27 1949


Uimhir 27 de 1949.


AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ URASÚ AN COMHDHLÚTHÚ ATÁ BEARTAITHE A DHÉANAMH AR NA hACHTACHÁIN A BHAINEAS LE hIASCACH TRÍ ACHTACHÁIN ÁIRITHE ACU SIN D'ATHSCRÚDÚ AGUS A SHOILÉIRIÚ AGUS TRÍ ATHGHAIRM A DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ACU SIN A bhFUIL SCORTHA ACU DE BHEITH I bhFEIDHM NÓ NACH bhFUIL GÁ LEO A THUILLEADH AGUS DO LEASÚ NA nACHTACHÁN SIN I SLITE ÁIRITHE. [17ú Samhain, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Aireofar an tAcht seo ar na hAchta a bhféadfar na hAchta Iascaigh, 1942 go 1949, a ghairm díobh le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar le hordú ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon Chuid nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta difriúla a cheapadh amhlaidh do Choda difriúla agus d'fhorála difriúla den Acht seo.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo—

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, agus folaíonn sí an Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877, agus Acht 1949;

Acht 1842.

ciallaíonn an abairt “Acht 1842” an Fisheries (Ireland) Act, 1842;

Acht 1848.

ciallaíonn an abairt “Acht 1848” an Fisheries (Ireland) Act, 1848;

Acht 1850.

ciallaíonn an abairt “Acht 1850” an Fisheries (Ireland) Act, 1850;

Acht 1863.

ciallaíonn an abairt “Acht 1863” an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863;

Acht 1924.

ciallaíonn an abairt “Acht 1924” an t Acht Iascaigh, 1924 (Uimh. 6 de 1924) ;

Acht 1925.

ciallaíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) ;

Acht 1939.

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) ;

Acht 1949.

ciallaíonn an abairt “Acht 1949” an t Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949) ;

líon cochaill.

folaíonn an abairt “líon cochaill” inneall seasamhach ar aon déanamh le líon cochaill;

bosca.

folaíonn an focal “bosca,” maidir le cora iascaigh nó le muileanndamba iascaigh, crib nó crúibh;

damba.

ciallaíonn an focal “damba” aon damba, cora, díog, sliús, cladhphort, nó déanmhas eile arna thógáil nó arna shuíomh in aon abhainn nó maidir le haon abhainn chun uisce a choinneáil, nó maidir lena choinneáil, chun aon chríche;

bealach éisc.

ciallaíonn an abairt “bealach éisc” cainéal i gcóir saorghluaiseachta nó saor-imirce éisc i mbacainn nó thar bhacainn nó maidir le bacainn in abhainn, i loch nó in uisce-chúrsa, agus folaíonn sí dréimire éisc nó aon áis eile a urasaíos gluaiseacht éisc;

inneall iascaigh.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaigh” aon inneall, líon nó uirlís eile is féidir d'úsáid chun iasc a ghabháil;

cora iascaigh.

ciallaíonn an abairt “cora iascaigh” aon tógáil, déanmhas nó bacainn—

(a) a greamaítear den ghrineall trasna abhann nó coda d'abhainn,

(b) a húsáidtear go haonarach chun iasc a ghabháil nó chun go mb'fhusaide iasc a ghabháil,

(c) a mbíonn oscailt nó oscailtí ann inar féidir iasc a ghabháil, agus

(d) nach ceann-chora;

ineall seasamhach

ciallaíonn an abairt “inneall seasamhach” aon inneall is—

(a) líon cuaille, nó

(b) líon cochaill, nó

(c) líon tarrainge seasamhach, nó

(d) ceann-chora, nó

(e) líon, acra, inneall nó feiste ar bith a greamaítear sa ghrineall nó a daingnítear le hancairí nó a coinnítear i ngreim láimhe nó a cuirtear ar fos ar aon tslí eile agus a húsáidtear go haonarach chun iasc a ghabháil nó chun go mb'fhusaide iasc a ghabháil, agus nach cora iascaigh ná muileann-damba iascaigh;

saor-bhe arna

ciallaíonn an abairt “saor-bhearna” saor-bhearna i gcora iascaigh do réir ailt 9 d'Acht 1863;

ceann-chora.

ciallaíonn an abairt “ceann-chora” an t-inneall seasamhach dá ngairmtear de ghnáth ceann-chora nó cora tuile agus trá;

cléifearach.

ciallaíonn an focal “cléifearach” gráta a feistear ag an gceann aghaidh-le-sruth de bhosca i gcora iascaigh nó i muileann-damba iascaigh agus é déanta ar chuma go gcoiscfidh sé gluaiseacht éisc gan gluaiseacht an uisce a chosc;

inscálaí.

ciallaíonn an focal “inscálaí” péire grátaí a feistear ag an gceann cúl-le-sruth de bhosca i gcora iascaigh nó i muileann-damba iascaigh agus iad ag inréimniú i leith an láir sa treo aghaidhle-sruth chun bearna ingearach a dhéanamh idir na cinn aghaidhle-sruth, agus é d'éifeacht ag an gcóiriú sin go gceadaíonn sé gluaiseacht éisc isteach sa bhosca agus go mbacann a n-éaló amach as;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

abha bhradán.

ciallaíonn an abairt “abha bhradán” aon abha a ghnáthaíos bradáin;

líon cuaille.

folaíonn an abairt “líon cuaille” cora chuaille agus aon inneall seasamhach ar aon déanamh le líon cuaille.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta.

Léiriú na n-abairtí “líon seasamhach” agus “inneall seasamhach” sna hAchta.

4. —Chun amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo go ndéanfar, d'ainneoin aon ní in alt 1 d'Acht 1850, na habairtí “líon seasamhach” agus “inneall seasamhach,” mar a bhfuilid sna hAchta, d'fhorléiriú mar abairtí a dhéanas, agus a rinne riamh, cora iascaigh agus muileann-damba iascaigh d'eisiamh.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II.

Cumhachta agus Dualgais Ilghneitheacha an Aire.

Mínithe áirithe a leasú agus a chúlghairm.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon mhíniú a rinneadh faoi aon cheann de na hachtacháin seo a leanas a leasú nó a chúlghairm—

(a) ailt 22 agus 27 d'Acht 1842,

(b) alt 9 den Fisheries (Ireland) Act, 1845,

(c) ailt 21 agus 44 d'Acht 1850,

(d) alt 17 d'Acht 1863, agus

(e) alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1869.

(2) Beidh feidhm maidir le haon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo ag forála fo-alt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 28 d'Acht 1925, arna leasú le halt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ).

Alt 28 d'Acht 1925 a leasú.

7. —I bhfo-alt (4) d'alt 28 d'Acht 1925, cuirfear na focail “d'ocht lá fichead” in ionad na bhfocal “de choicís.”

Cumhacht an Aire chun ceada díolúine i gcóir síolruithe shaorga, etc., a dheonadh.

8. —(1) Aon uair agus a mhinice is cuí leis, féadfaidh an tAire, trí chead i scríbhinn agus faoi réir pé coinníoll a shonrós sé sa chead, a údarú d'aon duine a hainmneofar gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh aon tsaosúr den bhliain—

(a) aon éisc de chineál sonraithe a ghabháil nó féachaint lena ngabháil agus iad a bheith ina sheilbh aige chun síolruithe shaorga, trasphlanduithe, stocála, athstocála nó feabhsuithe aon iascaigh nó chun aon chríche eolaíochta, agus chun an ghabháil sin a dhéanamh amhlaidh, aon líon, gaiste nó inneall eile de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, d'innliú agus d'úsáid,

(b) eochrach agus saoidhean aon chineál sonraithe éisc a dhíol nó a cheannach chun stocála nó athstocála nó chun aon chríche eolaíochta.

(2) Ní údaróidh cead faoi fho-alt (1) den alt seo aon ní a dhéanamh maidir le hiascach eisiach ach amháin le toiliú ó únaer an iascaigh sin.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchta, féadfaidh duine dá ndeonfar cead faoi fho-alt (1) den alt seo agus aon duine eile a bheas ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníoll a sonrófar sa chead, aon ní a dhéanamh a údarós an cead.

CUID III.

Boird Choimeadaithe.

Ceart votála i dtoghcháin choimeádaithe.

9. —(1) (a) Ní bheidh aon duine i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe i leith na dleachta ceadúnais ar inneall iascaigh, ach amháin an duine a mbeidh a ainm sa cheadúnas a heisíodh i leith an innill iascaigh sin.

(b) Ní déanfar mír (a) den fho-alt seo d'fhorléiriú mar ní a dhéanas difir d'alt 93 d'Acht 1939.

(2) Ní bheidh sealbhóir ceadúnais iascaigh d'eisigh bord coimeádaithe do cheantar iascaigh i dteideal vótáil i leith na dleachta ceadúnais ar an inneall lena mbainfidh an ceadúnas sin i dtoghchán coimeádaithe do thoghroinn den cheantar iascaigh sin seachas an toghroinn a bheas sonraithe sa cheadúnas sin.

(3) Aon duine a bheas, de bhuaidh ailt 14 d'Acht 1939, i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe do thoghroinn a bheas le comóradh bliain áirithe—

(a) measfar, chun an cathaoirleach a thoghadh a bheas i gceannas an chruinnithe don toghchán sin, é a bheith ina dhuine d'íoc dleacht cheadúnais don bhliain sin sa toghroinn sin, agus

(b) beidh sé intofa mar chathaoirleach ar an gcruinniú sin.

CUID IV.

Ceadunais Iascaigh i leith Bradan, Breac agus Easconn.

Rún faoi alt 12 (2) d'Acht 1925 a chealú.

10. —Féadfaidh bord coimeádaithe, le rún, aon rún a chealú a ritheadar faoi fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1925, agus tiocfaidh an rún céadluaite sin i ngníomh ar chaitheamh na bliana inar ritheadh é.

Ceadúnais i leith inneall iascaigh áirithe d'eisiúint sna toghranna ina mbeidh na hinnill.

11. —I gcás iarratas a dhéanamh chun bord coimeádaithe ar cheadúnas i leith innill iascaigh (is inneall seasamhach, bosca i gcora iascaigh nó i muileann-damba iascaigh nó súil, bearna nó cliabh chun easconna a ghabháil i gcora iascaigh nó uirthi nó i muileann-damba iascaigh nó air), eiseofar an ceadúnas sin sa toghroinn ina mbeidh an t-inneall sin.

Alt 23 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , a leasú.

12. —Cuirfear isteach i ndeireadh ailt 23 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) , an fo-alt seo a leanas—

“(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu sin ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil faoin alt seo.”

CUID V.

Rialachain maidir le Lionta.

Gan líonta bradán d'úsáid ag béal abhann cúinge ná i bhfoisceacht leathmhíle do leith na farraige nó don leith istigh de bhéal abhann

13. —(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin únaer iascaigh eisiaigh laistigh de theoranta an iascaigh sin aon líon a theilgean, a tharraingt ná d'úsáid chun bradáin a ghabháil ag béal aon abhann ná i bhfoisceacht leathmhíle, do leith na fairrge nó don leith istigh nó ar feadh an chósta, do bhéal aon abhann.

(2) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin únaer iascaigh eisiaigh in iomláine abhann agus a fo-aibhneacha laistigh de theoranta an iascaigh eisiaigh sin) aon líon a theilgean, a tharraingt ná a shíneadh go hiomlán trasna béil abhann ná trasna aon choda eile d'abhainn.

(3) Má sháraíonn aon duine aon fho-alt acu sin roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpuint a chur air agus fíneáil bhreise chúig scillinge i leith gach éisc a gabhadh le haon líon a húsáideadh ag déanamh an chiona.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

(5) I gcás inar tugadh míniú ar bhéal aon fho-abhann faoi alt 21 d'Acht 1850, déanfar tagairtí sna fo-ailt seo roimhe seo den alt seo do bhéal aon abhann d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do bhéal na fo-abhann sin.

CUID VI.

Innill Sheasamhacha, Corai Iascaigh, Muileann-Dambai Iascaigh agus Bacainni eile ar Ghluaiseacht Eisc.

Alt 23 d'Acht 1939 a leasú.

14. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 33 d'Acht 1939—

(a) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1)—

“(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin Bord Soláthair an Leictreachais maidir le cora iascaigh a tógadh chun easconna a ghabháil) aon chora iascaigh, muileann-damba iascaigh ná inneall seasamhach a thógáil i gcuid an fhíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch”;

(b) i bhfo-ailt (2) agus (3) cuirfear na focail “cora iascaigh, muileann-damba iascaigh nó inneall seasamhach” in ionad na bhfocal “cora nó inneall seasamhach eile” mar a bhfuil na focail deiridh sin.

Alt 34 d'Acht 1939 a leasú.

15. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas alt 34 d'Acht 1939—

(a) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1)—

“(1) Ní dleathach d'aon duine aon chora iascaigh, muileann-damba iascaigh ná inneall seasamhach d'úsáid i gcuid an fhíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch mura raibh an chora iascaigh, an muileanndamba iascaigh nó an t-inneall seasamhach sin ann agus á úsáid go dleathach i rith an tsaosúir iascaigh oscailte in aon bhliain nó blianta de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938.”;

(b) i bhfo-alt (2) agus (3) cuirfear na focail “cora iascaigh, muileann-damba iascaigh nó inneall seasamhach” in ionad na bhfocal “cora nó inneall seasamhach eile” mar a bhfuil na focail deiridh sin.

(2) Ní bhainfidh aon ní in alt 34 d'Acht 1939 le Bord Soláthair an Leictreachais d'usáid cora iascaigh a thóg an Bord sin chun easconna a ghabháil.

Alt 29 d'Acht 1939 a leasú.

16. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 29 d'Acht 1939 trí na focail “Má seirbheáltar fógra faoi fho-alt (1) den alt so ar shealbhaire corann iascaireachta agus ná déanfaidh an sealbhaire sin do réir éilithe an fhógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—” a scrios agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad—

“Más rud é—

(i) go seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir corann iascaigh, agus

(ii) (I) nach ndéanfaidh an t-áititheoir sin go cuí, maidir leis an bhfógra, iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, nó

(II) go ndéanfaidh an t-áititheoir sin go cuí, maidir leis an bhfógra, iarratas faoin bhfo-alt sin ach go ndiúltófar don iarratas, agus

(iii) nach ndéanfaidh an t-áititheoir sin do réir ceanglas an fhógra,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—”.

Pionóis mar gheall ar iascach i saorbhearnaí nó in aice saor-bhearnaí i gcoraí iascaigh agus mar gheall ar shaor-bhearnaí a bhacainniú.

17. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfeas aon inneall iascaigh i saor-bhearna, nó

(b) a úsáidfeas aon inneall iascaigh (nach slat agus ruaim) laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos d'aon chuid de chora iascaigh, nó

(c) a chuirfeas aon bhacainn i saor-bhearna chorann iascaigh, nó

(d) a úsáidfeas aon áis nó a dhéanfas aon ghníomh a scanródh, a bhacfadh, nó a choiscfeadh ar aon tslí, iasc ó dhul go saoráideach isteach i saor-bhearna, agus suas agus síos saor-bhearna, gach tráth den bhliain, nó

(e) a chuirfeas aon droichead, clár, éadach nó ní ar bith eile i saor-bhearna, thar saor-bhearna nó trasna saorbhearnan, i gcora iascaigh, ach amháin droichead nó clár sealadach le linn an ama sin amháin a bheas na daoine a bheas ag iascach na corann sin ag dul thar an saor-bhearna,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach lú ná chúig puint agus nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(ii) i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach lú ná deich bpuint agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Más rud é—

(a) go gcúiseofar únaer nó áititheoir corann iascaigh faoi fho-alt (1) den alt seo sa chion sin bacainn a chur sa tsaor-bhearna sa chora iascaigh sin, agus

(b) go gcruthófar gur cuireadh an bhacainn sin sa tsaorbhearna sin,

toimhdeofar, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, gurb eisean a chuir an bhacainn sin sa tsaor-bhearna sin.

(3) Má ciontaítear duine sa chion sin bacainn a chur sa tsaorbhearna i gcora iascaigh, féadfaidh an tAire a chur faoi ndear an bhacainn sin d'aistriú, agus aon chostais faoina raghaidh an tAire faoin bhfo-alt seo is fiach iad bheas dlite ón duine sin don Aire agus féadfar iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacha maidir le boscaí i gcoraí iascaigh bradán agus i muileann-dambaí iascaigh.

18. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “cora bhradán” aon chora is—

(a) cora iascaigh a húsáidtear chun bradáin a ghabháil, nó

(b) muileann-damba iascaigh a húsáidtear chun bradáin a ghabháil.

(2) Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le déanamh agus úsáid boscaí i gcoraí bradán—

(a) beidh foréadan urláir an bhosca ar aon chothrom le grinneall nádúrtha na habhann,

(b) beidh inscálaí agus cléifearach an bhosca inaistrithe agus inoscailte,

(c) is go hingearach a bheas barraí cléifearaigh an bhosca,

(d) beidh inscálaí agus cléifearach an bhosca déanta ar chuma nach mbeidh aon bharra ná cuid de bharra níos gaire ná dhá orlach d'aon bharra eile ná d'aon chuid de bharra eile,

(e) ní cuirfear aon chumhdach os coinn an bhosca ná ní cuirfear i bhfolach é in aon tslí eile ó amharc an phobail.

(3) Más deimhin leis an Aire gur bric mhara formhór an éisc a gabhtar i gcora bhradán, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú go mbeidh éifeacht, i leith na corann bradán sin, ag mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail “orlach agus ceathrú” in ionad “dhá orlach”.

(4) Má úsáideann nó má dhéanann duine ar bith aon bhosca i gcora bhradán contrártha d'fho-alt (2) den Alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo maidir le haon bhosca i gcora bhradán, féadfaidh an tAire a chur faoi ndear na coda den bhosca sin ar ina leith a rinneadh an cion d'aistriú agus féadfaidh costais an aistrithe sin a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Déanamh treoirbhallaí a ghabhas le coraí iascaigh agus le muileanndambaí iascaigh.

19. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “treoir-bhalla” aon spor nó sál-bhalla, treoirian nó scothchar.

(2) (a) Ní bheidh ag gabháil le haon chora iascaigh ná muileann-damba iascaigh in abhainn aon treoirbhalla (seachas ceann ó bhoscaí na corann iascaigh nó an mhuileann-damba iascaigh sin go dtí bruach na habhann) is sia ná fiche troigh arna thomhas ón éadan aghaidh-le-sruth nó cúl-le-sruth den chora iascaigh nó den mhuileann-damba iascaigh sin ar feadh lár-líne an treoir-bhalla sin.

(b) Ní bheidh ag gabháil le haon chora iascaigh aon treoir-bhalla a chúngaíos nó a choisceas teacht agus imeacht an uisce tríd an tsaor-bhearna nó as an tsaor-bhearna sa chora iascaigh sin.

(c) Má bhíonn aon treoir-bhalla ag gabháil le haon chora iascaigh nó muileann-damba iascaigh contrártha do mhír (a) den fho-alt seo nó aon treoir-bhalla ag gabháil le haon chora iascaigh contrártha do mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) beidh áititheoir an chéanna ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fós fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a fágfar an treoir-bhalla sin ann;

(ii) féadfaidh an tAire a chur faoi ndear an treoirbhalla sin d'athrú nó d'aistriú agus, má dhéanann sé amhlaidh, féadfar na costais faoina raghaidh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má dhéanann áititheoir cora iascaigh nó muileann-damba iascaigh in abhainn aon oileán nó bacainn nádúrtha san abhainn d'úsáid ar chuma a áirithíos dó an buntáiste a bheadh aige de bharr treoir-bhalla a chur leis an gcora iascaigh nó an muileanndamba iascaigh sin contrártha do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a dhéanfas sé úsáid den oileán nó den bhacainn nádúrtha sin.

(4) Má húsáidtear aon mhuileann-damba iascaigh go páirteach chun uisce a choinneáil le haghaidh muilinn nó monarchan nó le haghaidh loingseoireachta ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a bhaineas leis an muileann-damba iascaigh sin i slí a dhéanfadh dochar don tsoláthar uisce is gá don mhuileann, don mhonarchain nó don loingseoireacht sin.

Alt 30 d'Acht 1939 a leasú.

20. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 30 d'Acht 1939:—

(a) cuirfear an clásal seo a leanas isteach i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) d'fho-alt (2) agus roimh chlásal (II)—

“(Ia) má aontaíonn an duine a fhiosrós an scéal leis an tuarascáil, seirbheálfaidh an tAire ráiteas ar an áititheoir sin á chur sin in iúl dó, agus beidh éifeacht ag an bhfógra sin amhail is dá gcuirtí tréimhse mhí dar tosach lá seirbheála an ráitis sin in ionad na tréimhse a bheas sonraithe ann chun a chomhlíonta.”;

(b) cuirfear an fho-mhír seo a leanas isteach i mír (b) d'fho-alt (2)—

“(iv) mura gcuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra sin amhail is dá gcuirtí tréimhse sé seachtaine dar tosach an dáta a seirbheáladh cóip den tuarascáil ar an áititheoir sin in ionad na tréimhse a bheas sonraithe ann chun a chomhlíonta.”;

(c) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach—

“(3A) Má tarraingtear siar faoi fho-alt (2) den alt seo fógra a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo, measfar nár seirbheáladh an fógra sin.”.

Alt 64 d'Acht 1842 a leasú.

21. —In alt 64 d'Acht 1842 cuirfear na focail “any obstruction, use any contrivance or do any act whereby fish may be scared, deterred or in any way prevented” in ionad na bhfocal “any obstacle or contrivance of any nature or kind soever in or near thereto in order to deter or prevent fish”.

Forála maidir le roth-shliúsanna, etc., a ghabhas le muilte, etc., a gheibheann uisce ó aibhneacha bradán.

22. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “muileann” aon mhonarcha, meaisín, foirgint nó obair eile a dhéanas, nó a ndéantar ina chóir, uisce a thógaint nó d'úsáid chun aon chríche, ach ní fholaíonn sé aon obair chun leictreachas a ghiniúint, trí chumhacht udrálach, chun é d'imdháil agus chun é a sholáthar don phobal;

ciallaíonn an focal “roth-shliúsanna”, maidir le muileann, na sliúsanna a ligeas uisce chun rothaí an mhuilinn sin.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach muileann a gheibheann a sholáthar uisce ó abhainn bhradán—

(a) má tá bealach éisc sa damba a bhaineas leis an muileann, sin, coimeádfar dúnta na roth-shliúsanna agus na scéith-gheataí nó na brúcht-bhealaí—

(i) ar feadh cheithre huaire fichead a chloig as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(b) mura bhfuil aon bhealach éisc sa damba a bhaineas leis an muileann agus go bhfuil an scéith-gheata ar an taobh aghaidh-le-sruth de na roth-shliúsanna suite i gcainéal atá oiriúnach le haghaidh gluaiseachta éisc, coimeádfar na roth-shliúsanna dúnta agus an scéithgheata sin oscailte—

(i) ar feadh cheithre huaire fichead a chloig as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(c) mura gcomhlíontar forála míre (a) nó míre (b) den fho-alt seo, beidh áititheoir an mhuilinn ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná trí puint agus nach mó ná deich bpuint a chur air.

(3) Má cúisítear áititheoir muilinn i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go ndéanfadh comhlíonadh míre (a) nó míre (b) (pé acu is iomchuí) d'fho-alt (2) den alt seo dochar in aon tslí d'inneallra nó d'uisce-chumhacht an mhuilinn.

CUID VII.

Srianta maidir le Tratha Iascaigh Bhradan Bhreac, Phollan agus Easconn.

Alt 2 (2) d'Acht 1924 a leasú.

23. —Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1924, i leith bradáin nó bric, agus

(b) go gcruthóidh an duine sin gur gabhadh an bradán nó an breac sin le slat agus ruaim in áit áirithe ag am áirithe, agus

(c) go raibh sé dleathach bradán nó breac a ghabháil le slat agus ruaim san áit sin ag an am sin,

déanfar an cúiseamh in aghaidh an duine sin a dhíbhe.

Innill sheasamhacha a dhíchóimeáil i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus do bhric.

24. —(1) I rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus do bhric—

(a) bainfear gach líon cochaill agus líon cuaille de na cuaillí nó na daingneáin dá mbeid ceangailte agus bhéarfar chun bealaigh iad,

(b) déanfar agus coimeádfar i ngach inneall seasamhach (seachas líon cochaill nó líon cuaille) oscailt ghlan cheithre troigh ar leithead sna cinn, sna gaistí, sna súile nó sna bearnain óna mbun go dtí a mbarr i slí go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht tríothu go saoráideach agus go gcoiscfear go héifeachtach gabháil aon éisc iontu.

(2) Más rud é, maidir le haon inneall seasamhach, nach gcomhlíonfar forála fo-ailt (1) den alt seo, beidh a áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasamhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

(4) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a ndlítear dá dhroim pionós ar bith a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó droch-aimsir é ó na nithe a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thabhairt chun bealaigh fad a bhí cosc air amhlaidh.

(5) I gcás réamhtheachtaí-i-dteideal aon duine a bheith, ar an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal dleathach, ó chairt nó ó cheart rúrach, chun aon inneall seasamhach d'úsáid i gcuid na taoide d'abhainn chun éisc gheala mara a ghabháil, ní bheidh feidhm ag forála fo-ailt (1) den alt seo maidir leis an inneall seasamhach sin más chuige sin amháin a húsáidtear é.

Corai iascaigh bhradán agus muileann-dambaí iascaigh a dhíchóimeáil i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus do bhric.

25. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “cora bhradán” aon chora is—

(a) cora iascaigh chun bradáin a ghabháil, nó

(b) muileann-damba iascaigh chun bradáin a ghabháil;

ciallaíonn an abairt “coda inaistrithe”, maidir le cora bhradán,

(a) inscálaí agus cléifearach gach bosca sa chora bhradán sin, agus

(b) gach fearas agus earra eile a húsáidtear maidir leis na boscaí sa chora bhradán sin agus is féidir d'aistriú;

ciallaíonn an abairt “an saosúr coiscthe bliantúil” an saosúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus do bhric.

(2) Laistigh de shé huaire tríochad an chloig ó thosach an tsaosúir choiscthe bhliantúil, déanfar na coda inaistrithe ar fad de chora bhradán d'aistriú agus a thabhairt chun bealaigh aisti.

(3) Ní déanfar na coda inaistrithe de chora bhradán a chur inti ná uirthi tráth is luaithe ná sé huaire tríochad an chloig roimh dheireadh an tsaosúir choiscthe bhliantúil.

(4) Ní ceadófar na coda inaistrithe de chora bhradán d'fhágaint inti ná uirthi i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil (ach amháin i rith na sé huaire tríochad an chloig ina thosach agus ina dheireadh).

(5) Más rud é, maidir le haon chora bhradán, go sárófar (trí ghníomh nó neamhghníomh) forála fo-ailt (2), (3) nó (4) den alt seo, beidh a háititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(6) I gcás áititheoir corann bradán a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh na coda inaistrithe uile a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

(7) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (5) den alt seo mar ní a ndlítear dá dhroim pionós ar bith a chur ar aon áititheoir corann bradán ar choisc tuilte, stoirm nó droch-aimsir é ó fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí cosc air amhlaidh.

(8) I gcás áititheoir corann bradán a chiontú i gcion faoin alt seo—

(a) féadfaidh an tAire a chur faoi ndear na coda inaistrithe a ndearnadh an cion ina leith d'aistriú as an gcora bhradán sin,

(b) má aistríonn an tAire na coda inaistrithe sin, beidh sé i dteideal na costais faoina ndeachaigh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás—

(a) réamhtheachtaí-i dteideal únaera chorann bradán a bheith, ar an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal, ó phaitinn, cairt nó eile, chun cirt iascaigh easconn inti, agus

(b) an réamhtheachtaí sin d'fheidhmiú an chirt sin roimh an dáta sin,

ní dlífear aon phionós a chur ar únaer na corann bradán sin faoi fho-alt (5) den alt seo toisc é do chur, do chrochadh nó d'úsáid líonta easconn nó inneall eile chun easconna a ghabháil i súile nó i mbearnain na corann bradán sin mura n-úsáidtear na líonta easconn nó na hinnill sin ach amháin i gcomhréir leis na hAchta agus nach gcrochtar iad ach i gceithre cinn as gach cúig cinn de shúile nó de bhearnain na corann bradán sin, agus go ndéantar an cúigiú ceann as gach cúig cinn de na súile nó de na bearnain sin, maraon leis an saorbhearna inti (más ann di), a choimeád saor gan bacainn chun go bhféadfaidh iasc gluaiseacht go saoráideach, ach ní dhíolmhoídh an fhoráil seo an t-únaer sin ó dhliteanas faoi alt 2 d'Acht 1924 má gabhtar aon bhradán nó breac sa chora bhradán sin i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil.

Alt 28 d'Acht 1939 a leasú.

26. —(1) Ní bhainfidh alt 28 d'Acht 1939 le cion faoi alt 46 d'Acht 1850, arb é a bheas ann aon duine a áitíos nó a úsáideas aon chora iascaigh muileann-damba iascaigh nó inneall seasamhach dá mhainneachtaint an céanna d'oscailt nó d'aistriú mar cheanglas alt 40 d'Acht 1842.

(2) I bhfo-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1939, cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad míreanna (i), (ii) agus (iii)—

“(i) go ndearna sé dícheall cuí chun déanamh an chiona sin a chosc agus go ndearnadh an cion gan toiliú, claon-taobhú ná mainneachtaint toiliúil uaidh, agus

(ii) ar é a chúiseamh sa chion, gur thug sé don duine a chúisigh é gach eolas ar a chumas i dtaobh an duine a rinne an cion.”.

CUID VIII.

Forala Ilghneitheacha maidir le hIascaigh Bhradan agus Iascaigh Fioruisce.

Pionós mar gheall ar neamhchomhlíonadh ailt 21 (1) d'Acht 1925.

27. —I gcás duine ar bith, is sealbhóir ar cheadúnas nó ar athnuachaint ar cheadúnas a heisíodh faoi alt 17 d'Acht 1925 nó faoi alt 44 d'Acht 1939, dá mhainneachtaint fo-alt (1) d'alt 21 d'Acht 1925 a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air.

Alt 70 d'Acht 1842 a leasú.

28. —Leasaítear leis seo alt 70 d'Acht 1842 trí na focail “save the proprietor of a several fishery, or any person duly authorised by him in writing, within the limits thereof” a scrios.

Uiscí a chosaint ó thruailliú.

29. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “ábhar díobhálach” aon ábhar díobhálach nó nimhiúil;

ciallaíonn an abairt “leachtach díobhálach” aon leachtach díobhálach nó nimhiúil nó sruthlach nó siltean ó aon ábhar díobhálach nó nimhiúil;

ciallaíonn an focal “uiscí” aon abha, loch nó uisce-chúrsa.

(2) Má bhíonn aon ghabhadán, a húsáidtear chun aon ábhar díobhálach a choinneáil nó d'iompar, i bhfoisceacht tríocha slat d'uiscí ar bith—

(a) soláthróidh agus cothabhálfaidh únaer an ghabhadáin sin pé meáin (dá ngairmtear meáin oiriúnacha sa bhfo-alt seo) a choiscfeas go héifeachtach aon leachtach díobhálach ó dhul as an ngabhadán sin isteach sna huiscí sin,

(b) má mhainníonn únaer an ghabhadáin sin an dualgas a chomhlíonadh a cuirtear air le mír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtaint sin,

(c) má bhíonn an tAire sásta gur soláthraíodh meáin oiriúnacha maidir leis an ngabhadán sin, féadfaidh sé, ar únaer an ghabhadáin dá iarraidh sin, deimhniú d'eisiúint chuige (a fhanfas i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse a sonrófar ann) agus sonrófar sa deimhniú sin na meáin oiriúnacha agus an modh ar a n-úsáidfear iad,

(d) más rud é—

(i) go gcúiseofar únaer an ghabhadáin sin i gcion faoin alt seo maidir leis an ngabhadán sin, agus

(ii) go gcruthóidh sé go ndearnadh deimhniú i leith an ghabhadáin sin d'eisiúint faoi mhír (c) den fho-alt seo agus ón uair a heisíodh an deimhniú sin go raibh na meáin oiriúnacha a sonraíodh ann ar fáil agus á n-úsáid mar sonraíodh sa deimhniú sin, agus

(iii) go raibh an deimhniú i bhfeidhm ar an dáta a líomhantar a rinneadh an cion,

ansin, déanfar an cúiseamh a dhíbhe.

Alt 38 d'Acht 1939 a leasú.

30. —Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi alt 38 d'Acht 1939 maidir le bradán nó breac, agus

(b) go gcruthóidh an duine sin gur gabhadh an bradán nó an breac le slat agus ruaim in áit áirithe ag am áirithe, agus

(c) go raibh sé dleathach bradán nó breac a ghabháil le slat agus ruaim san áit sin ag an am sin,

déanfar an cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe.

CUID IX.

Iascaigh airithe d'Aistriu chun an Aire agus Forala maidir le hIascaigh a hAistreofar amhlaidh.

Alt 58 d'Acht 1939 a leasú.

31. —Sa mhíniú (atá i bhfo-alt (1) d'alt 58 d'Acht 1939) ar an abairt “iascach inaistrithe”, déanfar na focail “nó a húdaraítear le dlí do Bhord Soláthair an Leictreachais a thógaint chucu féin” a scrios.

Alt 67 d'Acht 1939 a leasú.

32. —I bhfo-alt (4) d'alt 67 d'Acht 1939, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (b)—

“(b) an ceart eisiach chun bradáin a ghabháil in iomláine na habhann sin, lena n-áirítear gach fo-abha agus loch ina cúrsa, a bheith ar dháta an dílsithe ag dílseánach an iascaigh sin, agus”.

Alt 87 d'Acht 1939 a leasú.

33. —I bhfo-alt (4) d'alt 87 d'Acht 1939, cuirfear na focail “ón tigh cónaithe sin” in ionad na bhfocal “ón iascach sin”.

CUID X.

Iascaigh Mhara.

Alt 6 den Acht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933, a leasú.

34. —In alt 6 den Acht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 (Uimh. 53 de 1933) , cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (b)—

“(b) gach comhalta de na Fórsaí Cosanta (nach ísle céim ná sáirsint nó nach ísle aicme ná mion-oifigeach) atá ag fónamh de thuras na huaire ar bord aon loinge nó soithigh i seilbh nó i seirbhís an Stáit;”.

CUID XI.

Cumhachta Maor Uisce, etc., chun na hAchta a chur i bhfeidhm.

Alt 13 d'Acht 1949 a leasú.

35. —In alt 13 d'Acht 1949 cuirfear isteach i ndiaidh na bhfocal “na hAchta” na focail “(seachas an tAcht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 ( Uimh. 53 de 1933 ), agus an tAcht Iascaigh Mhara (Iasc Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937 (Uimh. 33 de 1937) )”.

Alt 87 d'Acht 1842 a leasú.

36. —Má gabhtar duine (dá ngairmtear an ciontaitheoir san alt seo) faoi alt 87 d'Acht 1842, déanfaidh an té a ghabh an ciontaitheoir é a chur láithreach i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndeighleálfar leis do réir dlí.

Alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, a leasú.

37. —Beidh éifeacht ag alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann do shaorbhearnain trí nó thar aon chora iascaigh nó cora eile tagairt do bhealach éisc.

Alt 24 d'Acht 1925 a leasú.

38. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1925—

(a) trí na focail “aon aeradróm, piara” a chur in ionad na bhfocal “aon phiara” i bhfo-mhír (iv), agus

(b) tríd an bhfocal “aerárthach” a chur roimh na focail “bhaigín traenach” i bhfo-mhír (v).

Alt 29 d'Acht 1848 a leasú.

39. —Duine ar bith a n-éileofar go dleathach air faoi alt 29 d'Acht 1848 a ghnáthcheadúnas a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird toisc nach sealbhóir ar ghnáthcheadúnas é, measfar é do mhainneachtaint an ceadúnas sin a thabhairt ar aird do réir bhrí an ailt sin 29.

CUID XII.

Nos Imeachta Dli agus Fianaise.

Triail chionta faoin Acht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933, agus faoin Acht Iascaigh Mhara (Iasc Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937.

40. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an t Acht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 (Uimh. 53 de 1933) ,

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Iascaigh Mhara (Iasc Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937 (Uimh. 33 de 1937) .

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 7 d'Acht 1933, bád agus na daoine ar bord a thabhairt go dtí port sa Stát, agus

(b) go líomhnófar go ndearna aon duine (is duine de na daoine sin) cion faoi aon alt d'Acht 1933,

féadfar an cion sin a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche a bheas sannta de thuras na huaire don Dúthaigh ina mbeidh an port sin, agus féadfaidh seisean é d'éisteacht agus a chinneadh.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 7 d'Acht 1933 mar bheirtear feidhm dó le halt 8 d'Acht 1937, bád agus na daoine ar bord a thabhairt go dtí port sa Stát, agus

(b) go líomhnófar go ndearna aon duine (is duine de na daoine sin) cion faoi aon alt d'Acht 1937,

féadfar an cion sin a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche a bheas sannta de thuras na huaire don Dúthaigh ina bhfuil an port sin, agus féadfaidh seisean é d'éisteacht agus a chinneadh.

(4) Ní forléireofar fo-ailt (2) agus (3) den alt seo mar nithe a dhéanas difir d'alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh.10 de 1924 ).

Cionta ag comhluchta corpracha.

41. —I gcás ina ndéanfaidh comhlucht corprach cion faoi aon alt nó fo-alt de na hAchta nó den Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu sin agus ina gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le haontú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh de dheasca faillí, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile don chomhlucht sin measfar an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin a bheith ciontach freisin sa chion sin agus dlífear imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir.

An tAire do dhéanamh inchúisimh i leith cionta faoi na hAchta agus faoin Acht seo.

42. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi aon alt nó fo-alt de na hAchta nó den Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu sin.

Fianaise i dtaobh méid an chaiteachais faoina ndeachaigh an tAire.

43. —(1) Má bhíonn an tAire i dteideal, faoi aon achtachán lena mbaineann an t-alt seo, caiteachas ar bith a ghnóthú beidh deimhniú a bheas faoi shéala oifigiúil an Aire agus a dheimhneos méid an chaiteachais sin ina fhianaise prima facie ar mhéid an chaiteachais sin.

(2) Baineann an t-alt seo leis na hachtacháin seo a leanas—

(a) ailt 29, 30, 31 agus 33 d'Acht 1939, agus

(b) ailt 17, 18, 19 agus 25 den Acht seo.

CUID XIII.

Forala Ilghneitheacha.

Forléiriú na dtagairtí atá i gCuid IV d'Acht 1949 do na hachtacháin um iascach bradán.

44. —Déanfar tagairtí, i gCuid IV d'Acht 1949, do na hachtacháin um iascach bradán d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

Forléiriú an Fisheries (Oyster, Crab and Lobster), Act, 1877.

45. —Forléireofar mar aon ní amháin an Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877, na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, Acht 1949 agus an tAcht seo.

Fo-dhlithe faoin Steam Trawling (Ireland) Act, 1889, do leanúint i bhfeidhm,

46. —(1) D'ainneoin na hathghairme, a déantar leis an Acht seo, ar an Steam-Trawling (Ireland) Act, 1889, leanfaidh gach fo-dhlí i bhfeidhm a rinneadh faoin Acht sin is déanaí a luadh agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosac feidhme an ailt seo.

(2) Aon fho-dhlí a coimeádtar i bhfeidhm de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, measfar gur fo-dhlí é a rinneadh faoi alt 4 den Acht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 (Uimh. 53 de 1933) , agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht sin (lena n-áirítear na forála píonósacha dhe).

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 5.

Siosón agus Caibidil agus Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

5 & 6 Vic., c. 106

The Fisheries Ireland Act, 1842.

Ailt 10, 17, 18, 19 agus 27;

in alt 36, gach focal ó na focail “If during the close season for salmon” go dtí na focail “was caught during the close season as aforesaid; and”;

ailt 37, 38 agus 39;

in alt 40 gach focal ó na focail “and also that in all rivers”, go dtí na focail “during the space of time above mentioned”;

ailt 54, 55, 56, 57, 58, 59, 60 agus 61;

in alt 63, gach focal óna focail “and the owners and occupiers of all such mills and factories” go dtí deireadh an ailt;

alt 65;

in alt 66, gach focal ó na focail “no person shall, in the freshwater portion,” go dtí na focal “knots; and” agus an focal “such” (mar a bhfuil sé);

ailt 67, 68, 69, 72 agus 74;

in alt 87, gach focal ó na focail “and to convey him or cause him to be conveyed” go dtí deireadh an ailt;

ailt 92, 93, 94, 96, agus 108.

7 & 8 Vic., c. 108

The Fisheries (Ireland Act), 1844.

Ailt 2, 4, 6, agus 8.

8 & 9 Vic., c. 108

The Fisheries (Ireland) Act, 1845.

Alt 3;

in alt 11, gach focal ó na focail “or for the taking” go dtí na focail “rivers and lakes”;

ailt 22 agus 23.

11 & 12 Vic., c. 92

The Fisheries (Ireland) Act, 1848.

Ailt 1 agus 10;

in alt 21, gach focal ó na focail “Provided also that all cross lines” go dtí deireadh an ailt;

in alt 22, gach focal ó na focail “such forfeitures and penalties to be proceeded for” go dtí deireadh an ailt;

ailt 25, 35, agus 37;

sa Sceideal, na focail agus na figiúirí seo a leanas;

“2. Cross lines and rods £2 0 0.”

13 & 14 Vic., c. 88

The Fisheries (Ireland) Act, 1850.

Ailt 2, 3, 5, 11, 14, 15, 17, 18, 19 agus 35;

in alt 36, gach focal ó na focail “and any person taking fish” go dtí deireadh an ailt;

ailt 38, 39, 44, 45, 47, 48, 49, 54 agus 56.

26 & 27 Vic., c. 114

The Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

Ailt 4, 5, 7, 8 agus 10;

rialacha (1) agus (4) d'alt 12;

ailt 13 agus 14;

in alt 22, gach focal ó na focail “Nothing in this Act contained shall apply” go dtí na focail “scientific purposes; and”;

ailt 24, 27, 38, 39, 40, 41, 43, 45 agus 46.

29 & 30 Vic., c. 97

The Oyster Fishery (Ireland) Amendment Act, 1866.

Ailt 8, 11 agus 12.

32 Vic., c. 9

The Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869.

Alt 3.

32 & 33 Vic., c. 92

The Fisheries (Ire(land) Act, 1869.

Ailt 5, 7, 8, 12, 13, 16 agus 18;

Sceideal B.

40 & 41 Vic., c. 42

The Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877.

Ailt 11, 12 agus 13.

47 & 48 Vic., c. 45

The Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884.

Ailt 7 agus 15.

52 & 53 Vic., c. 74

The Steam Trawling (Ireland) Act, 1889.

An tAcht iomlán.

54 & 55 Vic., c. 20

The Pollen Fisheries (Ireland) Act, 1891.

Ailt 4, 5, 6, 9 agus 10.

61 & 62 Vic., c. 28

Mussels, Periwinkles and Cockles (Ireland) Act, 1898.

Ailt 7 agus 8.

1 Edw. VII, c. 38

The Fisheries (Ireland) Act, 1901.

An tAcht iomlán.

11 & 12 Geo. V, c. 38

The Salmon and Freshwater Fisheries Act, 1921.

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1924 .

An tAcht Iascaigh, 1924 .

Alt 10.

Uimh. 43 de 1924

An tAcht Iascaigh (Toghchán Coimeádaithe a chur ar Athló), 1924.

An tAcht iomlán.

Uimh. 32 de 1925

An tAcht Iascaigh, 1925 .

Ailt 4 agus 32.

Uimh. 53 de 1933

An tAcht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933.

Ailt 9, 11, 15 agus 16.

Uimh. 24 de 1934

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 .

Alt 15.

Uimh. 4 de 1935

Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 .

Alt 25.

Uimh. 34 de 1935

An tAcht Iascaigh, 1935 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 33 de 1937

An tAcht Iascaigh M h a r a (I a s c Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937.

Ailt 7 agus 12.

Uimh. 7 de 1938

Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 .

Alt 12.

Uimh. 17 de 1939

An tAcht Iascaigh, 1939 .

Fo-ailt (1) agus (2) d'alt 15;

ailt 25 agus 26;

fo-ailt (5), (7) agus (10) d'alt 29;

fo-ailt (6) agus (10) d'alt 30;

fo-alt (4) d'alt 31;

alt 32;

fo-ailt (4), (5) agus (7) d'alt 33;

fo-alt (4) d'alt 34;

mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 35;

fo-alt (4) d'alt 35;

alt 47;

mír (b) d'alt 55;

fo-alt (4) d'alt 60;

fo-alt (9) d'alt 61;

fo-alt (3) d'alt 62;

fo-alt (3) d'alt 81;

fo-alt (5) d'alt 87;

fo-alt (4) d'alt 90;

ailt 98 agus 99;

fo-alt (2) d'alt 101.