32 1949


Uimhir 32 de 1949.


AN tACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHGHAIRM FORÁL ÁIRITHE DEN ACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927. [21ú Nollaig, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Forála áirithe den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, d'athghairm.

1. —Déantar leis seo na forála seo a leanas den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) , d'athghairm—

(a) i bhfo-alt (1) d'alt 9, ó na focail “ach san i slí” go dtí deireadh an fho-ailt, agus

(b) an Dara Sceideal.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1949, a ghairm de na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1947, agus den Acht seo le chéile.