10 1948


Uimhir 10 de 1948.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHAR-SHOCRAÍOCHTA), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUMASÚ COMHAR-SHOCRAÍOCHTA NÓ SOCRAÍOCHTA EILE A DHÉANAMH LE TÍORTHA EILE MAIDIR LE NITHE A BHAINEAS LE hÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, ÁRACHAS DÍFHOSTAÍOCHTA, ÁRACHAS PINSEAN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE AGUS CÚITEAMH DO LUCHT OIBRE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [2ú Iúil, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

ciallaíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte.

Comharshocraíochta le tíortha eile maidir le seirbhísí leasa shóisialaigh áirthe.

2. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comharshocraíochta nó socraíochta eile a dhéanamh, le húdarás cuí aon tíre eile, maidir le nithe a bhaineas le—

(a) Arachas Sláinte Náisiúnta,

(b) Arachas Dífhostaíochta,

(c) Arachas Pinsean do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe,

(c) cúiteamh nó sochar is iníoctha i leith díobhála a tharlas de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine agus i leith galar nó díobhála de dheasca nádúr fostaíochta duine.

Cumhacht chun orduithe a dhéanamh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire pé orduithe a dhéanamh is gá chun aon tsocraíocht a déanfar faoi alt 2 den Acht seo a chur i gcrích, agus féadfaidh le haon ordú den tsórt sin pé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis is gá a dhéanamh ar aon achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hábhar na socraíochta.

(2) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Leasú ar alt 7 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1947 .

4. —An tagairt atá i bhfo-alt (5) d'alt 7 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1947 ( Uimh. 8 de 1947 ), do chomhar-shocraíochta, léireofar í mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon tsocraíocht a déanfar faoi alt 2 den Acht seo maidir le nithe a bhaineas le hArachas Pinsean do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe.

Cumhacht an Chumainn chun rialacha d'athrú.

5. —Chun éifeacht a thabhairt d'aon tsocraíocht a déanfar faoi alt 2 den Acht seo maidir le nithe a bhaineas le hArachas Sláinte Náisiúnta, féadfaidh Coiste Bainistí an Chumainn, le toiliú an Aire, cur le haon riail de rialacha an Chumainn nó í d'athrú.

Costais.

6. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochta), 1948 , a ghairm den Acht seo.