25 1950


Uimhir 25 de 1950.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSAITHE MAIDIR LE TITHE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGEADAIS AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1949, ACHT TITHE AN LUCHT OIBRE, 1890 GO 1948, ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1948, AGUS NA nACHT UM THITHE BEAGA CÓNAITHE D'FHÁIL, 1899 GO 1948, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [1ú Lúnasa, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1948, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1948, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1948, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1949, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1950, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1950, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1950, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

Acht 1899.

ciallaíonn an abairt “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;

Acht 1932.

ciallaíonn an abairt “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937) ;

Acht 1948.

ciallaíonn an abairt “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) ;

údarás tithe.

ciallaíonn an abairt “údarás tithe”—

(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin;

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;

Achta Tithe an Lucht Oibre.

ciallaíonn an abairt “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1948, arna leasú leis an Acht seo;

Achta na Sclábhaithe.

ciallaíonn an abairt “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1948, arna leasú leis an Acht seo;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Costais.

4. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún, le héifeacht ar an dáta a sonraítear sa cheathrú colún, den Sceideal.

CUID II.

Forala Airgeadais.

Deontais chun tithe. a cheannach.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a bheas ag ceannach tí ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, más rud é—

(a) gur tosnaíodh nó go dtosnófar ar thógáil an tí an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar é an lú lá d'Aibreán, 1952, nó roimhe sin, agus go n-áiteofar é den chéad uair ar dháta críochnuithe an cheannaigh nó dá éis sin;

(b) go mbeidh an teach do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932, arna leasú, i gcás tithe a críochnófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, le halt 14 den Acht seo;

(c) go mbeidh an teach, ar é a bheith ceannaithe, ar áitiú ag an gceannaitheoir.

(2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile.

(3) Ní thabharfaidh an tAire níos mó ná deontas amháin faoin alt seo d'aon duine.

(4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtoirmeasctar air deontas a thabhairt ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le halt 4 d'Acht 1937.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(6) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), ná ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), maidir le haon ionstraim ag tabhairt éifeachta do cheann ach tí ar féidir deontas faoin alt seo a thabhairt ina leith don cheannaitheoir nuair a bheas an teach ar áitiú aige agus ina ionad sin beidh pé dleachta stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh na hailt sin.

(b) Beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh san ionstraim ráiteas den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , nó i bhfo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , pé acu is iomchuí, agus go mbeidh formhuinithe ar an ionstraim deimhniú faoi shéala an Aire Rialtais Áitiúil go dtabharfar deontas faoin alt seo don cheannaitheoir nuair a bheas an teach ar áitiú aige.

Deontas ó údarás tithe chun teach a cheannach nó a thógáil.

7. —(1) I gcás duine a thógfas nó a cheannós teach a dtabharfar deontas ina leith faoi alt 16 d'Acht 1948 nó alt 6 den Acht seo, féadfaidh údarás tithe, do réir scéime arna ceadú ag an Aire, deontas nach mó ná méid an deontais faoin alt sin a thabhairt don duine sin.

(2) Chun críocha an ailt seo beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil a bheirtear don údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe.

Deontais le haghaidh athfhoirgnithe.

8. —(1) I gcás duine a bheas ag áitiú tí do dhéanamh iarratais chun an údaráis tithe ar lorg deontais chun an teach d'athfhoirgniú, ansin, faoi réir forál an ailt seo,—

(a) féadfaidh an t-údarás tithe deontas a thabhairt dó i leith an athfoirgnithe sin, agus

(b) féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir na rialachán ordaithe, deontas a thabhairt freisin, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, i leith an athfhoirgnithe sin.

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le duine is sclábhaí talmhaíochta do réir bhrí Acht na Sclábhaithe nó ar obair thalmhaíochta a shlí bheatha ar fad nó go formhór.

(3) Ní féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh an teach a bheas le hathfoirgniú oiriúnach chun a áitithe ag daoine den lucht oibre, agus

(b) nach mbeidh luacháil inrátuithe, nó iomlán luacháil inrátuithe, aon talún nó foirgintí a bheas ar áitiú ag an iarratasóir níos mó ná dhá phunt déag, agus

(c) gur deimhin leis an Aire go bhfuil an t-athfhoirgniú atá beartaithe riachtanach chun buaine a thabhairt don teach nó chun meath a stop nó a chosc nó go gcuirfidh sé feabhas substainteach ar thaitneamhachta an tí.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (4), (6), (7) agus (8) d'alt 5 d'Acht 1937, arna leasú, maidir le deontais faoin alt seo amhail is dá mba deontais faoin alt sin 5 na deontais sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Cumhacht chun an dara deontas a thabhairt.

9. —(1) Féadfaidh an tAire deontas a thabhairt i leith athfhoirgniú tí faoi alt 16 d'Acht 1948, nó alt 8 den Acht seo, d'ainneoin deontas chun an teach a thógáil nó d'athfhoirgniú a bheith tugtha cheana faoi aon achtachán, ar choinníoll go mbeidh chúig bliana déag, ar a laghad, caite ón dáta a críochnaíodh tógáil an tí nó an t-athfhoirgniú ar tugadh an deontas sin ina leith.

(2) Ní féadfar deontas do réir an ailt seo a thabhairt ach amháin maidir le díon nua d'fhoirgniú nó cóiríocht bhreise a sholáthar a mhéadós iomlán achar urláir an tí agus is dóigh leis an Aire a thabharfas faoiseamh ó phlódú sa tigh.

(3) Chun críocha an ailt seo féadfar soláthar saoráide uisce agus séarachta d'áireamh ar chuid de na hoibreacha is gá chun cóiríocht bhreise a chur ar fáil.

Tithe áirithe a bheith dícháilithe le haghaidh deontas.

10. —Ní tabharfar aon deontas faoi Acht 1948 ná faoin Acht seo—

(a) i leith tí a tógadh ar láithreán foirginte, nó ar aon chuid de láithreán foirginte, ar híocadh, nó arb iníoctha, cúiteamh i leith a díthithe faoin Acht Neodrachta (Díobháil Chogaidh do Mhaoin), 1941 (Uimh. 24 de 1941) ;

(b) i leith tí athfhoirgnithe ar híocadh, nó arb iníoctha, cúiteamh faoin Acht sin i leith damáiste don fhoirgint roimh é d'athfhoirgniú.

Deontas d'íoc le comharba iarratasóra mhairbh.

11. —D'fhonn amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhféadfar, i gcás iarratasóir ar dheontas faoi alt 16 d'Acht 1948 nó faoi aon alt den Acht seo d'fháil bháis sar a n-íocfar an deontas, an deontas d'íoc lena chomharba i dteideal má áitíonn seisean an teach nuair a bheas sé críochnaithe.

Leasú ar alt 5 (3) d'Acht 1932.

12. —Féadfar deimhniú a thabhairt faoi mhír (e) d'fho-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1932 go bhfuil teach oiriúnach chun a athfhoirgnithe, d'ainneoin gur tosnaíodh cheana ar an athfhoirgniú nó gur críochnaíodh é agus, dá réir sin, déantar leis seo na focail “roimh an athdhéanamh san” sa mhír sin a scrios.

Coinníollacha maidir le rátaí páighe agus coinniollacha oibre.

13. —Ní thabharfaidh an tAire deontas faoi aon achtachán, ná ranníoc i leith muirear bliantúil iasachta faoi alt 6 d'Acht 1932, maidir le tógáil nó athfhoirgniú tí má taispeántar chun a shástachta nach ndearnadh, le linn na tógála nó an athfhoirgnithe, rátaí páighe d'íoc nó coinníollacha oibre a chomhlíonadh a bhí chomh tairbheach ar a laghad do na daoine a bhí ar fostú san obair leis na rátaí páighe nó na coinníollacha oibre iomchuí a haithníodh go ginearálta ó am go ham ag ceardchumainn sa cheantar, i rith na tréimhse a thosnaigh dáta ullmhuithe an láithreáin agus a chríochnaigh dáta críochnuithe na hoibre.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932.

14. —Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 a leasú tríd an riail seo a leanas a chur in ionad rialach 2:

“2. Ní lú ná 500 troigh chearnach ná ní mó ná 1,400 troigh chearnach a bheas achar urláir tí.”.

Leasú agus leathnú ar alt 44 d'Acht 1948.

15. —(1) Beidh feidhm ag alt 44 d'Acht 1948 maidir le gach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 6 den Acht seo chun teach a thógáil nó ina dtabharfaidh an tAire deontas faoi alt 8 den Acht seo chun teach d'athfhoirgniú agus nach dtabharfaidh an t-údarás tithe aon deontas chun an athfhoirgnithe sin.

(2) Déantar leis seo alt 44 d'Acht 1948 a leasú, le héifeacht ó dháta an Achta sin a rith, trí “alt 16 nó 17” a chur in ionad “alt 16” i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon aisíoc is iníoctha ag údarás áitiúil de dhroim oibriú fo-ailt (2) den alt seo.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948.

16. —Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948 a leasú trí “£50” a chur in ionad “£35” sa chéad cholún mar an luacháil inrátuithe uasta nó comhshuim uasta na luach inrátuithe chun críocha deontais i leith tí a dtosnófar ar a athfhoirgniú ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.

CUID III.

Tithe i gCoitinne.

Tithe a chur ar fáil do dhaoine nach den lucht oibrs.

17. —(1) Faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, féadfaidh údarás tithe talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeantach agus féadfaid tithe a chur ar fáil, ar an talamh sin nó ar aon talamh a bheas tógtha acu, chun a ndíolta nó chun a ligean le daoine, pé acu lucht oibre nó sclábhaithe talmhaíochta na daoine sin nó nach ea, nó féadfaid an talamh sin, nó aon chuid de, a dhíol nó a léasú le pearsain agus le cumainn fóntais phoiblí chun go ndéanfaidh, agus ar choinníoll go ndéanfaidh, na pearsain agus na cumainn sin pé méid tithe a thógáil agus a chothabháil, ar an talamh sin, a chinnfeas an t-údarás tithe agus sin do réir pleananna a bheas ceadaithe ag an údarás sin.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás comhairle contae, beidh cumhachta ag údarás tithe agus oblagáidí orthu mar bronntar agus a forchuirtear ar údarás tithe le hAchta na Sclábhaithe, agus

(b) in aon chás eile, beidh cumhachta ag údarás tithe, agus oblagáidí orthu, mar bronntar agus a forchuirtear ar ádarás tithe le hAchta Tithe an Lucht Oibre.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'údarás tithe a bheas ag tógáil tí faoi fho-alt (1) den alt seo, más rud é—

(a) go gcríochnófar an tógáil ar an 1ú lá d'Aibreán, 1952, nó roimhe sin, agus

(b) go mbeidh an teach do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 arna leasú le halt 14 den Acht seo.

(4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile.

(5) Aon tógaint, díol nó léasú talún a rinne údarás tithe roimh dháta an Achta seo a rith agus a bheadh bailí dá mba faoi fho-alt (1) den alt seo a rinneadh é beidh sé, agus is tuigthe go raibh riamh, arna dhéanamh go bailí faoi na hAchta iomchuí a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Tithe le haghaidh daoine d'aicme áirithe a chur ar fáil.

18. —Féadfaidh údarás tithe (nach comhairle chontae) agus, i gcás bardais chontae-bhuirge nó bardais bhuirg Dhún Laoghaire, déanfaidh, má cheanglann an tAire orthu é, tithe forcoimeádta a chur ar fáil chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe.

CUID IV.

Aitribh Airithe a Rialu.

Alt 8 d'Acht 1948 do leanúint i bhfeidhm.

19. —Leanfaidh alt 8 d'Acht 1948 (a thoirmisceas tithe inchónaithe áirithe a scartáil nó d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe) i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1955.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1948.

20. —Déantar leis seo alt 11 d'Acht 1948 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (3):—

“(3) san alt seo ciallaíonn an focal ‘ilteaghas’ áitreabh ina bhfuil dhá theaghas nó níos mó.”.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1948.

21. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1948 a leasú tríd an méid seo a leanas a chur in ionad míre (b):—

“(b) coinníoll maidir leis an méid teaghas a féadfar ó am go ham a chur ar fáil san áitreabh;”.

CUID V.

Tithe don Lucht Oibre.

Iostáin sclábhaithe, etc., d'aistriu chun údaráis uirbigh ar theoranta d'athrú.

22. —(1) I gcás talamh atá ar seilbh ag údarás áitiúil chun críocha Acht na Sclábhaithe do theacht chun bheith ina chuid de líomatáiste uirbeach, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) féadfar, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, an talamh d'aistriú chun an údaráis uirbigh ar pé téarmaí ar a gcomhaontóidh an dá údarás;

(b) ar an aistriú sin, nó, i gcás talún a haistríodh roimh dháta an Achta seo a rith, ar an Acht seo a rith, beidh an talamh ar seilbh ag an údarás uirbeach chun críocha agus faoi réir forál Acht Tithe an Lucht Oibre in ionad forál Acht na Sclábhaithe.

(2) I gcás údarás áitiúil dá bheartú iostán d'aistriú faoi fho-alt (1) den alt seo chun údaráis uirbigh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas —

(a) ní haistreofar an t-iostán amhlaidh go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag caite ón dáta a tháinig an t-iostán laistigh den líomatáiste uirbeach;

(b) a luaithe is féidir tar léis an t-iostán do theacht laistigh den líomatáiste uirbeach, cuirfidh an t-údarás áitiúil sin faoi ndear go gcuirfear in iúl don tionónta an ceart, más ann dó, atá aige chun an t-iostán a cheannach faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) .

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “líomatáiste uirbeach” contae-bhuirg nó buirg eile nó ceantar uirbeach;

ciallaíonn an abairt “údarás uirbeach,” maidir le líomatáiste uirbeach, an t-údarás tithe don líomatáiste.

Cuid I den Housing of the Working Classes Act, 1890, do bhaint le líomatáistí tuatha.

23. —Chun críocha Coda I d'Acht 1890, arna leasú le halt 3 d'Acht 1931, beidh comhairle chontae ina n-údarás áitiúil agus beidh cumhachta acu chun iasacht d'fháil amhail mar bheirtear dóibh le halt 37 d'Acht 1948.

CUID VI.

Iostain Sclabhaithe.

Iostáin sclábhaithe a chur ar fáil chun a ligean le daoine den lucht oibre.

24. —(1) Féadfaidh comhairle chontae iostáin a chur ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe chun a ligean le daoine den lucht oibre, do réir bhrí Acht Tithe an Lucht Oibre, a chónaíos i gceantar sláinte contae.

(2) Aon ligean a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith agus a bheadh bailí da mba faoin alt seo a déanfaí é beidh sé, agus is tuigthe go raibh riamh, ina ligean bailí faoi Achta na Sclábhaithe.

(3) Duine a mbeidh iostán ligthe leis faoin alt seo ní bheidh teideal aige chun an t-iostán a cheannach faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) .

(4) Déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1932, arna leasú le halt 23 d'Acht 1948, (a bhaineas le ranníocaíocht a thabhairt i leith na muirear bliantúla iasachta faoina ndeachaigh údarás áitiúil i leith airgid a fuaireadar ar iasacht chun cóiríocht chónaithe a chur ar fáil do sclábhaithe talmhaíochta) d'fhorléiriú amhail is dá bhfolaíodh an tagairt d'airgead a fuarthas ar iasacht tagairt d'airgead a fuair údarás áitiúil ar iasacht chun iostáin a chur ar fáil faoin alt seo.

(5) Chun críocha an ailt seo beidh cumhachta ag comhairle chontae, agus oblagáidí orthu, mar bronntar agus a forchuirtear ar údarás tithe le hAchta na Sclábhaithe.

Feidhm ag Acht na Sclábhaithe, 1936 , i gcás iostán do theacht laistigh de líomatáiste uirbeach.

25. —I gcás iostán a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe do theacht laistigh de líomatáiste uirbeach do réir bhrí ailt 22 den Acht seo, leanfaidh Acht na Sclábhaithe, 1936 , d'fheidhm a bheith aige maidir leis an iostán go dtí go n-aistreofar é chun an údaráis uirbigh faoin alt sin 22, d'ainneoin gan an t-iostán a bheith i gceantar sláinte contae a thuilleadh.

Talamh a tógfar faoi Achta na Sclábhaitho d'úsáid.

26. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán, féadfaidh údarás áitiúil aon talamh a thógfas an t-údarás áitiúil sin faoi Achta na Sclábhaithe d'úsáid chun aon chríche de chríocha na nAcht sin.

Siopaí agus taitneamhachtaí eile a chur ar fáil i ndáil le tithe tuatha.

27. —Beidh réim ag alt 40 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , (a bhaineas le húdarás áitiúil do chur siopaí, faichí imeartha agus taitneamhachtaí eile ar fáil i ndáil le cóiríocht chónaithe) maidir le húdarás áitiúil i bhfeidhmiú a chumhacht faoi Achta na Sclábhaithe.

Leasú ar alt 6 den Labourers (Ireland) Act, 1883.

28. —Déantar leis seo alt 6 den Labourers (Ireland) Act, 1883 (a bhaineas le riachtanais scéime feabhsuithe ag údarás sláintíochta) a leasú trí na focail “The scheme shall avoid all interference with the demesne and amenity of residence of the owner of the lands proposed to be taken, or with any home farm, or lands immediately adjoining and customarily occupied with such residence” a scrios.

Cumhacht ag an Aire chun foirmeacha, etc., d'ordú agus dispionsáid a thabhairt ó fhógraí a sheirbheáil.

29. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní a ceangaltar le Achta na Sclábhaithe d'ordú agus, fairis sin, ag ordú foirme aon fhógra nó fógráin nó doiciméid eile agus scála aon léarscáile a ceangaltar nó a húdaraítear d'úsáid nó a thabhairt faoi na hAchta sin nó chun críocha na nAcht sin.

(2) Féadfaidh an tAire dispionsáid a thabhairt ó fhógraí a sheirbheáil a ceangaltar ar údarás áitiúil d'fhoilsiú nó a sheirbheáil faoi Achta na Sclábhaithe más deimhin leis cúis réasúnach a bheith ann le dispionsáid a thabhairt ó na fógraí sin a sheirbheáil.

(3) Féadfaidh an tAire aon dispionsáid den tsórt sin a thabhairt roimh an am, nó tar éis an ama, a gceangaltar an fógra a sheirbheáil agus sin go neamh-choinníollach nó ar pé coinníollacha maidir le fógraí eile a sheirbheáil nó le nithe eile is oiriúnach leis an Aire, ach an tAire d'fhéachaint go cuí chuige nach ndéanfar dochar do leasa aon phearsan leis an dispionsáid.

Leasú ar alt 43 d'Acht 1948.

30. —Déantar leis seo fo-alt (6) d'alt 43 d'Acht 1948 a leasú trí na focail “seachas agóid a tarraingíodh siar” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “aon agóid”.

Achta na Sclábhaithe do leanúint i bhfeidhm.

31. —Leanfaidh Achta na Sclábhaithe i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1955.

CUID VII.

Teaghais Bheaga a Thogaint.

Míniú ar Mhargadh-luach.

32. —Is é is margadh-luach tí chun críocha ailt 1 d'Acht 1899 ná—

(a) i gcás tí atá ar áitiú nó le háitiú den chéad uair, an tsuim is dóigh leis an údarás áitiúil is comhionann le costas réasúnach tógála an tí, lena n-áirítear pé méid, más ann, is cuí leis an údarás áitiúil, de na caiteachais dlí agus eile a ghabhas leis sin nó a ghabhas le tógaint an tionóntáin ar a bhfuil an teach tógtha nó le tógáil, ach gan aon fhíneáil, préimh ná comaoin eile i leith tógaint an leasa léasachta sa tionóntán sin a chur san áireamh,

(b) in aon chás eile, an tsuim ar dóigh leis an údarás áitiúil go mbeadh súil réasúnach lena fáil ar an tigh dá ndíoltaí ar an margadh oscailte é.

Margadh-luach a mheas.

33. —Chun críocha ailt 1 d'Acht 1899, féadfar margadh-luach tí a mheas an tráth a bheas pleananna an tí curtha faoi bhráid an údaráis áitiúil ag an iarratasóir nó ag an bhfoirginteoir.

An ranníoc íosta ó iarratasóir ag lorg iasachta.

34. —Ní tabharfar airleacan faoi alt 1 d'Acht 1899 mura ndéana an t-iarratasóir chúig faoin gcéad ar a laghad de mhargadhluach an tí, gan deontas faoi aon achtachán a chur san áireamh, a thabhairt mar ranníoc i leith an phraghais cheannaigh nó i leith an chostais tógála.

Comhairle cheantair uirbigh do scarúint le cumhachta.

35. —Aon chomhairle cheantair uirbigh a bheas tar éis glacadh leis na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil do réir ailt 9 d'Acht 1899, féadfaidh sí, ar pé téarmaí ar a gcomhaontóidh an chomhairle agus comhairle na contae, trí rún, scarúint lena cumhachta, lena cearta agus lena dliteanais faoi na hAchta sin i bhfábhar comhairle na contae, agus, sa chás sin, beidh deireadh leis na cumhachta, na cearta agus na dliteanais a scarfar leo amhlaidh agus beidh éifeacht ag forála na nAcht sin amhail is nach ndearna comhairle an cheantair uirbigh rún a rith faoi alt 9 d'Acht 1899.

Airleacain do chomhdhílseánaigh.

36. —D'fhonn aon amhras a bheadh ann a scaoileadh dearbhaítear leis seo go bhféadfar airleacan faoi na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950, a thabhairt do chomh-dhílseánaigh nó comh-únaeraí agus léireofar agus riarfar an hAchta sin dá réir sin.

Rialacháin chun críocha na nAcht um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950.

37. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha na nAcht um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Athghairm.

Alt 5.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

53 & 54 Vict, c. 70

The Housing of the Working Classes Act, 1890.

Alt 3

Dáta an Achta seo a rith.

62 & 63 Vict., c. 44.

The Small Dwellings Acquisition Act, 1899.

Fo-alt (4) d'alt 9.

Alt 15.

Dáta an Achta seo a rith.

Dáta an Achta seo a rith.

9 & 10 Geo. V, c. 45.

Housing (Ireland) Act, 1919.

Alt 9.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 19 de 1932 .

Acht na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932.

Fo-alt (3) d'alt 8.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 42 de 1937 .

 

Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937.

 

Mír (c) d'alt 4.

Fo-alt (3) d'alt 5.

 

Dáta an Achta seo a rith.

Dáta an Achta seo a rith.

 

Uimh. 2 de 1946 .

Acht na dTithe (Leasú), 1946 .

Fo-alt (8) d'alt 3.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 1 de 1948 .

Acht na dTithe (Leasú), 1948 .

Fo-alt (3) d'alt 8.

Dáta an Achta seo a rith.

Alt 26.

An 29ú lá de Mheitheamh, 1950.

Fo-alt (2) d'alt 27.

Dáta an Achta seo a rith.

Alt 30.

Dáta an Achta seo a rith.

Alt 39.

Dáta an Achta seo a rith.

Fo-alt (1) d'alt 45.

 

Dáta an Achta seo a rith.

 

Uimh. 23 de 1949 .

Acht na dTithe (Leasú), 1949 .

Mír (b) d'alt 1.

An 29ú lá de Mheitheamh, 1950.

AN DARA SCEIDEAL.

Na Deontais a Bhearfas an tAire.

Ailt 16 agus 17

An méid seomraí sa tigh

Mura bhfuil séarachas agus uisce píopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce píopaí ar fáil

£

£

3

125

175

4

175

225

5 nó níos mó

225

275