12 1948


Uimhir 12 de 1948.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (MARAON LE MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (MARAON LE MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [7ú Iúil, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1948-49.

1. —(1) Muirearófar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, do réir seacht scillinge sa phunt.

(2) Muirearófar forcháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Na forála reachtúla agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1948, maidir le cáin ioncaim agus forcháin, beidh éifeacht acu uile agus faoi seach, faoi réir forál an Achta seo, maidir leis an gcáin ioncaim agus an fhorcháin a muirearófar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948.

An comhaontú maidir le cáin ioncaim dúbalta a dhaingniú.

2. —Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas léis an Acht seo agus a rinneadh an 21ú lá d'Iúil, 1947, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú an chomhaontuithe atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) (arna leasú leis an gcomhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1928 (Uimh. 11 de 1928) ) agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin.

CUID II.

Custaim agus Mal.

Ileacha éadroma udrocarbóin mhianrúil.

3. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin iardain, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inmhuirir leis an dleacht sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ).

(2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin iardain, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inmhuirir leis an dleacht sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun críche ar bith seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1946 .

Ile udrocarbóin.

4. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inmhuirir leis an dleacht sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ).

(2) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta, é a lamháil, amhail ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1946 .

(3) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inmhuirir leis an dleacht sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun á díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1946 .

(4) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (4) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta agus ar ar híocadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo do réir scilling an galún, é a lamháil do réir scilling an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1946 .

Fíon.

5. —(1) In ionad na ndleacht custam ar fhíon a forchuireadh le halt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), déanfar (faoi réir forál an ailt seo) na dleachta custam seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, agus ón lá sin amach, ar an bhfíon go léir a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:—

Fíon—

£

s.

d.

Nach mbeidh thar 25 gráid de bhiotáille phrofa

ann     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

0

7

6

A mbeidh thar 25 gráid ach nach mbeidh thar 30 grád de

bhiotáille phrofa ann     ..     ..     ..

an galún

0

12

6

A mbeidh thar 30 grád ach nach mbeidh thar 42 ghrád de

bhiotáille phrofa ann     ..     ..     ..

an galún

1

10

0

Agus in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád thar an méid

is airde a muirearaítear thuas, dleacht bhreise

an galún

0

2

6

Fíon drithleach sa bhuidéal, dleacht bhreise

an galún

1

11

3

Fíon neamhdhrithleach nach mbeidh thar 25 gráid de bhiotáille

phrofa ann sa bhuidéal, dleacht bhreise

an galún

0

5

0

Fíon neamhdhrithleach a mbeidh thar 25 gráid de bhiotáille

phrofa ann, sa bhuidéal, dleacht bhreise     ..

an galún

0

10

0

(2) Bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachta a forchuirtear leis an alt seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

(3) Chun críocha an ailt seo is tuigthe gur fíon drithleach a hallmhuiríodh sa bhuidéal fíon a rinneadh drithleach nó iosmairteach agus a buidéalaíodh i mbanna-stóras, agus ar a sheachadadh chun a úsaidte sa Stát muirearófar é leis an dleacht a forchuirtear ar fhíon drithleach leis an alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir leis na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo.

(5) San alt seo folaíonn an focal “fíon” moirt fíona.

Beoir—dleachta custam.

6. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947) .

(2) An dleacht chustam a forchuireadh le fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1947, déanfar, maidir leis an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach agus na hullmhóidí eile go léir (giosálta nó neamh-ghiosálta) dá samhail sin a hallmhuireofar ar an 5ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí seo a leanas:—

(a) ar gach sé ghalún tríochad de bheoir a mbeidh a foirt, nó a rabhdar roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus chúig gráid déag—fiche agus dhá phunt agus deich scillinge;

(b) ar gach sé ghalún tríochad de bheoir a mbeidh a foirt, nó a rabhdar roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus chúig gráid déag—fiche agus sé puint agus ocht scillinge.

(3) An dleacht chustam a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1947, déanfar, maidir leis an mbeoir go léir d'aon tsórt, (seachas beoir is inmhuirir leis an dleacht a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin) a hallmhuireofar ar an 5ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir chúig puint, dhá scilling déag agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad de bheoir a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle, caoga agus chúig gráid.

(4) I gcás ina n-onnmhuireofar nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais beoir allmhuirithe a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh dleacht uirthi do réir ráta a foráltar le fo-alt (2) nó (3) den alt seo, lamhálfar agus íocfar aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh nabeorach sin, do réir chúig puint, dhá scilling déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad de bheoir ar míle, caoga agus chúig gráid a saindlús bunaidh.

(5) Más rud é, i gcás beorach is inmhuirir le dleacht do réir an ráta a foráltar le fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo iníoctha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (3) nó sa bhfo-alt sin (4) (pé acu is iomchuí), athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) i gcoibhneas leis sin.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir le ceachtar de na dleachta custam dá dtagrann an t-alt seo.

(7) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe an t-allmhuiriú a dhéanamh an tráth a seachadfar iontráil na n-earraí iomchuí faoin Customs Consolidation Act, 1876.

Beoir—dleachta máil.

7. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947) .

(2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 10 d'Acht 1947, déanfar, maidir leis an mbeoir go léir a grúdófar sa Stát an 5ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir chúig puint agus dhá scilling déag ar gach sé ghalún tríochad foirt de shaindlús míle, caoga agus cúig gráid.

(3) I gcás ina n-onnmhuireofar nó ina loingseofar chun a húsáidte mar mharsantas nó mar stórais loinge beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh dleacht uirthi do réir an ráta a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, lamhálfar agus íocfar aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir chúig puint, dhá scilling déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle, caoga agus chúig gráid a saindlús bunaidh.

(4) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar i gcoibhneas leis sin an dleacht is inmhuirir nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

Tobac.

8. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , déanfar, maidir le tobac a hallmhuireofar ar an 5ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí faoi seach a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , déanfar, amhail ar an 5ú lá de Mhárta, 1948, agus ón lá sin amach, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí faoi seach a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1934, maidir le tobac is inmhuirir leis an dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus chun críocha na feidhme sin léireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt sin 19 do Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) An lacáiste ar thobac cruafháiscthe, a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), is lacáiste do réir dhá scilling agus ocht bpingne an punt a bheas ann maidir le haon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe, agus a chuirfeas sé amach chun a úsáidte sa Stát, ar an 5ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis.

(5) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe an t-allmhuiriú a dhéanamh nuair a seachadfar iontráil na n-earraí iomchuí faoin Customs Consolidation Act, 1876.

Milseog siúcra—foráil cheadúnúcháin

9. —Aon uair is dóigh leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, gur ceart sin a dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, faoi réir comhlíonadh pé coinníoll is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is inmhuirir leis an dleacht a forchuireadh le halt 12 den Acht Airgeadais (Dleachta Custam) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) , arna leasú le hachtacháin iardain (is é sin dleacht ar mhilseoga siúcra) d'allmhuiriú gan an dleacht sin d'íoc orthú nó, i gcás aon earraí den tsórt sin a bheas arna n-allmhuiriú cheana, a seachadadh a ghlacadh gan an dleacht sin d'íoc orthu, agus sin gan teora ama nó cainníochta ná ceachtar acu, nó laistigh d'am shonraithe nó i gcainníocht shonraithe, amhail mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach sin i slí nach mbeidh aon cheadúnas den tsórt sin saor ó fhorála ailt 15 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

An dleacht shiamsa.

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1916” an Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin iardain, lena n-áirítear an t-alt seo;

ciallaíonn an abairt “dleacht shiamsa” an dleacht mháil ar a dtugtar “entertainments duty” in alt 1 d'Acht 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin;

ciallaíonn an abairt “taibhiú pearsanta” siamsa ina mbíonn na taibheoirí i láthair go pearsanta agus ag taibhiú agus gur ní nó nithe acu seo a leanas a bhíos ann, is é sin le rá:—

(a) taibhiú drámaíochta,

(b) ceol-chuirm, de cheol ghutha nó de cheol oirnéise nó de cheol ghutha agus oirnéise,

(c) uimhir de ghreasa ilghnéitheacha den tsórt a déantar de ghnáth i gceol-halla;

ciallaíonn an abairt “taispeántas cinematografach” siamsa is taispeántas de phictiúirí reatha nó de shamhlóidí eile radhairc a táirgtear le cinematograf nó le fearas dá shamhail, pé acu bhíos fuaimeanna gutha nó eile a táirgtear trí mheáin mheicniúla ag gabháil leo nó nach mbíonn;

ciallaíonn an abairt “amharclann phaitinne” amharclann a bhfuil litreacha paitinne eisithe agus i bhfeidhm ina taobh faoin Reacht Éireannach a ritheadh roimh an Aondacht sa bhliain 1786, agus dar teideal “An Act for Regulating the Stage in the City and County of Dublin”;

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an lú lá de Mheitheamh, 1948.

(2) Déanfar dleacht shiamsa ar gach íocaíocht as dul isteach ar an dáta feidhme nó dá éis go dtí aon tsiamsa (nach siamsa is taispeántas cinematografach go hiomlán nó go páirteach) a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:—

Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.

d.

s.

d.

s.

d.

níos mó ná

0

gan bheith níos mó ná

0

..

0

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

..

0

2

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

..

0

3

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

11½

..

0

,,     ,,   ,,

0

11½

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1

..

0

,,     ,,   ,,

1

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1

..

0

9

,,     ,,   ,,

1

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

2

..

1

,,     ,,   ,,

2

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

3

..

1

6

,,     ,,   ,,

3

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

4

..

2

0

,,     ,,   ,,

4

..     ..     ..

..

..

2

0 ar an

gcéad 4s. agus 2s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis.

(3) Déanfar dleacht shiamsa ar gach íocaíocht as dul isteach ar an dáta feidhme nó dá éis go dtí aon tsiamsa is taispeántas cinematografach go hiomlán, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:—

Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.

d.

s.

d.

s.

d.

níos mó ná

0

gan bheith níos mó ná

0

..

0

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

..

0

2

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

..

0

3

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

..

0

4

,,     ,,   ,,

0

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

0

10 

..

0

5

,,     ,,   ,,

0

10 

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1

..

0

,,     ,,   ,,

1

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1

..

0

10

,,     ,,   ,,

1

,,     ,,     ,,     ,,    ,,

1

..

1

0

,,     ,,   ,,

1

,,     ,,     ,,     ,,    ,,

1

..

1

3

,,     ,,   ,,

1

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

2

..

1

6

,,     ,,   ,,

2

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

2

10½

..

2

,,     ,,   ,,

2

10½

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

4

..

3

0

,,     ,,   ,,

4

..     ..     ..

..

..

3

0 ar an

gcéad 4s. agus 3s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis.

(4)  (a) Déanfar, faoi réir míre (b) den fho-alt seo, dleacht shiamsa ar gach íocaíocht as dul isteach ar an dáta feidhme nó dá éis go dtí siamsa is taispeántas cinematografach go páirteach, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

(b) Ní déanfar dleacht shiamsa a mhuirearú, a thobhach ná d'íoc ar aon íocaíochta as dul isteach ar an dáta feidhme nó dá éis go dtí aon tsiamsa in amharclainn phaitinne, más rud é—

(i) gur taispeántas cinematografach cuid den tsiamsa agus gur taibhiú pearsanta cuid eile de, agus

(ii) go gcruthóidh dílseánach an tsiamsa sin chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim nach lú an taibhiú pearsanta sin ná seachtó a cúig faoin gcéad den tsiamsa ar fad.

(c) I gcás—

(i) dleacht shiamsa d'íoc ar íocaíochta as dul isteach ar an dáta feidhme nó dá éis go dtí siamsa in amharclainn phaitinne ar taispeántas cinematografach cuid de agus taibhiú pearsanta cuid eile de, agus

(ii) an dleacht sin a mhuirearú do réir tuairisceán deimhnithe ar na híocaíochta sin a thug dílseánach na hamharclainne paitinne sin do na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(iii) na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta gur lú ná seachtó a cúig faoin gcéad agus nár lú ná tríocha a cúig faoin gcéad den tsiamsa ar fad an taibhiú pearsanta sin,

aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le dílseánach an tsiamsa sin méid is comhionann le tríocha faoin gcéad den dleacht a muirearaíodh agus a híocadh amhlaidh.

(5) Ní déanfar dleacht shiamsa a mhuirearú, a thobhach ná d'íoc ar aon íocaíocht as dul isteach ar an dáta feidhme nó dá éis go dtí aon tsiamsa is taibhiú pearsanta go hiomlán.

CUID III.

Dleachta Stampa.

Airí Stáit a bheith saor ó dhleacht stampa.

11. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ná iníoctha ar aon chomhaontú, tíolacas, léas, sannadh, meabhrachán ná ionstraim eile (lena n-áirítear ionstraim a forghníomhaíodh ach nár stampáladh roimh dháta an Achta seo a rith) a déanfar chun nó maidir le hAire Stáit d'fháil tailimh, nó aon leasa i dtalamh, nó aon chirt chuige nó air.

Saoirse do bhannaí custam maidir le hearraí aer-iompartha

12. —Dearbhaítear leis seo, maidir leis an mírcheann “Bond given pursuant to the directions of any Act, etc.” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, agus i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Finance Act, 1905 (a leathnaíos an saoradh faoin mírcheann sin), go bhfolaíonn tagairtí do loingsiú tagairtí do ládáil ar aerárthach.

CUID IV.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

13. —D'fhonn airgead a sholáthar faoi chomhair costas ginearálta a bheas le n-íoc as an bPríomh-Chiste, aistreofar chun an Stát-Chiste agus íocfar leis as an Ród-Chiste suim trí chéad míle punt pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

Ús ar thaiscí i mBanc Taisce an Phoist.

14. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “taisce” an meid iomlán a bheas de thuras na huaire chun creidiúna do chuntas taisceora i mBanc Taisce an Phoist, ach ní fholaíonn sé airgead a bheas chun creidiúna do bhanc taisce iontaobhais in ainm an Aire Airgeadais i mBanc Taisce an Phoist.

(2) Ar an 1ú lá d'Iúil, 1948, agus dá éis, is é an ráta úis ar thaisce ná a dó go leith faoin gcéad sa bhliain.

(3)  (a) Is é tréimhse íosta a ríomhfar ús ar thaisce ina leith ná mí, agus déanfar an t-ús a ríomh do réir na suime a coimeádadh i dtaisce go leanúnach ar feadh gach mí.

(b) Chun críocha na míre seo—

(i) ciallaíonn an focal “mí” aon mhí de na míosa Eanáir go Nollaig,

(ii) ní tuigthe aon tsuim a bheith arna coimeád i dtaisce go leanúnach ar feadh mí mura raibh sí i dtaisce an lá deireannach den mhí díreach roimhe sin.

(4) Is é méid íosta de thaisce a ríomhfar ús ina leith ná punt agus ní háireofar aon chuid de thaisce is lú ná punt.

(5) Chun críocha an ailt seo is tuigthe taisce nó cuid de thaisce a bheith arna tharraingt amach ar dháta eisiúna an bharántais trína mbeartaítear íocaíocht a dhéanamh.

(6) Faoi réir na bhforál roimhe seo, ríomhfar ús ar thaisce go dtí an 31ú lá de Nollaig gach bliain agus ansin cuirfear leis an mbunairgead é agus beidh sé ina chuid den chéanna.

An Ciste Forbartha Idirlinne.

15. —Is é an 31ú lá de Mhárta, 1949, an dáta is déanaí chun an Ciste Forbartha Idirlinne d'fhorceannadh, in ionad an dáta, an 31ú lá de Nollaig, 1948, a hordaíodh i bhfo-alt (4) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ).

Athghairm.

16. —Déantar leis seo gach achtachán a sonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) amhail ar an dáta a luaitear i gcolún (4) agus uaidh sin amach.

Orduithe a scor d'éifeacht a bheith acu.

17. —Scoirfidh gach ordú a sonraítear i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'éifeacht a bheith aige ar an dáta a luaitear i gcolún (3).

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

18. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, léiriú agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Léireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, léireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1948, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

AN CHEAD SCEIDEAL.

COMHAONTU idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú Comhaontuithe 1926 (arna leasú le Comhaontú 1928) i dtaobh Cánach Ioncaim Dúbalta.

Alt 2.


With a view to making such alterations in the Agreement dated the 14th April, 1926 (as amended by the Agreement dated the 25th April, 1928), made between the Government of the Irish Free State and the British Government in respect of Double Income Tax as may be necessary in consequence of the alterations in the British Income Tax Acts effected by section 52 of the British Finance (No. 2) Act, 1945, it is hereby agreed between the Irish Government and the United Kingdom Government that the said Agreement (as amended as aforesaid) shall be further amended as follows:—

1. In Article 1 (a) of the said Agreement, the words “British income tax” shall, as regards any dividend in respect of which relief or repayment in respect of the tax deducted or authorised to be deducted therefrom is restricted by section 52 (2) (a) of the British Finance (No. 2) Act, 1945, to “the net United Kingdom rate” therein referred to, be construed as meaning British income tax at the said net United Kingdom rate applicable to such dividend for the purposes of the said Section.

2. The rate of relief to be allowed from British income tax under Article 2 (1) (a) of the said Agreement shall, as regards any dividend such as is mentioned in Article 1 of this Agreement, not exceed, in the case of a person whose income is chargeable to British income tax at the standard rate only, the net United Kingdom rate applicable to such dividend for the purposes of the said Section 52 (2) (a) and, in the case of a person part of whose total income for any year is chargeable to British income tax at a rate or rates in excess of the standard rate, the sum of the following rates:—

(i) the said net United Kingdom rate, and

(ii) the rate ascertained by dividing the amount of the British sur-tax payable by that person for that year by the amount of his total income for that year.

3. This Agreement shall have effect for the year 1948-49 and subsequent years.

4. This Agreement shall be subject to confirmation by legislation both by the United Kingdom Parliament and by the Oireachtas, and shall have effect only if and so long as that legislation is in force.

Done in duplicate the 21st day of July, 1947.

(Signed),

(Signed),

For the Irish Government,

For the United Kingdom Government,

PROINSIAS MAC AOGÁIN,

Minister for Finance.

HUGH DALTON,

Chancellor of the Exchequer.

AN DARA SCEIDEAL.

Dleachta ar Thobac.

Alt 8.

Cuid I.

Custaim.

 

£

s.

d.

Tobac Neamonaraithe:—

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

 

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

3

10½

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

6

Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

3

10

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

6

6

An lánráta

An ráta fábhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:—

Todóga

....

....

....

....

an lb.

1

18

0

1

11

8

Toitíní

....

....

....

....

,,

1

16

7

1

10

5⅙

CavendishNegrohead

....

,,

1

14

11

1

9

1⅚

CavendishNegrohead a Monaraíodh

faoi Bhanna

....

....

....

,,

1

10

3

1

5

Tobac Monaraithe eile

....

....

,,

1

10

3

1

5

Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain di

,,

1

8

9

1

3

11½

Snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain di

,,

1

14

11

1

9

 1⅚

Cuid II.

Mál.

£

s.

d.

Tobac Neamonaraithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

2

9

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ....     ....     ....     ....     ....

,,

1

5

3

Tobac Monaraithe:—

CavendishNegrohead a Monaraíodh faoi Bhanna

,,

1

9

6

AN TRIU SCEIDEAL

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 16.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh. 31 de 1931 .

An tAcht Airgeadais, 1931.

Alt 22

An lú lá de Mheitheamh, 1948.

Uimh. 20 de 1932 .

An tAcht Airgeadais, 1932.

Fo-ailt (5) agus (6) d'alt 25.

An lú lá de Mheitheamh, 1948.

Uimh. 28 de 1935 .

An tAcht Airgeadais, 1935.

Alt 24

An lú lá de Mheitheamh, 1948.

Uimh. 31 de 1936 .

An tAcht Airgeadais, 1936.

Alt 11

An lú lá de Mheitheamh, 1948.

Uimh. 15 de 1946 .

An tAcht Airgeadais, 1946 .

Alt 28

An lú lá de Mheitheamh, 1948.

Uimh. 15 de 1947 .

An tAcht Airgeadais, 1947 .

Alt 10

An lú lá de Mheitheamh, 1948.

Uimh. 33 de 1947 .

An tAcht Airgeadais, (Uimh. 2), 1947

Alt 8

An lú lá de Mheitheamh, 1948

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Orduithe ata ag Scor D'Eifeacht a Bheith Acu.

Alt 17.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Dáta an Scortha

I.R. Uimh. 52 de 1948.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 229), 1948.

Dáta an Achta seo a rith.

I.R. Uimh. 68 de 1948.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 230), 1948.

Dáta an Achta seo a rith.

I.R. Uimh. 69 de 1948.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 231), 1948.

Dáta an Achta seo a rith.

I.R. Uimh. 70 de 1948.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 232), 1948.

An lú lá de Mheitheamh, 1948.