|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 34 de 1946. | ||
[EN] |
AN tACHT STAIDRIMH (LEASÚ), 1946. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA STAITISTÍOCHTA, 1926 . | ||
[17ú Nollaig, 1946.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) ; | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “údarás Stáit” aon údarás acu seo a leanas:— | |
[EN] | (a) Aire Stáit, | |
[EN] | (b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, | |
[EN] | (c) Coimisiún na Talún. | |
[EN] |
Eolas staidrimh a nochtadh do dhaoine údaraithe. |
2. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “eolas staidrimh”— |
[EN] | (a) lánas nó aon chuid de lánas aon sceidil, foirme nó doiciméide eile áirithe a líon duine ar bith nó a chomhlánaigh sé ar shlí eile de bhun foréilimh arna dhéanamh faoin bPríomh-Acht; | |
[EN] | (b) lánas nó aon chuid de lánas aon bhreacacháin nó doiciméide (nach breacachán ná doiciméid atá ar fáil chun a iniúchta ag an bpobal) a ndearna oifigeach staidrimh, i bhfeidhmiú aon chumhachta chuige sin a tugadh dó leis an bPríomh-Acht, é a iniúchadh nó cóip de a dhéanamh nó a fháil; agus | |
[EN] | (c) aon eolas nó freagra ó bhéal a tugadh i dtaobh aon duine, gnótha nó gnólachta áirithe. | |
[EN] | (2) Más deimhin leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gur gá sin a dhéanamh chun go gcomhlíonfaí go cuí feadhma údaráis Stáit nó coiste, coimisiúin nó bínse fhiosrúcháin arna bhunú ag an Rialtas nó ag údarás Stáit, féadfaidh sé a údarú eolas staidrimh sonraithe a nochtadh do dhaoine sonraithe, is oifigigh don údarás Stáit sin, nó comhaltaí den choiste, den choimisiún nó den bhínse fiosrúcháin sin nó oifigigh dó, do réir mar a bheas, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (a) ar aon duine sonraithe den tsórt sin dá iarraidh sin, déanfar, d'ainneoin aon ní in alt 13 den Phríomh-Acht, an t-eolas staidrimh sin a nochtadh dhó; | |
[EN] | (b) ní bhainfidh alt 14 den Phríomh-Acht le nochtadh an eolais sin amhlaidh; | |
[EN] | (c) má dhéanann duine ar bith, dar nochtadh an t-eolas staidrimh sin de bhun an ailt seo, an t-eolas staidrimh sin nó aon chuid de a fhoilsiú nó é a nochtadh d'aon duine eile, nach duine sonraithe freisin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus comhluadh. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Staidrimh (Leasú), 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |