46 1947


Uimhir 46 de 1947.


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHACHTÚ FORÁL ÁIRITHE MAIDIR LE LONGA A RINNEADH LE hORDUITHE FAOI NA hACHTA CUMHACHTA PRÁINNE, 1939 GO 1945, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHOMHAONTUITHE NÓ CONBHINSIÚIN EADARNÁISIÚNTA ÁIRITHE MAIDIR LE LONGA AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 GO 1939. [23ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

sárú.

folaíonn an focal “sárú,” maidir le haon fhoráil, neamhchomhlíonadh na forála sin;

long Éireannach.

ciallaíonn an abairt “long Éireannach”

(a) long atá cláraithe sa Stát faoin bPríomh-Acht, nó

(b) long ar saoránach Éireannach nó saoránaigh Éireannacha a húnaer agus ná fuil cláraithe sa Stát faoin bPríomh-Acht ná cláraithe faoi dhlí aon Stáit eile;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894.

E a bheith d'oblagáid an suaitheantas náisiúnta a chrochadh.

2. —(1) Déanfar an suaitheantas náisiúnta a chrochadh ar loing Éireannach ag dul isteach di i bport, nó ag fágáil poirt, lasmuigh den Stát, agus más long caoga tonna nó os a chionn sin de mhórthonnáiste í, ag dul isteach di i bport sa Stát nó ag fágáil poirt sa Stát.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le bád iascaigh atá iontrálta go cuí sa chlár de bháid iascaigh agus a mbeidh litir nó litreacha agus uimhir nó uimhreacha uirthi mar is gá do réir Coda IV den Phríomh-Acht.

(3) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire barántas a thabhairt d'aon chomhlucht daoine á údarú do chomhaltaí an chomhluchta suaitheantas sonraithe a chrochadh ar longa Éireannacha sonraithe in ionad an tsuaitheantais náisiúnta, agus féadfaidh an tAire, le haon bharántas den tsórt sin, coinníollacha agus srianta a chur le feidhmiú an údaráis a bhéarfar amhlaidh agus féadfaidh sé aon bharántas den tsórt sin a chúlghairm.

(4) I gcás ina raghaidh long lena mbainfidh barántas a heiseofar faoi fho-alt (3) den alt seo isteach i bport, nó ina bhfágfaidh port, lasmuigh den Stát nó, más long caoga tonna nó os a chionn sin de mhórthonnáiste í, ina raghaidh isteach i bport, nó ina bhfágfaidh port, sa Stát, is comhlíonadh ar fho-alt (1) den alt seo an suaitheantas a bheas sonraithe sa bharántas a chrochadh ar an loing do réir an bharántais.

(5) I gcás sárú a dhéanamh ar an alt seo, beidh máistir na loinge lena mbainfidh an sárú ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Toirmeasc ar shuaitheantas náisiúntachta, seachas an suaitheantas náisiúnta, a chrochadh.

3. —(1) Ní crochfar ar loing Éireannach aon tsuaitheantas náisiúntachta ach amháin an suaitheantas náisiúnta nó an suaitheantas sin go gciumhais bhán nó an suaitheantas sin agus é i suaitheantas a crochfar faoi údarás barántais arna eisiúint faoi fho-alt (3) d'alt 2 den Acht seo.

(2) I gcás sárú a dhéanamh ar an alt seo, beidh máistir na loinge lena mbainfidh an sárú ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Long ar fostú ama nó ar fostú turais a chlárú go sealadach.

4. —Aon long nach long Éireannach agus a thógfas fostóir sa Stát ar fostú ama nó ar fostú turais, féadfar, má fhormheasann an tAire é, í a chlárú sa Stát faoin bPríomh-Acht, agus fanfaidh sí cláraithe amhlaidh ar feadh na tréimhse nó an turais dá mbeidh an long sin tógtha ar fostú amhlaidh agus ní fhanfaidh níos sia ná sin.

Duine den fhoirinn d'urscaoileadh ag port sa Stát.

5. —(1) Aon chomha lena mbaineann an t-alt seo is comha dleathach éifeachtach é, agus dá réir sin féadfaidh an tAire foirm lena aghaidh d'fhormheas de bhun fo-ailt (1) d'alt 114 den Phríomh-Acht.

(2) Baineann an t-alt seo le comha a bheas i gcomhaontú a dhéanfas maistir loinge leis an bhfoirinn, agus faoina bhféadfaidh an máistir duine den fhoirinn d'urscaoileadh ag port sa Stát ach fógra urscaoilte a bheith tugtha aige don duine sin cheithre huaire fichead nó níos mó roimh an urscaoileadh.

Fíneáil ar mharaí a gheofar ciontach i bheith as láthair gan cead.

6. —Aon mharaí a bheas ciontach sa chion sin bheith as láthair gan cead amhail mar sonraítear i mír (b) d'alt 221 den Phríomh-Acht dlífear, gan dochar d'fhorála na míre sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air ar é a chiontú sa chion ar an slí achomair.

Aitheantas a thabhairt do dheimhnithe inniúlachta.

7. —(1) I gcás socrú a bheith déanta ag Rialtas Stáit eile le scrúduithe a chur ar siúl chun deimhnithe inniúlachta mar mháistrí, mátaí, nó innealltóirí ar bord loinge, nó mar scibeoirí nó dara lámha ar bord bád iascaigh a dheonadh do dhaoine agus gur deimhin leis an Aire na deimhnithe a deontar amhlaidh a bheith á ndeonadh ar fhorais a thaispeánas cáilíochta inniúlachta leordhóthanacha le haghaidh seirbhíse ar longa Éireannacha, féadfaidh an Rialtas a fhoráil le hordú go mbeidh an fheidhm chéanna laistigh den Stát ag deimhnithe a deonfar amhlaidh a bheadh acu dá mba é an tAire a dheonfadh iad faoi Chuid II nó Alt 414 (pé acu é) den Phríomh-Acht, agus beidh éifeacht laistigh den Stát ag na deimhnithe sin agus, maidir lena n-éifeacht laistigh den Stát, beid infhionruithe nó inchealuithe dá réir sin.

(2) I gcás deimhniú d'fhionraí nó a chealú de bhuaidh an ailt seo, déanfaidh sealbhóir an deimhnithe sin, más rud é ná beidh an deimhniú i seilbh an Aire, é a sheachadadh don Aire, agus aon deimhniú a fionrófar nó a cealófar amhlaidh cuirfidh an tAire thar n-ais é chun an údaráis d'eisigh é maraon le tuarascáil i dtaobh na n-imthosca faoina ndearnadh an fionraí nó an cealú sin.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Ordachán do chur sriain le clárú loinge.

8. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú ná déanfar long shonraithe ná aon long d'aicme shonraithe a chlárú ag port sa Stát faoin bPríomh-Acht ach amháin le formheas an Aire.

(2) Ní déanfar aon long lena mbainfidh ordachán faoin alt seo a chlárú ag port sa Stát faoin bPríomh-Acht ach amháin le formheas an Aire.

Rialacháin do chur sriain le dúnadh nó aistriú cláraitheachta.

9. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin ná dúnfar ná ná haistreofar go dtí port lasmuigh den Stát an chláraitheacht sa Stát faoin bPríomh-Acht ar loing shonraithe ná ar aon loing d'aicme shonraithe, ach amháin le formheas an Aire sin.

(2) Ní dúnfar ná ní haistreofar go dtí port lasmuigh den Stát an chláraitheacht sa Stát faoin bPríomh-Acht ar loing lena mbainfidh rialacháin faoin alt seo, ach amháin le formheas an Aire.

Srian le haistriú nó morgáistiú.

10. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon long Éireannach ná aon scair i loing Éireannach d'aistriú ná a mhorgáistiú, ná aon mhorgáiste ar loing Éireannach ná aon scair i loing Éireannach d'aistriú, mura rud é—

(a) gur idirbheart é a fhormheasfas an tAire, nó

(b) gur idirbheart é a dearbhófar le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith ina idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo.

(2) Más rud é go bhforghníomhófar ionstraim a airbheartós a bheith ina haistriú, ina morgáiste, nó ina haistriú morgáiste ar loing Éireannach nó ar scair sa chéanna agus ná beidh an t-idirbheart lena mbainfidh an ionstraim formheasta ag an Aire ná nach idirbheart é a bheas dearfa le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith ina idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo, beidh an ionstraim ar neamhní.

(3) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, go mbeidh aon idirbheart—

(a) is aistriú, morgáiste nó aistriú morgáiste inar duine nó daoine acu seo a leanas an t-aistreoir nó an morgáisteoir agus an t-aistrí nó an morgáistí:

(i) duine a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát,

(ii) cuideachta a corpraíodh sa Stát, nó

(b) is aistriú, morgáiste nó aistriú morgáiste ar loing d'aicme shonraithe nó ar aon scair sa chéanna,

ina idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo.

Rialacháin i dtaobh sábháltachta.

11. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun sábháltacht árthach lena mbainfidh an t-alt seo d'áirithiú, agus féadfaidh pé forála forlíontacha nó fo-ghabhálacha is cuí leis a chur sna rialacháin sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo feidhm a bheith acu maidir leis an Stát ar fad nó cuid de agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh do choda éagsúla den Stát.

(3) Féadfar, go sonrach, socruithe a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo d'aon ní acu seo a leanas:

(a) árthaí a cheadúnú,

(b) toirmeasc ar phaisnéirí d'iompar in árthaí ná beidh ceadúnaithe,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais lena n-áirítear go sonrach coinníollacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) na caighdeáin mhuir-acmhainneachta nach foláir a choimeád,

(ii) na gléasanna tarrthála agus na gléasanna múchta tóiteán a hiomprófar,

(iii) an uimhir uasta paisnéirí a hiomprófar,

(iv) na teoranta ar laistigh díobh a féadfar, nó na bealaí taistil ar a bhféadfar, árthaí d'úsáid chun paisnéirí d'iompar,

(v) na trátha ar lena linn a féadfar árthaí d'oibriú,

(d) daoine i bhfeighil árthaí a cheadúnú,

(e) toirmeasc ar phaisnéirí d'iompar in árthaí ar daoine ná beidh ceadúnaithe a bheas ina bhfeighil,

(f) suirbhéireacht a dhéanamh ar árthaí,

(g) ceadúnais a chealú agus d'fhionraí.

(4) I gcás sárú a dhéanamh ar aon rialachán faoin alt seo, beidh máistir agus únaer an árthaigh lena mbainfidh an sárú ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a gciontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur ar gach duine acu.

(5) I gcás sárú a dhéanamh ar aon choinníoll dá mbeidh ag gabháil le ceadúnas a heiseofar faoi rialacháin faoin alt seo, beidh sealbhóir an cheadúnais ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(6) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh a bheas le n-íoc i leith suirbhéireachta a déanfar ar árthaí de bhun na rialachán agus i leith ceadúnas a deonfar faoi na rialacháin.

(7) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoi rialacháin a déanfar faoin alt seo, agus bailedfar gach táille den tsórt sin agus glacfar iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste iad, nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad, do réir ordachán an Aire sin.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hárthaí a bheas á n-úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, ach amháin aon árthach den tsórt sin in aon cheann de na haicmí a bheas sonraithe sna rialacha a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo faoi alt 427 den Phríomh-Acht.

Rialacháin maidir le leas agus coinníollacha fostaíochta maraithe.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, pé socrú is cuí leis a dhéanamh chun leasa maraithe ar longa Éireannacha nó ag poirt sa Stát nó chun coinníollacha oiriúnacha fostaíochta do mharaithe d'áirithiú ar longa Éireannacha, agus féadfaidh sé aon tsocrú forlíontach nó fo-ghabhálach is cuí leis a chur in aon rialacháin den tsórt sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint a bheith acu go sonrach le nithe ar bith a moladh le haon cheann de na conbhinsiúin a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is é sin, na conbhinsiúin ar glacadh leo ag an ochtú siosón fichead den Chomhdháil Eadarnáisiúnta um Oibreachas a comóradh i Seattle, Washington, Stáit Aontaithe Ameirice, i mí Meithimh, 1946.

(3) I gcás rialacháin faoin alt seo do bhaint le ní ar bith a moladh le haon chomhaontú nó conbhinsiún eadarnáisiúnta a fhorálas gur tar éis comhairle a ghlacadh a déanfar socruithe ag tabhairt éifeachta dó maidir leis an ní sin, glacfaidh an tAire comhairle amhlaidh sar a ndéanfaidh sé na rialacháin.

(4) I gcás sárú a dhéanamh ar aon rialachán faoin alt seo, beidh máistir agus únaer na loinge lena mbainfidh an sárú agus an té a shárós an rialachán ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a gciontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur ar gach duine acu.

Rialacha i dtaobh billí ládála.

13. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, beidh éifeacht ag na rialacha i dtaobh billí ládála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (dá ngairmtear “na Rialacha” san alt seo) maidir le hearraí d'iompar de mhuir i longa a bheas ag iompar earraí ó aon phort sa Stát go dtí port ar bith eile laistigh nó lasmuigh den Stát.

(2) Ní hintuigthe as aon chonradh chun earraí d'iompar de mhuir lena mbainfidh na Rialacha iompróir na n-earraí do thabhairt aon ghealltanais iomláin long mhuir-acmhainneach a sholáthar.

(3) Gach bille ládála, nó doiciméid teidil dá shamhail, a heiseofar sa Stát agus ina mbeidh aon chonradh, nó is fianaise ar aon chonradh, lena mbainfidh na Rialacha beidh ráiteas sainráite ann go mbeidh éifeacht aige faoi réir forál na Rialacha mar bheirtear feidhm dóibh leis an Acht seo.

(4) Maidir le hearraí d'iompar de mhuir i longa a bheas ag iompar earraí ó aon phort sa Stát go dtí aon phort eile sa Stát nó go dtí port sa Bhreatain Mhóir nó i dTuaisceart Éireann, beidh éifeacht ag Airteagal VI de na Rialacha amhail is dá mba d'earraí de chineál ar bith in ionad d'earraí áirithe a bhí tagairt san Airteagal agus amhail is dá mbeadh an proviso a ghabhas leis an dara mír den Airteagal ar lár.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo ná sna Rialacha difir d'oibriú alt 446, 447, 448, 449, 450, 502 agus 503 den Phríomh-Acht arna leasú le haon achtachán iardain, ná d'oibriú aon achtacháin eile a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire ag teorannú dliteanais únaerí árthaí farraige.

(6) Ní bhainfidh na Rialacha, de bhuaidh an ailt seo, le haon chonradh chun earraí d'iompar de mhuir a déanfar roimh pé lá, nach luaithe ná an chéad lá d'Eanáir, 1948, a cheapfas an tAire, le hordú, chun críocha an fho-ailt seo, ná ní bhainfid le haon bhille ládála ná doiciméid teidil dá shamhail a bhéarfar amach, de bhun aon chonartha mar adúradh, pé acu roimh an lá a ceapfar amhlaidh nó ina a dhiaidh sin é.

Athghairm.

14. —Athghairmtear leis seo ailt 73 agus 74 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, tosach feidhme, léiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

(3) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, ach beidh éifeacht aige d'ainneoin aon ní sna hAchta sin.

(4) Féadfar na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, a ghairm de na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, agus den Acht seo le chéile.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Conbhinsiúin ar glacadh leo ag an ochtú sioson fichead den Chomhdháil Eadarnáisiúnta um Oibreachas a comóradh i Seattle, Washington, Stáit Aontaithe Ameirice, i mí Meithimh, 1946.

An Conbhinsiún um Bia agus Lónadóireacht (Foirne Long), 1946.

An Chonbhinsiún um Dheimhniú Cócairí Long, 1946.

An Conbhinsiún um Shlándáil Shóisialach (Farraigeoirí), 1946.

An Conbhinsiún um Pinsin Farraigeoirí, 1946.

An Conbhinsiún um Shaoire le Páigh (Farraigeoirí), 1946.

An Conbhinsiún um Scrúduithe Dochtúra (Farraigeoirí), 1946.

An Conbhinsiún um Dheimhniú Máirnéalach Infheadhma, 1946.

An Conbhinsiún um Chóiríocht Fhoirne, 1946.

An Conbhinsiún um Páigh, Uaire Oibre agus Foireannú (Farraige), 1946.

AN DARA SCEIDEAL.

Rialacha i dTaobh Billi Ladala.

Airteagal I.—Mínithe:

Sna Rialacha seo tá leis na habairtí seo a leanas na bríonna a bheirtear dóibh faoi seach leis seo, is é sin le rá—

(a) Folaíonn “iompróir” an t-únaer nó an fostóir a dhéanfas conradh iompair le loingseoir;

(b) Ní bhaineann “conradh iompair” ach le conartha iompair lena ngabhann bille ládála nó aon doiciméid teidil dá shamhail sin, sa mhéid go mbaineann an doiciméid sin le hiompar earraí de mhuir, lena n-áirítear aon bhille ládála nó aon doiciméid dá shamhail mar adúradh a heisítear faoi réim nó de bhun conartha fhostuithe ón am a rialaíos an bille ládála nó an doiciméid teidil dá shamhail sin an caidreamh idir iompróir agus duine is sealbhóir ar an gcéanna;

(c) Folaíonn “earraí” earraí, bathair, marsantais, agus airceadail de gach aon tsaghas, ach amháin ainmhithe beo agus last adeirtear sa chonradh iompair a bheith á iompar ar an leibhinn agus a hiompraítear amhlaidh;

(d) Ciallaíonn “long” aon árthach a húsáidtear d'iompar earraí de mhuir;

(e) Folaíonn “iompar earraí” an tréimhse ón am a lódáltar na hearraí ar an loing go dtí an t-am a dílódáltar aisti iad.

Airteagal II.—Fiontair:

Faoi réir forál Airteagail VI, faoi gach conradh iompair earraí de mhuir beidh an t-iompróir, maidir le lódáil, láimhsiú, stuáil, iompar, coimeád, aireachasú, agus dílódáil na n-earraí sin, faoi na freagarthachta agus na dliteanais, agus i dteideal na gceart agus na saoirsí atá leagtha amach anseo ina dhiaidh seo.

Airteagal III.—Freagarthachta agus Dliteanais:

1. Beidh de cheangal ar an iompróir, roimh an turas agus ina thosach, dícheall cuí a dhéanamh chun—

(a) An long a dhéanamh muir-acmhainneach;

(b) An long d'fhoireannú, a ghléasadh, agus a lónú;

(c) Boilg na loinge, na seomraí cuisníochta agus fionnuarais, agus gach ball eile sa loing ina n-iompraítear earraí, a dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun iad a ghlacadh, d'iompar agus a chaomhaint.

2. Faoi réir forál Airteagail IV, déanfaidh an t-iompróir na hearraí a bheas á n-iompar a lódáil, a láimhsiú, a stuáil, d'iompar, a choimeád, d'aireachasú agus a dhílódáil go cuí agus go cúramach.

3. Tar éis dó na hearraí a ghlacadh faoina chúram, déanfaidh an t-iompróir, nó an máistir nó gníomhaire an iompróra, ar an loingseoir dá iarraidh sin air, bille ládála a thabhairt don loingseoir a thaispeánfas, i measc rudaí eile,—

(a) Na príomh-mharcanna is gá chun na hearraí d'aithint mar bheas an céanna tugtha i scríbhinn ag an loingseoir sar a dtosnaítear ar lódáil na n-earraí sin, ar choinníoll go ndéanfar na marcanna sin a stampáil, nó a thaispeáint go soiléir ar shlí eile, ar na hearraí má bhíd gan clúdach, nó ar na cásanna nó na clúdaigh ina mbeidh na hearraí sin, ar chuma a bhéarfadh de ghnáth go mbeidís so-léite go dtí deireadh an turais;

(b) An uimhir de phacáistí nó de phíosaí, nó an chainníocht, nó an meáchan, do réir mar bheas, amhail mar bheas sin tugtha ag an loingseoir i scríbhinn;

(c) An t-ord agus an bhail a dhealraíos a bheith ar na hearraí;

Ar choinníoll ná beidh de cheangal ar aon iompróir, máistir, ná gníomhaire don iompróir, aon mharcanna, uimhir, cainníocht, ná meáchan a lua ná a thaispeáint ar an mbille ládála a mbeidh cúis réasúnach amhrais aige ná léiríonn na hearraí a fuarthas iarbhír nó ná raibh caoi réasúnach aige chun a bhfíoruithe.

4. Beidh bille ládála den tsórt sin ina fhianaise prima facie go bhfuair an t-iompróir na hearraí mar bheid tuairiscithe ann do réir míre 3 (a), (b) agus (c).

5. Is tuigthe an loingseoir a bheith tar éis ráthaíocht a thabhairt don iompróir ar na marcanna, an uimhir, an chainníocht, agus an meáchan, mar bheid sin tugtha aige, a bheith cruinn tráth an loingsithe, agus slánóidh an loingseoir an t-iompróir i gcoinne an chaillteanais, na ndamáistí, agus na gcostas uile a éireos nó a thiocfas de neamhchruinnis sna sonraí sin. Ní dhéanfaidh ceart an iompróra chun na slánaíochta sin teora a chur in aon tslí lena fhreagarthacht agus a dhliteanas faoin gconradh iompair do dhuine ar bith seachas an loingseoir.

6. Mura ndéantar fógra i dtaobh caillteanais nó damáiste agus cinéil ghinearálta an chaillteanais nó an damáiste sin a thabhairt i scríbhinn don iompróir nó dá ghníomhaire ag an bport dílódála roimh na hearraí d'aistriú, nó le linn iad d'aistriú, chun coimeád an duine a mbeidh teideal aige go seachadfar chuige iad faoin gconradh iompair, nó, mura léir an caillteanas nó an damáiste laistigh de thrí lá, beidh an t-aistriú sin ina fhianaise prima facie gur sheachaid an t-iompróir na hearraí mar bheid tuairiscithe sa bhile ládála.

Ní gá an fógra i scríbhinn a thabhairt má rinneadh suirbhéireacht nó iniúchadh i gcomhar ar staid na n-earraí an tráth a fuarthas iad.

In aon chás fuasclófar an t-iompróir agus an long ó gach dliteanas i leith caillteanais nó damáiste mura dtugtar agra chun cinn laistigh de bhliain tar éis na hearraí a sheachadadh nó tar éis an dáta ar ar chóir na hearraí a sheachadadh.

I gcás ina dtarlóidh aon chaillteanas nó damáiste nó ina measfar é a tharlachtaint bhéarfaidh an t-iompróir agus an glacadóir gach saoráid réasúnach dá chéile chun na hearraí d'iniúchadh agus a chomhaireamh.

7. Tar éis na hearraí a lódáil is é bille ládála a eiseos an t-iompróir nó an máistir nó gníomhaire an iompróra don loingseoir, má iarrann an loingseoir sin, ná bille ládála “loingsithe,” ar choinníoll go ndéanfaidh an loingseoir má bhíonn aon doiciméid teidil chun na n-earraí sin tógtha suas roimhe sin aige, an céanna a ghéilleadh in aghaidh eisiúna an bhille ládála “loingsithe,” ach, más rogha leis an iompróir, féadfaidh an t-iompróir, an máistir nó an gníomhaire an doiciméid sin a nótú, ag an bport loingsithe, le hainm nó le hainmneacha na loinge nó na long ar ar loingsíodh na hearraí agus le dáta nó dátaí an loingsithe, agus, arna nótú amhlaidh, is tuigthe chun críocha an Airteagail seo gur bille ládála “loingsithe” í.

8. Aon chlásal, cúnant nó comhaontú i gconradh iompair a fhuasclós an t-iompróir nó an long ó dhliteanas i leith cailliúna nó damáiste d'earraí nó maidir le hearraí de dheasca mainneachtana, lochta nó faillí sna dualgais agus sna hoblagáidí a foráltar san Airteagal seo nó a laghdós an dliteanas sin ar shlí seachas mar foráltar sna Rialacha seo, beidh sé ar neambhrí agus ar neamhní agus gan éifeacht ar bith.

Is tuigthe gur clásal ag fuascailt an iompróra ó dhliteanas clásal tairbhe árachais nó clásal dá shamhail.

Airteagal IV.—Cearta agus Saoirsí:

1. Ní bheidh an t-iompróir ná an long faoi dhliteanas i leith caillteanais ná damáiste a éireos nó a thiocfas de neamhmuiracmhainneacht muran é is siocair leis an neamh-muiracmhainneacht sin gan an t-iompróir do dhéanamh díchill chuí chun an long a dhéanamh muiracmhainneach, agus chun a áirithiú an long a bheith foirinnithe, gléasta agus lónaithe go ceart, agus chun boilg na luinge agus na seomraí cuisníochta agus fionnuarais agus gach ball eile sa loing ina n-iompraítear earraí a dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun na hearraí a ghlacadh, d'iompar agus a chaomhaint do réir forál míre 1 d'Airteagal III.

Aon uair a tharlós caillteanas nó damáiste de dheasca neamhmuiracmhainneachta is ar an iompróir nó ar pé duine eile a bheas ag éileamh saoirse faoin alt seo a bheas sé de mhortabháil a chruthú go ndearnadh dícheall cuí.

2. Ní bheidh an t-iompróir ná an long freagarthach i gcaillteanas ná i ndamáiste a éireos nó a thiocfas de dheasca aon ní acu seo a leanas—

(a) Gníomh, faillí nó mainneachtain an mháistir, an mhuirigh, an phíolóta nó seirbhíseach an iompróra maidir le loingsiú nó bainistí na loinge;

(b) Tóiteán, mura trí fhaillí nó rannpháirtíocht an iompróra féin a tharlós sé;

(c) Guaiseanna, contúirtí agus tionóiscí na farraige nó uiscí intseolta eile;

(d) Foiche Dé;

(e) Gníomh cogaidh;

(f) Gníomh namhad poiblí;

(g) Prionsaí, rialaitheoirí nó daoine a chur faoi ghabháil nó faoi shrianadh, nó urghabháil a dhéanamh faoi phróis dlíthiúil;

(h) Srianta coraintín;

(i) Gníomh nó neamhghníomh ag an loingseoir nó ag únaer na n-earraí, a ghníomhaire nó a ionadaí;

(j) Aon stailc nó frithdhúnadh nó saotharstad nó srianadh saothair ó chúis ar bith, páirteach nó ginearálta;

(k) Aon chíréib nó suathadh síbhialta;

(l) Iarrtháil nó iarracht tarrthála ar dhuine nó ar dhaoine nó ar mhaoin ar farraige;

(m) Traothadh toirte nó meáchain nó aon chaillteanas nó damáiste eile a éireos de deascaibh éalainge, airíon nó lochta is dual do na hearraí;

(n) Neamhdhóthanacht pacála;

(o) Neamhdhóthanacht nó neamhdhiongbháltacht marcanna;

(p) Ealaing folaigh nach infhionnta d'ainneoin díchill chuí;

(q) Aon chúis eile a éireos gan faillí ná rannpháirtíocht an iompróra, agus gan faillí ná mainneachtain ghníomhairí nó seirbhíseach an iompróra, ach is ar an duine a bheas ag éileamh sochar na heisceachta seo a bheas de mhortabháil a chruthú nár chuidigh faillí nn rannpháirtíocht an iompróra ná faillí ná mainá-eachtain ghníomhairí nó seirbhíseach an iompróra leis an gcaillteanas ná an damáiste.

3. Ní bheidh an loingseoir freagarthach in aon chaillteanas ná damáiste a fhuilingeos an t-iompróir nó an long agus a éireos nó a thiocfas de chúis ar bith gan gníomh, faillí ná mainneachtain an loingseora, a ghníomhairí ná a sheirbhíseach.

4. Ní tuigthe gur sárú ná briseadh ar na Rialacha seo ná ar an gconradh iompair aon fhordul chun tarrtháil nó iarracht tarrthála a dhéanamh ar dhuine nó ar dhaoine nó ar mhaoin ar farraige ná fós aon fhordul réasúnach, agus ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó damáiste a thiocfas de sin.

5. In aon chás ní bheidh an t-iompróir ná an long faoi dhliteanas ná ní thiocfaid faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó damáiste d'earraí, nó i ndáil le hearraí, méid is mó ná £100 an pacáiste nó an t-aonad nó comhoiread na suime sin in airgeadra eile, mura rud é go mbeidh cineál agus luach na n-earraí sin dearbhaithe ag an loingseoir roimh iad a loingsiú agus curtha isteach sa bhille ládála.

Is fianaise prima facie an dearbhú seo má bhíonn sé corpraithe sa bhille ládála, ach ní bheidh sé ina cheangal críochnaitheach ar an iompróir.

Má dhéanann an t-iompróir, an máistir nó gníomhaire an iompróra agus an loingseoir comhaontú chuige sin, féadfar uasmhéid eile a cheapadh seachas an uasmhéid a luaitear sa mhír seo, ach ar choinníoll gur lú an uasmhéid a ceapfar amhlaidh ná an figiúir thuasluaite.

In aon chás, ní bheidh an t-iompróir ná an long freagarthach in aon chaillteanas ná damáiste d'earraí ná i ndáil le hearraí más rud é gur thug an loingseoir, go feasach, míráiteas ar chineál nó luach na n-earraí sin sa bhille ládála.

6. I gcás aon earraí de chineál adhantach, pléascach nó contúirteach, nár thoiligh an t-iompróir, an máistir nó gníomhaire an iompróra, i bhfios a gcineál agus a gcáilíochta, iad a loingsiú féadfaidh an t-iompróir, aon uair roimh dhílódáil, na hearraí sin a chur i dtír in aon áit nó iad a dhíthiú nó iad a dhéanamh neamhbhaolach gan cúiteamh agus is ar loingseoir na n-earraí sin a bheas an dliteanas maidir le gach damáiste agus costas a éireos nó a thiocfas go díreach nó go neamhdhíreach d'aon loingsiú den tsórt sin.

I gcás aon earraí den tsórt sin a loingseofar leis an bhfios agus leis an toiliú sin a theacht chun bheith ina gcontúirt don loing nó don last, féadfaidh an t-iompróir, sa tslí chéanna, na hearraí sin a chur i dtír in aon áit nó iad a dhíthiú nó iad a dhéanamh neamhbhaolach gan dliteanas ar bith a bheith ar an iompróir dá chionn sin ach amháin maidir le muirchaill ilpháirteach, más ann.

Airteagal V.—Cearta agus Saoirsí a ghéilleadh, agus freagarthachta agus dliteanais a mhéadú:

Beidh de chead ag iompróir a chearta agus a shaoirsí go léir nó aon chuid díobh a ghéilleadh go hiomlán nó go páirteach nó aon chuid dá fhreagarthachta nó dá dhliteanais a mhéadú faoi na Rialacha atá in aon Airteagal acu seo, ar choinníoll go gcorprófar an géilleadh nó an méadú sin sa bhille ládála a heiseofar chun an loingseora.

Ní bheidh feidhm ag forála na Rialacha seo maidir le conartha fostuithe, ach má heisítear billí ládála i gcás loinge faoi chonradh fostuithe ní foláir na billí ládála sin a bheith do réir téarmaí na Rialacha seo. Ní tuigthe aon ní sna Rialacha seo a bheith dá chosc aon fhoráil dleathach maidir le muirchaill ilpháirteach a chur i mbille ládála.

Airteagal VI.—Coinníollacha Speisialta:

D'ainneoin forál na nAirteagal sin roimhe seo, beidh de chead, maidir le haon earraí áirithe, ag iompróir, ag máistir nó ag gníomhaire an iompróra, agus ag loingseoir aon chomhaontú a dhéanamh in aon téarmaí maidir le freagarthacht agus dliteanas an iompróra i dtaobh na n-earraí sin, agus maidir le cearta agus saoirsí an iompróra i leith na n-earraí sin, nó a oblagáid i dtaobh muiracmhainneachta, sa mhéid ná beidh an comha seo contrártha do bheartas poiblí, nó do chúram nó dícheall seirbhíseach nó gníomhairí an iompróra maidir le lódáil, láimhsiú, stuáil, iompar, coimeád, aireachasú agus dílódáil na n-earraí a hiompraítear de mhuir, ar choinníoll nár heisíodh agus ná heiseofar aon bhille ládála sa chás seo agus go gcorprófar na téarmaí ar comhaontaíodh orthu in admháil a bheas ina doiciméid neamhintráchta agus a bheas marcálta amhlaidh.

Aon chomhaontú a déanfar amhlaidh beidh lán-éifeacht dlíthiúil aige:

Ar choinníoll ná bainfidh an tAirteagal seo le gnáth-loingsithe tráchtála a déanfar i ngnáth-chúrsa trádála, ach go mbainfidh sé amháin le loingsithe eile ina mbeidh nádúir nó staid na maoine a bheas le hiompar nó ina mbeidh na himthosca, na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanfar an t-iompar de shaghas a bheir gur ceart comhaontú speisialta a dhéanamh ina leith.

Airteagal VII.—Teoranta le Feidhm na Rialacha:

Ní choiscfidh aon ní dá bhfuil anseo iompróir ná loingseoir ó aon chomhaontú, comha, coinníoll, forcoimeádas nó eisceacht a dhéanamh maidir le freagarthacht agus dliteanas an iompróra nó na loinge i leith caillteanas nó damáiste nó i ndáil le coimeád agus aireachasú agus láimhsiú earraí, roimh iad a lódáil ar an loing ina mbeid á n-iompar de mhuir agus tar éis iad a dhílódáil aisti.

Airteagal VIII.—Teora le Dliteanas.

Ní dhéanfaidh forála na Rialacha seo aon difir do chearta ná d'oblagáidí an iompróra faoi aon reacht a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfeas le dliteanas únaeraí árthach farraige a theorannú.