11 1948


Uimhir 11 de 1948.


AN tACHT CEARDCHUMANN, 1948.

[An tiontó oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ FORÁL AILT 2 DEN ACHT CEARDCHUMANN, 1947 , GO CEANN DHÁ MHÍ DHÉAG AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [7ú Iúil, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1947.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Ceardchumann, 1947 (Uimh. 17 de 1947) .

Alt 2 d'Acht 1947 a leathnú.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1947 trí thagairt don tréimhse dar tosach dáta an Achta sin a rith agus dar críoch an 8ú lá d'Iúil, 1949, a chur in ionad tagairtí don tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach dáta an Achta sin a rith.

Orduithe láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

3. —Gach ordú—

(a) a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 2, nó a coimeádtar i bhfeidhm le halt 3, d'Acht 1947, agus

(b) a bheas i bhfeidhm an 8ú lá d'Iúil, 1948, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm go dtí an 8ú lá d'Iúil, 1949, mura gcúlghairmtear roimhe sin é.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Ceardchumann, 1871 to 1948, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1947, le chéile.