10 1949


Uimhir 10 de 1949.


AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM GHALAIR AINMHITHE (ÉIRINN), 1894 GO 1945. [29ú Meitheamh, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tsuim iomlán is intobhaigh faoi alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894.

1. —An méid sin d'alt 1 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1932 ( Uimh. 14 de 1932 ), lena socraítear an tsuim iomlán a féadfar a thobhach faoi alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige maidir le haon airgead a toibheofar amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó an tsuim iomlán a féadfar a thobhach amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith ná suim is comhionann le puntáiste dhá phingin sa phunt ar luach bliantúil glan na maoine sna contaethe riaracháin uile sa Stát.

An tAcht Eanlaithe Clóis (Galair), 1934 , a leasú.

2. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1934” an t Acht Eanlaithe Clóis (Galair), 1934 (Uimh. 25 de 1934) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1938” an t Acht um Ghalair Ainmhithe, 1938 (Uimh. 17 de 1938) .

(2) Déantar leis seo an míniú atá i bhfo-alt (3) den alt seo a chur in ionad an mhínithe chomhréire atá in alt 1 d'Acht 1934, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1938, agus léireofar dá réir sin Acht 1934 (lena n-áirítear an tAcht sin arna leasú le hAcht 1938) agus Acht 1938.

(3) Is é seo a leanas an míniú dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo:

“ciallaíonn an abairt ‘éanlaithe clóis’—

(a) éanlaithe tí, turcaithe, lachain, géanna, éanlaithe giní, colúir, piasúin agus paitriscí, agus

(b) éanlaithe ar bith a ndearbhóidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, gur tuigthe iad a bheith ar áireamh san abairt ‘éanlaithe clóis’ mar mínítear í leis an alt seo.”

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1949, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta um Ghalair Ainmhithe Éirinn), 1894 go 1945, le chéile.