2 1948


Uimhir 2 de 1948.


ACHT AN GHARDA SHÍOCHÁNA (LÁITHREÁIN A THÓGAINT AGUS ÁITRIBH A CHOINNEÁIL), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN COIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN DO THÓGAINT LÁITHREÁN GO hÉIGEANTA LE hAGHAIDH STÁISIÚN GARDA SHÍOCHÁNA AGUS LE hAGHAIDH TITHE DO CHOMHALTAÍ DEN GHARDA SÍOCHÁNA AGUS DÁ CHUMASÚ DO NA COIMISINÉIRÍ SIN ÁITRIBH ÁIRITHE A SHEALBHÚ A hÚSÁIDTEAR MAR CHÓIRÍOCHT DO CHOMHALTAÍ DEN GHARDA SÍOCHÁNA. [14ú Eanáir, 1948.]

ACHTAÍTEAR AGAN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

na Coimisinéiri.

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Na Coimisinéirí do thógaint tailimh go héigeanta.

2. —(1) Aon uair is cuí leis na Coimisinéirí aon talamh a thógaint go héigeanta mar láithrean le haghaidh stáisiúin Gharda Shíochána nó le haghaidh tí do chomhalta den Gharda Síochána, féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a dhearbhú le hordú go bhfuil ar intinn acu an talamh a thógaint amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú den tsórt sin chun cumhacht a thabhairt do na Coimisinéirí chun an talamh a luafar ann a thógaint go héigeanta faoi réim agus do réir an ailt seo.

(2) Sar a ndéanfaidh na Coimisinéirí ordú faoin alt seo—

(a) lóisteálfaid agus coimeádfaid ar fáil chun a n-iniúchta in áit oiriúnach éigin (a dtabharfar fógra poiblí ina thaobh) pleananna, sonraíochta agus doiciméidí eile a thaispéanfas go hiomlán agus go soiléir an talamh atáthar ar intinn a thógaint,

(b) bhéarfaid fógra, i pé slí is dóigh leo is oiriúnaí chun an t-eolas a thabhairt do dhaoine ar dócha an t-ordú do bhaint leo, go bhfuil ar intinn acu an t-ordú a dhéanamh agus i dtaobh an mhodha ar a bhféadfar uiríolla agus agóidí a dhéanamh i leith an orduithe.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo féadfar a chorprú ann, fara pé modhnuithe is cuí leis na Coimisinéirí, aon fhorála—

(a) den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus

(b) d'Acht na gClásal Talún a mhéid ná fuilid ar neamhréir leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Na Coimisinéiri do shealbhú áitreabh áirithe.

3. —(1) Más mian leis an Aire go leanfadh áitreabh lena mbaineann an fo-alt seo de bheith ar úsáid mar chóiríocht do chomhaltaí den Gharda Síochána—

(a) féadfaidh na Coimisinéirí an t-áitreabh a shealbhú de bhuaidh an ailt seo,

(b) má shealbhaíonn na Coimisinéirí an t-áitreabh amhlaidh, sealbhóid é faoi thionóntacht bhliantúil is tuigthe a thosnú ar dheireadh a theacht leis an tionóntacht a bhí roimhe sin ag na Coimisinéirí nó ag an Aire.

(2) Baineann fo-alt (1) den alt seo le háitribh—

(a) atá á n-úsáid ar dháta an Achta seo a rith mar chóiríocht do chomhaltaí den Gharda Síochána, agus

(b) a bhí á sealbhú ag an Aire nó ag na Coimisinéirí—

(i) faoi thionóntacht ar feadh téarma blian, nó

(ii) faoi thionóntacht bhliantúil,

a dtáinig deireadh léi an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, nó dá éis sin agus roimh an Acht seo a rith.

(3) I gcás deireadh a theacht leis an tionóntacht faoina bhfuil áitreabh lena mbaineann an fo-alt seo á shealbhú, ar dháta an Achta seo a rith, ag an Aire nó ag na Coimisinéirí, agus gur mian leis an Aire go leanfadh an t-áitreabh de bheith ar úsáid mar chóiríocht do chomhaltaí den Gharda Síochána—

(a) féadfaidh na Coimisinéirí an t-áitreabh a shealbhú de bhuaidh an ailt seo,

(b) má shealbhaíonn na Coimisinéirí an t-áitreabh amhlaidh sealbhóid é faoi thionóntacht bhliantúil a thosnós ar dheireadh a theacht leis an tionóntacht a bhí roimhe sin ag an Aire nó ag na Coimisinéirí.

(4) Baineann fo-alt (3) den alt seo le háitribh—

(a) atá á n-úsáid ar dháta an Achta seo a rith mar chóiríocht do chomhaltaí den Gharda Síochána, agus

(b) atá á sealbhú ar dháta an Achta seo a rith ag an Aire nó ag na Coimisineirí—

(i) faoi thionóntacht ar feadh téarma blian a éagfas an 31ú lá de Nollaig, 1950, nó roimhe sin, nó

(ii) faoi thionóntacht bhliantúil.

Forála maidir le tionóntachta áitreabh i seilbh na gCoimisinéirí.

4. —(1) Má shealbhaíonn na Coimisinéirí áitreabh de bhuaidh ailt 3 den Acht seo faoi thionóntacht bhliantúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) beidh an tionóntacht faoi pé cíos a ndéanfar, faoi réir na céad mhíre eile ina diaidh seo, socrú air trí chomhaontú,

(b) mura gcomhaontaítear ar an gcíos i leith na tionóntachta, féadfaidh na Coimisinéirí féin an cíos a shocrú ó am go ham, ach aon chíos a socrófar amhlaidh beidh sé faoi réir an achomhairc dá socraítear le halt 5 den Acht seo,

(c) beidh an tionóntacht infhorceannta mar leanas agus mar sin amháin:—

(i) aon lá d'aon bhliain i rith na tionóntachta (is bliain a chríochnós an 31ú lá de Nollaig, 1953, nó roimhe sin)—trí fhógra i scríbhinn a bhéarfar do na Coimisinéirí, lena dtoiliú, aon tráth roimh an lá sin, nó a bhéarfas na Coimisinéirí trí mhí ar a laghad roimh an lá sin,

(ii) aon lá d'aon bhliain i rith na tionóntachta (is bliain a chríochnós tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1953)—trí fhógra i scríbhinn a bhéarfas na Coimisinéirí nó a bhéarfar dóibh trí mhí ar a laghad roimh an lá sin,

(d) beidh ag gabháil leis an tionóntacht, a mhéid ná beid sin ar neamhréir leis an Acht seo, na téarmaí agus na coinníollacha céanna a bhí ag gabháil leis an tionóntacht a bhí roimhe sin ag an Aire nó ag na Coimisinéirí.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra uathu faoin alt seo a thabhairt tríd an bhfógra a chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a díreofar chun an tiarna talún, chun gníomhaire an tiarna talún nó chun an duine a ghlacas an cíos ag an seoladh is déanaí is eol a bheith ag an tiarna talún, an gníomhaire nó an duine sin.

Achomharc ó bhreith ag socrú méid cíosa.

5. —Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis breith faoi mhír (b) d'alt 4 den Acht seo ag socrú méid aon chíosa féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ón mbreith chun duine den phainéal réiteoirí a bheas ceaptha faoi ailt 33 agus 34 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus bainfidh na hailt sin le gach achomharc den tsórt sin fara an modhnú go léireofar tagairtí iontu do Choimisinéirí mar thagairtí do na Coimisinéirí do réir bhrí an Achta seo.

Cosaint.

6. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon cheart ná cumhacht de chuid an Aire nó na gCoimisinéirí faoi aon Acht eile.

Costais.

7. —Na costais faoina raghaidh na Coimisinéirí ag tabhairt éifeachta don Acht seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar Acht an Gharda Shíochána (Láithreáin a Thógaint agus Aitribh a Choinneáil), 1948 , a ghairm den Acht seo.