10 1947


Uimhir 10 de 1947.


AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE. [3ú Aibreán, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —(1) San Acht seo—

ceantáil.

folaíonn an focal “ceantáil” ceantáil Dúitseach agus léireofar an focal “ceantálaí” dá réir sin;

cead ceantála.

ciallaíonn an abairt “cead ceantála” cead, faoi alt 9 den Acht seo, chun ceantáil a dhéanamh;

ceadúnas ceantálaí.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas ceantálaí” ceadúnas, faoi alt 8 den Acht seo, chun gnó ceantálaí a sheoladh;

deimhniú cáiliúcháin.

ciallaíonn an abairt “deimhniú cáiliúcháin” deimhniú cáiliúcháin, faoi alt 12 den Acht seo, chun ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a shealbhú;

éarlais.

ciallaíonn an focal “éarlais” éarlais chun críocha an Achta seo a coimeádfar san Ard-Chúirt do réir ailt 14 den Acht seo;

breitheamh dúiche.

ciallaíonn an abairt “breitheamh dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

teach.

folaíonn an focal “teach” cuid de thigh agus folaíonn sé freisin foirgint d'aon tsórt agus cuid d'aon fhoirgint;

gníomhaire tithe.

ciallaíonn an abairt “gníomhaire tithe” duine a dhéanfas, mar ghníomhaire do dhuine eile agus ar luach saothair nó mar shúil le luach saothair, teach a cheannach, a dhíol, a ligean nó a thairiscint chun a dhíolta nó a ligthe, nó tairisceana a lorg chun é a cheannach nó a thógaint ar ligean, nó margántaíocht a shaothrú chun é a cheannach, a dhíol nó a ligean, ar shlí seachas trí cheantáil, nó a fhéachfas le ceannach, díol nó ligean den tsórt sin a dhéanamh;

ceadúnas gníomhaire thithe.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas gníomhaire thithe” ceadúnas faoi alt 10 den Acht seo, chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh;

ceadúnas.

ciallaíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe;

cuideachta árachais cheadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “cuideachta árachais cheadúnaithe” cuideachta árachais ag á bhfuil ceadúnas árachais faoin Acht Arachais,

ceantálaí ceadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “ceantálaí ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais cheantálaí;

gníomhaire tithe ceadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “gníomhaire tithe ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais gníomhaire thithe;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an 6ú lá d'Iúil díreach tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do thigh a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'aon talamh a bheas ar seilbh ina theannta agus fós d'aon leas i dtigh.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní a measfaidh an tAire é a bheith riachtanach nó inmhianuithe rialacháin a dhéanamh ina thaobh chun éifeacht a thabhairt do chuspóirí an Achta seo, ach, maidir le bailiú na ndleacht máil is iníoctha ar cheadúnais agus ar cheada ceantála agus maidir lena n-eisiúint, lena gcealú agus lena bhfionraí, ní dhéanfaidh rialacháin den tsórt sin ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhníú an rialacháin, beidh an rialachán neamhnithe dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Costais

4. —Na costais faoina raghaidh an tAire nó na Coimisinéirí Ioncaim ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, le héifeacht ón dáta feidhme, a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.

CUID II.

Ceadunais agus Ceada Ceantala.

Srianta le gníomhú mar cheantálaí.

6. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo—

(a) ní dhéanfaidh duine ar bith, ar an dáta feidhme ná dá éis, gnó ceantálaí a sheoladh ná a thabhairt le tuiscint ná a chur in iúl gnó ceantálaí a bheith á sheoladh aige, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais faoi alt 8 den Acht seo,

(b) ní dhéanfaidh duine ar bith ceantáil, ar an dáta feidhme ná dá éis, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais faoi alt 8, nó do réir cheada faoi alt 9, den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceantáil a dhéanfas oifigeach custam agus máil ar ordachán ó na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) le ceantáil a dhéanfas sirriam, foshirriam nó cláraitheoir contae nó a dhéanfas oifigeach d'éinne acu sin,

(c) le ceantáil a dhéanfas bailitheoir cánach ioncaim, nó a ionadaí, faoi na hAchta Cánach Ioncaim,

(d) le ceantáil, faoi aon achtachán maidir le tocsal i leith rátaí, a dhéanfas bailitheoir rátaí,

(e) le ceantáil a déanfar faoi chumhacht díola a bheirtear le mír 8 d'alt 19 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, nó le halt 71 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854,

(f) le ceantáil raice a dhéanfas glacadóir raice faoi chumhacht díola a bheirtear dó le Cuid IX den Merchant Shipping Act, 1894,

(g) le ceantáil éisc úir,

(h) le ceantáil maoine Stáit a dhéanfas oifigeach don Stát,

(i) le ceantáil a dhéanfas duine a bheas údaraithe, le haon achtachán nó faoi, chun sin a dhéanamh gan bheith ceadúnaithe,

(j) le ceantáil a dhéanfas duine ar bith ar earraí is leis an duine sin amháin.

(3) Duine a dhéanfas gnó ceantálaí a sheoladh nó a bhéarfas le tuiscint nó a chuirfeas in iúl gnó ceantálaí a bheith á sheoladh aige nó a dhéanfas ceantáil, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil céad punt a chur air.

Srianta le gníomhú mar ghníomhaire tithe.

7. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith, ar an dáta feidhme nó dá éis, gnó gníomhaire thithe a sheoladh ná a thabhairt le tuiscint ná a chur in iúl gnó gníomhaire thithe a bheith á sheoladh aige ná gníomhú mar ghníomhaire tithe, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceantálaí ceadúnaithe,

(b) le haturnae a bheas cáilithe go cuí de thuras na huaire chun gníomhú mar aturnae,

(c) le duine a bheas ag gníomhú mar ghníomhaire d'Aire Stáit, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, do Choimisiún Talún na hÉireann nó d'aon duine a bheas údaraithe chun talamh a thógaint go héigeanta.

(3) Duine a dhéanfas gnó gníomhaire thithe a sheoladh nó a bhéarfas le tuiscint nó a cuirfeas in iúl gnó gníomhaire thithe a bheith á sheoladh aige nó a ghníomhós mar ghníomhaire tithe, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil céad punt a chur air.

Ceadúnas ceantálaí a dheonadh.

8. —(1) Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do dhuine a iarrfas sin, do réir fo-ailt (2) den alt seo, ceadúnas chun gnó ceantálaí a sheoladh faoin ainm a sonrófar sa cheadúnas.

(2) Beidh ag gabháil le hiarratas ar cheadúnas ceantálaí—

(a) deimhniú cáiliúcháin a deonadh don iarratasóir ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais,

(b) deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, a deonadh ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais, á dheimhniú go bhfuil éarlais ar coimeád san Ard-Chúirt ag an iarratasóir agus, más banna ráthaíochta an éarlais, go bhfuil éifeacht aige don tréimhse iomlán dá mbeidh an ceadúnas le deonadh, agus

(c) an dleacht mháil is iníoctha ar cheadúnas ceantálaí.

(3) Maidir le ceadúnas ceantálaí—

(a) sonrófar ann an t-ainm a mbeidh údaraithe don cheadúnaí gnó a sheoladh faoi,

(b) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin, agus

(c) mura gcealaítear é roimhe sin, leanfaidh sé i bhfeidhm (faoi réir na cumhachta fionraíochta atá in alt 18 den Acht seo) go dtí an 5ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin.

(4) Udaróidh ceadúnas ceantálaí do phearsa ainmnithe amháin (arb é an ceadúnaí é nó pearsa éigin a bheas ainmnithe aige) ceantáil a dhéanamh thar ceann an cheadúnaí.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas ceantálaí a chealú ar an gceadúnaí dá iarraidh sin.

Cead ceantála a dheonadh.

9. —(1) Aon uair a iarrfas ceantálaí ceadúnaithe cead ceantála ar na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) más pearsa an t-iarratasóir—pé cead acu seo leanas a iarrfas sé,

(i) cead don iarratasóir chun ceantáil a dhéanamh thar a cheann féin, nó

(ii) cead do phearsa bheas ainmnithe ag an iarratasóir chun ceantáil a dhéanamh thar ceann an iarratasóra,

(b) más comhlucht corpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine an t-iarratasóir—cead do phearsa bheas ainmnithe ag an gcomhlucht sin chun ceantáil a dhéanamh thar a gceann.

(2) Beidh an dleacht mháil is iníoctha ar chead ceantála ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Maidir le cead ceantála—

(a) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin, agus

(b) mura gcealaítear é roimhe sin, leanfaidh sé i bhfeidhm (faoi réir na cumhachta fionraíochta atá in alt 18 den Acht seo) go dtí

(i) an 5ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin, nó

(ii) dáta cealuithe an cheadúnais cheantálaí a bheas ag an duine ar deonadh an cead thar a cheann,

pé acu sin is luaithe.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar cheantálaí ceadúnaithe dá iarraidh sin, cead ceantála sonraithe a deonadh thar a cheann a chealú.

Ceadúnas gníomhaire thithe a dheonadh.

10. —(1) Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do dhuine a iarrfas sin, do réir fo-ailt (2) den alt seo, ceadúnas chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh faoin ainm a sonrófar sa cheadúnas.

(2) Beidh ag gabháil le hiarratas ar cheadúnas gníomhaire thithe—

(a) deimhniú cáiliúcháin a deonadh don iarratasóir ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais,

(b) deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, a deonadh ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais, á dheimhniú go bhfuil éarlais ar coimeád san Ard-Chúirt ag an iarratasóir agus, más banna ráthaíochta an éarlais, go bhfuil éifeacht aige d'iomlán na tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le deonadh, agus

(c) an dleacht mháil is iníoctha ar cheadúnas gníomhaire thithe.

(3) Maidir le ceadúnas gníomhaire thithe—

(a) sonrófar ann an t-ainm a mbeidh údaraithe don cheadúnaí gnó a sheoladh faoi,

(b) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin, agus

(c) mura gcealaítear é roimhe sin, leanfaidh sé i bhfeidhm (faoi réir na cumhachta fionraíochta atá in alt 18 den Acht seo) go dtí an 5ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas gníomhaire thithe a chealú ar an gceadúnaí dá iarraidh sin.

CUID III.

Deimhnithe Cailiuchain chun ceadunas Ceantalai no Ceadunas Gniomhaire Thithe a Shealbhu.

Deimhniú cáiliúcháin a iarraidh.

11. —(1) Duine a bheas ar intinn deimhniú cáiliúcháin a iarraidh i leith gnótha áirithe—

(a) bhéarfaidh sé go bhfoilseofar, ocht lá fichead ar a laghad sar a ndéana sé an t-iarratas a bheas sé ar intinn a dhéanamh, i nuachtán a léitear sa cheantar cúirte dúiche a mbeidh beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha sa Stát a bheith aige ann, fógra go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas a dhéanamh,

(b) déanfaidh sé fógra ocht lá fichead ar a laghad, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas a dhéanamh, a thabhairt i scríbhinn don Cheannphort Gharda Shíochána ar ina cheantar a bheas beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha sa Stát a bheith aige.

(2) Sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) ainm an iarratasóra agus, más comhlucht neamh-chorpraithe an t-iarratasóir, ainmneacha a chomhaltaí,

(b) an t-ainm a mbeidh beartaithe ag an iarratasóir gnó a dhéanamh faoi agus an seoladh a mbeidh beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha sa Stát a bheith aige ann,

(c) an t-am agus an áit a mbeidh beartaithe aige an t-iarratas a dhéanamh.

(3) Gach iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin i leith gnótha áirithe déanfar é chun breithimh dhúiche ag a mbeidh dlínse—

(i) más san aon cheantar cúirte dúiche amháin a bheas beartaithe ag an iarratasóir an gnó a sheoladh—sa cheantar cúirte dúiche sin,

(ii) má bhíonn beartaithe ag an iarratasóir an gnó a sheoladh i níos mó ná aon cheantar cúirte dúiche amháin—sa cheantar cúirte dúiche a mbeidh beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha a bheith aige ann.

(4) Ar iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin a bheith á éisteacht féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, agus aon duine a measfaidh an breitheamh dúiche a bheas ag éisteacht an iarratais leas a bheith aige ann, láithriú agus éisteacht a fháil maidir leis an iarratas agus féadfaidh fianaise a thabhairt ar aird mar thaca leis na cúis-aithristí a chuirfeas sé faoi bhráid na Cúirte.

(5) Ní thabharfaidh an Chúirt aird ar agóid in aghaidh iarratais ar dheimhniú cáiliúcháin mura mbeidh an té a bheas ar intinn an agóid a dhéanamh tar éis fógra i scríbhinn, ina mbeidh forais a agóide, a thabhairt, seacht lá ar a laghad roimh an iarratas a éisteacht, don iarratasóir agus don chléireach cúirte dúiche.

Deimhnithe cáiliúcháin a dheonadh.

12. —(1) Aon uair a déanfar iarratas go cuí chun breithimh dhúiche ag iarraidh deimhniú cáiliúcháin chun gnó ceantálaí a sheoladh nó ag iarraidh deimhniú cáiliúcháin chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh, déanfaidh an breitheamh, faoi réir ailt 13 den Acht seo, an deimhniú a dheonadh don iarratasóir.

(2) Sonrófar i ndeimhniú cáiliúcháin an t-ainm a mbeidh ceadúnaithe don tsealbhóir gnó a sheoladh faoi.

Forais chun deimhniú cáiliúcháin a dhiúltú.

13. —Féadfar diúltú d'iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin ar aon fhoras acu seo a leanas:—

(a) nach duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir chun deimhniú a bheith aige,

(b) gur féimhí neamhurscaoilte nó féichiúnaí comhshocraitheach an t-iarratasóir,

(c) go bhfuil an t-iarratasóir faoi bhun bliana is fiche d'aois,

(d) go bhfuil an t-iarratasóir dícháilithe faoi alt 18 den Acht seo chun ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a bheith aige,

(e) gur fionraíodh nó gur cealaíodh faoi alt 18 den Acht seo ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a bhí roimhe sin ag an iarratasóir,

(f) gur duine a bhféadfaí diúltú faoin alt seo dá iarratas, dá n-iarradh sé féin deimhniú cáiliúcháin, pearsa atá freagarthach nó a mbeidh beartaithe é a bheith freagar thach i mbainistí ghnótha an iarratasóra agus fós, i gcás comhluchta neamh-chorpraithe, gur pearsa den tsórt sin aon chomhalta áirithe den chomhlucht.

CUID IV.

Earlaisi.

Forála ginearálta maidir le héarlaisí.

14. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le héarlais lóisteálfar san Ard-Chúirt de bhun an Achta seo:—

(a) dhá mhíle punt an luach a bheas san éarlais;

(b) beidh an éarlais faoi urlámhas na hArd-Chúirte;

(c) ar an duine a bheartós an éarlais a lóisteáil dá n-iarraidh bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais dó in aisce na foirmeacha is gá chuige sin;

(d) in ionad an éarlais a lóisteáil in airgead féadfar í a lóisteáil—

(i) trí urrúis a lóisteáil a bheas údaraithe le rialacha cúirte maidir le suncáil airgid faoi urlámhas na hArd-Chúirte, nó

(ii) trí bhanna ráthaíochta a lóisteáil, a bheas cuideachta árachais cheadúnaithe tar éis a thabhairt i bhfoirm arna ceadú ag an Aire, lena ráthóidh an chuideachta, i bhfábhar Uachtaráin na hArd-Chúirte, suas go dtí teora dhá mhíle punt go gcomhlíonfaidh an lóisteálaí go cuí a oblagáidí mar cheantálaí ceadúnaithe nó gníomhaire tithe ceadúnaithe maidir le hairgead a ghlacadh agus a íoc agus maoin a choimeád slán;

(e) más in airgead a lóisteálfar nó a coimeádfar an éarlais, déanfar an t-airgead nó cuid shonraithe dhe a shuncáil, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaí, in urrúis a bheas údaraithe mar adúradh agus a shonrós an lóisteálaí;

(f) íocfar leis an lóisteálaí an t-ioncam as na hurrúis dá mbeidh an éarlais comhdhéanta i bpáirt nó go hiomlán;

(g) déanfar, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaí, na hurrúis sin nó aon chuid díobh a mhalairtiú ar urrúis eile a bheas údaraithe mar adúradh agus a shonrós an lóisteálaí;

(h) bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais in aisce don lóisteálaí, ar é dá iarraidh sin, deimhniú á dheimhniú do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil luach sonraithe d'éarlais nó banna ráthaíochta ar shuim shonraithe ar coimeád do réir an ailt seo ag an lóisteálaí.

Fiach breithiúnais a íoc as éarlaisí.

15. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine ar bith (dá ngairmtear an gearánaí sa bhfo-alt seo) breith nó ordú nó aithne, in aon imeachta, in aghaidh aon duine eile (dá ngairmtear an cosantóir sa bhfo-alt seo) chun airgead a íoc d'urscaoileadh dliteanais faoina ndeachaigh an cosantóir mar cheantálaí ceadúnaithe nó gníomhaire tithe ceadúnaithe maidir le hairgead a ghlacadh nó a íoc nó le maoin a choimeád slán, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an ngearánaí dá iarraidh sin ar shlí achomair, a ordú an t-airgead sin (i bhfarra nó d'éagmais costas an iarratais) a íoc leis an ngearánaí as an éarlais a bheas ar coimeád ag an gcosantóir, nó, más banna ráthaíochta an éarlais agus go ndearnadh, roimh na himeachta a éisteacht, fógra ar thionscnamh na n-imeacht a sheirbheáil ar an gcuideachtain árachais iomchuí, é a íoc le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais ón gcuideachtain árachais thar ceann an ghearánaí.

(2) Aon uair a thionscnós duine (dá ngairmtear an gearánaí sa bhfo-alt seo) imeachta in aghaidh aon duine eile (dá ngairmtear an cosantóir sa bhfo-alt seo) ina n-éileofar airgead a íoc d'urscaoileadh dliteanais a líomhnófar an cosantóir a bheith tar éis dul faoi mar cheantálaí ceadúnaithe nó gníomhaire tithe ceadúnaithe maidir le hairgead a ghlacadh nó a íoc nó le maoin a choimeád slán, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an ngearánaí dá iarraidh sin, a ordú, le hordú, gan an éarlais a bheas ar coimeád ag an gcosantóir nó gan cuid shonraithe áirithe dhi a scaoileadh go dtí go mbeidh deireadh leis na himeachta nó go ceann pé tréimhse eile is cuí leis an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a neamhníú nó a athrú.

(3) Aon uair a dhéanfas an Chúirt ordú faoin alt seo á ordú airgead a íoc as éarlais nó ag cuideachtain árachais, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) ar Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do dhéanamh aon íocaíochta faoin ordú, bhéarfaidh sé fógra láithreach do na Coimisinéirí Ioncaim agus don lóisteálaí á insint sin dóibh agus ag insint luacha an iarmhéid a bheas fágtha dá éarlais nó an iarmhéid a bheas urraithe le ráthaíocht na cuideachtan árachais, pé acu é;

(b) más lú ná dhá mhíle punt luach an iarmhéid sin, agus mura ndéana an lóisteálaí, laistigh de chúig lá déag tar éis dáta an fhógra sin, deimhniú ón gCuntasóir a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil lóis teálta aige, do réir ailt 14 den Acht seo, suim is ionann agus méid an easnaimh nó banna ráthaíochta ar an méid sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim láithreach cealú ar cheadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe an lóisteálaí agus ar gach cead ceantála a deonadh dhó féin agus do dhuine ar bith chun ceantáil a dhéanamh thar a cheann.

Éarlais a scaoileadh.

16. —(1) Más mian leis an lóisteálaí a iarraidh go scaoilfí éarlais, bhéarfaidh sé go ndéanfar, sé lá caogad ar a laghad sar a ndéana sé an t-iarratas a bheas sé ar intinn dhéanamh, fógra, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas a dhéanamh, a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil, nó ina raibh go deiridh, a phríomh-áit ghnótha ag an lóisteálaí mar cheantálaí nó mar ghníomhaire tithe (pé acu é).

(2) I gcás ina n-iarrfaidh an lóisteálaí, tar éis dó fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, éarlais a scaoileadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) mura bhfuil ceadúnas ag an lóisteálaí agus mura raibh sin aige aon tráth sa tréimhse de chúig lá caogad roimh dháta an iarratais, déanfar, faoi réir ailt 15 den Acht seo, an éarlais a scaoileadh;

(b) in aon chás eile, ní scaoilfear an éarlais.

(3) Baineann an t-alt seo le hiarratas ó leachtóir, ionadaí pearsanta, sannaí nó comharba-i-dteideal eile lóisteálaí amhail mar bhaineas sé le hiarratas ó lóisteálaí.

An clár de lóisteálaithe.

17. —(1) Coimeádfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais clár (dá ngairmtear an clár de lóisteálaithe san alt seo) de dhaoine a mbeidh éarlaisí ar coimeád acu.

(2) Beidh sa chlár de lóisteálaithe, maidir le gach duine a mbeidh éarlais ar coimeád aige,—

(a) ainm an lóisteálaí agus an t-ainm faoina bhfuil gnó ceantálaí nó gníomhaire thithe á sheoladh aige nó faoina bhfuil beartaithe aige an gnó sin a sheoladh,

(b) seoladh na príomh-áite gnótha atá aige sa Stát nó atá beartaithe a bheith aige sa Stát,

(c) más trí bhanna ráthaíochta atá an éarlais ar coimeád, ainm agus seoladh na cuideachtan árachais lena mbaineann.

(3) Coimeádfar an clár de lóisteálaithe in oifig Chuntasóra na gCúirteanna Breithiúnais agus féadfaidh duine ar bith é a iniúchadh ar é d'íoc pé táille (más ann) a bheas ordaithe faoi alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), aon tráth a bheas an oifig sin ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh.

(4) Deimhniú, a airbheartós a bheith sínithe ag Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, á dheimhniú ná raibh duine a bheas ainmnithe ann cláraithe lá áirithe sa chlár de lóisteálaithe nó go raibh sé cláraithe amhlaidh agus go raibh éarlais shonraithe ar coimeád aige, beidh sé ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheas deimhnithe amhlaidh agus ní gá síniú an Chuntasóra sin a chruthú ná a chruthú gurb é Cuntasóir na gCúirteannan Breithiúnais é.

(5) Féadfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais deimhniú den tsórt a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a thabhairt do dhuine ar bith, ar é d'íoc pé táille (más ann) a bheas ordaithe faoi alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ).

CUID V.

Forala Ilghneitheacha maidir le Ceadunais agus Ceada Ceantala.

Cealú, fionraí agus dícháiliú maidir le ceadúnais agus ceada ceantála.

18. —(1) Aon uair a déanfar duine is ceantálaí nó gníomhaire tithe ceadúnaithe a chiontú i gcion ina mbeidh calaois, mí-ionraiceas nó sárú iontaoibhe i gceist, féadfaidh an Chúirt, gan dochar do ghearradh aon phionóis eile a bheas údaraithe le dlí, pé ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh is cuí leis an gCúirt, is é sin le rá:—

(a) cealú a dhéanamh ar cheadúnas an duine sin agus, más ceantálaí ceadúnaithe é, ar gach cead ceantála a deonadh do féin nó do dhuine ar bith chun ceantáil a dhéanamh thar a cheann,

(b) an ceadúnas sin agus gach cead ceantála mar adúradh a fhionraí go ceann tréimhse sonraithe,

(c) a dhearbhú an duine sin a bheith dícháilithe, go ceann tréimhse sonraithe, chun ceadúnas a bheith aige.

(2) I gcás ina ndéanfar achomharc in aghaidh ciontuithe no pianbhreithe mar gheall ar chion lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, beidh ag Cúirt éisteachta an achomhairc an dlínse a bheirtear leis an bhfo-alt sin do Chúirt trialta an chiontaitheora agus beidh aici dlínse chun aon chealú, fionraí nó dícháiliú a rinneadh faoin bhfo-alt sin a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú.

(3) Aon uair a chealós nó a fhionrós an Chúirt ceadúnas nó cead ceantála nó a dhearbhós sí duine a bheith dícháilithe chun ceadúnas a bheith aige nó a dhaingneos nó a neamhneos nó a athrós sí aon chealú, fionraí nó dícháiliú, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na Cúirte é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ceadúnais cheantálaithe agus ceada ceantála a thabhairt ar aird d'oifigigh chustam agus máil.

19. —(1) Gach duine a bheas ag déanamh ceantála (seachas ceantáil lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 6 den Acht seo), déanfaidh sé, ar oifigeach custam agus máil dá iarraidh sin air, ceadúnas ceantálaí nó cead ceantála faoina raibh údaraithe dhó an cheantáil a dhéanamh a thabhairt ar aird agus a thaispeáint don oifigeach ansin agus an uair sin nó déanfaidh, laistigh de sheacht lá ón uair sin, ceadúnas nó cead den tsórt sin a thabhairt ar aird agus a thaispeaint d'aon oifigeach custam agus máil in oifig chustam agus máil a ainmneos an duine sin an tráth a déanfar an t-iarratas sin.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé, mura gcruthaí sé don Chúirt go raibh údaraithe dhó an cheantáil a dhéanamh agus gur nithe ná raibh neart aige orthu faoi ndear an sárú, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil caoga punt a chur air.

Duine a dhéanfas ceantáil do thaispeáint placaird

20. —(1) Gach duine a bheas ag déanamh ceantála (seachas ceantáil lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 6 den Acht seo), coimeádfaidh sé ar taispeáint, faid a bheas an cheantáil ar siúl, in ionad sofheicse san áit ina mbeidh an cheantáil á dhéanamh placard ar a mbeidh—

(a) más ceantálaí ceadúnaithe é, an t-ainm faoina bhfuil sé ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh agus seoladh a phríomh-áite gnótha sa Stát,

(b) más sealbhóir é ar chead ceantála chun ceantáil a dhéanamh thar ceann duine eile is ceantálaí ceadúnaithe, an t-ainm faoina bhfuil an ceantálaí ceadúnaithe sin ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh agus seoladh príomh-áite gnótha an cheantálaí sa Stát.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil deich bpunt a chur air.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le ceantáil, ag ceantálaí ceadúnaithe nó thar a cheann, a ndéanfar fógra, ina mbeidh an t-ainm faoina bhfuil sé ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh agus seoladh a phríomh-áite gnótha sa Stát, a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa cheantar ina ndéanfar an cheantáil nó a chur a taispeáint in ionad sofheicse sa cheantar.

Srian le ceantálaithe do dheighleáil in earraí inmháil.

21. —(1) Ní údaróidh ceadúnas ceantálaí ná cead ceantála dá shealbhóir deighleáil in earra, ná earra a dhíol, thar a cheann féin ná thar ceann aon duine eile, is earra ar gá ceadúnas máil chun deighleáil inti nó í a dhíol, ach amháin i gcás sin a dhéanamh in áit a mbeidh ceadúnas máil chun an earra a dhíol faighte agus i bhfeidhm ina leith ag únaer na hearra.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a údarú do cheantálaí ceadúnaithe earra de chineál lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a dhíol ar ceantáil thar ceann pearsan más deimhin leo gur leis an bpearsain sin an earra agus nach i leith trádála na pearsan sin a beifear á díol.

Ceadúnais agus ceada ceantála a thabhairt suas ar iad a chealú.

22. —(1) I gcás ina gcealófar ceadúnas nó cead ceantála, nó ina raghaidh cead ceantála as feidhm toisc ceadúnas ceantála a chealú, déanfaidh a shealbhóir laistigh de sheacht lá tar éis na Coimisinéirí Ioncaim dá iarraidh sin air, an ceadúnas nó an cead ceantála a thabhairt suas do na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo trí fhaillí a dhéanamh i gceadúnas nó cead ceantála a thabhairt suas, beidh sé, mura gcruthaí sé don Chúirt gur nithe ná raibh neart aige orthu faoi ndear an sárú, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil fiche punt a chur air.

Fógra a fhoilsiú gur cealaíodh ceadúnais nó ceada ceantála.

23. —Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, a luaithe is féidir tar éis ceadúnas nó cead ceantála a chealú, fógra i dtaobh an chealuithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Ceadúnais sealadacha.

24. —(1) Aon uair a diúltófar d'iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin i leith gnótha áirithe agus a lóisteálfar achomharc chun na Cúirte Cuarda, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, gan dleacht mháil a íoc, ceadúnas sealadach a thabhairt don iarratasóir chun an gnó sin a sheoladh faoin ainm a bheas sonraithe sa cheadúnas.

(2) Ní féadfar ceadúnas sealadach a thabhairt ach sna tosca seo a leanas:—

(a) i gcás iarratais a déanfar roimh an dáta feidhme, go mbeidh an t-iarratasóir, ar dháta an iarratais, agus go raibh, ar feadh an dá mhí dhéag roimhe sin, ina shealbhóir—

(i) más gnó ceantálaí an gnó a bheas i gceist, ar cheadúnas faoin Auctioneers Act, 1845, nó

(ii) más gnó gníomhaire thithe é, ar cheadúnas a deonadh faoi alt 11 den Revenue (No. 1) Act, 1861;

(b) in aon chás eile, go mbeidh an t-iarratasóir, tráth an iarratais a dhéanamh, ina shealbhóir—

(i) más gnó ceantálaí an gnó a bheas i gceist, ar cheadúnas ceantálaí,

(ii) más gnó gníomhaire thithe é, ar cheadúnas gníomhaire thithe;

(c) go dtabharfaidh an t-iarratasóir ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais a deonadh ocht lá fichead ar a mhéid roimhe sin á dheimhniú go bhfuil éarlais ar coimeád san Ard-Chúirt ag an iarratasóir agus, más banna ráthaíochta an éarlais, go bhfuil éifeacht aige don tréimhse iomlán dá mbeidh an ceadúnas le deonadh.

(3) Maidir le ceadúnas sealadach—

(a) sonrófar ann an t-ainm a mbeidh údaraithe don cheadúnaí gnó a sheoladh faoi,

(b) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin,

(c) leanfaidh sé i bhfeidhm go ceann pé tréimhse, ná mairfidh thar seacht lá i ndiaidh breith a thabhairt ar an achomhare, is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(d) beidh pé coinníollacha ag gabháil leis is cuí leo a fhorchur.

(4) Udaróidh ceadúnas sealadach chun gnó ceantálaí a sheoladh do phearsa ainmnithe amháin (arb é an ceadúnaí é nó pearsa éigin a bheas ainmnithe aige) ceantáil a dhéanamh thar ceann an cheadúnaí.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ceadúnas sealadach ceadúnaí a chealú ar an gceadúnaí dá iarraidh sin.

(6) Faid a bheas ceadúnas sealadach i bhfeidhm, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, é a bheith—

(a) más ceadúnas é chun gnó ceantálaí a sheoladh, ina cheadúnas faoi alt 8 den Acht seo, agus

(b) más ceadúnas é chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh, ina cheadúnas faoi alt 10 den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Athghairm.

Alt. 5.

Siosón agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

8 & 9 Vic., c. 15.

Auctioneers Act, 1845.

An tAcht iomlán.

24 & 25 Vic., c. 21.

Revenue (No. 1) Act, 1861.

Ailt 10, 11, 12 agus 13.

27 & 28 Vic., c. 56.

Revenue (No. 2) Act, 1864.

Alt 14.

33 & 34 Vic., c. 32.

Customs and Inland Revenue Act, 1870.

Alt 5.