21 1949


Uimhir 21 de 1949.


AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AILT 20 DEN ACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938. [30ú Iúil, 1949].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Alt 20 den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938, a leasú.

1. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 20 den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 (Uimh. 38 de 1938) , a leasú mar leanas—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh míre (d)—

“(dd) ina mbeadh duine, d'éag ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin agus a bhí i seilbh oifige cáilithí ar dháta a éaga, gan bheith i dteideal pinsin ar an dáta sin dá mbeadh scortha aige de bheith i seilbh na hoifige sin ar an dáta sin,',

(b) trí na focail seo a leanas a chur isteach i ndeireadh míre (e)—“nó, más duine lena mbaineann mír (dd) den fho-alt seo an duine sin, pinsean (dá ngairmtear freisin pinsean baintrí san Acht seo) do réir céad agus caoga punt sa bhliain i gcás an duine sin a bheith i seilbh oifige aireachta ar dháta a éaga nó do réir céad punt sa bhliain i gcás an duine sin a bheith i seilbh oifige rúnaíochta ar dháta a éaga”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1949, a ghairm de na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 agus 1947, agus den Acht seo le chéile.

(3) Is tuigthe an tAcht seo a theacht i ngníomh an 22ú lá de Nollaig, 1938, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin amach.