachas rátaí, a íoc le cisteoir an údaráis agus, ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, is í admháil an chisteora an t-éinní is cúiteántas maith don duine a íocfas an tsuim.

(2) Beidh admháil ó bhailitheoir rátaí d'údarás uirbeach, nó ó aon duine a bheas údaraithe go cuí ag údarás uirbeach chun íocaíochta d'aon chineál áirithe eile a ghlacadh, ina cúiteántas maith do dhuine a dhéanfas (do réir mar a bheas) íocaíocht rátaí le bailitheoir den tsórt sin nó íocaíocht den chineál áirithe sin le duine údaraithe den tsórt sin, ach i ngach cás den tsórt sin beidh de dhualgas ar an mbailitheoir rátaí nó an duine údaraithe lena ndéanfar an íocaíocht suim na híocaíochta sin a íoc le cisteoir an údaráis uirbigh laistigh de pé am a bheas sonraithe ag an údarás nó le rialacháin ón Aire d'íocaíochta dá cineál nó, mura mbíonn aon am den tsórt sin sonraithe amhlaidh, láithreach.

(3) Déanfaidh cisteoir údaráis uirbigh suim a gheobhas sé faoin alt seo a íoc—

(a) más chun críocha ciste fheabhsuithe chathartha thoildheonaigh a híocfar an tsuim, isteach sa chiste sin, agus

(b) in aon chás eile, isteach sa chiste bardasach.

Iocaíochta ag údarás uirbeach.

17. —(1) Na costais faoina raghaidh údarás uirbeach i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a gcumhacht agus a ndualgas (agus costais fuascailte dliteanas a bheas ann i dtosach feidhme an ailt seo a áireamh ach gan costais is iníoctha as ciste feabhsuithe chathartha toildheonach a áireamh), íocfaidh cisteoir an údaráis iad as an gciste bardasach.

(2) Ní déanfar íocaíocht as ciste bardasach údaráis uirbigh mura n-údaraítear sin do réir ailt 21 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , nó mura n-ordaí cúirt bhreithiúnais é.

Ráta bardasach údaráis uirbigh.

18. —(1) Déanfaidh údarás uirbeach ó am go ham pé ráta (dá ngairmfear an ráta bardasach) is gá chun slánuithe aon easnaimh (iarbhír nó ionchasach) sa chiste bardasach a ghearradh, a mheisiúnú agus a thobhach go cothrom ar a líomatáiste uirbeach, do réir na Coda seo den Acht seo.

(2) Faoi réir forál na Coda seo den Acht seo, beidh feidhm, maidir le gearradh, meisiúnú, tobhach, bailiú agus aisghabháil an ráta bhardasaigh ag údarás uirbeach, ag an dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le gearradh, meisiúnú, tobhach, bailiú agus aisghabháil, faoi seach, an ráta dhealúis.

(3) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), is é a fhorghníomhós orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta sin in imeachta sa Chúirt Dúiche chun airgead a aisghabháil i leith ráta bhardasaigh údaráis uirbigh ná an duine a bhunós na himeachta, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh ar an duine sin dá iarraidh sin.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiach, éileamh ná foréileamh is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag údarás uirbeach as an gciste bardasach.

(5) Gach nóta foréilimh ar ráta bhardasach údaráis uirbigh, taispeánfaidh sé ar leithligh ar a éadan nó ar a chúl an chuid den ráta sa phunt den ráta sin atá á chruinniú chun aon chríche a n-ordóidh an tAire nó an t-údarás uirbeach sin a thaispeáint ar leithligh amhlaidh ina leith.

(6) Aon áit a bhfuil, de bhuaidh ailt 3 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) , an abairt “an ráta cathartha” nó an abairt “the municipal rate” in aon achtachán dá luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, léireofar an abairt sin mar abairt a fholaíos an ráta is intobhaigh faoin alt seo.

Rátaí láithreacha a scor i líomatáiste uirbeach.

19. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, gach ráta a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, intobhaigh i líomatáiste uirbeach, scoirfid de bheith intobhaigh, ach ní dhéanfaidh an scor sin cosc ná dochar ná difir maidir le bailiú ná aisghabháil aon choda de ráta ar bith den tsórt sin a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dlite agus gan íoc, agus chun críocha an bhailithe nó na haisghabhála sin is tuigthe gur riaráiste ráta bhardasaigh aon chuid den tsórt sin.

(2) Ní bheidh réim ná feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le muirir (dá ngairmtear de ghnáth rátaí uisce conartha) a gearrfar as uisce a sholáthar d'oidhreachtáin áirithe chun críocha seachas críocha tís nó as uisce a sholáthar faoi chonradh speisialta do dhuine ar bith ná beadh teideal aige ar shlí eile chun an tsoláthair sin.

(3) I gcás beirt nó níos mó a bheith, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gníomhú mar bhailitheoirí rátaí i líomatáiste uirbeach, is tuigthe gach duine acu sin a bheith arna cheapadh go cuí díreach i dtosach feidhme an ailt seo chun bheith ina bhailitheoir ráta bhardasaigh sa líomatáiste uirbeach do pé ceantar a sannfar dó ar na téarmaí oifige céanna (lena n-áirítear téarmaí maidir le cearta pinsin agus aoisliúntais) ar a raibh sé i seilbh oifige díreach roimh an tosach feidhme sin agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas nó cúiteamh i gcailliúint oifige, is tuigthe nár oibrigh an tAcht seo chun deireadh a chur lena oifige ná chun a staid a athrú go habhartha chun dochair dó.

(4) I gcás gan ach duine amháin a bheith, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gníomhú mar bhailitheoir rátaí i líomatáiste uirbeach, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí díreach i dtosach feidhme an ailt seo chun bheith ina bhailitheoir ráta bhardasaigh sa líomatáiste uirbeach ar na téarmaí oifige céanna (lena n-áirítear téarmaí maidir le cearta pinsin agus aoisliúntais) ar a raibh sé i seilbh oifige díreach roimh an tosach feidhme sin agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas nó cúiteamh i gcailliúint oifige, is tuigthe nár oibrigh an tAcht seo chun deireadh a chur lena oifig ná chun a staid a athrú go habhartha chun dochair dó.

Cíosa a choigeartú i gcásanna áirithe i líomatáiste airbeach.

20. —(1) I gcás oidhreachtán i líomatáiste uirbeach a bheith, ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar seilbh (i dteannta nó d'éagmais áitreabh eile) faoi léas a cheanglas ar an léasóir aon rátaí (seachas ráta dealúis) is iníoctha i leith an oidhreachtáin a íoc nó asbhaint nó comhloghadh a lamháil ina n-aghaidh nó faoiseamh uathu a thabhairt don léasaí ar shlí eile, déanfar gach cíos is iníoctha faoin léas in aghaidh tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó dáta dá éis a laghdú—

(a) i gcás cíosa bhliantúil, méid is comhionann leis an méid de na rátaí (seachas ráta dealúis) a bheas gearrtha ag an údarás uirbeach i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós i dtosach feidhme an ailt seo, agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas, agus

(b) i gcás aon chíosa seachas cíos bliantúil, méid a mbeidh idir é agus na rátaí (seachas ráta dealúis) a bheas gearrtha ag an údarás uirbeach i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil sin agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse ar dá réir a ríomhtar an cíos sin agus bliain.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “léas” aon chonradh tionóntachta, i scríbhinn nó ó bhéal, trína gcruthnaítear coibhneas thiarna talún agus tionónta, agus folaíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” faoi seach tiarna talún na tionóntachta sin agus an tionónta faoin tionóntacht sin.

Rátú cineálacha áirithe maoine i líomatáiste uirbeach.

21. —(1) Chun an ráta bardasach a mheisiúnú agus a thobhach ar oidhreachtán i líomatáiste uirbeach is buirg agus a háirítear i gcineál acu sin a luaitear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is tuigthe luacháil an oidhreachtáin a bheith arna laghdú go dtí an chionúireacht, a sonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin maidir leis an gcineál sin, de luacháil iarbhír an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála.

(2) Chun an ráta bardasach a mheisiúnú agus a thobhach ar oidhreachtán i líomatáiste uirbeach nach buirg agus a háirítear i gcineál acu sin a luaitear sa dara colún de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is tuigthe luacháil an oidhreachtáin a bheith arna laghdú go dtí an chionúireacht, a sonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin maidir leis an gcineál sin, de luacháil iarbhír an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála.

(3) Beidh éifeacht ag Cuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, maidir le hoidhreachtán is talamh talmhaíochta do réir bhrí an Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) , i leith an chéad sé bliana airgeadais áitiúla a bheas an t-alt seo i bhfeidhm, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(a) i gcás an chéad bhliain de na blianta sin, is tuigthe gur sé fichiú an chionúireacht den luacháil a sonraítear sa chéad cholún den Chuid sin,

(b) i gcás an dara bliain de na blianta sin, is tuigthe gur seacht bhfichiú an chionúireacht sin,

(c) i gcás an tríú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur ocht bhfichiú an chionúireacht sin,

(d) i gcás an ceathrú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur naoi bhfichiú an chionúireacht sin,

(e) i gcás an cúigiú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur deich bhfichiú an chionúireacht sin,

(f) i gcás an séú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur aon fhichiú dhéag an chionúireacht sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo ná ní oibreoidh sé chun an luach bliantúil a laghdú ar dá réir a mbeidh an cháin i leith aon oidhreachtáin faoi Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, le fionnadh.

Iasachta láithreacha údaráis uirbigh.

22. —(1) Aon iasacht ar údarás uirbeach is iarrthach maidir léi agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina muirear ar ráta a scoirfeas faoi alt 19 den Acht seo de bheith intobhaigh, beidh sí ina muirear ar an ráta bardasach.

(2) Aon iasacht ar údarás uirbeach is iarrthach maidir léi agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina muirear ar chiste a cothabháladh as an toradh ó ráta a scoirfeas faoi alt 19 den Acht seo de bheith intobhaigh, beidh sí ina muirear ar an gciste bardasach.

Rátaí ar áitribh folamha i líomatáiste uirbeach.

23. —(1) I gcás oidhreachtáin atá i líomatáiste uirbeach agus nach teach cónaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), a bheith neamháitithe tráth an ráta bhardasaigh a ghearradh, gearrfar an ráta sin ar an duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt seo) a bheas de thuras na huaire i dteideal an t-oidhreachtán a áitiú agus, ar an ráta sin a bheith íoctha ag an únaer, beidh sé i dteideal aisíoc an dóú cuid déag den ráta sin a éileamh agus a fháil ó údarás uirbeach an líomatáiste uirbigh in aghaidh gach mí iomláin (arna áireamh ó lá ar bith in aon mhí go dtí cothrom an lae sin sa chéad mhí ina dhiaidh) a bheas an t-oidhreachtán neamháitithe d'fhonn méadú, athrú nó deisiú a dhéanamh air nó toisc gan é a bheith bona fide ar chumas an únaera tionónta oiriúnach a fháil dó, i gcás oidhreachtáin lena mbaineann an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , de thuras na huaire, ar an gcíos uasta a bheas ceadaithe de thuras na huaire faoin Acht sin nó, i gcás aon oidhreachtáin eile, ar chíos réasúnach.

(2) I gcás—

(a) ina ngearrfar ráta de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, agus

(b) ina ndéanfaidh an t-únaer nó ina ndéanfar thar a cheann an t-oidhreachtán a ligean ina dhiaidh sin, agus

(c) ina mbeidh an ráta nó aon chuid de i riaráiste agus gan íoc,

féadfaidh an bailitheoir rátaí ag a mbeidh an ráta inbhailithe, i dteannta aon chórach eile agus gan dochar d'aon chóir eile chun an méid den ráta a bheas i riaráiste agus gan íoc amhlaidh a aisghabháil, fógra a sheirbheáil i bpearsain nó leis an bpost ar áititheoir an oidhreachtáin ag luadh an méid sin atá i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an áititheoir an cíos go léir a bheas dlite uaidh an uair sin nó a thiocfas chun bheith dlite uaidh ina dhiaidh sin i leith an oidhreachtáin a íoc leis an mbailitheoir rátaí nó lena chomharba oifige go dtí go mbeidh an méid sin fuascailte tríd an íocaíocht sin nó ar shlí eile, agus air sin beidh ag an mbailitheoir rátaí nó ag a chomharba oifige an t-aon-cheart chun an cíos go léir a cheanglós an fógra a íoc leis a aisghabháil agus a ghlacadh agus cúiteántas maith a thabhairt ann.

(3) Aon ráta a gearrfar de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin aon earráide nó easnaimh i mbreacadh ainme an únaera ná de bhíthin an tuairisc “an t-únaer” a úsáid gan aon ainm ná sonra a chur leis, agus beidh an ráta inaisghabhála ón únaer d'ainneoin aon earráide nó easnaimh den tsórt sin nó aon tuairisc den tsórt sin a úsáid.

Cosaint do bhuirg Dhún Laoghaire.

24. —Ní bheidh feidhm ag ailt 15 go 23 den Acht seo maidir le buirg Dhún Laoghaire ná maidir le bardas na buirge sin.

Forála maidir leis an deontas talmhaíochta.

25. —(1) I gcás aon chuid den deontas talmhaíochta a bheith iníoctha, sa bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag comhairle chontae le comhairle cheantair uirbigh, déanfaidh an chomhairle chontae sin, gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, méid is comhionann leis an gcuid sin a íoc leis an gcomhairle cheantair uirbigh sin as an deontas talmhaíochta agus air sin íocfar an méid sin isteach sa chiste bardasach.

(2) Íocfar isteach sa chiste bardasach aon chuid den deontas talmhaíochta a thiocfas chun bheith iníoctha tar éis tosach feidhme an ailt seo le húdarás uirbeach faoi fho-alt (1) d'alt 5 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 ( Uimh. 23 de 1939 ).

(3) San alt seo, tá leis an abairt “an deontas talmhaíochta” an bhrí atá léi san Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) .

Costais na gcoimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach.

26. —(1) An t-airgead is gá faoi chomhair costas na gcoimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach, déanfaidh comhairle na contae ina mbeidh an baile é a sholáthar do na coimisinéirí ar mheastachán agus foréileamh blíantúil a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe.

(2) Aon tsuim a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, dlite do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach agus gan íoc leo i leith rátaí, tiocfaidh sí chun bheith sí ina suim a bheas dlite do chomhairle na contae ina mbeidh an baile agus gan íoc leo agus beidh sí inaisghabhála ag an gcomhairle sin nó thar a gceann trí aicsean, tocsal nó ar shlí eile, amhail is dá mbeadh sí dlite don chomhairle sin agus gan íoc leo i leith rátaí a ghearradar faoi chomhair foréilimh bhliantúil ó na coimisinéirí sin a rinneadh de bhun fo-ailt (1) den alt seo, agus déanfar an tsuim sin, ar í a aisghabháil amhlaidh, a úsáid amhail is dá mba i leith rátaí a gearradh mar adúradh a haisghabhadh í.

(3) Duine ar bith—

(a) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige mar bhailitheoir rátaí faoi choimisinéirí baile, agus

(b) a bhí i seilbh na hoifige sin ar feadh deich mbliana ar a laghad, agus

(c) ná fuil i dteideal, faoi achtachán ar bith seachas an fo-alt seo, cúiteamh a fháil toisc deireadh a chur leis an oifig sin,

íocfaidh na coimisinéirí sin leis i ngeall ar dheireadh a chur leis an oifig sin, aisce is comhionann—

(i) leis an gcúigiú cuid déag dá thuarastal agus sochar oifige bliantúil, do réir bhrí Coda IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , i leith na hoifige sin in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís, nó

(ii) leis an tuarastal agus an sochar oifige bliantúil sin, pé acu sin is lú.

(4) Duine ar bith a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo—

(a) i seilbh oifige mar bhailitheoir rátaí faoi choimisinéirí baile, agus

(b) i seilbh oifige nó oifigí eile freisin faoi na coimisinéirí sin nó faoi aon údarás áitiúil eile, agus

(c) a thug iomlán a chuid ama do dhualgais na n-oifigí sin uile, agus

(d) a bhí ina oifigeach inphinsin chun críocha Coda IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ,

is tuigthe chun críocha na Coda sin IV, faid a leanfas sé i seilbh na hoifige nó na n-oifigí eile sin, é do thabhairt iomlán a chuid ama do dhualgais na hoifige nó na n-oifigí eile sin (do réir mar a bheas).

Iasachta do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach.

27. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, le toiliú an Aire, airgead a fháil ar iasacht ar urrús an ráta chontae chun go dtabharfaidís ar iasacht, do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach agus atá sa chontae, aon tsuimeanna a theastós ó na coimisinéirí chun aon chumhachta, feadhma nó dualgais dá gcuid a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(2) Má bhíonn suim, arb é atá inti cuid d'iasacht a thug comhairle chontae de bhun an ailt seo de choimisinéirí baile nó ús ar aon iasacht den tsórt sin, gan áireamh ag na coimisinéirí sa bhforéileamh iomchuí faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht seo, is tuigthe an tsuim sin a bheith arna háireamh sa bhforéileamh agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (4) d'alt 10 den Acht seo.

(3) Aon iasacht, arb iad na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach is iarrthach ina leith agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina muirear ar ráta a scoirfeas de bheith intobhaigh, de bhuaidh ailt 60 go 65 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, a athghairm leis an Acht seo, beidh sí ina muirear ar ráta contae na contae ina mbeidh an baile.

Cíos a choigeartú i gcásanna áirithe i mbaile.

28. —(1) I gcás oidhreachtán i mbaile nach ceantar uirbeach a bheith, ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar seilbh (i dteannta nó d'éagmais áitreabh eile) faoi léas a cheanglas ar an léasóir aon rátaí a bheas gearrtha ag coimisinéirí an bhaile agus is iníoctha i leith an oidhreachtáin a íoc nó asbhaint nó comhloghadh a lamháil ina n-aghaidh nó faoiseamh uathu a thabhairt don léasaí ar shlí eile, déanfar gach cíos is iníoctha faoin léas in aghaidh tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó dáta dá éis a laghdú—

(a) I gcás cíosa bhliantúil, méid is comhionann leis an méid de na rátaí a bheas gearrtha ag coimisinéirí an bhaile i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós i dtosach feidhme an ailt seo agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas, agus

(b) i gcás aon chíosa seachas cíos bliantúil, méid a mbeidh idir é agus na rátaí a bheas gearrtha ag coimisinéirí an bhaile i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil sin agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse ar dá réir a ríomhtar an cíos sin agus bliain.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “léas” aon chonradh tionóntachta, i scríbhinn nó ó bhéal, trína gcruthnaítear coibhneas thiarna talún agus tionónta, agus folaíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” faoi seach tiarna talún na tionóntachta sin agus an tionónta faoin tionóntacht sin.

Ráta a ghearradh.

29. —Déanfaidh údarás rátúcháin, díreach roimh thosach nó i dtosach gach bliana airgeadais áitiúla, aon ráta amháin a ghearradh d'iomlán na bliana airgeadais áitiúla agus baileoid an ráta sin ina dhá leath chothroma, leath amháin acu sin in aghaidh gach leithbhliana den bhliain airgeadais áitiúil sin.

Rátaí neamhdhóthaineacha.

30. —(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis an ráta sa phunt den ráta do bhliain airgeadais áitiúil a bheith arna chinneadh ag údarás rátúcháin, go bhfeicfear don Aire gur dócha an ráta sin do réir an ráta sin sa phunt a bheith neamhdhóthaineach faoi chomhair na coda is iníoctha as rátaí de na costais faoina raghaidh an t-údarás rátúcháin sa bhliain airgeadais sin—

(a) chun na seirbhísí poiblí a mbeidh an t-údarás rátúcháin freagarthach iontu a chothabháil do réir chaighdeáin réasúnta, agus

(b) chun aon tsuimeanna a íoc le haon chomhlacht eile a mbeidh ar an údarás rátúcháin iad a íoc leis an gcomhlacht sin,

féadfaidh an tAire, tar éis fiosrúchán áitiúil i dtaobh dóthaineachta an ráta sin a chur á dhéanamh ag duine dá chigirí, a cheangal ar an údarás rátúcháin an cinneadh sin a chúlghairm agus ráta nua sa phunt a chinneadh don ráta sin nó (más caothúla é mar gheall ar aon bhearta a bheith déanta cheana chun an ráta sin a ghearradh, a thobhach nó a bhailiú) ráta sa phunt de ráta forlíontach a chinneadh in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla sin.

(2) Laistigh de cheithre lá déag tar éis rúnaí nó cléireach údaráis rátúcháin d'fháil fhógra go ndearnadh ceanglas faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an t-údarás rátúcháin do réir an cheanglais sin.

(3) Má chinneann údarás rátúcháin, de bhun ceanglais faoi fho-alt (1) den alt seo, ráta sa phunt de ráta forlíontach, beidh de dhualgas ar an údarás rátúcháin an ráta forlíontach sin a ghearradh, a thobhach, a bhailiú agus a aisghabháil.

(4) I gcás údarás rátúcháin a ndéanfar ceanglas ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo do chinneadh agus do ghearradh, de bhun an ordacháin—

(a) ráta nua sa phunt de ráta, nó

(b) ráta sa phunt de ráta forlíontach,

is dóigh leis an Aire a bheith neamhdhóthaineach, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an údaráis rátúcháin a chur as oifig.

(5) Chun críocha Coda IV d'Acht 1941, is tuigthe gur ordú faoi alt 44 den Acht sin, arna leasú leis an Acht seo, ordú faoi fho-alt (4) den alt seo agus is tuigthe gur cur as oifig faoin alt sin cur na gcomhaltaí den údarás rátúcháin iomchuí as oifig.

(6) Má cheapadh duine nó daoine faoi Chuid IV d'Acht 1941 chun bheith ina choimisinéir nó ina gcoimisinéirí d'údarás rátúcháin ar cuireadh a chomhaltaí as oifig, féadfaidh an duine nó na daoine sin cúlghairm a dhéanamh ar aon chinneadh ag an údarás rátúcháin ar ráta sa phunt de ráta don bhliain airgeadais áitiúil reatha nó don chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin a rinneadh sar ar ceapadh é nó iad (pé acu céadchinneadh ráta sa phunt é nó cinneadh an ráta sa phunt de ráta nua nó cinneadh an ráta sa phunt de ráta forlíontach) agus féadfaidh an ráta sa phunt den ráta sin a chinneadh amhail is ná beadh aon chinneadh roimhe sin déanta nó féadfaidh ráta sa phunt de ráta forlíontach a chinneadh don bhliain airgeadais áitiúil sin agus féadfaidh an ráta forlíontach sin a ghearradh, a thobhach a bhailiú agus a aisghabháil.

(7) An dlí a bhaineas le cinneadh an ráta sa phunt de ráta ag údarás rátúcháin beidh feidhm aige, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cinneadh an ráta sa phunt d'aon ráta de bhun an ailt seo.

(8) An dlí a bhaineas le gearradh, tobhach, bailiú agus aisghabháil rátaí ag údarás rátúcháin, beidh feidhm aige, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le gearradh, tobhach, bailiú agus aisghabháil aon rátaí de bhun an ailt seo.

(9) Má éiríonn aon deacracht maidir leis an ráta sa phunt d'aon ráta a chinneadh de bhun an ailt seo nó maidir le haon ráta a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a aisghabháil de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, gach beart agus gach ní a dhéanamh is dóigh leis is gá chun an deacracht sin a shárú.

Rátaí baile do 1946-1947 a dhéanamh bailí.

31. —Ní bheidh ráta a ghearr Coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1946, neamhbhailí toisc nár comhlíonadh alt 172 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, alt a cúlghairmtear leis an Acht seo.

An ráta sa phunt a chinn comhairle chontae do 19461947 a laghdú.

32. —Ní bheidh an ráta dealúis a ghearr comhairle chontae don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1946, neamhbhailí toisc gur tharla, tar éis an chruinnithe mheastacháin, a tionóladh faoi alt 24 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), agus ag ar chinn an chomhairle sin an ráta sa phunt a bhí le tobhach chun bóithre a dhéanamh agus a chothabháil, go ndearna an chomhairle sin, in oirchill ar mhéadú sna fáltais i bhfoirm deontais as an Ród-Chiste, an ráta sin sa phunt a laghdú agus an ráta dealúis don bhliain sin a ghearradh dá réir sin.

Ceantair bhailiúcháin líomatáiste rátaithe á athrú.

33. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an roinnt ina cheantair bhailiúcháin atá déanta ar líomatáiste rátaithe a athrú nó, i gcás líomatáiste rátaithe arb aon cheantar bailiúcháin amháin é, an líomatáiste sin a roinnt ina dhá cheantar bhailiúcháin nó níos mó agus, sa chéad chás, féadfaidh go háirithe, leis an ordú, an méid ceantar bailiúcháin sa líomatáiste rátaithe a mhéadú nó a laghdú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, socrú a dhéanamh i gcóir pé aistrithe (más ann) ar bhailitheoirí rátaí don údarás rátúcháin iomchuí a mheasfas sé is gá nó is fóirstineach de dhroim an orduithe.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “líomatáiste rátaithe” an líomatáiste a mbeidh cumhacht ag údarás rátúcháin rátaí a thobhach ann,

ciallaíonn an abairt “ceantar bailiúcháin” an líomatáiste a mbeidh bailitheoir rátaí d'údarás rátúcháin ceaptha dhó.

Srian le feidhm an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928, agus le hairgead áirithe a íoc le húdaráis rátúcháin a airbheartós a bheith arna bhailiú faoin Acht sin i leith rátaí.

34. —(1) Aon oidhreachtán a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina thigh cónaithe beag do réir bhrí Achta 1928 maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, ní bheidh sé, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin, ina thigh cónaithe beag do réir bhrí Achta 1928 más rud é, ar an 1ú lá d'Aibreán sa bhliain airgeadais áitiúil sin, gur údarás Stáit is únaer ar an oidhreachtán sin do réir bhrí an Achta sin.

(2) I gcás ina ndearnadh gála cíosa, a d'íoc áititheoir oidhreachtáin roimh an Acht seo a rith le húdarás Stáit, a mhéadú, i gcomhlíonadh airbheartaithe ailt 6 d'Acht 1928, de shuim (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt seo) a airbheartaíos a bheith ag freagairt do chuid de ráta a airbheartaíos a bheith arna ghearradh i leith an oidhreachtáin sin faoi alt 4 d'Acht 1928 chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúla áirithe, ansin, mura ndearna an t-údarás Stáit sin an bhreis a aisiriú don áititheoir sin roimh an Acht seo a rith, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an t-údarás Stáit sin an bhreis a íoc leis an údarás rátúcháin a ghearr an ráta sin,

(b) ar an mbreis a íoc amhlaidh leis an údarás rátúcháin sin, is tuigthe í a bheith arna híoc ag an údarás Stáit sin, ar an áititheoir sin dá iarraidh sin, i leith ráta a gearradh go dleathach ar an áititheoir sin i leith an oidhreachtáin sin chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla sin.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) ;

ciallaíonn an abairt “údarás Stáit” aon údarás acu seo a leanas—

(a) Aire Stáit, nó

(b) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

(d) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

CUID III.

Oifigi agus Fostaiochta faoi Udarais Áitiúla.

Mínithe do Chuid III.

35. —Sa Chuid seo den Acht seo, tá leis na habairtí “an tAire oiriúnach” agus “údarás áitiúil” agus leis na focail “mór-oifig” agus “oifig” na bríonna faoi seach atá leo i gCuid II d'Acht 1941.

Oifigí a chomhnascadh.

36. —(1) Más é an t-aon Aire amháin is Aire oiriúnach maidir le haon oifigí áirithe, féadfaidh an tAire sin, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla lena mbainfidh, na hoifigí a chomhnascadh trí ordú, agus air sin is tuigthe chun gach críche gurb aon oifig amháin, faoi pé teideal (más ann) a sonrófar san ordú, na hoifigí sin.

(2) Ní comhnascfar oifigí faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh gach oifig acu folamh, nó

(b) gurb é an t-aon duine amháin a bheas i seilbh gach oifige acu, nó

(c) má bhíonn oifig amháin acu gan bheith folamh, go dtoileoidh sealbhóir na hoifige sin le déanamh an orduithe, nó

(d) in aon chás eile, gurb é an t-aon duine amháin a bheas i seilbh gach oifige acu sin ná beidh folamh agus go dtoileoidh an duine sin le déanamh an orduithe.

(3) I gcás gan gach aon cheann d'oifigí a comhnascfar faoin alt seo a bheith faoin aon údarás áitiúil amháin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is é a dhéanfas ceapacháin chun na hoifige comhnasctha ná pé ceann de na húdaráis áitiúla iomchuí a shonrós an tAire oiriúnach le hordú,

(b) beidh sealbhóir na hoifige comhnasctha i dteideal luach saothair a fháil, do réir mar a fhorálfas an tAire oiriúnach le hordú, i leith gach ceann de na hoifigí a bheas comhnasctha amhlaidh ón údarás áitiúil faoina sealbhófar í nó d'eile i leith na hoifige comhnasctha ó na húdaráis áitiúla iomchuí i gcionúireachta sonraithe,

(c) féadfaidh an tAire oiriúnach a fhoráil, le hordú, gur ceann áirithe de na húdaráis áitiúla iomchuí a íocfas le sealbhóir na hoifige comhnasctha iomlán an luach saothair chun a mbeidh teideal ag an sealbhóir i leith gach ceann de na hoifigí a bheas comhnasctha amhlaidh nó i leith na hoifige comhnasctha (do réir mar bheas), agus go dtabharfar don údarás áitiúil sin—

(i) más dhá údarás áitiúla iomchuí a bheas ann, aisíoc ón údarás áitiúil iomchuí eile sa chuid den luach saothair sin is iníoctha acu, agus

(ii) más trí údaráis áitiúla iomchuí nó níos mó a bheas ann, aisíoc ó na húdaráis áitiúla iomchuí eile sna coda den luach saothair sin is iníoctha acu faoi seach,

(d) aon tsuim is inaisíoctha faoi ordú arna dhéanamh faoi mhír (c) den fho-alt seo le húdarás áitiúil ó údarás áitiúil eile féadfaidh an t-údarás a céadluaitear í a aisghabháil ón údarás eile mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, cúlghairm nó leasú a dhéanamh ar ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt seo.

(5) Aon ordú a rinneadh faoi alt 32 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1941 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm agus is tuigthe é a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus é a bheith inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin.

Mná pósta d'fhanúint i seilbh oifige.

37. —I gcás ina raibh sna coinníollacha a bhain le ceapachán a rinneadh chun oifige tráth ar bith (lena n-áirítear tráth roimh thosach feidhme Coda II d'Acht 1941 nó tráth dá éis sin) roimh thosach feidhme an ailt seo coinníoll go gcaithfeadh aon bhean a ceapfaí éirí as an oifig sin ar phósadh dhi nó aon choinníoll dá samhail sin, is tuigthe, chun críocha ailt 24 d'Acht 1941, gur dearbhú é sin arna dhéanamh faoi Chuid II d'Acht 1941 roimh an gceapachán a dhéanamh gur cháilíocht don oifig sin go gcaithfeadh aon bhean a shealbhódh í a bheith gan pósadh nó ina baintreach.

Comhlíonadh dualgas oifige trí ionadaí.

38. —(1) Más dóigh leis an Aire oiriúnach nach féidir nó nár cheart, mar gheall ar thosca speisialta, do shealbhóir oifige áirithe dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh i bpearsain ar feadh tréimhse áirithe, féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, a údarú don tsealbhóir dualgais na hoifige a chomhlíonadh trí ionadaí ar feadh na tréimhse sin.

(2) Ní fhanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí ach féadfar ordú nó orduithe eile a chur ina ionad más deimhin leis an Aire oiriúnach go bhfuil na tosca speisialta ann fós.

(3) Má déantar ordú faoin alt seo á údarú do shealbhóir oifige dualgais na hoifige a chomhlíonadh trí ionadaí ar feadh tréimhse ar bith, déanfaidh ionadaí a ainmneos an sealbhóir le haontú an Aire oiriúnaigh na dualgais a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse sin.

(4) Sar a n-aontóidh an tAire oiriúnach faoi fho-alt (3) den alt seo le hainmniú ionadaí, déanfaidh sé deimhin de go bhfuil ag an ionadaí na cáilíochta (más ann) is gá do shealbhóirí na hoifige a bheas i gceist agus an t-eolas agus an inniúlacht chun na dualgais sin a chomhlíonadh go cuí.

(5) Féadfaidh an tAire oiriúnach aontú a bheas tugtha faoi fho-alt (3) den alt seo a tharraing siar agus air sin beidh deireadh leis an ainmniú dob abhar don aontú.

(6) Más gá, chun críche aon achtacháin nó orduithe, go ndéanfadh sealbhóir oifige aon ordú nó go dtabharfadh sé aon deimhniú, aontú nó ceadú nó go ndéanfadh sé aon ghníomh eile, beidh an t-ordú, an deimhniú, an t-aontú, an ceadú, nó an gníomh sin, arna dhéanamh nó arna thabhairt ag ionadaí a bheas ainmnithe faoi fho-alt (3) den alt seo i rith tréimhse a mbeidh údarás ar a feadh, le hordú faoin alt seo, ag an sealbhóir chun dualgais na hoifige a chomhlíonadh trí ionadaí, chomh bailí chun gach críche agus dá mba é an sealbhóir féin a rinne nó a thug é.

Srian le hoifigigh do ghabháil do ghnóthaí sochair eile.

39. —(1) Más dóigh leis an Aire é a bheith neamhfhóirstineach, mar gheall ar nádúir nó réim dualgas oifige, sealbhóir na hoifige sin do ghabháil d'aon ghnó sochair eile gan cead ón údarás áitiúil a dhéanas ceapacháin don oifig sin agus toiliú an Aire a bheith aige, féadfaidh an tAire ordachán sa chéill sin a thabhairt agus beidh éifeacht ag an ordachán sin do réir a théarmaí.

(2) Féadfaidh an tAire aon ordachán a bheas tugtha faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

Alt 21 d'Acht 1941 a leasú.

40. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt seo a leanas á chur i ndeireadh an ailt sin:—

“(11) Má dhéanann an tAire oiriúnach cáilíochta le haghaidh oifige sonraithe arb é is Aire oiriúnach maidir léi a dhearbhú faoin alt seo, ní shocróidh an t-údarás áitiúil iomchuí aon cháilíochta breise le haghaidh na hoifige sin gan an tAire oiriúnach do thoiliú chuige sin.”

Fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1941 a leasú.

41. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1941 tríd an bhfocal “oiriúnaigh” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “Aire” sa dara háit a bhfuil an focal deiridh sin.

Luach saothair seirbhíseach agus luach saothair oifigeach áirithe.

42. —(1) San alt seo, léireofar an focal “fostaíocht” mar fhocal a fholaíos, maraon le fostaíocht sheirbhísigh d'údarás áitiúil, oifig seachas mór-oifig.

(2) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil—

(a) luach saothair a íoc i leith fostaíochta a bhí ag duine ar bith díreach roimh an 26ú lá de Lúnasa, 1942, mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta nach mó ná an ráta ar dá réir a d'íocadar luach saothair i leith na fostaíochta díreach roimh an dáta sin nó do réir ráta is airde ná sin a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach, ná

(b) luach saothair a íoc i leith fostaíochta de chineál a bheas comhchosúil le cineál ina raibh daoine ar fostú acu díreach roimh an 26ú lá de Lúnasa, 1942, mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta nach mó ná an ráta ar dá réir a d'íocadar luach saothair i leith fostaíochta den chineál sin díreach roimh an dáta sin nó do réir ráta is airde ná sin a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach, ná

(c) luach saothair a íoc le duine a fostófar nó a ceapfar tar éis tosach feidhme an ailt seo chun folúntas a líonadh i bhfostaíocht ná beidh feidhm maidir léi ag mír (a) ná mír (b) den fho-alt seo mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta nach mó ná an ráta ar dá réir a d'íocadar luach saothair i leith na fostaíochta díreach roimh an bhfolúntas a tharlachtain nó do réir ráta is airde ná sin a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach, ná

(d) luach saothair a íoc i leith fostaíochta ná beidh feidhm maidir léi ag mír (a), mír (b) ná mír (c) den fho-alt seo mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach.

(3) Féadfaidh an tAire oiriúnach tráth ar bith ceadú a bheas tugtha aige chun críocha fo-ailt (2) den alt seo a chúlghairm.

(4) Má bhíonn an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 216), 1942 (R. & O. R., Uimh. 433 de 1942), cúlghairmthe ar dháta thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh ceadú a thug an tAire chun críocha Airteagail 3 den Ordú sin de bheith i bhfeidhm agus is tuigthe gur ceadú é a thug an tAire chun críocha fo-ailt (2) den alt seo agus féadfar é a chúlghairm dá réir sin.

CHUID IV.

Droichid, Tarbhealai agus Tollain a Fhoirgniu agus a Athfhoirgniu.

Mínithe do Chuid IV.

43. —Sa Chuid seo den Acht seo—

an droichead.

ciallaíonn an abairt “an droichead” an droichead, an tarbhealach nó an tollán lena mbaineann an t-Ordú droichid;

an t-ordú droichid.

ciallaíonn an abairt “an t-ordú droichid” an t-ordú iomchuí a hiarrfar faoi alt 44 den Acht seo nó a déanfar faoi alt 48 den Acht seo;

foirgniú.

folaíonn aon tagairt don droichead a fhoirgniú tagairt d'aon fhoirgniú nó athfhoirgniú iarmartach a dhéanamh ar bhóthar nó ar chuid de bhóthar i gcomharsanacht an droichid;

an t-údarás déanmhach.

ciallaíonn an abairt “an t-údarás déanmhach” an t-údarás bóthar dá n-ordófar faoi alt 50 den Acht seo an obair a dhéanamh;

an fiosrúchán.

ciallaíonn an abairt “an fiosrúchán” an fiosrúchán áitiúil a cuirfear ar siúl de bhun ailt 47 den Acht seo tar éis an réamh thuarascáil a bhreithniú;

na pleananna.

ciallaíonn an abairt “na pleananna” na pleananna, arna gceadú ag an Aire faoi alt 51 den Acht seo, chun an obair a dhéanamh;

an réamhthuarascáil.

ciallaíonn an abairt “an réamhthuarascáil” an réamhthuarascáil maidir leis an ordú droichid a bhéarfar de bhun ordacháin faoi alt 46 den Acht seo;

athfhoirgniú.

folaíonn aon tagairt don droichead a athfhoirgniú tagairt d'aon athfhoirgniú nó foirgniú iarmartach a dhéanamh ar bhóthar i gcomharsanacht an droichid;

an obair.

ciallaíonn an abairt “an obair” foirgniú nó athfhoirgniú an droichid.

Iarratas ar ordú droichid.

44. —(1) Más dóigh le húdarás bóthar é a bheith fóirstineach, chun cumarsáidí bóthar idir áiteanna laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin nó idir áiteanna laistigh den líomatáiste sin agus áiteanna lasmuigh dhe a fheabhsú nó chun cumarsáidí bóthar tríd an líomatáiste sin a fheabhsú, droichead is cuid de bhóthar nó tarbhealach is cuid de bhóthar nó tollán a ngabhann bóthar tríd nó a bhfuil beartaithe bóthar do ghabháil tríd (lena n-áirítear aon droichead nó tarbhealach nó tollán den tsórt sin atá i bpáirt nó go hiomlán lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin) a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, féadfaid ordú a iarraidh ar an Aire á shocrú an foirgniú nó an t-athfhoirgniú sin (pé acu é) a dhéanamh.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta déanamh an iarratais ar an ordú droichid.

(3) Ineosfar san iarratas ar an ordú droichid cad é cineál na hoibre agus cad é an tslí ina bhfeabhsófar cumarsáidí bóthar dá thairbhe agus féadfar tograí a dhéanamh ann i dtaobh glanadh costas na hoibre agus i dtaobh cothabhála an droichid ag dhá údarás bhóthar nó níos mó.

Comhchoiste d'údaráis bhóthar a cheapadh chun tograí le haghaidh iarratais ar ordú droichid a bhreithniú, etc.

45. —(1) Féadfaidh aon dá údarás bhóthar nó níos mó, le rún faoin alt seo arna rith ag gach ceann de na húdaráis sin, comhchoiste dá gcomhaltaí a bhunú chun tograí a bhreithniú d'iarratas ar ordú droichid a bheas le déanamh ag aon cheann de na húdaráis bhóthar sin agus chun é a chur in usacht toiliú a fháil ó gach údarás bóthar acu sin le téarmaí iarratais den tsórt sin.

(2) Aon rún a rithfeas gach údarás faoi leith d'údaráis bhóthar éagsúla faoin alt seo, luafar ann—

(a) nádúir agus cuspóir ginearálta na hoibre,

(b) an méid comhaltaí ó gach údarás bóthar faoi leith acu sin atá le bheith ina gcomhaltaí den chomhchoiste a bunaítear leis an rún, agus

(c) an tslí ina mbeidh na costais faoina raghaidh an comhchoiste sin le glanadh ag na húdaráis bhóthar éagsúla.

(3) Déanfaidh comhchoiste de dhá údarás bhóthar nó níos mó a bunófar le rún faoin alt seo tograí a bhreithniú don iarratas ar ina leith a bheid bunaithe amhlaidh agus bhéarfaid do gach údarás bóthar acu sin tuarascáil ina leagfar amach na téarmaí inar cheart, dar leo, an t-iarratas sin a dhéanamh agus, chun críocha an bhreithnithe agus na tuarascála sin, beidh feidhm ag alt 54 den Acht seo amhail is dá mba údarás bóthar an coiste.

(4) Na costais faoina raghaidh comhchoiste a bheas bunaithe faoin alt seo, ag dhá údarás bhóthar nó níos mó, glanfaidh na húdaráis sin iad sa tslí a bheas sonraithe sa rún lenar bunaíodh an coiste sin.

(5) Is tuigthe, chun críocha an ailt seo, údarás cuain do réir bhrí an Achta Chuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ), a bheith ina údarás bóthar.

Réamhthuarascáil.

46. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú don údarás bóthar a rinne an t-iarratas ar an ordú droichid nó d'aon údarás bóthar eile réamhthuarascáil a ullmhú agus a thabhairt dó ar aon nithe a mheasfas sé ba chóir a scrúdú sar a ngéillfear nó a diúltófar don iarratas, lena n-áirítear, go háirithe, aon ní nó nithe acu seo a leanas:—

(a) indéantacht na hoibre,

(b) costas dóchúil na hoibre,

(c) an modh is fearr chun an obair a dhéanamh,

(d) más é foirgniú an droichid an obair a bheas ann, an suíomh is fearr don droichead.

(2) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo d'údarás bóthar ná dearna an t-iarratas ar an ordú droichid ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás bóthar sin.

(3) Má thugann an tAire ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo d'údarás bóthar, bhéarfaidh sé go gcuirfear fógra i dtaobh an ordacháin leis an bpost go dtí gach údarás bóthar eile, más ann, a dtogrófar san iarratas ar an ordú droichid costais a bhainfeas leis an obair a bheith le glanadh acu.

(4) Aon údarás bóthar dá dtabharfar ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) comhlíonfaid an t-ordachán,

(b) déanfaid aon taighde (lena n-áirítear, go háirithe, suirbhéireachta, tástála agus tolladóireachta trialach) a mheasfaid is gá chun an réamhthuarascáil a ullmhú nó a cheanglós an tAire orthu a dhéanamh, pé acu roimh an réamhthuarascáil a thabhairt nó dá éis é,

(c) maidir le haon taighde den tsórt sin a cheanglós an tAire orthu a dhéanamh, cuirfid toradh an taighde in iúl don Aire.

Fiosrúchán áitiúil.

47. —(1) Tar éis dó an réamhthuarascáil a bhreithniú, féadfaidh an tAire fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl chun breithniú a dhéanamh ar an obair, ar an réamhthuarascáil agus ar aon eolas maidir leis an obair a tugadh don Aire de bhun míre (c) d'fho-alt (4) d'alt 46 den Acht seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi ndear go dtabharfar leis an bpost fógra seacht lá ar a laghad i dtaobh an fhiosrúcháin—

(a) don údarás bóthar a d'iarr an t-ordú droichid, agus

(b) do gach údarás bóthar eile ar dóigh leis go mba dhifir dóibh an t-ordú droichid a dhéanamh, agus

(c) i gcás an t-ordú droichid do bhaint le droichead nó tarbhealach thar iarnród nó uisce intseolta (lena n-áirítear canáil) nó le tollán faoi aon cheann acu sin, don Aire Tionnscail agus Tráchtála.

Ordú droichid a dhéanamh.

48. —(1) Faoi réir fo-alt (2) agus (4) den alt seo, féadfaidh an tAire an t-ordú droichid a dhéanamh i pé téarmaí is cuí leis.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú droichid mura rud é—

(a) gur thoiligh gach údarás bóthar lena mbaineann an t-ordú droichid leis an iarratas sin, nó

(b) go ndearnadh na nithe seo a leanas—

(i) go ndearnadh réamhthuarascáil a ullmhú agus a thabhairt faoi alt 46 den Acht seo, agus

(ii) go ndearnadh fiosrúchán áitiúil faoi alt 47 den Acht seo, agus

(iii) go ndearnadh fógra i dtaobh an fhiosrúcháin a thabhairt do gach údarás bóthar lena mbaineann an t-ordú, agus

(iv) go ndearna an tAire an tuarascáil ar an bhfiosrúchán a bhreithniú.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta údarás bóthar dá thoiliú ordú droichid do bhaint leis an údarás bóthar sin.

(4) Má bhaineann an t-ordú droichid le droichead nó tarbhealach thar iarnród nó uisce intseolta (lena n-áirítear canáil) nó le tollán faoi aon cheann acu sin, ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú sin ach amháin le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála.

Diúltú d'iarratas ar ordú droichid.

49. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú don iarratas ar an ordú droichid tráth ar bith i gcúrsa an iarratais, sé sin le rá, tar éis an t-iarratas a dhéanamh, tar éis an réamhthuarascáil a bhreithniú nó tar éis an tuarascáil ar an bhfiosrúchán a bhreithniú

(2) Má dhiúltaíonn an tAire don iarratas ar an ordú droichid tar éis dó an réamhthuarascáil nó an tuarascáil ar an bhfiosrúchán a bhreithniú, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal go ndéanfar ranníocaíocht i leith costas na réamhthuarascála (lena n-áirítear costas déanta an taighde a luaitear in alt 46 den Acht seo) leis an údarás bóthar a d'ullmhaigh an réamhthuarascáil ó aon údarás bóthar eile.

(3) Má ceangaltar faoi fho-alt (2) den alt seo ar aon údarás bóthar ranníocaíocht a dhéanamh le haon údarás bóthar eile, féadfaidh an t-údarás bóthar is déanaí a luaitear an ranníocaíocht a aisghabháil ón údarás bóthar a céadluaitear mar fhiach gnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

An t-údarás déanmhach.

50. —(1) Beidh san ordú droichid ordachán d'údarás bóthar an obair a dhéanamh do réir an orduithe dhroichid agus na Coda seo den Acht seo.

(2) Féadfaidh treoracháin nó coinníollacha a bheas le comhlíonadh ag an údarás déanmhach a bheith san ordú droichid.

Na pleananna.

51. —(1) Ullmhóidh an t-údarás déanmhach pleananna chun an obair a dhéanamh agus cuirfid faoi bhráid an Aire iad.

(2) Nuair a cuirfear pleananna faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire—

(a) na pleananna sin a cheadú, nó

(b) a cheangal ar an údarás déanmhach na pleananna sin a mhodhnú (trí bhreisiú, fágaint-ar-lár nó athrú) i slí shonraithe, nó

(c) a cheangal ar an údarás déanmhach pleananna nua a ullmhú.

(3) Má cuirtear pleananna faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo agus go mbeidh ceanglas faoi alt 53 den Acht seo san ordú droichid á cheangal ar údarás bóthar ranníocaíocht a íoc—

(a) bhéarfaidh an tAire go gcuirfear cóip de na pleananna sin leis an bpost chun an údaráis sin agus iarrfaidh orthu na pleananna sin a bhreithniú agus, más áil leo, a dtuairimí orthu a chur chuige laistigh d'am sonraithe,

(b) ní fheidhmeoidh an tAire na cumhachta a bheirtear dó le fo-alt (2) den alt seo go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar aon tuairimí ar na pleananna sin a chuirfeas an t-údarás sin chuige laistigh den am a bheas sonraithe amhlaidh.

(4) Má cheanglann an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo ar an údarás déanmhach pleananna a mhodhnú, modhnóidh an t-údarás déanmhach na pleananna sin do réir an cheanglais agus cuirfid faoi bhráid an Aire iad athuair agus air sin beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo amhail is dá mba den chéad uair a bhí na pleananna sin á gcur faoi bhráid an Aire.

(5) Má cheanglann an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo ar an údarás déanmhach pleananna nua a ullmhú, ullmhóidh an t-údarás déanmhach na pleananna sin agus cuirfid faoi bhráid an Aire iad agus air sin beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo amhail is dá mba den chéad uair a bhí na pleananna sin á gcur faoi bhráid an Aire

An obair a dhéanamh.

52. —(1) Déanfaidh an t-údarás déanmhach an obair do réir an orduithe dhroichid, na pleananna agus na Coda seo den Acht seo.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás déanmhach, nuair a bheas an obair á dhéanamh acu, claonadh ó na pleananna má thoilíonn an tAire leis sin.

(3) Chun an t-alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás déanmhach feadhma a fheidhmiú lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin, agus dá réir sin beidh acu agus beidh infheidhmithe acu lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin gach cumhacht (lena n-áirítear, go háirithe, cumhacht chun talamh a thógaint) atá ag údarás bóthar agus atá infheidhmithe acu laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin chun bóithre a fhoirgniú agus a chothabháil.

Ranníocaíocht i leith costas.

53. —(1) Féadfaidh foráil a bheith san ordú droichid á cheangal go mbeidh ranníocaíocht i leith ceachtar ní nó an dá ní acu seo leanas, sé sin le rá:

(a) costais na hoibre (lena n-áirítear costais ullmhuithe na réamhthuarascála agus costais an taighde dá dtagartar in alt 46 den Acht seo),

(b) na costais faoina raghfar i leith an droichid aon tráth tar éis an obair a dhéanamh,

le híoc leis an údarás bóthar a raghaidh faoi na costais sin ag aon údarás bóthar eile.

(2) Aon ranníocaíocht a ceanglófar a íoc faoi fho-alt (1) den alt seo féadfar í a luadh san ordú droichid ina suim chinnte nó trí thagairt do chionúireacht ainmnithe de na costais a bheas i gceist agus féadfar a shonrú gur in aon tsuim amháin nó ina tráthchoda a bheas sí le n-íoc.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, athrú a dhéanamh ar ranníocaíocht a ceanglófar a íoc faoi fho-alt (1) den alt seo.

(4) Má ceangaltar faoi fho-alt (1) den alt seo ar údarás bóthar ranníocaíocht nó tráthchuid de ranníocaíocht a íoc le húdarás bóthar eile, féadfaidh an t-údarás is déanaí a luaitear an ranníocaíocht nó an tráthchuid a aisghabháil ón údarás a céadluaitear mar fhiach gnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Dul isteach ar thalamh, etc.

54. —(1) Faoi réir forál an ailt seo agus gan dochar d'aon chumhacht eile, féadfaidh aon oifigeach nó gníomhaire d'údarás bóthar, a bheas údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás, dul isteach ar aon talamh idir a 9 a chlog a.m., agus a 6 a chlog p.m., lá ar bith chun aon dualgas a chomhlíonadh a cuirtear ar an údarás leis an gCuid seo den Acht seo.

(2) Duine a rachas isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá do réir réasúin chun na críche chun a raghaidh isteach agus, go háirithe, féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógaint, tomhais a shuíomh chun sreabhadh an uisce a thaispeáint, tochailt a dhéanamh agus doimhneas agus nádúir na fo-ithreach a scrúdú.

(3) Sar a raghaidh duine isteach ar aon talamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás bóthar ar le húdarás uathu a beartófar dul isteach ar an talamh toiliú an áititheora (i gcás tailimh áitithe) nó (i gcás tailimh neamháitithe) toiliú an únaera a fháil nó bhéarfaidh leis an bpost don tsealbhóir nó don únaer (pé acu é) fógra lae agus fiche ar a laghad go bhfuiltear chun dul isteach ar an talamh.

(4) Duine a mbeidh fógra go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh tugtha dhó faoin alt seo ag údarás bóthar, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an fógra a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar é do thabhairt fógra don údarás bóthar, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar ina mbeidh an talamh, ag iarraidh orduithe chun an dul isteach a thoirmeasc agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a bheas le comhlíonadh ag an duine a bheas ag dul isteach ar an talamh.

(5) Má thoirmisceann breitheamh den Chúirt Dúiche, faoin alt seo, dul isteach a beartófar a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin alt seo a bheas le comhlíonadh ag daoine a bheas ag dul isteach ar thalamh, comhlíonfaidh gach duine a bheas ag dul isteach faoin alt seo ar an talamh na coinníollacha a sonrófar amhlaidh.

(6) Duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh éinní a déanfar faoin alt seo ar aon talamh agus a chuirfeas, laistigh de mhí tar éis an ní sin a bheith déanta, chun an údaráis bhóthar ar le húdarás uathu a chuathas isteach faoin alt seo ar an talamh, éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnach a fháil ón údarás sa damáiste agus, mura n-íoctar an cúiteamh sin leis nuair a bheas comhaontú nó cinneadh déanta faoin alt seo i dtaobh a mhéid, é a aisghabháil ón údarás bóthar in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach ghnáthchonnartha.

(7) Cheal comhaontuithe, déanfar méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás bóthar faoin alt seo a chinneadh, mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin iardain) amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

(8) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, nuair a bheas aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear diúltú d'iarratas) á dhéanamh aige, a ordú, as a chomhairle féin, go mbeidh na costais, go dtí méid nach mó ná trí ghiní, faoina raghaidh aon pháirtí sna himeachta, maidir leis na himeachta, le n-íoc ag aon pháirtí eile iontu.

(9) Gach duine a dhéanfas, trí ghníomh nó neamhghníomh, oifigeach nó gníomhaire d'údarás bóthar a chosc go toiliúil agus na cumhachta a bheirtear leis an alt seo á bhfeidhmiú aige go dleathach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Cumhachta agus dualgais áirithe a aistriú chun an údaráis déanmhaigh.

55. —(1) Ar an obair a chríochnú, aistreofar chun an údaráis déanmhaigh aon chumhachta agus dualgais de chuid údaráis bhóthar seachas an t-údarás déanmhach maidir leis an droichead.

(2) Má bhíonn ag údarás bóthar, seachas an t-údarás déanmhach, cumhachta agus dualgais (lasmuigh de chumhachta agus dualgais faoin gCuid seo den Acht seo) maidir le haon chuid de bhóthar a bheas buailte leis an droichead, féadfaidh an tAire, le hordú, na cumhachta agus na dualgais sin a aistriú chun an údaráis déanmhaigh le héifeacht amhail ó dháta na hoibre a chríochnú.

(3) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir do cheart údaráis bhóthar chun ranníocaíocht nó tráthchuid de ranníocaíocht a aisghabháil ó údarás bóthar eile faoi alt 53 den Acht seo.

Páirteanna áirithe de Chuid IV a chur i mbaint le húdaráis chuain.

56. —(1) Aon uair a húdarófar d'údarás cuain, le hordú cuanoibreacha faoi Chuid VIII den Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) , an droichead a fhoirgniú nó a chothabháil—

(a) beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht seo (ach amháin ailt 58, 60 agus 61) amhail is dá mba údarás bóthar an t-údarás cuain sin,

(b) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 53 den Acht seo amhail is dá mba chuid de chostais na hoibre na costais faoina raghaidh an t-údarás cuain sin faoin Acht Cuanta, 1946 , chun an t-ordú cuan-oibreacha a fháil.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire, de bhuaidh an ailt seo, aon ní acu seo a leanas ach amháin le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála, sé sin le rá:—

(a) ordachán faoi alt 50 den Acht seo a chur san ordú droichid á ordú d'údarás cuain an obair a dhéanamh;

(b) ceanglas faoi fho-alt (1) d'alt 53 den Acht seo a chur san ordú droichid á cheangal ar údarás cuain ranníocaíocht a íoc;

(c) más údarás bóthar seachas údarás cuain, a dhéanfas an t-iarratas ar an ordú droichid agus go ndiúltófar don iarratas, a cheangal faoi fho-alt (2) d'alt 49 den Acht seo ar údarás cuain ranníocaíocht a íoc;

(d) ranníocaíocht a bheas le n-íoc ag údarás cuain faoi fho-alt (1) d'alt 53 den Acht seo a athrú faoi fho-alt (3) den alt sin.

(3) San alt seo tá leis an abairt “údarás cuain” an bhrí atá léi san Acht Cuanta, 1946 .

Páirteanna áirithe de Chuid IV a chur i mbaint le daoine seachas údarás bóthar.

57. —(1) Má ceangaltar ar dhuine seachas údarás bóthar, le haon Acht nó faoi, an droichead nó cuid den droichead a fhoirgniú nó a chothabháil nó íocaíocht nó ranníocaíocht a íoc i leith costas an fhoirgnithe nó na cothabhála sin, beidh éifeacht ag na páirteanna seo a leanas den Chuid seo den Acht seo amhail is dá mba údarás bóthar an duine sin, sé sin le rá, fo-alt (3) d'alt 44, fo-alt (3) d'alt 46, mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 47, fo-alt (3) d'alt 51, alt 53 agus alt 55.

(2) Más rud é go mbeidh san ordú droichid, de bhuaidh an ailt seo, ceanglas faoi fho-alt (1) d'alt 53 den Acht seo á cheangal ar chuideachta a mbeidh iarnród nó canáil faoina n-urlámhas ranníocaíocht a íoc, ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (3) den alt sin ag athrú na ranníocaíochta ach amháin le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála.

Costais faoina raghaidh údarás bóthar faoi Chuid IV a aicmiú.

58. —(1) Aon chostais faoina raghaidh comhairle chontae nó údarás uirbeach faoin gCuid seo den Acht seo, áireofar iad mar chostais a ndeachthas fúthu chun príomhbhóithre a fhoirgniú agus a chothabháil agus beidh feidhm dá réir sin ag gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachthas fúthu chun príomhbhóithre a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo—

(a) má ordaíonn an tAire, le hordú, go ndéanfar costais shonraithe faoina raghaidh comhairle chontae faoin gCuid seo den Acht seo a áireamh mar chostais a ndeachthas fúthu chun bóithre contae a fhoirgniú agus a chothabháil, áireofar amhlaidh iad agus beidh feidhm dá réir sin ag gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachthas fúthu chun bóithre contae a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil, agus

(b) má ordaíonn an tAire, le hordú, go ndéanfar costais shonraithe faoina raghaidh údarás uirbeach faoin gCuid seo den Acht seo a áireamh mar chostais a ndeachthas fúthu chun bóithre uirbeacha a fhoirgniú agus a chothabháil, áireofar amhlaidh iad agus beidh feidhm dá réir sin ag gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachthas fúthu chun bóithre uirbeacha a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil.

(3) Gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachaigh bardas contae-bhuirge fúthu chun bóithre a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil, beidh feidhm aici maidir le costais faoina raghaidh an bardas sin faoin gCuid seo den Acht seo.

Tuairisc na hoibre.

59. —Féadfar tuairisc ar an obair a thabhairt san iarratas ar an ordú droichid trí ráiteas ginearálta ar nádúir agus cuspóir na hoibre.

Srian ginearálta maidir le huisce intseolta.

60. —Ní dhéanfaidh údarás bóthar aon droichead ná tarbhealach thar iarnród nó uisce intseolta (lena n-áirítear canáil), ná tollán faoi aon cheann acu sin, a fhoirgniú ná a athfhoirgniú ach amháin faoin gCuid seo den Acht seo nó le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála.

Iasacht chun droichead a fhoirgniú.

61. —Aon tsuim a gheobhas údarás bóthar ar iasacht chun droichead a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, ní háireofar í mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha aon teorann reachtúla a bheas curtha le hairgead a fháil ar iasacht.

CUID V.

Ilghneitheach.

Vótáil ag an gcathaoirleach ar chruinniú de chomhairle chontae.

62. —(1) I gcás gan an cathaoirleach ar chruinniú de chomhairle chontae a bheith ina chomhalta den chomhairle, ní bheidh sé i dteideal vótáil sa chéad ásc, ná vóta réitigh a thabhairt, ar aon cheist.

(2) Faoi réir fo-alt (1) den alt seo agus ailt 43 d'Acht 1941 beidh an dara vóta nó vóta réitigh, i gcás comhionannais vótaí, ag an gcathaoirleach ar chruinniú de chomhairle chontae.

Comhionannas vótaí ag cruinniú de choiste d'údarás áitiúil.

63. —(1) I gcás na vótaí ar aon cheist a éireos ag cruinniú de choiste d'údarás áitiúil a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is é toghadh cathaoirligh an choiste a bheas i gceist.

(2) Más rud é, i dtoghadh an chathaoirligh ar choiste d'údarás áitiúil, go dtugtar an uimhir chéanna vótaí do gach duine de na hiarrthóirí, nó do gach duine de bheirt iarrthóirí nó níos mó a bheas i mbarr na vótaíochta, is é a toghfar ná pé iarrthóir a cinnfear trí chrannchur díobh sin a fuair an uimhir chéanna vótaí.

Foras breise chun comhaltaí údaráis áitiúil a chur as oifig.

64. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 44 d'Acht 1941 tríd an bhfocal agus an mír seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh míre (d):

“nó

(e) go ndiúltóidh údarás áitiúil nó go bhfailleoid go toiliúil ceanglas follas a chomhlíonadh a bheas curtha orthu le haon achtachán nó ordú nó faoi aon achtachán nó ordú,”.

Comhaltaí d'údarás áitiúil a cuirfear as oifig do scor de bheith ina gcomhaltaí d'fho-chomhlacht.

65. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo, i gcás na comhaltaí d'údarás áitiúil a chur as oifig faoi Chuid IV d'Acht 1941, go mbeidh gach duine, ba chomhalta de bhuaidh ainmniúcháin ón údarás sin, díreach roimh an gcur as oifig, d'fhochomhlacht do réir bhrí ailt 52 d'Acht 1941, arna scor de bheith ina chomhalta den fho-chomhlacht ar an údarás áitiúil a chur as oifig.

An córam do choimisinéirí ar bhaile.

66. —Triúr is córam ag cruinniú de na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach, agus triúr is uimhir ordaithe chun críocha ailt 39 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le feidhm an ailt sin i gcás na gCoimisinéirí sin.

Costais taistil comhaltaí údaráis áitiúil.

67. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an príomh-alt” alt 80 d'Acht 1941;

ciallaíonn an abairt “an áit chónaithe oifigiúil”, maidir le comhalta d'údarás áitiúil, a áit chónaithe oifigiúil chun críocha an phríomhailt.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil lena mbaineann an príomh-alt a chinneadh, le rún, gurb amhlaidh a dhéanfas an t-údarás áitiúil sin, in ionad na costais taistil a ghlanadh faoina raghaidh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe an údaráis áitiúil sin agus ó na cruinnithe sin, suim chinnte a íoc le gach comhalta den tsórt sin, i leith gach cruinnithe den údarás áitiúil sin a fhreastalóidh sé in áit nach giorra na cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil, in aghaidh gach míle idir an áit sin agus an áit chónaithe oifigiúil sin arna thomas feadh an bhealaigh a ghabhfadh an comhalta sin de ghnáth.

(3) Féadfar rún a bheas rite ag údarás áitiúil faoi fho-alt (2) den alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón údarás áitiúil sin.

(4) Ní bheidh éifeacht ag rún a rithfear faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo go dtí go gceadóidh an tAire é.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta údarás áitiúil do rith rúin faoi fho-alt (2) nó fho-alt (3) den alt seo.

(6) Faid a bheas rún i bhfeidhm a ndearna údarás áitiúil lena mbaineann an príomh-alt é a rith faoi fho-alt (2) den alt seo, ní ghlanfaidh an t-údarás áitiúil sin, faoi fho-alt (3) den phríomhalt, na costais taistil faoina ndeachaigh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe an údaráis áitiúil sin agus ó na cruinnithe sin ach, ina ionad sin, déanfaid íocaíochta le comhaltaí a fhreastalós cruinnithe den tsórt sin do réir téarmaí an rúin sin.

(7) Má dhéanann comhalta d'údarás áitiúil cruinniú den údarás áitiúil sin a fhreastal in áit nach giorra ná trí mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil agus má bhíonn air, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as baile ar feadh trí huaire an chloig as a chéile ar a laghad, déanfaidh an t-údarás áitiúil, i dteannta na costais taistil faoina ndeachaigh an comhalta sin ag taisteal go dtí an cruinniú sin agus uaidh a ghlanadh faoin bpríomh-alt nó an íocaíocht a thabhairt don chomhalta sin is gá do réir rúin faoi fho-alt (2) den alt seo (pé acu sin é), liúntas arna áireamh do réir na rialacha ordaithe a íoc leis an gcomhalta sin i leith na tréimhse sin.

(8) Na rialacha a dhéanfas an tAire chun críocha fo-ailt (7) den alt seo, beidh iontu foráil ná déanfar liúntais ó níos mó ná aon údarás áitiúil amháin a íoc, i leith na tréimhse céanna le duine is comhalta de níos mó ná aon údarás áitiúil amháin.

Cuntais chomhlachtaí poiblí áirithe.

68. —(1) Chun críocha an Local Government (Ireland) Act, 1902, agus an ailt seo, beidh gach comhlacht acu seo a leanas (agus ní bheidh aon chomhlacht eile) ina chomhlacht poiblí, se sin le rá:

(a) údarás áitiúil,

(b) Bord Ospidéil Fiabhrais Bhaile Atha Cliath,

(c) Bord Ospidéil Fiabhrais Chorcaighe.

(2) D'ainneoin forál aon achtacháin a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo, beidh éifeacht ag na hachtacháin seo a leanas maidir le cuntais gach comhlachta phoiblí agus maidir le hiniúchadh na gcuntas sin, sé sin le rá:

(a) alt 12 (arna leasú le halt 19 den Local Government (Ireland) Act, 1902) agus alt 18 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) fo-alt (2) (ach amháin mír (c), a hathghairmtear leis an Acht seo) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) fo-airteagal (3) d'airteagal 19 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898,

(d) Cuid VII agus alt 86 d'Acht 1941.

(3) Chun críocha na feidhme a bheirtear le fo-alt (2) den alt seo d'aon achtachán dá luaitear sa bhfo-alt sin, beidh ag an iniúchóir a bheas ceaptha ag an Aire faoi alt 68 d'Acht 1941 chun cuntais chomhlachta phoiblí a iniúchadh na cumhachta agus na dualgais uile a bheirtear leis an achtachán sin don iniúchóir a luaitear ann.

(4) Gach foráil in aon achtachán a bhaineas le cuntais chomhlachta phoiblí (pé acu feidhm ghinearálta nó feidhm áitiúil atá ag an achtachán sin) atá i gcosúlacht nó ar comhréir ina éifeacht, nó atá ar neamhréir, le haon achtachán dá luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, scoirfidh sí d'éifeacht a bheith aici sa mhéid atá sí i gcosúlacht nó ar comhréir nó ar neamhréir (pé acu é) amhlaidh.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69, 70 agus 71 d'Acht 1941 maidir le bord coimeádaithe faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, amhail is dá mba údarás áitiúil chun críocha na n-alt sin an bord.

(6) An bainisteoir d'údarás áitiúil is comhlacht toghaí chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, is tuigthe chun críocha ailt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le fo-alt (3) d'alt 61 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , gur oifigeach don údarás áitiúil sin é.

(7) Beidh feidhm ag alt 86 d'Acht 1941, arna leasú le halt 93 den Acht seo, i gcás iniúchadh ar chuntais coiste ghairmoideachais, coiste thalmhaíochta nó buird choimeádaithe faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, amhail mar atá feidhm ag an alt sin, arna leasú amhlaidh, i gcás iniúchadh ar chuntais údaráis áitiúil.

(8) Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte faoi alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871, ó dhuine ar cúis mhíshásaimh leis formhuirear a rinneadh faoin alt sin 12 nó muirear a rinneadh faoi alt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, go ndaingneoidh an Ard-Chúirt an formhuirear nó an muirear, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire laistigh den am ordaithe an formhuirear nó an muirear a mhaitheamh, agus, más rud é, ar an iarratas sin a dhéanamh, gur dóigh leis an Aire é a bheith cóir agus cothrom, toisc cúrsaí an cháis, an formhuirear nó an muirear a mhaitheamh, féadfaidh sé a ordú go ndéanfar é a mhaitheamh ar na costais a íoc a ndeachaigh an t-iniúchóir nó údarás inniúil eile fúthu ag cur in aghaidh an iarratais sin agus ag forfheidhmiú an fhormhuirir nó an mhuirir ar aon tslí eile.

Síne tráchta ar bhóithre.

69. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Shíochána;

ciallaíonn an abairt “rialachán bóthair” ordú, rialachán nó fodhlí arna dhéanamh faoi achtachán seachas achtachán eiscithe agus a bhaineas le húsáid bhóthair ag daoine, feithiclí nó ainmhithe;

ciallaíonn an abairt “achtachán eiscithe” aon achtachán acu seo a leanas, sé sin le rá, alt 118, mír (b) d'alt 148, mír (c) d'alt 148 agus fo-alt (1) d'alt 159 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 );

ciallaíonn an abairt “sín tráchta” sín, fógra nó ionstraim chun comharthaí a thabhairt go meicniúil ag taispeáint aon ní nó nithe acu seo a leanas do dhaoine a bheas ag úsáid bóthair:—

(a) na háiteanna a dtéann an bóthar,

(b) an fhaid chun na háiteanna sin nó uathu;

(c) aon chontúirt atá ann do dhaoine a bheas ag úsáid an bhóthair,

(d) aon fhorchúram is gá a ghlacadh in aghaidh na gcontúirt sin,

(e) rialachán bóthair a bheith i bhfeidhm maidir leis an mbóthar agus an modh inarb inchomhlíonta é;

folaíonn rud a “chur ar fáil” é a chur suas nó a shuíomh, é a chothabháil agus (i gcás ionstraim chun comharthaí a thabhairt go meicniúil) é a oibriú, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina n-ordóidh tuise, crot, dath agus cineál síne tráchta agus ní dhéanfaidh údarás bóthar aon tsín tráchta a chur ar fáil ná beidh do réir aon rialacháin iomchuí a bheas déanta faoin bhfo-alt seo.

(3) Déanfaidh údarás bóthar pé síne tráchta a iarrfas an Coimisinéir a chur ar fáil, sna hionaid a luafas sé, ar aon bhóthar faoina gcúram agus, maidir le haon tsíne tráchta a cuirfear ar fáil amhlaidh, aistreoid go tréimhsiúil ó áit go háit iad, agus athróid agus bhearfaid chun siúil iad do réir mar iarrfas sé.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir, in iarratas uaidh faoi fho-alt (3) den alt seo, a iarraidh síne tráchta a chur ar fáil do gach tráth nó ócáid nó síne tráchta a chur ar fáil do thréimhse theoranta nó d'ócáid nó ócáidí áirithe.

(5) Féadfaidh údarás bóthar, le toiliú an Choimisinéara, pé síne tráchta a mheasfaid is inmhianuithe a chur ar fáil d'aon bhóthar faoina gcúram.

(6) Más gá do réir réasúin go gcuirfeadh údarás bóthar sín tráchta ar fáil ar thalamh a bheas taobh le bóthar ach nach cuid de bhóthar, féadfaidh an t-údarás bóthar, tar éis fógra lae agus fiche ar a laghad a thabhairt leis an bpost cláraithe d'áititheoir (más ann) na talún agus do gach duine (más ann) a mbeidh leas aige sa talamh agus ar féidir leis an údarás bóthar sin a mharthain, a ainm, agus a sheoladh a fhionnadh trí fhiosruithe réasúnacha, dul isteach agus an sín tráchta a chur ar fáil ar an talamh.

(7) Má chuireann údarás bóthar sín tráchta ar fáil faoi fho-alt (6) den alt seo ar aon talamh, féadfaidh duine ar bith a mbeidh leas aige sa talamh a iarraidh tráth ar bith ar an Aire, ar fhógra a thabhairt don údarás bóthar go bhfuil sé ar intinn sin a dhéanamh, ordachán a thabhairt an sín tráchta a bhreith chun siúil.

(8) Má déantar iarratas faoi fho-alt (7) den alt seo maidir le sín tráchta a bheas curtha ar fáil ar aon talamh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an t-iarratas a bhreithniú—

(a) an t-iarratas a dhiúltú, nó

(b) más deimhin leis nach gá go réasúnach an tsín tráchta a chur ar fáil, ordachán a thabhairt an tsín tráchta a bhreith chun siúil as an talamh, nó

(c) más deimhin leis go dtagann dócúlacht neamhriachtanach nó neamhréasúntach den tsín tráchta a chur ar fáil san ionad a bhfuil sé, ordachán a thabhairt an tsín tráchta a bhreith go dtí ionad eile ar an talamh.

(9) Má thugann an tAire ordachán faoi fho-alt (8) den alt seo maidir le sín tráchta, déanfaidh an t-údarás bóthar a chuir an tsín tráchta ar fáil an t-ordachán a chomhlíonadh.

(10) Ní dhéanfaidh duine, seachas údarás bóthar, sín tráchta a bheas sofheicse ó bhóthar a chur ar fáil gan toiliú an Choimisinéara.

(11) Beidh áititheoir, nó (i gcás tailimh neamháitithe) únaer, aon talún ar a gcuirfear sín tráchta ar fáil contrártha d'fho-alt (10) den alt seo ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus fíneáil bhreise de phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(12) Má dhéanann duine go toiliúil cosc nó cur isteach ar údarás bóthar agus iad ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear le fo-alt (6) den alt seo nó má dhéanann sé, gan údarás dleathach, sín tráchta a bheas curtha ar fáil do réir an ailt seo a bhreith chun siúil, a agha-lot nó a dhíobháladh ar shlí eile, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(13) Na costais faoina raghaidh údarás bóthar chun síne tráchta a chur ar fáil do bhóthar, beid ina gcuid de chostais chothabhála an bhóthair.

Ordú á cheangal oibreacha a dhéanamh chun droichead a chothabháil.

70. —(1) Má bhíonn de dhualgas, do réir aon Achta nó faoi aon Acht, ar dhuine, seachas údarás bóthar, droichead is cuid de bhóthar nó na bealaí chun droichid den tsórt sin a chothabháil, féadfaidh an t-údarás bóthar ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair, le hordú (dá ngairmtear ordú oibreacha san alt seo), a cheangal ar an duine sin oibreacha sonraithe a dhéanamh, laistigh d'am shonraithe tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, chun an droichead sin nó na bealaí chuige a chothabháil, is oibreacha a mbeidh de dhualgas ar an duine sin, do réir an Achta sin nó faoi, iad a dhéanamh.

(2) Déanfar cóip d'ordú oibreacha a sheirbheáil leis an bpost ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú.

(3) Féadfaidh an duine lena mbainfidh ordú oibreacha agóid a dhéanamh i gcoinne an orduithe trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de thríocha lá i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú, agus ní foláir an fógra a bheith i scríbhinn agus forais na hagóide a bheith luaite ann.

(4) Má déantar fógra agóide a thabhairt faoin alt seo i gcoinne orduithe oibreacha déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus tar éis dó dul i gcimhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus leis an údarás bóthar a rinne an t-ordú—

(a) an t-ordú a dhaingniú gan leasú, nó

(b) an t-ordú a dhaingniú fara pé leasuithe is cuí leis, faoi réir na teorann ná ceanglóidh aon leasú den tsórt sin ar an duine lena mbainfidh an t-ordú aon oibreacha a dhéanamh ná beidh de dhualgas air, do réir an Achta iomchuí a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ná faoin Acht sin, iad a dhéanamh, nó

(c) an t-ordú a chur ar neamhní.

(5) Mura ndéantar aon agóid faoin alt seo i gcoinne orduithe oibreacha, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm seacht lá tríochad i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú.

(6) Má déantar, ar agóid faoin alt seo, ordú oibreacha a dhaingniú gan leasú, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

(7) Má déantar, ar agóid faoin alt seo, ordú oibreacha a dhaingniú fara leasuithe, tiocfaidh an t-ordú, arna leasú amhlaidh, i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

(8) Más rud é—

(a) go sonróidh ordú oibreacha a bheas tar éis teacht i bhfeidhm tréimhse chun na hoibreacha a dhéanamh a ceanglófar leis an ordú sin a dhéanamh, agus

(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, ná beidh tosnaithe ar na hoibreacha sin nó, má bhíonn tosnaithe orthu, ná beid críochnaithe,

féadfaidh an t-údarás bóthar a rinne an t-ordú na hoibreacha sin a dhéanamh nó a chríochnú iad féin.

(9) Má dhéanann nó má chríochnaíonn údarás bóthar, faoi fho-alt (8) den alt seo, oibreacha a ceanglófar a dhéanamh le hordú oibreacha, íocfaidh an duine lena mbainfidh an t-ordú, leis an údarás bóthar, méid na gcostas faoina ndeachaigh an t-údarás bóthar go réasúnach ag déanamh nó ag críochnú na n-oibreacha sin, agus féadfaidh an t-údarás bóthar an méid sin a aisghabháil ón duine sin mar fhiach ghnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) Aon amhras, diospóid nó ceist a éireos i dtaobh é a bheith réasúnach dul faoi aon chostais faoina ndeachaigh údarás bóthar chun oibreacha a dhéanamh nó a chríochnú faoi fho-alt (8) den alt seo a ceangladh a dhéanamh le hordú oibreacha, cinnfidh an tAire é tar éis dó dul í gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus beidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach.

Oibreacha a ghabháil de láimh i gcomhar le húdarás cuain.

71. —(1) Féadfaidh aon údarás bóthar amháin nó níos mó, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh agus a chur i ngníomh le húdarás cuain go ngabhfaid de láimh, i gcomhar leis an údarás cuain, éinní a dhéanamh maidir le cuan an údaráis chuain is ní a mbeidh údaraithe de thuras na huaire don údarás cuain é a dhéanamh.

(2) Féadfaidh údarás bóthar an chionúireacht sin a íoc, de chostas aon ní a bheas gafa de láimh i gcomhar le húdarás cuain de bhun comhaontuithe faoin alt seo, a bheas sonraithe sa chomhaontú.

(3) Féadfaidh údarás bóthar is comhairle chontae nó bardas contae-bhuirge, d'fhonn costais faoina raghaid faoin alt seo a íoc, airgead a fháil ar iasacht faoi Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, amhail is dá mbeadh an chríoch sin luaite san Airteagal sin, agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh a áireamh mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha an Airteagail sin.

(4) Féadfaidh údarás bóthar is údarás uirbeach, d'fhonn costais faoina raghaid faoin alt seo a íoc, airgead a fháil ar iasacht faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, amhail is dá mba chríoch a mbeadh údaraithe don údarás sin airgead a fháil ar iasacht chuici faoi na hAchta sin an chríoch sin, agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh a áireamh mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha aon teorann a chuireas na hAchta sin le hiasachta a fháil.

(5) Aon airgead a gheobhfar ar iasacht de bhun an ailt seo, féadfar é a thabhairt ar iasacht d'údarás bóthar trí eisiúint as Ciste na nIasacht Áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

(6) Bainfidh alt 58 den Acht seo leis na costais faoina raghaidh údarás bóthar faoin alt seo amhail is dá mba chostais a mbeadh an t-údarás bóthar sin tar éis dul fúthu faoi Chuid IV den Acht seo na costais sin.

(7) San alt seo, ciallaíonn an abairt “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí an Achta Chuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ).

Scálaí costas uasta do thoghcháin.

72. —Féadfaidh an tAire scálaí costas uasta a ordú do thoghcháin a rialaítear le rialacha arna ndéanamh faoin Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus ní raghaidh méid aon chostas a bhainfeas le haon toghchán den tsórt sin thar an méid a bheas socair i leith an toghcháin sin le pé ceann de na scálaí sin is iomchuí.

Arachas in aghaidh fiontair dhamáiste nó chailliúna.

73. —Féadfaidh údarás áitiúil dul faoi árachas in aghaidh aon fhiontair dhamáiste dá maoin nó aon fhiontair chailliúna dá gcistí.

E a bheith de dhualgas ar bhailitheoir rátaí sonraí áirithe a thabhairt.

74. —Beidh de dhualgas ar bhailitheoir rátaí d'údarás áitiúil, ar an údarás dá iarraidh sin air, na sonraí sin a fhionnadh agus a sheiceáil agus a thabhairt don údarás a theastós ón údarás chun aon leabhair rátaí a ullmhú a bhainfeas leis an líomatáiste ina mbailíonn sé rátaí nó chun aon liostaí a ullmhú a ceangaltar ar an údarás leis na hAchta Luachála a thabhairt don Choimisinéir Luachála maidir leis an líomatáiste sin.

Seinm ceoil ag bannaí.

75. —Féadfaidh comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó údarás uirbeach ceol-bhanna a chur ar fáil, nó ranníoc a dhéanamh i leith costas ceol-bhanna, chun ceol a sheinm go poiblí laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin na comhairle, an bhardais nó an údaráis sin.

Ainm cheantair uirbigh nó baile a athrú.

76. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile a iarraidh ar an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo ag athrú ainme an cheantair uirbigh nó an bhaile.

(2) Ní dhéanfaidh comhairle cheantair uirbigh iarratas faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa cheantar uirbeach tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh, agus

(b) go mbeidh comhairle na contae ina bhfuil an ceantar uirbeach tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh freisin.

(3) Ní dhéanfaidh coimisinéirí baile iarratas faoin alt seo mura rud é—

(a) (i) go mbeidh ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa bhaile tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh, agus

(ii) go mbeidh comhairle na contae ina bhfuil an baile tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh freisin, nó

(b) (i) gur airbheartaigh na coimisinéirí, le rún a ritheadh roimh thosach feidhme an ailt seo, ainm an bhaile a athrú, agus

(ii) go ndeimhneoidh an tAire go bhfuil glactha ag na coimisinéirí leis an rún sin agus gur húsáideadh chun críocha oifigiúla an ainm nua a sonraíodh sa rún sin.

(4) (a) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta comhairle chontae do thoiliú le hiarratas faoin alt seo a dhéanamh.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta chun a fhionnadh chun críocha an ailt seo an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de ráta-íocóirí ceantair uirbigh nó baile le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo ar ordú ag athrú ainme an cheantair uirbigh nó an bhaile.

(6) Sar a n-aontóidh comhairle chontae le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo raghaid i gcomhairle leis na daoine ordaithe.

(7) (a) Má dhéanann comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile iarratas go cuí faoin alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, ainm an cheantair uirbigh nó an bhaile a athrú agus pé ainm eile is oiriúnach leo a chur ina hionad.

(b) Aon ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir díreach i ndiaidh sé mhí a bheith caite ó dháta an orduithe.

(8) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (7) den alt seo foilseofar é i pé slí agus gacha mhinice a ordós an tAire agus bhéarfar fógra ina thaobh do na daoine ordaithe.

(9) Má déantar ordú faoin alt seo ag athrú na hainme atá ar cheantar uirbeach agus ag cur ainme nua ina hionad, ansin, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, déanfar gach tagairt in aon ionstraim, doiciméid nó léarscáil don ainm láithreach a léiriú mar thagairt don ainm nua.

(10) Ní dhéanfaidh athrú ar ainm cheantair uirbigh nó ar ainm baile, trí ordú faoin alt seo, difir d'aon chearta ná oblagáidí de chuid aon údaráis nó duine ná ní bhéarfaidh go mbeidh aon imeachta dlí lochtach, agus féadfar leanúint d'aon imeachta dlí nó tosnú orthu amhail is ná beadh aon athrú ainme déanta.

Ainm baile fearainn nó baile neamhbhardasaigh aathrú.

77. —(1) I gcás baile fearainn nó baile neamhbhardasach a bheith go hiomlán san aon chontae amháin, féadfaidh comhairle na contae sin, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis ordaithe agus le toiliú ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach, a iarraidh ar an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo ag athrú ainme an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh.

(2) I gcás cuid de bhaile fearainn nó de bhaile neamhbhardasach a bheith i gcontae agus an chuid eile dhe i gcontae eile, féadfaidh comhairlí na gcontaethe sin, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis ordaithe agus le toiliú ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach, a iarraidh i gcomhar ar an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo ag athrú ainme an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo.

(4) (a) I gcás baile neamhbhardasach a bheith go hiomlán i gcontae áirithe, déanfaidh rúnaí comhairle na contae sin, má ordaíonn agus nuair a ordós an chomhairle dhó sin a dhéanamh, liosta de na ráta-íocóirí sa bhaile neamhbhardasach a ullmhú agus a chur faoi bhráid na comhairle agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na ráta-íocóirí sa bhaile neamhbhardasach sin chun críocha an ailt seo.

(b) I gcás gan ach cuid de bhaile neamhbhardasach a bheith i gcontae áirithe, déanfaidh rúnaí comhairle na contae sin, má ordaíonn agus nuair a ordós an chomhairle dhó sin a dhéanamh, liosta de na ráta-íocóirí sa chuid den bhaile neamhbhardasach atá sa chontae a ullmhú agus a chur faoi bhráid na comhairle agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na ráta-íocóirí sa chuid sin chun críocha an ailt seo.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta chun a fhionnadh chun críocha an ailt seo an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí i mbaile fearainn nó i mbaile neamhbhardasach le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo ar ordú ag athrú ainme an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh.

(6) (a) Má déantar iarratas go cuí faoin alt seo, maidir le haon bhaile fearainn nó baile neamhbhardasach, féadfaidh an Rialtas, le hordú, ainm an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh a athrú agus pé ainm eile is oiriúnach leo a chur ina hionad.

(b) Aon ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir díreach i ndiaidh sé mhí a bheith caite ó dháta an orduithe.

(7) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (6) den alt seo foilseofar é i pé slí agus gacha mhinice a ordós an tAire agus bhéarfar fógra ina thaobh do na daoine ordaithe.

(8) Má déantar ordú faoin alt seo ag athrú na hainme atá ar bhaile fearainn nó ar bhaile neamhbhardasach agus ag cur ainme nua ina hionad, ansin, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, déanfar gach tagairt in aon ionstraim, doiciméid nó léarscáil don ainm láithreach a léiriú mar thagairt don ainm nua.

(9) Ní dhéanfaidh athrú ar ainm baile fearainn nó ar ainm baile neamhbhardasaigh, trí ordú faoin alt seo, difir d'aon chearta nó oblagáidí de chuid aon údaráis nó duine ná ní bhéarfaidh go mbeidh aon imeachta dlí lochtach, agus féadfar leanúint d'aon imeachta dlí nó tosnú orthu amhail is ná beadh aon athrú ainme déanta.

(10) San alt seo ciallaíonn an abairt “baile neamhbhardasach” líomatáiste (nach contae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach ná baile ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i ngníomh) dá ngairmtear baile i dtuarascáil an daonáirimh arb é, de thuras na huaire, an daonáireamh is déanaí é.

Ainm sráide a athrú.

78. —(1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí i sráid, ainm na sráide a athrú.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta ag an údarás iomchuí chun a fhionnadh chun críocha an ailt seo an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí i sráid le hainm na sráide a athrú.

(4) Féadfaidh an t-údarás iomchuí a thabhairt go dtaispeánfar ainm sráide ar chuid fheiceálach d'aon fhoirgint nó déanmhas oiriúnach.

(5) San alt seo—

folaíonn an focal “sráid” cuid de shráid agus fós an t-iomlán nó cuid d'aon bhóthar, cearnóg, lána nó áit phoiblí eile;

ciallaíonn an abairt “an t-údarás iomchuí”—

(a) maidir le sráid i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile, bardas na buirge,

(b) maidir le sráid i gceantar uirbeach, comhairle an cheantair uirbigh,

(c) maidir le sráid i mbaile, coimisinéirí an bhaile, agus

(d) maidir le haon tsráid eile, comhairle na contae ina bhfuil an tsráid.

Ainm áite a athrú.

79. —(1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí in áit, ainm na háite a athrú.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Déanfaidh an t-oifigeach iomchuí do chomhlacht is údarás iomchuí maidir le háit áirithe, má ordaíonn agus nuair a ordós an comhlacht dó sin a dhéanamh, liosta de na ráta-íocóirí san áit sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an chomhlachta sin, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhlacht sin, is liosta de na ráta-íocóirí san áit sin chun críocha an ailt seo.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta ag an údarás iomchuí chun a fhionnadh an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí in áit le hainm na háite a athrú.

(5) San alt seo—

ciallaíonn an focal “áit” aon líomatáiste (nach sráid do réir bhrí ailt 78 den Acht seo)—

(a) is cuid de chontae-bhuirg nó de bhuirg eile, de cheantar uirbeach nó de bhaile ar a dtugtar go coitianta ainm ar leith, nó

(b) is cuid (seachas líomatáiste uirbeach, baile, baile fearainn nó baile neamhbhardasach, do réir bhrí ailt 77 den Acht seo) de chontae ar a dtugtar go coitianta ainm ar leith;

ciallaíonn an abairt “an t-údarás iomchuí”—

(a) maidir le háit i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile, bardas na buirge,

(b) maidir le háit i gceantar uirbeach, comhairle an cheantair uirbigh,

(c) maidir le háit i mbaile, coimisinéirí an bhaile,

(d) maidir le háit i gcontae, comhairle na contae;

ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) maidir le bardas contae-bhuirge nó buirge eile, bailechléireach na buirge,

(b) maidir le comhairle cheantair uirbigh, cléireach na comhairle,

(c) maidir le coimisinéirí baile, cléireach na gcoimisinéirí,

(d) maidir le comhairle chontae, rúnaí na comhairle.

Údarás áitiúil do shuncáil airgid chun críocha iasachta nó ciste fiachmhúchta.

80. —Féadfaidh údarás áitiúil aon airgead a shuncáil chun críocha iasachta nó ciste fiachmhúchta in aon stoic, cistí, scaireanna nó urrúis a mbeidh údaraithe d'iontaobhaithe, le haon Acht a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, airgead a shuncáil iontu, ach amháin stoic, cistí, scaireanna, nó urrúis arna gcruthnú ag an údarás sin iad féin nó urrúis réalta nó inoidhrithe.

Airgead a shuncáil chun buantairbhe d'áitreoirí líomatáiste fheidhmiúcháin údaráis áitiúil.

81. —(1) Más rud é—

(a) de bhun aon achtacháin reachtúil nó aon achtacháin eile nó de bhun dámhachtana aon eadránaí, go bhfaghaidh údarás áitiúil suim i leith forceannadh aon íocaíochta tréimhsiúla a bhíodh á híoc leo roimhe sin, agus

(b) gur deimhin leis an Aire gur ceart deighleáil leis an tsuim mar airgead caipitil,

féadfaidh an tAire a ordú don údarás áitiúil an tsuim a shuncáil chun buantairbhe d'áitreoirí a líomatáiste fheidhmiúcháin.

(2) Aon tsuim lena mbainfidh ordachán a bhéarfar faoin alt seo d'údarás áitiúil, coimeádfaidh an t-údarás sin suncálta í in aon stoic, cistí, scaireanna nó urrúis a mbeidh údaraithe d'iontaobhaithe, le haon Acht a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, airgead a shuncáil iontu, ach amháin stoic, cistí, scaireanna nó urrúis arna gcruthnú ag an údarás sin iad féin nó urrúis réalta nó inoidhrithe.

Talamh a thógaint.

82. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire agus faoi réir aon choinníoll a fhorcuirfeas sé, aon talamh, laistigh nó lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin, a thógaint de bharr comhaontuithe, pé acu trí cheannach, leasú nó malairtiú é, is talamh is dóigh leo a bheas ag teastáil uathu ina dhiaidh sin chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas, d'ainneoin gan an modh ar a n-úsáidfid an talamh ná an chríoch chun a n-úsáidfid é a bheith cinnte acu.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil talamh a bheas tógtha acu faoi fho-alt (1) den alt seo a úsáid chun aon chríche a bhainfeas lena gcumhachta agus a ndualgais.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil talamh a bheas tógtha acu faoi fho-alt (1) den alt seo a ligean go dtí go mbeidh sé ag teastáil chun a úsáidte acu féin agus, má tharlann dóibh teacht ar an tuairim ná beidh an talamh ag teastáil uathu, féadfaid, le toiliú an Aire, é a dhíol.

(4) Faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, aon chumhacht a bheirtear d'údarás áitiúil le haon Acht, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis, chun talamh a thógaint chun críche áirithe, is tuigthe go bhfolaíonn sí cumhachta chun talamh a thógaint ná teastaíonn láithreach chun na críche sin ón údarás áitiúil ach is dóigh leo a bheas ag teastáil uathu ina dhiaidh sin chun na críche sin.

(5) Ní bhainfidh fo-alt (4) den alt seo leis an gcumhacht chun talamh a thógaint a bheirtear le halt 8 den Acht Díomhaointis (Oibreacha Fóirthine), 1940 (Uimh. 34 de 1940) .

Talamh ná beidh ag teastáil a dhiúscairt.

83. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon diúscairt (nach forligean go ceann téarma is sia ná bliain) a beartófar a dhéanamh ar thalamh a bheas i seilbh údaráis áitiúil agus ná beidh ag teastáil chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas:—

(a) cuirfear fógraí leis an bpost an lá céanna go dtí comhaltaí an údaráis áitiúil ina dtabharfar sonraí ar na nithe seo a leanas—

(i) an talamh,

(ii) ainm an duine ónar togadh an talamh sin más féidir sin a fhionnadh trí fhiosruithe réasúnacha,

(iii) an duine chun a bhfuil an talamh le diúscairt,

(iv) an chomaoin a beartaítear a thabhairt i leith na diúscairte,

(v) aon chúnanta, coinníollacha nó comhaontuithe a bhfuil éifeacht le bheith acu maidir leis an diúscairt,

(b) ag an gcéad chruinniú den údarás áitiúil a tionólfar tar éis deich lá glan a bheith caite ón lá ar cuireadh na fógraí sin amach, féadfaidh an t-údarás áitiúil a bheartú le rún ná déanfar an diúscairt nó go ndéanfar é do réir téarmaí a bheas sonraithe sa rún,

(c) mura rithe an t-údarás áitiúil rún de bhun míre (b) den fho-alt seo, féadfar, le toiliú an Aire, an diúscairt a dhéanamh,

(d) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun míre (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt do réir téarmaí a bheas sonraithe sa rún, féadfar, le toiliú an Aire, an diúscairt a dhéanamh do réir na dtéarmaí sin,

(e) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun míre (b) den fho-alt seo ná déanfar an diúscairt, ní déanfar é,

(f) ní déanfar an diúscairt ach amháin de bhun míre (c) nó míre (d) den fho-alt seo.

(2) San alt seo ní fholaíonn an focal “talamh” talamh ar feidhm fhorcoimeádta, faoi na Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888, é a dhiúscairt (seachas trí fhorligean go ceann téarma nach sia ná bliain).

Cumhachta údarás bóthar maidir le talamh a teascfar trí oibriúcháin bóthair agus maidir le bóithre ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun úsáide poiblí.

84. —(1) Féadfaidh údarás bóthar, le toiliú an Aire—

(a) aon talamh a teascadh nó a teascfar trí oibriúcháin ag an údarás bóthar faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus nárbh fhéidir, mar gheall ar a chuma nó a mhéid, a úsáid go heacnamúil nó a chuaigh ar failléan nó is cosúil a raghaidh ar failléan, nó

(b) aon talamh is láithreán do bhóthar nó do chuid de bhóthar ná fuil ag teastáil a thuilleadh, i dtuairim an údaráis bhóthar, chun úsáide poiblí,

a thógaint, trí chomhaontú nó go héigeanta, amhail is dá mbeadh an talamh sin ag teastáil ón údarás bóthar chun bóthar a dhéanamh.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh aon talamh tógtha faoi fho-alt (1) den alt seo ag údarás bóthar, nó

(b) gur le húdarás bóthar aon talamh a teascadh nó a teascfar trí oibriúcháin ag an údarás bóthar faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, agus nárbh fhéidir, mar gheall ar a chuma nó a mhéid, a úsáid go heacnamúil nó a chuaigh ar failléan nó is cosúil a raghaidh ar failléan, nó

(c) gur le húdarás bóthar aon talamh is láithreán do bhóthar nó do chuid de bhóthar ar feidhmíodh ina leith na cumhachta a bheirtear le fo-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo,

féadfaidh an t-údarás bóthar, tar éis déanamh do réir na bhforál den Acht seo a bhaineas le diúscairt tailimh ná beidh ag teastáil, an talamh sin (dá ngairmtear talamh an údaráis bhóthar sa bhfo-alt seo) nó aon chuid de a dhíol le duine ar bith, nó a aistriú in aisce chun duine ar bith, is únaer ar aon talamh atá ag luí, agus atá ar an taobh chéanna den bhóthar, le talamh an údaráis bhóthar, chun go mbeidh bealach eile go dtí an bóthar sin ag an duine sin nó chun gur féidir talamh an údaráis bhóthar a úsáid go heacnamúil nó chun ná raghaidh talamh an údaráis bhóthar ar failléan.

(3) Má dhéanann údarás bóthar aon talamh a dhíol le duine ar bith nó a aistriú chuige faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaid an díol nó an t-aistriú a dhéanamh faoi réir pé coinníoll (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal ar an duine sin an talamh sin a fhálú le tailte eile agus á cheadú é a áitiú i dteannta tailte eile) is oiriúnach leis an údarás bóthar.

(4) (a) Má bhíonn aon talamh ar únaeracht ag údarás bóthar is láithreán do bhóthar nó do chuid de bhóthar is dóigh leo ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun úsáide poiblí—

(i) féadfaidh an t-údarás bóthar, le toiliú an Aire, ceart slí an phobail ar an mbóthar sin nó ar an gcuid sin a mhúchadh, agus

(ii) féadfaidh an t-údarás bóthar, trí chomhaontú le duine ar bith, ag a mbeidh cead dul isteach ar mhaoin phríobháideach thadhlach tríd an mbóthar sin nó tríd an gcuid sin, an ceart sin a mhúchadh.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta feidhmiú na gcumhacht a bheirtear le fo-mír (i) de mhír (a) den fho-alt seo.

Údaráis uirbeacha d'fháil iasachta chun bóithre a dhéanamh agus a chothabháil.

85. —(1) Féadfaidh údarás uirbeach airgead a fháil ar iasacht chun aon chostais a ghlanadh a ndeachadar fúthu chun bóithre a dhéanamh agus a chothabháil sa tslí chéanna ina bhféadfaidh údarás sláintíochta airgead a fháil ar iasacht chun costais faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, a ghlanadh.

(2) Na forála de na hAchta Sláinte Poiblí a bhaineas le húdarás sláintíochta d'fháil airgid ar iasacht, beidh feidhm acu, fara na modhnuithe is gá, maidir le húdarás uirbeach d'fháil aon airgid ar iasacht faoin alt seo.

(3) Aon airgead a gheobhfar ar iasacht faoin alt seo, féadfar é a thabhairt ar iasacht d'údarás uirbeach trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Comhairle chontae d'fháil airgid ar iasacht mar údarás cúnaimh phoiblí.

86. —Aon tsuim a gheobhas comhairle chontae ar iasacht mar údarás cúnaimh phoiblí, ní háireofar í ina cuid d'fhiach na comhairle chun críocha Airteagail 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government> (Application of Enactments) Order, 1898.

Stoc a eisiúint.

87. —(1) Má bhíonn aon chumhacht de thuras na huaire ag comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó údarás uirbeach chun airgead a fháil ar iasacht, féadfaid, le toiliú an Aire, an chumhacht sin a fheidhmiú trí stoc a chruthnú a bheas le cruthnú, le heisiúint, le haistriú, le fuascailt agus le cur ar neamhní, agus a mbeidh deighleáil le déanamh leis, i pé slí agus ar pé téarmaí agus do réir pé forál a hordófar.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin a déanfar chun críocha an ailt seo socrú a dhéanamh i dtaobh aon ní acu seo a leanas:—

(a) aon iasacht a fhuascailt a cruinneofar tríd an stoc a heiseofar do réir na rialachán,

(b) i gcás fiacha a chomhdhlúthú, chun na trátha a fhaidiú nó a athrú ar laistigh díobh a féadfar iasachta a fhuascailt,

(c) toiliú únaeraí teoranta,

(d) feidhm na nAcht a bhaineas le diúitéthe stampa agus le seiceanna,

(e) díbhinní neamhéilithe a dhiúscairt.

(3) Sar a ndéanfaidh an tAire rialacháin chun críocha an ailt seo, raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais i dtaobh na rialachán sin.

(4) Gach rialachán a déanfar chun críocha an ailt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den tríocha lá a shuífeas an Teach ina dhiaidh sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(5) Mura ritear aon rún den tsórt a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo maidir le haon rialachán a rinneadh chun críocha an ailt seo, is tuigthe an t-ordú a bheith arna dhéanamh go cuí agus é a bheith laistigh de chumhachta an Achta seo agus beidh an fheidhm chéanna aige a bheadh aige dá n-achtaítí san Acht seo é.

(6) Gach rialachán a rinneadh faoi alt 52 (a cúlghairmtear leis an Acht seo) den Public Health Acts Amendment Act, 1890, nó faoi Airteagal 23 (a cúlghairmtear freisin leis an Acht seo) den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh sé inleasuithe nó inchúlghairmthe amhail is dá mba faoin Acht seo agus chun críocha an ailt seo a rinneadh é.

Léiriú tagairtí sna hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, d'fhiosrúchán áitiúil a dhéanamh.

88. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go léireofar aon tagairt, sna hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, d'fhiosrúchán áitiúil a dhéanamh mar thagairt a chiallaíos agus a chiallaigh riamh fiosrúchán áitiúil a chur á dhéanamh ag cigire don Aire.

Cigire ag a mbeidh cáilíochta speisialta a cheapadh chun fiosrúchán áitiúil a dhéanamh.

89. —(1) Má bheartaíonn an tAire fiosrúchán áitiúil a chur á dhéanamh faoi alt 83 d'Acht 1941 agus gur dóigh leis go mba cheart cáilíochta speisialta, gairmiúil nó teicniúil, a bheith ag an gcigire a bheas le ceapadh chun an fiosrúchán a dhéanamh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, duine ag a mbeidh na cáilíochta sin a cheapadh ina chigire chun an fiosrúchán a dhéanamh agus a thuarascáil a thabhairt air.

(2) Féadfaidh an tAire pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le duine a ceapfar faoin alt seo.

(3) Duine a ceapfar faoin alt seo beidh sé i seilbh oifige go ceann pé tréimhse, nach sia ná tríocha lá, a chinnfeas an tAire.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 4 d'Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) , maidir le ceapachán faoin alt seo.

Bainisteoir do láithriú ar leithligh ag fiosrúchán áitiúil.

90. —(1) Má bhaineann fiosrúchán áitiúil a bheas le déanamh faoi alt 83 d'Acht 1941 le hiomlán na bhfeadhm nó le cuid de na feadhma atá ag údarás áitiúil, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú go bhféadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil láithriú ar leithligh ag an bhfiosrúchán.

(2) Má déantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le fiosrúchán áitiúil a bhainfeas le hiomlán na bhfeadhm nó le cuid de na feadhma atá ag údarás áitiúil—

(a) féadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil láithriú ag an bhfiosrúchán go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae,

(b) má láithríonn an bainisteoir ag an bhfiosrúchán trí abhcóide nó aturnae, íocfaidh an t-údarás áitiúil costas réasúnach an láithrithe (faoi réir pé teorann, más ann, is cuí leis an Aire a fhorchur),

(c) is feidhm fhorcoimeádta fostú agus teagasc an abhcóide nó an aturnae a láithreos ag an bhfiosrúchán thar ceann an údaráis áitiúil.

(3) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an bainisteoir”—

(a) maidir le bardas contae-bhuirge—an bainisteoir chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na buirge, agus

(b) maidir le haon údarás áitiúil eile—an bainisteoir don údarás áitiúil chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

Ranníocaíocht i leith costas agus caiteachais maidir le fiosrúchán áitiúil.

91. —(1) Má rinneadh fiosrúchán áitiúil faoi alt 83 d'Acht 1941 agus gur dóigh leis an Aire é a bheith réasúnach ranníocaíocht a íoc i leith na gcostas agus an chaiteachais faoina ndeachaigh duine ar bith (seachas údarás áitiúil nó comhlacht eile) go réasúnach maidir leis an bhfiosrúchán, féadfaidh an tAire a dheimhniú go mbeidh an ranníocaíocht le n-íoc agus sonrófar sa deimhniú méid na ranníocaíochta agus ordófar ann í a íoc leis an duine sin—

(a) i gcás an fiosrúchán do bhaint le haon údarás áitiúil amháin nó aon chomhlacht eile amháin, ón údarás áitiúil sin nó ón gcomhlacht eile sin, agus

(b) i gcás an fiosrúchán do bhaint le níos mó ná aon údarás áitiúil amháin nó aon chomhlacht eile amháin, ó aon údarás amháin acu nó ó gach údarás acu i gcionúireachta sonraithe.

(2) Aon tsuim a n-ordófar faoin alt seo d'údarás áitiúil nó do chomhlacht eile í a íoc le duine ar bith, féadfaidh an duine sin í a aisghabháil ón údarás áitiúil sin nó ón gcomhlacht eile sin mar fhiach ghnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Feidhm ailt 83 d'Acht 1941.

92. —In ionad gach feidhme, maidir le haon fhiosrúcháin a bhí le hordú nó le cur á ndéanamh ag an Aire, a tugadh d'Airteagal 32 (a cúlghairmeadh le hAcht 1941) den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, trí achtachán a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme ailt 83 d'Acht 1941, déanfar feidhm a thabhairt don alt sin 83 maidir leis na fiosrúcháin sin.

Fógra ó chigire nó ó iniúchóir á cheangal ar fhínné teacht i láthair.

93. —Déantar leis seo alt 86 d'Acht 1941 a leasú mar a leanas:

(i) i mír (f) d'fho-alt (3) cuirfear na focail “faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo” in ionad na bhfocal “faoin bhfo-alt seo” san áit a bhfuil na focail deiridh sin díreach roimh na focail “agus a dhiúltóidh”,

(ii) cuirfear an mhír seo a leanas i ndeireadh fo-ailt (3):

“(g) féadfar fógra faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú chun an duine sin ag an seoladh ag a mbíonn gnáthchomhnaí air.”.

Dlínse na Cúirte Dúiche in imeachta faoi alt 71 d'Acht 1941.

94. —Déantar leis seo mír A d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), a leasú tuilleadh trí chlásal nua mar a leanas a chur i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:

“(vi) dlínse, gan teorainn ar bith maidir le méid an éilimh, in imeachta ar agra iniúchóra nó duine eile faoi fho-alt (3) d'alt 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ).”.

Alt 2 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, a leasú.

95. —(1) Aon oifig lena mbaineann an t-alt seo, is tuigthe, chun críocha ailt 2 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , nach príomh-oifig fheidhmiúcháin faoi údarás áitiúil í.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le hoifig chléirigh do choiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908;

(b) le hoifig chléirigh do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach.

Fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Bailiú Rátaí), 1924, a leasú.

96. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Bailiú Rátaí), 1924 (Uimh. 11 de 1924) , trí na focail “do réir a bhanna” a scrios.

Alt 34 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, a leasú.

97. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh 5 de 1925) , trí fho-ailt (8) agus (9) a scrios agus na fo-ailt seo a leanas a chur ina n-ionad:

“(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo—

(a) údarás a thabhairt don tsuirbhéir contae ná don chomhairle cheantair uirbigh crann a bhearradh ná a ghearradh i rith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair díreach ina dhiaidh sin, ná

(b) údarás a thabhairt chun a iarraidh ar dhuine ná a ordú dhó crann a bhearradh ná a ghearradh i rith aon tréimhse den tsórt sin,

mura dóigh leis an suirbhéir contae nó leis an gcomhairle cheantair uirbigh go mba chontúirt mhór thionóisce é gan an crann a bhearradh nó a ghearradh i rith na tréimhse sin.

(9) Más i rith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair díreach ina dhiaidh sin a thiocfas deireadh leis an am a bheas ceaptha le hiarratas nó ordú faoin alt seo chun crann a bhearradh nó a ghearradh, is tuigthe an t-am sin a bheith arna fhaidiú go dtí an 7ú lá de Dheireadh Fómhair díreach ina dhiaidh sin.”.

Alt 39 d'Acht 1941 a leasú.

98. —Leasaítear leis seo alt 39 d'Acht 1941 trí na focail “fé mar atá feidhm acu maidir le toghchán cathrach” a scrios.

Feidhm ailt 80 d'Acht 1941.

99. —In ionad gach tagairte d'alt 63 (a hathghairmeadh le hAcht 1941) den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , atá in achtachán a bhaineas le cruinnithe d'údaráis áitiúla agus a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme ailt 80 d'Acht 1941, cuirfear tagairt don alt sin 80.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 5,

Siosón agus Caibidil nó Uimh. agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

53 Geo. III, c. 77.

Bridges (Ireland) Act, 1813.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Will. IV, c. 61.

Bridges (Ireland) Act, 1834.

An tAcht iomlán.

6 & 7 Will. IV, c. 116.

Grand Jury (Ireland) Act, 1836 (arna oiriúniú leis an Local Government (Adaptation of Irish Enactments) Order, 1899).

Alt 43 ó na focail “no person” go dtí deireadh an ailt; ailt 57, 83, 85, 121, 155 agus 167.

3 & 4 Vic., c. 108.

Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840.

Ailt 130, 131, 133 agus 134.

6 & 7 Vic., c. 42.

Bridges (Ireland) Act, 1843.

An tAcht iomlán.

7 & 8 Vic., c. 106.

County Dublin Grand Jury Act, 1844 (arna oiriúniú leis an Local Government (Adaptation of Irish Enactments) Order, 1899).

Ailt 54 agus 114.

10 & 11 Vic., c. 34.

Towns Improvement Clauses Act, 1847.

Ailt 167 go dtí 184.

14 & 15 Vic., c. 21.

Bridges (Ireland) Act, 1851.

An tAcht iomlán.

17 & 18 Vic., c. 103.

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Ailt 60 go dtí 65; na focail “rate nor any” in alt 96.

18 & 19 Vic., c. 40.

Public Libraries Act (Ireland), 1855.

Gach focal in alt 5 ó na focail “The expenses incurred” go dtí na focail “defraying such expenses, and”; ailt 8 agus 11.

30 & 31 Vic., c. 50.

Bridges (Ireland) Act, 1867.

An tAcht iomlán.

31 & 32 Vic., c. xxxiii.

Cork Improvement Act, 1868.

Na focail “and from time to time for good and sufficient reason may alter the name of any street or court, and” in alt 139.

34 & 35 Vic., c. 109.

Local Government (Ireland), Act, 1871.

Ailt 11, 13, 14, 15, 16, 17 agus 29.

35 & 36 Vic., c. 69.

Local Government Board (Ireland) Act, 1872.

Alt 6.

38 & 39 Vic., c. 46.

Bridges (Ireland) Act, 1875.

An tAcht iomlán.

41 & 42 Vic., c. 52.

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Alt 248.

52 & 53 Vic., c. 32.

Trust Investment Act, 1889.

Alt 7.

53 & 54 Vic., c. 59.

Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Alt 52.

53 & 54 Vic., c. 70

Housing of the Working Classes Act, 1890.

Alt 85.

53 & 54 Vic., c. ccxlvi.

Dublin Corporation Act, 1890.

Na focail “and may at the instance and with the consent of the majority in number and value of the ratepayers in any street alter the name of such street or of any part of a street” in alt 42.

57 & 58 Vic., c. 38.

Public Libraries (Ireland) Act, 1894.

Na focail “and the limitation of the maximum rate to be levied for the purposes there-of may, within the limits fixed thereby, be fixed, raised, and removed” i bhfo-alt (1) d'alt 1.

59 & 60 Vic., c. cxxv.

Waterford Corporation Act, 1896.

Alt 68 ó na focail “and may” go dtí deireadh an ailt.

61 & 62 Vic., c. 37.

Local Government (Ireland) Act, 1898.

Fo-alt (9) d'alt 15; ailt 28, 45, 46, 47, 53, 56, 57; mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 63; alt 64; fo-alt (16) d'alt 94.

Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

Na coda seo a leanas den Sceideal: fo-airteagal (1) d'Airteagal 6, Airteagail 14 agus 18, fo-airteagail (1) agus (2) d'Airteagal 19, fo-airteagal (10) d'Airteagal 22, Airteagal 23, fo-airteagail (3), (4) agus (5) d'Airteagal 35, mír (XII) d'fho-airteagal (10) d'Airteagal 36.

1 Edw. VII, c. 28.

Local Government (Ireland) Act, 1901.

Ailt 2 agus 4.

2 Edw. VII, c. 20.

Public Librarics (Ireland) Act, 1902.

Ailt 2, 3 agus 4.

2 Edw. VII, c. 38.

Local Government (Ireland) Act, 1902.

Na focail “sub-section (9) of' in alt 2; alt 17; na focail “and every such application shall, for the purposes of section thirteen of the said Act, be deemed to be a notice of appeal” in alt 19; na focail “and thirteen” i bhfo-alt (2) d'alt 20; alt 23.

6 Edw. VII, c. 31.

Local Government (Ireland) Act (1898) Amendment Act, 1906.

An tAcht iomlán.

7 Edw. VII, c. 53.

Public Health Acts Amendment Act, 1907.

Alt 21.

1 & 2 Geo. V, c. 9.

Public Libraries (Art Galleries in County Boroughs (Ireland) Act, 1911.

Fo-alt (2) d'alt 2.

9 & 10 Geo. V, c. 19.

Local Government (Ireland) Act, 1919.

Fo-alt (4) d'alt 1.

10 & 11 Geo. V, c. 25.

Public Libraries (Ireland) Act, 1920.

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1925 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925.

Alt 31; míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (1), fo-alt (2), míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (4) agus fo-ailt (5), (6) agus (7) d'alt 36.

Uimh. 32 de 1925 .

An tAcht Iascaigh, 1925 .

Fo-alt (4) d'alt 15.

Uimh. 3 de 1927 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1927.

Alt 6.

Uimh. 29 de 1930 .

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

Fo-alt (2) d'alt 58.

Uimh. 8 de 1931 .

An tAcht Talmhaíochta, 1931 .

Fo-alt (2) d'alt 31.

Uimh. 11 de 1933 .

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 .

Fo-alt (3) d'alt 48; fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 147.

Uimh. 22 de 1934 .

An tAcht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934.

Fo-alt (2) d'alt 19.

Uimh. 44 de 1935 .

Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 .

Fo-alt (4) d'alt 39.

Uimh. 21 de 1936 .

Acht Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath, 1936 .

Fo-alt (4) d'alt 33.

Uimh. 55 de 1936 .

Acht na nUdarás Áitiúla (Forála Ilghnéitheacha), 1936.

Alt 7.

Uimh. 23 de 1939 .

An tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 .

Alt 11; na focail “agus chun an liúntas nua a áireamh a bheidh le lamháil don duine sin ag comhairle an bhailecheantair ina mbeidh cuid an bhaile” i mír (a) agus i mír (b) d'alt 12; mír (c) d'alt 12; ailt 16 agus 19; na focail “agus do chomhairlí bailecheantair” i bhfo-alt (1) d'alt 20; na focail “nó bhailecheantair” i bhfo-alt (3) d'alt 20; na focail “nó bhailecheantair” i bhfo-alt (4) d'alt 20.

Uimh. 27 de 1939 .

An tAcht um Chúnamh Phoiblí, 1939.

Alt 60.

Uimh. 23 de 1941 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 .

Alt 32.

Uimh. 19 de 1945 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.

Alt 49.

AN DARA SCEIDEAL.

Laghduithe Comhreireacha Luachala.

Alt 21.

Cuid I.

An chionúireacht den luacháil ar a ndéanfar an t-oidhreachtán a mheisiúnú

Cineál an Oidhreachtáin

¾

Talamh ná húsáidtear ach chun críche nó críocha acu seo a leanas, sé sin le rá:— mar thalamh airiúil, talamh móinéir nó féaraigh nó mar choillte, nó garraí glasraí, nó garraí altran.

¾

Talamh faoi uisce a húsáidtear mar chanáil agus aon chosán tuála dhi.

¾

Talamh a húsáidtear mar iarnród a rinneadh faoi chumhachta reachtúla le haghaidh iompair phoiblí.

½

Leath-chíosa is inrátuithe chun an ráta dhealúis faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus na hachtacháin á leasú sin.

CUID II.

An chionúireacht den luacháil ar a ndéanfar an t-oidhreachtán a mheisiúnú

Cineál an Oidhreachtáin

Talamh ná húsáidtear ach chun críche nó críocha acu seo a leanas, sé sin le rá:—mar thalamh airiúil, talamh móinéir nó féaraigh, nó mar choillte, nó garraí glasraí, nó garraí altran.

Talamh faoi uisce a húsáidtear mar chanáil agus aon chosán tuála dhi.

Talamh a húsáidtear mar iarnród a rinneadh faoi chumhachta reachtúla le haghaidh iompair phoiblí.

½

Leath-chíosa is inrátuithe chun an ráta dhealúis faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus na hachtacháin á leasú sin.