28 1949


Uimhir 28 de 1949.


AN tACHT ARM-PHINSEAN (MÉADÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH MÉADUITHE LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH AR PHINSIN ÁIRITHE CRÉACHTA AGUS MHÍTHREORA AGUS AR LIÚNTAIS ÁIRITHE IS INÍOCTHA FAOI NA h ACHTA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1949. [6ú Nollaig, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1927 agus le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937, agus le hAcht 1946 agus le hAcht 1949;

Acht 1927.

ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937, agus le hAcht 1941, agus le hAcht 1943, agus le hAcht 1946 agus le hAcht 1949;

Acht 1932.

ciallaíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) , agus, nuair a chéadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le Cuid IV d'Acht 1937, agus le hAcht 1941, agus le hAcht 1943, agus le hAcht 1949;

Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1941 agus le hAcht 1943, agus le hAcht 1946, agus le hAcht 1949;

Acht 1941.

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941) , agus nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1943, agus le hAcht 1949;

Acht 1943.

ciallaíonn an abairt “Acht 1943” an t Acht Arm-Phinsean, 1943 (Uimh. 14 de 1943) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1946, agus le hAcht 1949;

Acht 1946.

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Arm-Phinsean, 1946 (Uimh. 3 de 1946) , arna leasú le hAcht 1949;

Acht 1949.

ciallaíonn an abairt “Acht 1949” an t Acht Arm-Phinsean, 1949 (Uimh. 19 de 1949) ;

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, ach ní fholaíonn sí an tAcht seo.

an tréimhse Aibreán, 1922 —Meán Fómhair, 1924.

ciallaíonn an abairt “an tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924” an tréimhse a thosnaigh an lú lá d'Aibreán, 1922, agus a chríochnaigh an 30ú Meán Fómhair, 1924;

pinsean.

ní fholaíonn an focal “pinsean” (ach amháin in alt 18 den Acht seo) athphinsean faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 ná pinsean pósta.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

Pinsin chréachta faoi alt 1 d'Acht 1923 a mhéadú.

2. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, méadófar é pé suim acu seo a leanas is lú—

(a) suim is ionann agus an seú cuid den phinsean,

(b) an tsuim is gá chun méid an phinsin a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha faoi na hAchta dá mba ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí agus go raibh a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin amhail mar bhíodar dáta a urscaoilte iarbhír.

(3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Pinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923 a mhéadú.

3. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh a bheith aige sna fórsaí agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim saighdiúra a bheith aige sna fórsaí agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Liúntais áirithe do bhaintreacha faoi ailt 7 agus 8 d'Acht 1923 a mhéadú.

4. —(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) liúntas is iníoctha, faoi alt 7 d'Acht 1923 le linn baintreachais le baintreach oifigigh,

(b) liúntas, is iníoctha faoi alt 8 d'Acht 1923 le linn baintreachais le baintreach dhuine ar measadh faoin alt sin céim oifigigh a bheith aige sna fórsaí, seachas aon liúntas den tsórt sin lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1927.

(2) Beidh gach liúntas lena mbaineann an t-alt seo iníoctha do réir £135 sa bhliain in ionad £90 sa bhliain.

Pinsin mhíthreora faoi alt 9 d'Acht 1927 a mhéadú.

5. —(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Pinsin mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1927 a mhéadú.

6. —(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach, méadófar é do réir na bhforál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir a bhí, ar dháta a urscaoilte, faoi mhíchumas de dheasca galair is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse, Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna cinn sin a bhaineas lena chás d'fhorála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna cinn sin a bhaineas lena chás d'fhorála Coda II den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

(3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir a bhí, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, faoi mhíchumas de dheasca galair is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse éigeandála, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, íocfar é do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Pinsin chréachta faoi alt 11 d'Acht 1927 a mhéadú.

7. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas eis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chead Sceideal sin ag an uimhír thagartha sin.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Pinsin chréachta áirithe faoi alt 12 d'Acht 1927 a mhéadú.

8. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach, méadófar é do réir na bhforál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus a bhí, ar dháta a urscaoilte, faoi mhíchumas de dheasca créachta is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí seachas seirbhís i rith na tréimhse éigeandála, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna cinn sin a bhaineas lena chás d'fhorála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna cinn sin a bhaineas lena chás d'fhorála Coda II den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

(3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus a bhí, ar dháta a urscaoilte, faoi mhíchumas de dheasca créachta is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse éigeandála, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, íocfar é do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Pinsin mhíthreora faoi alt 13 d'Acht 1927 a mhóadú.

9. —(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh é bheith ina oifigeach, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, méadófar é pé suim acu seo a leanas is lú—

(a) suim is ionann agus an séú cuid den phinsean,

(b) an tsuim is gá chun méid an phinsin a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha dá mba ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí agus go raibh a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin amhail mar bhíodar dáta a urscaoilte iarbhír.

(3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh é a bheith ina shaighdiúir, agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(4) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna cinn a bhaineas lena chás d'fhorála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna cinn sin a bhaineas lena chás d'fhorála an Triú Sceidil a ghabhas le hAcht 1927.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

10. —I mír 1 de Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, cuirfear an figiúir “£135” in ionad an fhigiúir “£90”.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

11. —I gCuid 1 den tSeachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre 1—

“1.  Baintreach dara lefteanaint, lefteanaint

no chaptaein     ..

£90 sa bhliain le linn baintreachais.

Baintreach mhaoir, lefteanant - chornail

n cheannfoirt     ..

£135 sa bhliain le linn baintreachais.

Baintreach chornail nó oifigigh is airde

céim     ..     ..     ..

£170 sa bhliain le linn baintreachais.”

Pinsin chréachta agus mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1932 a mhéadú.

12. —Aon phinsean créachta nó míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chúigiú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Pinsin faoi alt 26 d'Acht 1937 a mhéadú.

13. —(1) Gach pinsean críochnaitheach faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir chúig scillinge déag sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir seacht scillinge déag agus trí pingne sa tseachtain.

(2) Gach pinsean críochnaitheach faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir punt sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt agus trí scillinge sa tseachtain.

Pinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937 a mhéadú.

14. —Beidh éifeacht ag ailt 28 agus 29 d'Acht 1937 amhail is dá gcuirtí an Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhas le hAcht 1937.

Pinsin faoi alt 6 d'Acht 1941 a mhéadú.

15. —(1) Gach pinsean críochnaitheach faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir chúig scillinge déag sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir seacht scillinge déag agus trí pingne sa tseachtain.

(2) Gach pinsean críochnaitheach faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir punt sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt agus trí scillinge sa tseachtain.

Pinsin faoi alt 6 d'Acht 1943 a mhéadú.

16. —(1) Gach pinsean críochnaitheach faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir chúig scillinge déag sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir seacht scillinge déag agus trí pingne sa tseachtain.

(2) Gach pinsean críochnaitheach faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir punt sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt agus trí scillinge sa tseachtain.

Pinsin faoi alt 12 d'Acht 1946 a mhéadú.

17. —Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 amhail is dá gcuirtí an Sceideal seo a leanas in ionad an Dara Sceidial a ghabhas leis an Acht sin—

“AN DARA SCEIDEAL.

Na Ratai Pinsean faoi alt 12 den Acht seo.

An Grád Míchumais

An Pinsean

(1)

(2)

faoin gcéad

sa bhliain

100

£115

90

£103

10s.

80

£92

Srianta maidir le méadú pinsean.

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “pinsean míchumais” pinsean créachta nó míthreora faoi na hAchta, agus folaíonn sí aon athphinsean faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 agus pinsean pósta;

ciallaíonn an abairt “pinsean seirbhíse míleata” pinsean faoi Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945, arna leasú le haon achtachán iardain;

ciallaíonn an abairt “pinsean Fórsaí Cosanta” páigh nó pinsean scortha faoi aon scéim arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1949, arna leasú le haon achtachán iardain.

(2) Ní bhaineann forála an Achta seo le haon phinsean míchumais is iníoctha faoi na hAchta do réir £450 sa bhliain nó do réir aon ráta is airde ná sin.

(3) Más rud é faoi aon cheann d'fhorála an Achta seo go ndéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, pinsean míchumais a mhéadú go dtí méid is mó ná £450 sa bhliain, déanfar, faoi réir fo-alt (4) agus (5) den alt seo, an pinsean míchumais a mhéadú go dtí £450 sa bhliain ar a mhéid.

(4) I gcás—

(a) duine a bheith ag fáil pinsin mhíchumais, agus

(b) an duine sin a bheith ag fáil pinsin seirbhíse míleata nó pinsin Fórsaí Cosanta, nó iad araon, ina theannta sin, agus

(c) comhiomlán—

(i) an phinsin mhíchumais, agus

(ii) glan-mhéid an phinsin eile a bheith comhionann le £450 sa bhliain nó os a chionn sin,

ansin, ní déanfar aon mhéadú faoin Acht seo ar an bpinsean míchumais.

(5) I gcás—

(a) duine a bheith ag fáil pinsin mhíchumais, agus

(b) an duine sin a bheith ag fáil pinsin seirbhíse míleata nó pinsin Fórsaí Cosanta, nó iad araon, ina theannta sin, agus

(c) comhiomlán—

(i) an phinsin mhíchumais, agus

(ii) glan-mhéid an phinsin nó na bpinsean eile, a bheith faoi bhun £450 sa bhliain, agus

(d) an comhiomlán sin do dhul thar £450 sa bhliain, dá méadaítí an pinsean míchumais faoi fhoráil an Achta seo,

ansin, ní déanfar an pinsean míchumais a mhéadú faoin Acht seo ach oiread agus is gá chun comhiomlán an phinsin mhíchumais agus glan-mhéid an phinsin nó na bpinsean eile a thabhairt suas go dtí £450 sa bhliain.

Tosach feidhme.

19. —Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh ar an 1ú lá d'Aibreán, 1949, agus beidh éifeacht, amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin, ag an méadú a foráltar leis an Acht seo ar phinsin agus liúntais.

Gearrtheideal agus comhlua.

20. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean (Méadú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Aireofar an tAcht seo ar na hAchta a bhféadfar na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, a ghairm díobh le chéile.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Ailt 2 (1), 3 (1), 5 (1), 7 (1), 9 (1).

Rátaí méadaithe—

(a) pinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigigh a hurscaoileadh roimh an 1ú Deireadh Fómhair, 1924,

(b) pinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhaoine ar chéim oifigigh,

(c) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 9 d'Acht 1927 d'oifigigh,

(d) pinsean créachta a deonadh faoi alt 11 d'Acht 1927 d'oifigigh,

(e) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 d'oifigigh a hurscaoileadh roimh an 1ú Deireadh Fómhair, 1924,

(f) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do dhaoine ar chéim oifigigh.

Uimh. Thag.

An ráta láithreach pinsin sa bhliain

An ráta méadaithe pinsin sa bhliain

(1)

(2)

(3)

1

£200

£240

2

£190

£228

3

£180

£216

4

£170

£204

5

£160

£192

6

£150

£172

10s.

7

£140

£161

8

£130

£149

10s.

9

£120

£138

10

£110

£126

10s.

11

£100

£115

12

£90

£99

13

£80

£88

14

£70

£77

15

£60

£66

16

£50

£55

17

£40

£44

AN DARA SCEIDEAL.

Ailt 2 (3), 3 (2), 5 (2), 6 (3), 7 (2), 8 (3), 9 (3).

Rátaí méadaithe—

(a) pinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúirí,

(b) pinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhaoine ar chéim saighdiúra,

(c) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúirí,

(d) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúirí i leith míchumais de dheasca galair is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse éigeandála,

(e) pinsean créachta a deonadh faoi alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúirí,

(f) pinsean créachta a deonadh faoi alt 12 d'Acht 1927, do shaighdiúirí a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, i leith míchumais de dheasca créachta is inchurtha is leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse éigeandála,

(g) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh roimh an 1ú Deireadh Fómhair, 1924,

(h) pinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do dhaoine ar chéim saighdiúra.

Uimh. Thag.

An ráta láithreach pinsin sa tseachtain

An ráta méadaithe pinsin sa tseachtain

(1)

(2)

(3)

1

£2

2s.

0d.

£2

10s.

0d.

2

£1

19s.

10d.

£2

7s.

6d.

3

£1

17s.

9d.

£2

5s.

0d.

4

£1

15s.

8d.

£2

2s.

6d.

5

£1

13s.

7d.

£2

0s.

0d.

6

£1

11s.

6d.

£1

16s.

2d.

7

£1

9s.

4d.

£1

13s.

8d.

8

£1

7s.

3d.

£1

11s.

4d.

9

£1

5s.

2d.

£1

9s.

0d.

10

£1

3s.

1d.

£1

6s.

6d.

11

£1

1s.

0d.

£1

4s.

0d.

12

18s.  10d.

£1

0s.

8d.

13

16s.    9d.

18s.   5d.

14

14s.    8d.

16s.   0d.

15

12s.    7d.

13s. 10d.

16

10s.    6d.

11s.   6d.

17

 8s.    4d.

 9s.   2d.

AN TRIU SCEIDEAL.

Ratai meadaithe pinsean a deonadh d'oifigigh faoi ailt 10 agus 12 d'Acht 1927.

Alt 6 (1).

Alt 8 (1).


1. (1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus a bhí, ar dháta a urscaoilte, faoi mhíchumas de dheasca galair is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán, 1922-Meán Fómhair, 1924, méadófar é pé suim acu seo a leanas is lú—

(a) suim is ionann agus an séú cuid den phinsean,

(b) an tsuim is gá chun méid an phinsin a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha faoi na hAchta dá mba ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí agus go raibh a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin amhail mar bhíodar dáta a urscaoilte iarbhír.

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus a bhí, ar dháta a urscaoilte, faoi mhíchumas de dheasca galair is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse éigeandála, méadófar é pé suim acu seo a leanas is lú—

(a) suim is ionann agus an séú cuid den phinsean,

(b) an tsuim is gá chun an pinsean a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha faoi na hAchta dá mba rud é—

(i) gur ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí, agus

(ii) go raibh a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin amhail mar bhíodar dáta a urscaoilte iarbhír, agus

(iii) gurb é an scála pinsin atá leagtha amach sa Táible don Sceideal seo a bhain leis.

(3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, méadófar é pé suim is gá chun an pinsean a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha dá mba é an scála pinsin atá leagtha amach sa Táible don Sceideal seo a bhain leis.

2. (1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, méadófar é pé suim acu seo a leanas is lú—

(a) suim is ionann agus an séú cuid den phinsean,

(b) an tsuim is gá chun méid an phinsin a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha dá mba rud é—

(i) gur ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí, agus

(ii) go raibh a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin amhail mar bhíodar dáta a urscaoilte iarbhír, agus

(iii) gurbh é an scála pinsin atá leagtha amach sa Táible don Sceideal seo a bhain leis.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, méadófar é pé suim is gá chun an pinsean a thabhairt suas go dtí an méid dob iníoctha dá mba é an scála pinsin atá leagtha amach sa Táible don Sceideal seo a bhain leis.

AN TAIBLE DON TRIU SCEIDEAL.

An Grád Míchumais

An Scála Pinsin

100

60%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £140 as bhliain, pé acu is mó.

90

54%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £126 sa bhliain, pé acu is mó.

80

48%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £112 sa bhliain, pé acu is mó.

70

42%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £98 sa bhliain, pé acu is mó.

60

36%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £84 sa bhliain, pé acu is mó.

50

30%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £70 sa bhliain, pé acu is mó.

40

24%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £56 sa bhliain, pé acu is mó.

30

18%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £42 sa bhliain, pé acu is mó.

20

12%den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte, nó suim £28 sa bhliain, pé acu is mó.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Ailt 6 (2), 8 (2), 9 (4).

Scála athscrúdaithe pinsean a deonadh—

(a) faoi alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúiri faoi mhíchumas de dheasca galair is inchurtha i leith seirbhíse i rith na tréimhse Aibreán, 1922-Meán Fómhair, 1924,

(b) faoi alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh roimh an 30ú Iúil, 1949, faoi mhíchumas de dheasca créachta is inchurtha i leith seirbhíse (seachas seirbhís i rith na tréimhse éigeandála),

(c) faoi alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh an 1ú Deireadh Fómhair, 1924, nó dá éis.

An chéim nuair a hurscaoileadh as na Fórsaí

Grúpa

Na rátaí pinsin sa tseachtain do réir an ghráid mhíchumais

100%

95%

90%

85%

80%

75%

70%

65%

60%

55%

50%

45%

40%

35%

30%

25%

20%

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Saighdiúir Singil  ...  ...

...

I

39

0

37

0

35

0

33

0

31

3

26

10

25

0

23

2

21

5

19

7

17

10

14

7

13

0

11

4

9

9

8

0

6

5

Ceannaire  ...  ...  ...

...

II

45

0

42

9

40

6

38

3

36

0

31

0

28

10

26

9

24

9

22

8

20

7

16

10

15

0

13

0

11

3

9

4

7

6

Sáirsint

III

50

0

47

6

45

0

42

6

40

0

35

0

32

9

30

5

28

0

25

8

23

4

19

0

17

0

14

10

12

8

10

7

8

6

Ceathrú-Sháirsint Complachta

...

 

 

Sáirsint Complachta

...

IV

50

0

47

6

45

0

42

6

40

0

36

2

33

8

31

4

29

0

26

6

24

0

20

8

18

5

16

0

13

10

11

6

9

2

Ceathrú-Sháirsint Cathláin

Maor-Shá irsint  ...  ...

...

V

50

0

47

6

45

0

42

6

40

0

36

2

33

8

31

4

29

0

26

6

24

0

20

8

18

5

16

0

13

10

11

6

9

2

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Pinsin Chreachta agus Mhithreora a Deonadh faoi Alt 10 d'Acht 1932 a Mheadu.

Alt 12.

Uimh. Thag.

An ráta láithreach pinsin sa bhliain

An ráta méadaithe pinsin sa bhliain

(1)

(2)

(3)

1

£150

£180

2

£142

10

0

£171

3

£135

£162

4

£127

10

0

£153

5

£120

£144

6

£112

10

0

£129

7

6

7

£105

£120

15

0

8

£97

10

0

£112

2

6

9

£90

£103

10

0

10

£82

10

0

£94

17

6

11

£75

£86

5

0

12

£67

10

0

£74

5

0

13

£60

£66

14

£52

10

0

£57

15

0

15

£45

£49

10

0

16

£37

10

0

£41

5

0

17

£30

£ 33

AN SEU SCEIDEAL.

Ratai athscrudaithe pinsean faoi Chuid VI d'Acht 1937.

Alt 14.

An Grád Míchumais

An Pinsean

(1)

(2)

faoin gcéad

sa bhliain

100

£115

90

£103

10

0

80

£92

70

£77

60

£66

50

£55

40

£44

30

£33

20

£22