14 1948


Uimhir 14 de 1948.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1940. [10ú Lúnasa, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú.

1. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) , a leasú tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1948,” a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1946 (Uimh. 20 de 1946) , a scrios as an míniú ar an abairt “an tréimhse orduithe,” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1949” a chur ina ionad.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) , a theacht i ngníomh.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1948, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1940 go 1946, agus den Acht seo le chéile.