23 1949


Uimhir 23 de 1949.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGEADAIS AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1948. [30ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht na dTithe (Leasú), 1948 , a leasú.

1. —Déantar leis seo Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) , a leasú mar leanas:

(a) déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1950, atá i bhfo-alt (1) d'alt 16, i bhfo-alt (2) d'alt 19 agus i bhfo-alt (1) d'alt 20, d'fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1952;

(b) déanfar an tagairt do shuim chúig chéad agus ochtó míle punt atá i bhfo-alt (2) d'alt 26 d'fhorléiriú mar thagairt do mhilliún, seacht gcéad agus caoga míle punt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1949, a ghairm d'Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1948, agus den Acht seo le chéile.